AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.8.2024
COM(2024) 999 final/2 - DOWNGRADED ON 18.9.2024
2024/0207(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leagtar amach moltaí le haghaidh gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh thromchúiseacha a sainaithníodh i meastóireacht Schengen 2024 ar an Ungáir a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme forálacha áirithe de acquis Schengen i ndáil le cearta bunúsacha i gcomhthéacs an bhainistithe teorann agus an fhillte
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
I gcomhréir le hAirteagal 4(1)(b) de Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, clár meastóireachta ilbhliantúil 2020-2024 agus clár meastóireachta bliantúil 2024, rinne foireann saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit meastóireacht Schengen thréimhsiúil ar an Ungáir le tacaíocht ó bhreathnóirí ó ghníomhaireachtaí agus ó chomhlachtaí de chuid an Aontais. Leis an meastóireacht sin, fíoraíodh cur chun feidhme acquis Schengen ag an Ungáir i réimsí an bhainistithe teorann, an fhillte, víosaí, an chomhair póilíneachta, na gcóras mórscála TF (Córas Faisnéise Schengen) agus na cosanta sonraí. Tugadh aird sa mheastóireacht freisin ar a fhíorú ar tugadh urraim do chearta bunúsacha agus acquis Schengen á chur chun feidhme ag an Ungáir.
Ag deireadh na gníomhaíochta meastóireachta, cuireadh in iúl don Ungáir, gur i gcomhréir le hAirteagal 2(10) de Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle, sainaithníodh easnaimh thromchúiseacha ó thaobh chur i bhfeidhm forálacha áirithe de acquis Schengen de, mar atá easpa rochtana ar na nósanna imeachta tearmainn san Ungáir agus gan urraim a bheith á tabhairt do phrionsabal an non‑refoulement ná do choimircí Threoir 2008/115, a fhágann go bhfuil an cleachtas ann lena ndéantar grúpaí daoine a dhíbirt le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 22(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle, ghlac an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta an 9 Lúnasa 2024 lena leagtar amach na torthaí agus na measúnuithe a bhaineann leis na heasnaimh thromchúiseacha a sainaithníodh le linn na meastóireachta. Mar a fhoráiltear i dTreoir Meastóireachta Schengen chun Rialachán 2022/922 a chur chun feidhme, ní áirítear sa tuarascáil mheastóireachta sin ach na torthaí sin ar ar a mbonn a cinneadh gur ann d’easnaimh thromchúiseacha. I gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán 2022/922, cuirfear i láthair sa tuarascáil mheastóireachta chuimsitheach, toradh na meastóireachta iomlán ar an Ungáir, cé is moite de na heasnaimh thromchúiseacha.
Cuimsíonn an togra seo na moltaí le haghaidh gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh thromchúiseacha a sainaithníodh sa tuarascáil a ghlac an Coimisiún an 9 Lúnasa 2024.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Is é is feidhm leis na moltaí seo na forálacha atá ann cheana sa réimse beartais lena mbaineann a chur chun feidhme mar is ceart agus ar bhealach éifeachtach.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Níl aon nasc ag na moltaí seo le príomhbheartais eile de chuid an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Le hAirteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle, iarrtar go sonrach ar an gCoimisiún togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun moltaí a ghlacadh le haghaidh gníomhaíochtaí ceartaitheacha a bheidh dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh thromchúiseacha a sainaithníodh sa ghníomhaíocht mheastóireachta. Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun an mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a neartú agus chun comhordú níos fearr a áirithiú ar leibhéal an Aontais ar mhaithe lena chinntiú go gcuirfidh na Ballstáit rialacha uile Schengen i bhfeidhm i gceart agus go héifeachtach.
•Comhréireacht
Tá Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle ar aon dul le cumhachtaí sonracha na Comhairle i réimse na meastóireachta frithpháirtí ar chur chun feidhme bheartais an Aontais laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais. I bhfianaise an mhéid sin, tá an togra seo le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
I gcomhréir le hAirteagal 30(3) de Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ón gComhairle, déanfar an tuarascáil mheastóireachta a chur faoi bhráid Choiste Schengen le haghaidh comhairliúchán ex post laistigh de 14 lá tar éis don Choimisiún an tuarascáil mheastóireachta a ghlacadh.
