AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.3.2025
COM(2025) 109 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
Athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2015/757 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar i ndáil leis an bhféidearthacht longa a bhfuil olltonnáiste acu atá faoi bhun 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun 400 a áireamh
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
Athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2015/757 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar i ndáil leis an bhféidearthacht longa a bhfuil olltonnáiste acu atá faoi bhun 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun 400 a áireamh
1.Réamhrá
Tá ról fíor-riachtanach ag muiriompar i ngeilleagar an Aontais agus tá sé ar cheann de na modhanna iompair is tíosaí ar fhuinneamh. Mar sin féin, is foinse mhór astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) é freisin.
Is cuid fhíor-riachtanach de ghníomhaíocht an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide in earnáil an mhuiriompair é Rialachán (AE) 2015/757 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar. Leis an ‘Rialachán maidir le MRV muirí’, mar a thugtar air, ceanglaítear ar chuideachtaí loingseoireachta faireachán a dhéanamh ar a n‑astaíochtaí GCT, ar a n‑ídiú breosla agus ar fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le muiraistir an Aontais. Is iad na príomhchuspóirí atá leis sonraí láidre fíoraithe maidir le hastaíochtaí GCT a bhailiú, glacadh réiteach éifeachtúlachta fuinnimh agus ísealcharbóin a spreagadh le níos mó trédhearcachta agus tacú le cur chun feidhme beartas maidir le maolú ar an athrú aeráide, amhail leathnú Chóras Trádála Astaíochtaí (CTA) an Aontais chuig an muiriompar, rud a cuireadh i bhfeidhm le déanaí. Tá ról ríthábhachtach aige freisin maidir le plé beartais amach anseo a chothú, ós rud é gurb é an chéad chéim i dtreo gníomhaíochtaí maolúcháin tuiscint a fháil ar an méid atá á astú agus cá háit.
De bhun Airteagal 22a den Rialachán maidir le MRV muirí, is é is aidhm don tuarascáil seo measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht longa a bhfuil olltonnáiste acu atá faoi bhun 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun 400 a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo, d’fhonn go bhféadfaí longa beaga den sórt sin a áireamh faoi raon feidhme na Treorach maidir le CTA ina dhiaidh sin nó d’fhonn bearta eile a mholadh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa den sórt sin a laghdú. Dá bhrí sin, beidh an tuarascáil seo ina hionchur freisin, de réir mar a mheasfar a bheith ábhartha, don athbhreithniú atá beartaithe do 2026 ar an Treoir maidir le CTA.
Tá an struchtúr seo a leanas ag an tuarascáil seo:
·Forléargas ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le MRV muirí, go háirithe i bhfianaise athruithe a rinneadh le déanaí;
·Athbhreithniú ar raon feidhme reatha an Rialacháin maidir le MRV muirí;
·Measúnú ar chásanna chun raon feidhme an Rialacháin maidir le MRV muirí a leathnú chuig soithí beaga (ag a bhfuil olltonnáiste ó 400 go 4 999).
Cuireann an anailís a chuirtear i láthair sa tuarascáil seo le staidéar a rinne cuibhreannas conraitheoirí.
2.Forléargas ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le MRV muirí
2.1 Cur i láthair ar an Rialachán maidir le MRV muirí agus na modhnuithe a rinneadh air le déanaí
Ón 1 Eanáir 2018, ní mór do longa móra a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu a bhíonn ag luchtú nó ag díluchtú lasta nó paisinéirí ag calafoirt san Aontas Eorpach faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí GCT gaolmhara (astaíochtaí CO2 amháin idir 2018 agus 2023, ach astaíochtaí ocsaíde nítriúla agus meatáin freisin ó mhí Eanáir 2024) agus ar fhaisnéis ábhartha eile. Ní mór faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar fhaisnéis i gcomhréir leis an Rialachán maidir le MRV muirí.
Leagtar síos sa Rialachán maidir le MRV muirí ceanglais ar chuideachtaí loingseoireachta faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar a n‑astaíochtaí le haghaidh gach loinge dá gcuid, gach bliain féilire, ar bhonn timthriallach. Ní mór do gach long a dhéanann muiraistir faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le MRV muirí, gan beann ar a stát brataí, plean faireacháin a chur isteach ina sonraítear an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu sonraí astaíochtaí a bhailiú laistigh de 2 mhí óna gcéad chuairt ar chalafort san Aontas. Ní mór d’fhíoraitheoir creidiúnaithe measúnú sásúil a dhéanamh ar an bplean faireacháin sula mbailítear na sonraí, agus ní mór na sonraí bailithe (a thiomsaítear i dtuarascáil astaíochtaí bhliantúil) a fhíorú ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe. Tar éis fíorú a dhéanamh, eisíonn an fíoraitheoir Doiciméad Comhlíontachta agus cuirtear na tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin tríd an tairseach THETIS MRV. Déanann na Ballstáit próiseas MRV an Aontais a fhorfheidhmiú trí chigireacht a dhéanamh ar longa a théann isteach i gcalafoirt atá faoina ndlínse agus trí na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanann longa a bhfuil a mbratach ar foluain acu an Rialachán a chomhlíonadh.
Ceapadh an Rialachán maidir le MRV muirí mar chéad chéim sular cuimsíodh na hastaíochtaí sin faoi raon feidhme Chóras Trádála Astaíochtaí (CTA) an Aontais. Tháinig cuimsiú den sórt sin chun cinn trí athbhreithniú 2023 ar Threoir an Aontais maidir le CTA, rud a thug – i measc nithe eile – astaíochtaí muiriompair faoina raon feidhme ó mhí Eanáir 2024.
Leasaíodh an Rialachán maidir le MRV muirí féin in 2023 chun na rialacha MRV a oiriúnú do chuimsiú gníomhaíochtaí muiriompair in CTA AE. Leasaíodh é freisin chun astaíochtaí seachas CO2, is é sin ocsaíd nítriúil (N2O) agus meatán (CH4), a chuimsiú faoina raon feidhme ón 1 Eanáir 2024. Thairis sin, comhaontaíodh a raon feidhme a leathnú, ón 1 Eanáir 2025, chuig soithí lasta ghinearálta a bhfuil olltonnáiste 400 agus os a chionn acu, agus chuig longa amach ón gcósta a bhfuil olltonnáiste 400 agus os a chionn acu. Dá réir sin, tá feidhm cheana féin ag an Rialachán maidir le MRV muirí (ó 2025 ar aghaidh) maidir le dhá chineál soithí beaga; cuirtear an méid sin san áireamh sa tuarascáil seo.
Ina theannta sin, is rannchuidiú é an Rialachán maidir le MRV muirí le tacú le cur chun feidhme Rialachán FuelEU Maritime, a thagann i bhfeidhm in 2025. Go deimhin, is féidir na sonraí uile a ndéantar faireachán agus taifeadadh orthu faoin Rialachán maidir le MRV muirí a úsáid le haghaidh ríomhanna FuelEU, faoi réir deimhniú ó Fhíoraitheoir FuelEU, murab ionann é agus an Fíoraitheoir MRV.
2.2 Cur chun feidhme an Rialacháin maidir le MRV muirí
Tá feidhm ag an Rialachán maidir le MRV muirí ó bhí 2018 ann agus tá sonraí agus táscairí láidre curtha ar fáil aige maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar. In Supporting study for the implementation of Regulation (EU) 2015/757 on the monitoring, reporting and verification of CO2 emissions from maritime transport [Staidéar tacaíochta maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2015/757 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar] ó 2022, cuireadh i dtábhacht go háirithe gur ceann de phríomhbhuntáistí an Rialacháin iad na léargais a fuarthas maidir le feidhmíocht chomhshaoil na soithí a thagann isteach i gcalafoirt an Aontais nó a théann amach astu, trí bhailiú córasach sonraí maidir le feidhmíocht soithí a éascú. Cuireadh i dtábhacht sa staidéar sin freisin roinnt bacainní ar an gcur chun feidhme, amhail marthanacht roinnt moilleanna ar thíolacadh na dtuarascálacha astaíochtaí – agus chuir roinnt páirtithe leasmhara in iúl go raibh sé dúshlánach na ceanglais a chomhlíonadh, go háirithe sa chéad bhliain (2018).
Chun cuidiú le páirtithe leasmhara ábhartha eolas a chur ar athruithe 2023 ar an Rialachán maidir le MRV muirí agus chun dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le cur chun feidhme a laghdú, rinne an Coimisiún gníomhaíochtaí for-rochtana agus d’fhorbair sé treoraíocht agus ábhar atá le fáil ar líne. Mar shampla, d’fhoilsigh an Coimisiún dhá shraith de Cheisteanna Coitianta – i ndáil leis an Rialachán maidir le MRV muirí agus i ndáil le leathnú CTA chuig astaíochtaí muiriompair – chomh maith le dhá Phríomhdhoiciméad Treorach. Idir mí Mheán Fómhair 2023 agus mí Aibreáin 2024, reáchtáil an Coimisiún cúig sheimineár gréasáin freisin maidir le príomhghnéithe na n‑athruithe a rinneadh ar an Rialachán maidir le MRV muirí agus ar an Treoir maidir le CTA (amhail maidir le nuashonruithe ar na pleananna faireacháin), in éineacht leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA). Thairis sin, bunaíodh deasc chabhrach thiomnaithe chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna ó chuideachtaí loingseoireachta agus ó pháirtithe leasmhara eile – agus dúnadh níos mó ná 1 400 ticéad idir mí Mheán Fómhair 2023 agus mí Dheireadh Fómhair 2024.
Is ábhar misnigh é an réamhfhaireachán a rinneadh ar chomhlíonadh agus ar chur chun feidhme le haghaidh na bliana tuairiscithe 2024. Tráth scríofa na tuarascála seo, thug níos mó ná 15 000 long a bpleananna faireacháin cothrom le dáta agus chuir siad faoi bhráid na n‑údarás riaracháin iad lena bhformheas, i gcomhréir leis na ceanglais nua a tháinig i bhfeidhm in 2023. Is é an chéad gharsprioc thábhachtach eile tuarascálacha astaíochtaí a chur isteach ar leibhéal na loinge agus ar leibhéal na cuideachta. Tá na tuarascálacha sin le cur isteach faoi dheireadh mhí an Mhárta 2025.
Ar mhaithe le comhthéacs breise, tháinig na hastaíochtaí a tuairiscíodh faoi MRV le haghaidh 2023 ó chabhlach ina bhfuil níos mó ná 12 000 long. Maidir leis na muiraistir a ndearnadh faireachán orthu le haghaidh na bliana tuairiscithe 2023, astaíodh 126.7 milliún tona CO2 isteach san atmaisféar mar thoradh orthu. Tráth scríofa na tuarascála seo, cuimsítear thart ar 5 000 cuideachta loingseoireachta sa chóras.
Gach bliain, foilsíonn an Coimisiún tuarascáil chun an pobal a chur ar an eolas faoi astaíochtaí GCT agus faisnéis éifeachtúlachta fuinnimh an chabhlaigh a ndéantar faireachán air a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le MRV muirí.
3.Athbhreithniú ar raon feidhme reatha an Rialacháin maidir le MRV muirí
Is é is aidhm don athbhreithniú seo freagairt don cheist ghinearálta an raibh raon feidhme na soithí faoin Rialachán maidir le MRV muirí (tairseacha méide agus cineálacha soithí) iomchuí go dtí seo agus an bhfuil na cúiseanna le soithí a bhfuil olltonnáiste idir 400 agus 4 999 acu a eisiamh fós bailí. Roghnaíodh an tairseach tosaigh olltonnáiste 5 000 in 2015 tar éis anailís mhionsonraithe oibiachtúil a dhéanamh ar mhéideanna agus ar astaíochtaí long a bhíonn ag teacht isteach agus ag imeacht ó chalafoirt an Aontais. Ba é cuspóir na tairsí neamh-idirdhealaithí sin na hastaírí is ábhartha a chumhdach, agus an chothromaíocht cheart a aimsiú an tráth céanna idir an t‑ualach riaracháin agus éifeachtacht chomhshaoil an Rialacháin maidir le MRV muirí. An tráth sin, tugadh le fios san anailís go laghdófaí costais riaracháin mheasta go mór dá n‑úsáidfí tairseach olltonnáiste 5000 in ionad olltonnáiste 400, agus go gcumhdófaí laghdú réasúnta beag ar astaíochtaí CO2.
3.1 Éifeachtacht agus ábharthacht
Is é is aidhm don Rialachán maidir le MRV muirí córas caighdeánaithe a bhunú chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí GCT ó shoithí a thagann isteach i gcalafoirt an Aontais, lena ngabhann rialacha comhchuibhithe agus rochtain phoiblí ar shonraí fíoraithe. Tá trédhearcacht agus stóinseacht na sonraí sin ríthábhachtach chun cabhrú le cuideachtaí loingseoireachta aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh atá ann cheana agus chun leas a bhaint as glacadh beart dícharbónaithe. Is iondúil go gcuimsítear le teipeanna margaidh fadhbanna faisnéise, amhail easpa faisnéise iontaofa maidir le laghdú ar GCT nó faisnéis neamhshiméadrach idir longúinéirí agus cairtfhostóirí a bhféadfadh fadhbanna dreasachtaí deighilte a bheith mar thoradh orthu.