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
Cosaint na gceart bunúsach agus acquis Schengen á chur i bhfeidhm, cuireadh san áireamh í le linn an phróisis meastóireachta.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
2024/0207 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leagtar amach moltaí le haghaidh gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh thromchúiseacha a sainaithníodh i meastóireacht Schengen 2024 ar an Ungáir a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme forálacha áirithe de acquis Schengen i ndáil le cearta bunúsacha i gcomhthéacs an bhainistithe teorann agus an fhillte
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, agus go háirithe Airteagal 22(4) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá limistéar Schengen atá gan rialú teorann ag na teorainneacha inmheánacha ag brath ar na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach éifeachtúil. Is éard atá san acquis bearta i réimse na dteorainneacha seachtracha, bearta cúitimh i ngeall ar an easpa rialuithe ag teorainneacha seachtracha agus creat faireacháin láidir, ar bearta iad a neartaíonn an tsaorghluaiseacht agus a áirithíonn ardleibhéal slándála, ceartas agus cosaint na gceart bunúsach, lena n‑áirítear cosaint sonraí slándála.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 4(1)(b) de Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle mar aon le clár meastóireachta ilbhliantúil 2020-2024 agus clár meastóireachta bliantúil 2024, rinne sainfhoireann meastóireachta ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit meastóireacht Schengen thréimhsiúil ar an Ungáir le tacaíocht ó bhreathnóirí ó ghníomhaireachtaí agus ó chomhlachtaí de chuid an Aontais. Leis an meastóireacht sin, fíoraíodh cur chun feidhme acquis Schengen ag an Ungáir i réimsí an bhainistithe teorann, an fhillte, víosaí, an chomhair póilíneachta, na gcóras mórscála TF (Córas Faisnéise Schengen) agus na cosanta sonraí. Tugtar aird shonrach i meastóireachtaí Schengen freisin ar a fhíorú an dtugtar urraim do na cearta bunúsacha agus acquisSchengen á chur chun feidhme.
(3)Ó rinneadh an mheastóireacht dheireanach in 2019, tá athrú suntasach tagtha ar an timpeallacht oibríochtúil san Ungáir mar gheall ar an gcaoi a bhfuil rioscaí imirce agus slándála ag teacht chun cinn sa réigiún. Cé go bhfuil an brú imirce ar bhealach na mBalcán Thiar fós ard, tá laghdú tagtha ar an mbrú ag an teorainn idir an Ungáir agus an tSeirbia le roinnt míonna anuas. Thairis sin, tá impleachtaí forleathana ann don Ungáir agus do limistéar Schengen ina iomláine mar gheall ar chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rud a fhágann go bhfuil gá le bheith san airdeall níos mó ó thaobh bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip chun srian a chur leis na rioscaí slándála agus chun sláine limistéar Schengen a chosaint.
(4)I meastóireacht Schengen 2024 ar an Ungáir, sainaithníodh easnaimh thromchúiseacha i gcur chun feidhme forálacha áirithe de acquis Schengen a bhaineann le cearta bunúsacha i gcomhthéacs an bhainistithe teorann agus an fhillte. Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi sin an 4 Iúil 2024. Roinneadh an dréacht‑tuarascáil le húdaráis na hUngáire an 11 Iúil 2024 agus fuarthas a mbarúlacha ina leith an 19 Iúil 2024. An 9 Lúnasa 2024, le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2024) 9000 ón gCoimisiún, glacadh an tuarascáil lenar sainaithníodh na heasnaimh thromchúiseacha sin.
(5)Ba cheart moltaí le haghaidh gníomhaíochtaí ceartaitheacha a leagan amach agus ba cheart don Ungáir na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh láithreach chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh thromchúiseacha a sainaithníodh. I bhfianaise chineál na dtorthaí agus an ghá atá le haghaidh a thabhairt orthu go pras, tugtar an leibhéal céanna tosaíochta do na moltaí go léir.