I staidéar ón gCoimisiún Eorpach in 2022, fiafraíodh de chuideachtaí loingseoireachta faoin úsáid a bhaineann siad as sonraí MRV. Thuairiscigh siad go soláthraítear bonnlíne chomhleanúnach maidir le feidhmíocht chomhshaoil trí astaíochtaí a thomhas agus a dhoiciméadú go córasach, bonnlíne lena soláthraítear eolas agus léargais do na cuideachtaí ar astaíochtaí a gcabhlach. Mar thoradh ar na léargais sin, bhí cumarsáid níos éasca agus níos simplithe acu lena gcliaint (seoladóirí, seoltóirí, srl). Thuairiscigh cuideachtaí loingseoireachta gur féidir leo faisnéis a bhaineann le hastaíochtaí a aistriú chuig a gcuid cliant, rud a mhúsclaíonn feasacht iontu siúd atá ag deireadh an tslabhra soláthair. Mar sin féin, léirítear i staidéar a rinneadh roimhe seo (CE Delft, 2014) gur dóichí go dtiocfaidh na héifeachtaí dearfacha sin chun cinn má infheistíonn cuideachtaí i gcórais chruinne chuimsitheacha faireacháin agus anailíse sonraí.
A mhéid a bhaineann le soithí beaga, is é is aidhm don anailís éifeachtachta tuiscint a fháil ar a mhéid a d’fhéadfadh raon feidhme MRV atá ann faoi láthair (méid agus cineál an tsoithigh) cosc a chur ar shoithí beaga na tairbhí éagsúla a eascraíonn as an Rialachán maidir le MRV muirí a ghabháil.
Ar bhonn comhairliúchán le páirtithe leasmhara, is é sin le húdaráis phoiblí agus le heagraíochtaí tionscail, tugtar le fios san anailís go meastar go mbeidh sonraí MRV an-luachmhar le haghaidh soithí beaga freisin. Go deimhin, tá sonraí MRV ríthábhachtach chun bonn eolais a chur faoi chinntí airgeadais agus bainistíochta a d’fhéadfadh léargas breise a thabhairt ar astaíochtaí cabhlaigh agus cuidiú le deireadh a chur le bacainní margaidh. Cé go bhfuil roinnt cuideachtaí a oibríonn soithí beaga ag bailiú sonraí astaíochtaí ar bhonn deonach cheana féin, uaireanta agus é mar chuspóir acu bonn eolais a chur faoi chinntí infheistíochta i dteicneolaíochtaí atá tíosach ar fhuinneamh agus i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, léirítear san anailís go bhféadfadh na cuideachtaí sin agus tríú páirtithe tairbhe a bhaint fós as MRV chun próisis faireacháin agus tuairiscithe níos comhsheasmhaí agus níos iontaofa a áirithiú i gcoitinne.
Dá bhrí sin, mar gheall ar an raon feidhme atá aige faoi láthair, ní éiríonn leis an Rialachán maidir le MRV muirí infheistíochtaí i dteicneolaíocht laghdaithe astaíochtaí a chumasú ar gach cineál soithigh bhig (i.e. thar na soithí sin a thagann faoi raon feidhme MRV cheana ó 2025 ar aghaidh) ná glacadh beart oibríochtúil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, go háirithe i gcás iad siúd nach bhfuil córais faireacháin ar fheidhmíocht breosla acu cheana.
I dtéarmaí ábharthachta, is cumasóir tábhachtach é an Rialachán maidir le MRV muirí chun tacú le glacadh beart agus beartas maolaithe GCT san earnáil mhuirí. Tá sé sin ábhartha toisc nach mór do gach earnáil den gheilleagar, lena n‑áirítear soithí beaga agus móra, rannchuidiú le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach chomh maith le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Trí chóras caighdeánaithe a bhunú chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí GCT ó shoithí, soláthraítear leis an rialachán uirlis chriticiúil do chuideachtaí loingseoireachta chun bonn eolais a chur faoi chinntí airgeadais agus bainistíochta, cumarsáid a dhéanamh le páirtithe leasmhara, agus deiseanna a shainaithint le haghaidh laghduithe astaíochtaí agus infheistíochtaí teicneolaíochta.
3.2 Éifeachtúlacht
Is é is aidhm don anailís ar éifeachtúlacht athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfianaise a fuarthas le déanaí maidir leis an gcomhbhabhtáil idir cumhdach astaíochtaí GCT agus costais riaracháin ar chuideachtaí loingseoireachta i ndáil le raon feidhme MRV an Aontais. Chuige sin, rinneadh meastachán ar na costais riaracháin a bhaineann le MRV a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás soithí beaga agus cuireadh i gcomparáid iad le costais na soithí sin atá ag tuairisciú faoi MRV cheana féin.
Tagann meastacháin ar chostais riaracháin ó chomhairliúchán le hionadaithe cuideachtaí loingseoireachta trí agallaimh shaincheaptha, lena n‑áirítear oibreoirí long agus úinéirí long araon. Rinneadh costais aonuaire agus athfhillteacha araon a mheas sa chleachtadh. Iarradh ar chuideachtaí loingseoireachta meastachán a dhéanamh ar chostais athfhillteacha ó shoithí a thagann faoi MRV faoi láthair, ar bhonn na taithí atá acu faoi láthair, mar aon leis na costais a mheastar a bheidh ar shoithí beaga i gcás ina n‑áireofaí iad sin faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le MRV muirí.
Léirítear san anailís go mbeadh costais riaracháin bhliantúla athfhillteacha a bhaineann le MRV in aghaidh an tsoithigh i gcás soithí beaga (a mheastar a bheith cothrom le EUR 3 690 in aghaidh an tsoithigh ar an meán) comhchosúil nó beagán níos airde ná costais na soithí atá faoi réir oibleagáidí MRV faoi láthair (a mheastar a bheith cothrom le EUR 3 390 in aghaidh an tsoithigh ar an meán). Luaigh roinnt cuideachtaí loingseoireachta gurb iad srianta foirne agus minicíocht mhéadaithe muiraistear soithí beaga na príomhchúiseanna le costais faireacháin níos airde.
Ar an iomlán, ní bheadh an chomhbhabhtáil idir costais riaracháin ar chuideachtaí loingseoireachta agus astaíochtaí GCT breise a ndéantar faireachán orthu chomh fabhrach céanna i gcás soithí beaga. Bheadh an cóimheas idir costais riaracháin agus cumhdach astaíochtaí GCT seacht n‑uaire níos airde ar an meán i gcás soithí beaga, i gcomparáid leis na soithí móra atá ag tuairisciú faoi MRV (
Figure
1) cheana féin. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil na costais riaracháin mar an gcéanna den chuid is mó, ach astaíonn soithí beaga i bhfad níos lú astaíochtaí ná soithí móra.
Fíor 1 Costas riaracháin athfhillteach ar chuideachtaí loingseoireachta in aghaidh an tona CO2 a chumhdaítear le haghaidh soithí beaga de réir cineáil (arna ríomh mar thorthaí ar iomlán na gcostas riaracháin athfhillteach measta, bunaithe ar mheánchostais arna dtuairisciú ag páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo, in aghaidh iomlán na n‑astaíochtaí CO2e le haghaidh gach catagóire soithigh le haghaidh 2023)
Foinse: Anailís Ricardo
|
|
Longa a áirítear in MRV ó 2025 ar aghaidh
|
---
|
An meánchostas riaracháin in aghaidh an tona CO2e le haghaidh soithí beaga (olltonnáiste 400-4,999)
|
|
|
Longa nach bhfuil san áireamh in MRV
|
---
|
An meánchostas riaracháin in aghaidh an tona CO2e le haghaidh soithí móra (olltonnáiste níos mó ná 5,000)
|
Tá sé d’aidhm ag an anailís ar éifeachtúlacht freisin athbhreithniú a dhéanamh ar fhianaise maidir le cumas cuideachtaí a bhainistíonn soithí beaga freastal ar phróisis MRV, i gcomparáid leo siúd atá ag tuairisciú faoi MRV cheana féin. Tugtar le fios sna sonraí a scrúdaíodh gur gnách le cuideachtaí a bhainistíonn soithí beaga a bheith níos lú ar an meán (i dtéarmaí líon na soithí a bhainistítear in aghaidh na cuideachta) ná iad siúd atá ag tuairisciú faoi MRV cheana féin. Go deimhin, tá cuideachtaí a thuairiscíonn faoi láthair faoi chóras MRV (i.e. le haghaidh soithí móra) freagrach as 2.6 soitheach ar an meán. I gcás soithí beaga, meastar gurb é 1.6 an meánlíon soithí beaga in aghaidh na cuideachta, líon atá i bhfad níos ísle. Ós rud é go meastar go mbeidh na cuideachtaí a bhainistíonn soithí beaga freagrach as líon níos lú long, is lú seans go mbainfidís tairbhe as barainneachtaí scála a bhaineann le costais chur chun feidhme a bhaineann le MRV.
Ina theannta sin, formhór na gcuideachtaí a bhainistíonn soithí beaga, bheadh siad nua i gcóras MRV. Níl ach 29 % de na cuideachtaí ISM agus 3 % de na longúinéirí a bhainistíonn soithí beaga cláraithe cheana féin ar THETIS-MRV. Tugann sé sin le fios go mbeadh ar fhormhór na gcuideachtaí a bhainistíonn soithí beaga próisis MRV a chur ar bun agus eolas a chur orthu toisc nach bhfuil siad ag tuairisciú faoi MRV cheana féin.
3.3 Comhleanúnachas
Príomhchuspóir eile de Rialachán an Aontais maidir le MRV muirí is ea tacú le cur chun feidhme beartas a glacadh le déanaí chun astaíochtaí GCT a laghdú in earnáil mhuirí an Aontais, go háirithe leathnú CTA AE chuig an muiriompar agus Rialachán FuelEU Maritime. Dá bhrí sin, leis an anailís ar chomhleanúnachas, scrúdaítear an bhfuil raon feidhme MRV atá ann faoi láthair iomchuí chun rannchuidiú le cur chun feidhme na mbeartas sonrach aeráide sin, chomh maith leis an athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh orthu amach anseo.
I ndáil leis sin, léirítear san anailís go bhfuil an Rialachán maidir le MRV muirí ag tacú go héifeachtach cheana féin le cur i bhfeidhm na mbeartas tábhachtach sin de chuid an Aontais. Soláthraítear leis go díreach na sonraí maidir le hastaíochtaí GCT is gá chun síneadh CTA AE chuig an muiriompar a chur chun feidhme, agus cuirtear ardán láidir tuairiscithe ar fáil leis chun tacú le cur chun feidhme Rialachán FuelEU Maritime.
Maidir le forbairtí beartais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, le raon feidhme reatha an Rialacháin maidir le MRV muirí, d’fhéadfaí raon feidhme CTA AE a leathnú cheana féin chuig astaíochtaí GCT ó shoithí beaga lasta ghinearálta agus ó shoithí beaga amach ón gcósta (olltonnáiste 400-4 999). Mar shampla, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag leathnú den sórt sin i dtéarmaí mhéadú na caidhpe CTA nó líon na gCuntas Coinneála Oibreora Muirí breise a mbeadh coinne leo, bheadh an méid sin ar eolas ag lucht ceaptha beartas. Bheadh cuideachtaí loingseoireachta a oibríonn na soithí sin i riocht i bhfad níos fearr freisin, agus iad eolach cheana féin ar phróiseas MRV.
Mar sin féin, leis an Rialachán maidir le MRV muirí atá ann faoi láthair, ní éascófaí ar an mbealach céanna leathnú féideartha raon feidhme CTA chuig astaíochtaí GCT ó chineálacha eile soithí beaga, soithí nach n‑áirítear go fóill faoi raon feidhme MRV.
Ina theannta sin, breathnaíodh san anailís ar raon feidhme Rialachán an Aontais maidir le MRV muirí i gcomparáid leis na soithí a chumhdaítear faoi Chóras Bailithe Sonraí IMO atá ann faoi láthair. Is córas coibhéiseach faireacháin agus tuairiscithe é, cé go bhfuil sé simplithe, ar an leibhéal domhanda. Cuirtear i dtábhacht san anailís nár sainaithníodh na difríochtaí beaga sa raon feidhme i dtéarmaí mhéid agus ghníomhaíocht an tsoithigh arna chumhdach mar ábhar imní ar leith maidir le hacmhainní a mhéadú ar acmhainní iad a bhfuil gá leo chun ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh.
4.Measúnú ar chásanna chun raon feidhme an Rialacháin maidir le MRV muirí a leathnú chuig soithí beaga eile
4.1 Forbhreathnú ar ghníomhaíocht soithí beaga agus astaíochtaí ó shoithí beaga
Is é is aidhm don anailís seo faisnéis a sholáthar maidir le gníomhaíocht soithí beaga agus na hastaíochtaí ó shoithí beaga (olltonnáiste 400 go 4 999) trí dhíriú ar na táscairí seo a leanas:
·An líon soithí beaga a thagann isteach i gcalafoirt an Aontais, de réir catagóir soithigh;
·Astaíochtaí GCT le haghaidh soithí beaga a thagann isteach i gcalafoirt an Aontais, arna ndifreáil de réir muiraistir laistigh den Aontas agus lasmuigh den Aontas agus de réir catagóir soithigh;
·An líon cuairteanna ar chalafoirt de réir bliana, arna ndifreáil de réir muiraistir laistigh den Aontas agus lasmuigh den Aontas agus de réir catagóir soithigh.
Léirítear san anailís gur thug 8 525 shoitheach a bhfuil olltonnáiste idir 400-4999 acu cuairt ar chalafoirt an Aontais in 2023. Agus soithí lasta ghinearálta agus soithí amach ón gcósta, atá ionchorpraithe cheana féin sa Rialachán maidir le MRV muirí ó 2025, as an áireamh, titeann an líon soithí beaga go 5 309. Cuirtear an líon sin i gcomparáid le 12 344 shoitheach a bhfuil olltonnáiste 5000 nó níos mó acu a bhí faoi MRV in 2023.