(6)Laistigh de mhí amháin tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, ba cheart don Ungáir, de bhun Airteagal 22(6) de Rialachán (AE) 2022/922 plean gníomhaíochta a leagan amach d’fhonn na moltaí uile a chur chun feidhme agus d’fhonn na heasnaimh thromchúiseacha a sainaithníodh sa tuarascáil mheastóireachta a leigheas. Ba cheart don Ungáir an plean gníomhaíochta sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin ionas go bhféadfadh sé a mheas an plean leormhaith é, agus ba cheart don Ungáir an plean a chur faoi bhráid na Comhairle freisin. Ba cheart don Ungáir tuairisc a thabhairt don Choimisiún agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme a plean gníomhaíochta gach 2 mhí tar éis an dáta a fhaightear fógra go bhfuarthas an t‑athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta agus go dtí go measfaidh an Coimisiún go bhfuil na moltaí uile curtha chun feidhme ina n‑iomláine.
(7)I gcomhréir le hAirteagal 22(7) de Rialachán (AE) 2022/922, ba cheart don fhoireann athchuairt a dhéanamh chun an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na moltaí a fhíorú, agus ba cheart an athchuairt a eagrú tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dháta na gníomhaíochta meastóireachta.
(8)Tá na moltaí seo gan dochar do na gníomhaíochtaí ar cheart don Ungáir tabhairt fúthu chun na breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais i gCásanna C-808/18, C-823/21, C‑123/22 a chomhlíonadh, rud a bhfuil faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún air i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos.
(9)Déanfar an Cinneadh seo a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig parlaimintí náisiúnta na mBallstát.
AG MOLADH AN MHÉID SEO A LEANAS:
Ba cheart don Ungáir an méid seo a leanas a dhéanamh
1.deireadh a chur leis an gcleachtas lena n‑aistrítear náisiúnaigh tríú tír a tháinig isteach san Ungáir go neamhrialta nó atá ag fanacht go neamhrialta san Ungáir, lena n‑áirítear iad siúd a chuir in iúl go bhfuil sé beartaithe acu iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, i gcomhréir le hAirteagail 3 agus 4 de Rialachán (AE) 2016/399 agus Airteagail 4(4), 5, 6(1), 12(1) agus 13 de Threoir 2008/115 arna léamh i gcomhar le hAirteagail 18 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chun a áirithiú gur féidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta ar an gcríoch, lena n‑áirítear ag an teorainn, rochtain a fháil ar an gcosaint idirnáisiúnta;
2.an dlí náisiúnta a leasú agus an cleachtas riaracháin a athrú chun an chumhacht dhlíthiúil a thabhairt do na húdaráis náisiúnta na náisiúnaigh tríú tír a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar chosaint idirnáisiúnta a chur ar aghaidh chuig na húdaráis ábhartha ar chríoch na hUngáire chun oibleagáidí Airteagail 3 agus 4 de Chód Teorainneacha Schengen arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 den Chairt a chomhlíonadh;
3.an reachtaíocht náisiúnta a leasú agus an cleachtas riaracháin a athrú chun a áirithiú go dtabharfar cinneadh um fhilleadh do náisiúnaigh tríú tír nár gabhadh i ndáil le trasnú teorann neamhrialta ach atá ag fanacht go neamhrialta ar chríoch na hUngáire agus a chomhlíonann na ceanglais chun go ndeonófar cinneadh um fhilleadh dóibh, agus sin a dhéanamh tar éis measúnú aonair, lena n‑áirítear maidir le prionsabal an non‑refoulement, i gcomhréir le hAirteagail 5, 6(1), 12(1) agus 13 de Threoir 2008/115 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt;
4.na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n‑urramófar go hiomlán prionsabal an non‑refoulement a mhéid a bhaineann leis na náisiúnaigh tríú tír a gabhadh ag an teorainn sheachtrach tar éis trasnú neamhrialta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(4) pointe (b) de Threoir 2008/115 agus Airteagail 3 agus 4 de Chód Teorainneacha Schengen arna léamh i gcomhar le hAirteagail 19 agus 47 den Chairt.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,