Rinneadh meastachán ar astaíochtaí GCT ar bhonn samhail a bhí ag brath ar shonraí rianaithe long (i.e. sonraí an Chórais Aitheantais Uathoibríoch) agus ar fhaisnéis theicniúil loinge. Leis an tsamhail, rinneadh meastacháin ar CO2, CH4 agus N2O mar astaíochtaí coibhéise CO2. Léiríonn toradh na hoibre sin go meastar gur astaigh soithí beaga a tháinig isteach i gcalafoirt an Aontais in 2023 thart ar 19.28 MtCO2e (nó 18.99 MtCO2, i.e. nuair a thugtar neamhaird ar CH4 agus N2O). Is iad soithí lasta ghinearálta agus soithí amach ón gcósta na hastaírí is airde laistigh den deighleog sin, ós rud é gur cúis iad le 22 % agus 18 % d’astaíochtaí GCT ó shoithí beaga, faoi seach. Agus astaíochtaí á n‑asbhaint ón dá chatagóir sin atá faoi MRV cheana féin ó 2025, meastar gurb é 11.32 MtCO2 iomlán na n‑astaíochtaí GCT ó na catagóirí soithí beaga atá fágtha, i gcomparáid le 126.70 MtCO2 ó shoithí a bhfuil olltonnáiste 5 000 nó níos mó acu a bhí faoi MRV in 2023.
Ó thaobh gníomhaíochta de, tugtar le fios san anailís ar shonraí maidir le cuairteanna ar chalafoirt ó shoithí beaga gur laistigh den Aontas a bhí formhór na muiraistear a rinne soithí beaga sa tréimhse 2019-2023 (thart ar 90 %). Díobh sin, is aistir intíre iad a bhformhór, is é sin muiraistir a thosaíonn agus a chríochnaíonn sa tír chéanna (thart ar 75 % de na muiraistir iomlána).
Mar achoimre, léirítear san anailís sin go bhfuil na soithí beaga nach bhfuil san áireamh cheana féin sa Rialachán maidir le MRV ó 2025 ar aghaidh (i.e. seachas longa lasta ghinearálta agus longa amach ón gcósta) gníomhach den chuid is mó i muiraistir laistigh den Aontas agus gur 43 % de shoithí iad agus gur bhain 9 % d’astaíochtaí CO2 leo faoi MRV in 2023.
Déantar achoimre sa tábla thíos, de réir an chineáil soithigh, ar an líon soithí agus ar mhéideanna na n‑astaíochtaí a bhaineann leo.
Tábla 1: Astaíochtaí CO2 ó shoithí beaga de réir an chineáil soithigh i gcomparáid le hastaíochtaí iomlána MRV in 2023
|
Cineál soithigh
|
An líon soithí a bhfuil olltonnáiste 400-4,999 acu (2023)
|
Sciar na soithí i gcomparáid leis an líon soithí móra faoi MRV in 2023
|
Astaíochtaí CO2 iomlána (MtCO2) (2023)
|
Sciar na n‑astaíochtaí CO2 i gcomparáid le hastaíochtaí CO2 iomlána faoi MRV in 2023
|
|
Soithí lasta ghinearálta
|
2,296
|
18.6 %
|
4.26
|
3.4 %
|
|
Soithí amach ón gcósta
|
921
|
7.5 %
|
3.41
|
2.7 %
|
|
Soithí ilghnéitheacha - soithí iascaireachta
|
1,065
|
8.6 %
|
2.30
|
1.8 %
|
|
Tancaeir ceimiceán
|
756
|
6.1 %
|
2.21
|
1.7 %
|
|
Báid farantóireachta-RoPax
|
571
|
4.6 %
|
1.57
|
1.2 %
|
|
Luaimh
|
896
|
7.3 %
|
1.45
|
1.1 %
|
|
Soithí seirbhíse – soithí eile
|
349
|
2.8 %
|
0.77
|
0.6 %
|
|
Soithí cúrsála
|
217
|
1.8 %
|
0.56
|
0.4 %
|
|
Soithí seirbhíse - soithí tuga
|
385
|
3.1 %
|
0.49
|
0.4 %
|
|
Tancaeir gáis leachtaithe
|
143
|
1.2 %
|
0.44
|
0.3 %
|
|
Tancaeir táirgí & ola
|
256
|
2.1 %
|
0.38
|
0.3 %
|
|
Báid farantóireachta le haghaidh paisinéirí amháin
|
253
|
2.0 %
|
0.34
|
0.3 %
|
|
Bulc-iompróirí
|
111
|
0.9 %
|
0.27
|
0.2 %
|
|
Bulc-iompróirí cuisniúcháin
|
53
|
0.4 %
|
0.14
|
0.1 %
|
|
Longa coimeádán
|
38
|
0.3 %
|
0.13
|
0.1 %
|
|
Soithí ilghnéitheacha - soithí eile
|
154
|
1.2 %
|
0.12
|
0.1 %
|
|
Tancaeir leachtanna eile
|
42
|
0.3 %
|
0.11
|
0.1 %
|
|
Soithí róró
|
20
|
0.2 %
|
0.04
|
0.0 %
|
|
Soithí iomlána a bhfuil olltonnáiste 400-4,999 acu
|
8,525
|
69.1 %
|
18.99
|
15.0 %
|
|
Soithí iomlána a bhfuil olltonnáiste 400-4,999 acu seachas soithí lasta ghinearálta agus soithí amach ón gcósta
|
5,309
|
43.0 %
|
11.32
|
8.9 %
|
4.2 Cásanna féideartha a chur i láthair
Is é an príomhchás atá á mheas don mheasúnú seo an fhéidearthacht raon feidhme an Rialacháin maidir le MRV muirí a leathnú chuig soithí a bhfuil olltonnáiste idir 400 agus 4 999 acu, le haghaidh cineálacha soithí seachas soithí lasta ghinearálta agus soithí amach ón gcósta. Is é is aidhm don chás seo sciar na n‑astaíochtaí GCT a chumhdaítear leis an Rialachán maidir le MRV muirí a mhéadú, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí soithí breise a bhfuil olltonnáiste idir 400 agus 4 999 acu a chomhtháthú i mbeartais dícharbónaithe mhuirí amhail CTA AE agus Fuel EU.
Athraithigh a d’fhéadfadh a bheith ann chun raon feidhme MRV a leathnú chuig soithí beaga, sainítear iad de réir na ngnéithe seo a leanas:
a)Catagóirí éagsúla soithí beaga sa raon feidhme
|
Cásanna A
|
Tuairisc
|
|
A.1. Lena n‑áirítear na catagóirí soithí is mó astaíochtaí
|
Leathnú an raoin feidhme chuig tancaeir, longa RoPax agus longa paisinéirí a bhfuil olltonnáiste idir 400 agus 4 999 acu
|
|
A.2. Lena n‑áirítear gach catagóir soithí seachas na catagóirí sin atá díolmhaithe ó MRV
|
Leathnú chuig gach catagóir neamhdhíolmhaithe le haghaidh soithí a bhfuil olltonnáiste idir 400 agus 4 999 acu (i.e. gach long a iompraíonn lasta/paisinéirí chun críoch tráchtála chomh maith le longa amach ón gcósta)
|
|
A.3. Lena n‑áirítear gach catagóir soithí (lena n‑áirítear catagóirí atá eisiata ó MRV faoi láthair)
|
Leathnú chuig gach catagóir neamhdhíolmhaithe le haghaidh soithí a bhfuil olltonnáiste idir 400 agus 4 999 acu, chomh maith le longa iascaireachta, aon soitheach seirbhíse agus aon soitheach tuga nach gcumhdaítear cheana féin, agus muiraistir luaimh nach gcumhdaítear cheana féin (i.e. na muiraistir sin nach ndéantar chun paisinéirí a iompar chun críoch tráchtála).
|
b)Ceanglais faireacháin le haghaidh soithí beaga
|
Cásanna B
|
Tuairisc
|
|
B.1. Na ceanglais MRV chéanna
|
Is ionann na ceanglais MRV le haghaidh soithí beaga (agus cineálacha eile soithí) agus na ceanglais le haghaidh soithí atá faoi MRV faoi láthair
|
|
B.2. Tairseach níos ísle le díolmhú ó fhaireachán ar bhonn ‘in aghaidh an mhuiraistir’
|
Ní bheadh feidhm ag tairseach íosta 300 muiraistear in aghaidh na bliana maidir le soithí faoi bhun olltonnáiste 5 000, i.e. bheadh gach long nach ndéanann muiraistir laistigh den Aontas ach le linn tréimhse thuairiscithe díolmhaithe ó fhaireachán ar bhonn ‘in aghaidh an mhuiraistir’ (gan beann ar an líon muiraistear).
|
4.3 Tionchair chomhshaoil ó chásanna A (catagóirí difriúla soithí beaga ó thaobh raon feidhme de, ag glacadh leis nach mbeidh aon athrú ar na ceanglais MRV)
Cumhdach méadaithe astaíochtaí GCT
Dá leathnófaí raon feidhme Rialachán an Aontais maidir le MRV muirí, mhéadófaí an sciar d’astaíochtaí muirí an Aontais arna ngabháil ag na ceanglais MRV agus bheadh tionchar díreach aige ar infhaighteacht sonraí maidir le hastaíochtaí GCT (
Figure
2). Is é atá sna hastaíochtaí GCT a bhaineann le cás A.1 méadú 4.2 % (i.e. 5.61 MtCO2) i gcomparáid leis an méid a áirítear i raon feidhme athbhreithnithe MRV (i.e. lena n‑áirítear astaíochtaí ó shoithí lasta ghinearálta agus ó shoithí amach ón gcósta a bhfuil olltonnáiste idir 400 agus 4 999 acu atá le cur leis ó 2025 ar aghaidh). Bheadh cumhdach astaíochtaí beagán níos airde mar thoradh ar chás A.2 i gcomparáid le cás A.1, agus méadú 4.6 % (i.e. 6,19 MtCO2) i gceist i gcomparáid le raon feidhme athbhreithnithe MRV. Mar thoradh ar an rogha chun leathnú chuig catagóirí eile freisin (cás A.3) thiocfadh méadú níos mó ar chumhdach na n‑astaíochtaí agus méadú 8.4 % (i.e. 11.32 MtCO2) i gceist.
Fíor 2 Cumhdach breise ar astaíochtaí GCT le haghaidh chásanna A.1, A.2 agus A.3 de réir catagóir soithí ar bhonn shonraí astaíochtaí 2023
Laghduithe díreacha ar fhuinneamh agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa
Cé nach bhforchuirtear teorainneacha díreacha ar astaíochtaí leis an Rialachán maidir le MRV muirí nó nach sainordaítear cleachtais laghdaithe astaíochtaí, bheadh coinne le laghduithe díreacha ar fhuinneamh agus ar astaíochtaí GCT mar thoradh ar raon feidhme MRV a leathnú i ngeall ar an acmhainneacht atá ag sonraí MRV cuidiú le cuid de na bacainní margaidh atá ann cheana a shárú, rud lenar féidir leas a bhaint as feabhsuithe teicniúla agus oibríochtúla ar éifeachtúlacht fuinnimh. Glacadh leis go mbeadh feidhm ag ráta coimeádach laghdaithe charnaigh 0.7 % maidir le hastaíochtaí bonnlíne GCT ó shoithí beaga a áirítear faoi raon feidhme MRV laistigh den tréimhse 2025-2050. Bheadh laghdú carnach réasúnta beag ar astaíochtaí GCT mar thoradh air sin, rud a chuirtear i láthair thíos i d
T
ábla
2.
Tábla 2: Laghdú carnach ar astaíochtaí GCT (2025-2050) ó chásanna A.1, A.2 agus A.3
|
|
Laghdú carnach ar astaíochtaí GCT (MtCO2e) 2025 - 2050
|
|
Cás A.1
|
1.51
|
|
Cás A.2
|
1.67
|
|
Cás A.3
|
3.06
|
Tionchair indíreacha ar an gcomhshaol mar gheall ar shoithí beaga a chuimsiú i mbeartais aeráide eile
Cé gur réasúnta beag an laghdú díreach ar astaíochtaí GCT a thiocfadh ó raon feidhme MRV a leathnú chuig soithí beaga breise, ba mhó i bhfad na tionchair chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann dá gcuimseofaí na soithí beaga sin i mbeartais eile maidir le maolú ar an athrú aeráide, amhail CTA AE agus FuelEU Maritime, tar éis leathnú raon feidhme MRV. Mar shampla, dá gcuimseofaí astaíochtaí breise GCT in CTA AE, bheadh tionchar aige sin ar an gcomhshaol i gcomhréir le laghdú bliantúil caidhpe CTA. Mar sin féin, ní chuirtear tairbhí breise den sórt sin san áireamh chun críoch an mheasúnaithe sin toisc go ndíríonn sé ar an bhféidearthacht iad a chuimsiú faoi raon feidhme MRV agus air sin amháin.
4.4 Tionchair eacnamaíocha ó chásanna A (catagóirí difriúla soithí beaga ó thaobh raon feidhme de, ag glacadh leis nach mbeidh aon athrú ar na ceanglais MRV)
Costais rialála ar chuideachtaí agus údaráis loingseoireachta
Chuimseofaí le costais riaracháin bhreise ar chuideachtaí loingseoireachta costais aonuaire agus athfhillteacha araon a bhaineann le córas faireacháin a ullmhú agus a chur ar bun (i gcás cuideachtaí nach dtuairiscíonn cheana faoi MRV), mar aon le gníomhaíochtaí faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe athfhillteacha chun an Rialachán maidir le MRV muirí a chomhlíonadh le haghaidh soithí breise a chumhdaítear. I
dTábla
3, cuirtear i láthair na costais riaracháin aonuaire agus athfhillteacha bhreise iomlána ar chuideachtaí loingseoireachta le haghaidh gach cáis, ar bhonn thorthaí na gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Ina theannta sin, cuimsítear ann faisnéis maidir leis an gcostas riaracháin athfhillteach in aghaidh an tona CO2 ar bhonn iomlán na n‑astaíochtaí GCT a chuirtear leis an raon feidhme i ngach cás.
Tábla 3: Costas riaracháin breise ar chuideachtaí loingseoireachta le haghaidh gach cáis, ar bhonn shonraí costais 2023
|
|
An líon soithí
|
Costas aonuaire (costas iomlán, EUR)
|
Costas athfhillteach (costas in aghaidh na bliana, EUR)
|
Costas athfhillteach in aghaidh tCO2 (EUR/tCO2)
|
|
Costas in aghaidh an tsoithigh
|
-
|
3,193
|
3,690
|
-
|
|
Cás A.1
|
2,238
|
7.1 milliún
|
8.3 milliún
|
1.2
|
|
Cás A.2
|
2,460
|
7.9 milliún
|
9.1 milliún
|
1.2
|
|
Cás A.3
|
5,309
|
17.0 milliún
|
19.6 milliún
|
1.6
|
Cuimsítear le costais na ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin d’údaráis náisiúnta a bhfuil baint acu leis an Rialachán maidir le MRV muirí na costais sin a bhaineann le gníomhaíochtaí um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt agus le hoibleagáidí an Stáit Brataí. Díorthaíodh na meastacháin chostais ó thorthaí ceistneora a dáileadh ar na Ballstáit, lenar cuimsíodh costais riaracháin agus forfheidhmiúcháin araon. Glactar leis go dtiocfaidh méadú líneach ar chostais forfheidhmiúcháin athfhillteacha i gcomhréir leis an líon soithí breise faoi gach cás maidir le Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt agus le hoibleagáidí an Stáit Brataí araon. I dTábla 4, cuirtear i láthair na costais bhreise a bhaineann le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin mar thoradh air sin.
Tábla 4: Costais bhreise a bhaineann le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin do na húdaráis náisiúnta, ar bhonn shonraí costais 2023
|
Cineál costais
|
Cásanna
|
|
|
Cás A.1
|
Cás A.2
|
Cás A.3
|
|
Costas um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt (EUR in aghaidh na bliana)
|
47,307
|
51,999
|
112,221
|
|
Costas um oibleagáidí an Stáit Brataí (EUR in aghaidh na bliana)
|
58,866
|
64,705
|
139,641
|
|
Costas measta iomlán ar na húdaráis náisiúnta (EUR in aghaidh na bliana)
|
106,173
|
116,704
|
251,862
|
Cuimsítear leis na costais ar na húdaráis Eorpacha (an Coimisiún Eorpach agus EMSA) a eascraíonn as soithí beaga breise (olltonnáiste 400-4 999) a chuimsiú faoi raon feidhme MRV costais aonuaire a bhaineann le coigeartuithe TF agus forbairtí in THETIS-MRV agus costais athfhillteacha a bhaineann le hacmhainní daonna breise, ó anailís a dhéanamh ar fhaisnéis, tacaíocht ón deasc chabhrach agus ábhar faisnéise a dhearadh/nuashonrú. Costais bhreise a eascraíonn as sin le haghaidh gach cáis, cuirtear i láthair thíos i
dTábla
5 iad.
Tábla 5: Costais bhreise a bhaineann le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin d’údaráis náisiúnta na hEorpa, ar bhonn shonraí costais 2023
|
|
Costas aonuaire (costas iomlán, EUR)
|
Costas athfhillteach (costas in aghaidh na bliana, EUR)
|
|
Cás A.1
|
100,000
|
40,000
|
|
Cás A.2
|
100,000
|
42,891
|
|
Cás A.3
|
100,000
|
80,000
|
Measadh na costais rialála iomlána trí chostais riaracháin ar chuideachtaí loingseoireachta agus costais forfheidhmiúcháin ar údaráis inniúla a chur le chéile, mar a thuairiscítear thuas. Glacadh leis go gcaithfí costais aonuaire ina n‑iomlán sa chéad bhliain den chur chun feidhme (2025), agus glacadh leis go dtiocfadh méadú comhréireach ar chostais athfhillteacha ar chuideachtaí loingseoireachta agus ar údaráis inniúla i gcomhréir leis an líon soithí le linn na tréimhse 2025-2050. Meastar go mbeidh na costais riaracháin bhreise sin róbheag chun aon saobhadh mór sa mhargadh a ghiniúint a mbeadh impleachtaí sóisialta aige (e.g. ar thomhaltóirí nó ar oibrithe). Cuirtear na costais rialála iomlána i láthair i dTábla 6 le ráta lascaine 3 %.
Cothrom iomaíochta
Bheadh coinne leis go mbeadh tionchar dearfach ar an gcothrom iomaíochta dá leathnófaí raon feidhme MRV chuig soithí beaga breise, trí cheanglais rialála chomhchosúla a áirithiú le haghaidh soithí atá díreach os cionn nó faoi bhun na tairsí olltonnáiste 5 000, soithí a d’fhéadfadh a bheith in iomaíocht le haghaidh deighleoga margaidh comhchosúla. Tugtar le fios in anailís ar shonraí soithí atá deighilte de réir méide go mbeadh sciar mór de shoithí breise díreach faoi bhun na tairsí olltonnáiste 5000 faoi na cásanna beartais a bhreithnítear. Go deimhin, soithí a bhfuil olltonnáiste idir 4 000 agus 4 999 acu a bheadh in 32 % den chabhlach a bhreithnítear faoi chás A.1, 31 % faoi A.2, agus 19 % faoi A.3.
4.5 Comparáid idir cásanna A ó thaobh glanluach láithreach sóisialta de (catagóirí difriúla soithí beaga ó thaobh raon feidhme de, ag glacadh leis nach mbeidh aon athrú ar na ceanglais MRV)
An glanluach láithreach sóisialta thar na cásanna uile a bhreithnítear chun an raon feidhme a leathnú, tá sé diúltach le linn na tréimhse 2025-2050 (Tábla 6). Is amhlaidh atá toisc go bhfuil luach reatha na gcostas riaracháin breise ar chuideachtaí agus ar údaráis níos airde ná an laghdú ar astaíochtaí GCT a bhfuil luach airgid curtha air agus atá inchurtha go hiomlán i leith an Rialacháin maidir le MRV muirí.
Mar sin féin, ba cheart ríomh an ghlanluacha láithrigh sin a léirmhíniú go cúramach toisc nach gcuirtear san áireamh ann na tairbhí indíreacha comhshaoil a d’fhéadfadh teacht as comhtháthú féideartha soithí beaga ina dhiaidh sin i mbeartais maolaithe GCT eile, amhail CTA AE agus Fuel EU, nó aon bheart coibhéiseach eile, tar éis iad a chuimsiú roimh ré laistigh de raon feidhme MRV. Dá gcuimseofaí costais agus tairbhí a bhaineann le soithí beaga a chomhtháthú in CTA AE agus/nó Fuel EU, i gcomhar le MRV, tá coinne leis go mbeadh cás an-difriúil i gceist, agus is é is dóichí gur glanluach láithreach dearfach a bheadh ann.
Tábla 6: Glanluach Láithreach Sóisialta chásanna A.1, A.2 agus A.3 i gcomparáid leis an mbonnlíne (EUR milliún thar an tréimhse 2025-2050) (ráta lascaine 3 %)
|
|
Cás A.1
|
Cás A.2
|
Cás A.3
|
|
Laghdú ar astaíochtaí GCT
|
3.7
|
4.1
|
7.5
|
|
Costais rialála
|
-17.6
|
-17.6
|
-41.7
|
|
Glanluach Láithreach Sóisialta
|
-13.9
|
-13.5
|
-34.2
|
Tabhair faoi deara: Cuireadh luach airgid ar an laghdú ar astaíochtaí GCT trí úsáid a bhaint as costas seachanta an athraithe aeráide a áirítear i Lámhleabhar 2019 maidir le costais sheachtracha (EUR 100/tCO2e) arna cheartú go leibhéil praghsanna 2023 (EUR 133/tCO2e faoi 2030 agus EUR 358/tCO2e tar éis 2030).
4.6 Tionchair ó chás B2 a bhaineann le hathruithe ar cheanglais faireacháin le haghaidh soithí beaga
Dá mbainfí an tairseach 300 muiraistear in aghaidh na bliana (cás B.2), rachadh sé chun tairbhe do sciar mór soithí nach ndéanann ach muiraistir laistigh den Aontas (32 % d’iomlán na soithí beaga), rud a leathnódh go mór raon feidhme na díolúine chun tuairisciú a dhéanamh ar bhonn ‘in aghaidh an mhuiraistir’.
Dá ndéanfaí tuairisciú ar bhonn comhiomlán, seachas ar bhonn ‘in aghaidh an mhuiraistir’, d’fhéadfadh cuideachtaí faoin díolúine sin córais faireacháin níos simplí a úsáid (e.g. nótaí buncair a bhfuil stocáireamh teoranta ag baint leo), rud a mbeadh costais faireacháin níos ísle ag baint leis. Dá bhrí sin, cé nach ndearnadh aon anailís chainníochtúil i ndáil le cás B.2, léirítear in anailís cháilíochtúil go bhféadfaí laghdú mór a dhéanamh ar chostais riaracháin i gcomparáid le cás B.1. Ní dhéantar an laghdú sin a chainníochtú mar gheall ar easpa fianaise cainníochtúla ar an difríocht sna costais idir faireachán ar bhonn ‘in aghaidh an mhuiraistir’ agus ar bhonn comhiomlán.
5.Conclúidí
Deimhnítear san anailís a rinneadh maidir le hastaíochtaí GCT ó longa a bhfuil olltonnáiste acu atá faoi bhun 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun 400 gurb iad an dá chatagóir long a chuimseofar faoi raon feidhme Rialachán an Aontais maidir le MRV muirí ó 2025 ar aghaidh na catagóirí is airde astaíochtaí laistigh den deighleog sin iarbhír. Is é atá in astaíochtaí GCT ó shoithí beaga sna catagóirí ‘soithí amach ón gcósta’ agus ‘soithí lasta ghinearálta’ 22 % agus 18 % faoi seach de na hastaíochtaí GCT uile ó shoithí beaga.
Agus astaíochtaí ón dá chatagóir sin á gcur i leataobh, is é atá in iomlán na n‑astaíochtaí GCT ó na catagóirí soithí beaga atá fágtha 11.32 MtCO2, i.e. 9 % d’astaíochtaí CO2 a chumhdaítear faoi MRV in 2023. An tráth céanna, 5 309 soitheach atá i gceist leis sin, i.e. 42 % den líon soithí a bhí faoi réir oibleagáidí MRV in 2023.
Ar bhonn comhairliúchán le hionadaithe cuideachtaí loingseoireachta, léirítear san anailís go mbeadh costais riaracháin bhliantúla athfhillteacha a bhaineann le MRV in aghaidh an tsoithigh le haghaidh soithí beaga cosúil leis (nó beagán níos airde ná) na costais atá ar shoithí móra atá faoi réir oibleagáidí MRV faoi láthair. Mar thoradh air sin – agus toisc go n‑astaíonn siad níos lú astaíochtaí GCT ná soithí móra – ní bheadh an chomhbhabhtáil idir costais riaracháin ar chuideachtaí loingseoireachta agus astaíochtaí GCT breise a ndéantar faireachán orthu chomh fabhrach céanna do shoithí beaga. Bheadh an cóimheas idir costais riaracháin agus cumhdach astaíochtaí GCT seacht n‑uaire níos airde ar an meán i gcás soithí beaga, i gcomparáid leis na soithí móra atá faoi réir oibleagáidí MRV faoi láthair.
Léirítear san anailís freisin go gcabhrófaí le cur chun feidhme beart éifeachtúlachta fuinnimh agus teicneolaíochtaí ísealcharbóin dá leathnófaí raon feidhme an Rialacháin maidir le MRV muirí chuig catagóirí breise soithí beaga, mar gheall ar chumas shonraí MRV bonn eolais a chur faoin bpróiseas cinnteoireachta. Meastar, áfach, go bhfuil na tairbhí díreacha comhshaoil sách beag, ar bhonn toimhdí coimeádacha.
Dá réir sin, tá an Glanluach Láithreach Sóisialta diúltach le haghaidh gach ceann de na cásanna leathnaithe a mheastar. Léirítear leis sin go bhfuil luach reatha na gcostas riaracháin breise ar chuideachtaí agus ar údaráis inniúla níos airde ná an laghdú ar astaíochtaí GCT a bhfuil luach airgid curtha air agus atá inchurtha go hiomlán i leith an Rialacháin maidir le MRV muirí. Mar sin féin, bheadh cuma dhifriúil ar an scéal agus breithniú á dhéanamh ar na tairbhí indíreacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint le laghdú ar astaíochtaí GCT mar gheall ar chomhtháthú féideartha soithí beaga i mbeartais maolaithe GCT eile, amhail CTA AE agus FuelEU, tar éis iad a chuimsiú roimh ré faoi raon feidhme MRV; bheadh tairbhí comhshaoil i bhfad níos mó ann agus is dócha go mbeadh Glanluach Láithreach dearfach ann.
Maidir leis sin, is fiú a lua go bhféadfaí bearta coibhéiseacha seachas comhtháthú faoi raon feidhme FuelEU agus/nó CTA AE a bheartú – go háirithe dá bhféadfaí an t‑ualach riaracháin a laghdú leis sin. D’fhéadfaí bearta den sórt sin a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear, mar shampla, bearta a bhaineann le cánachas nó ‘rogha a bheith páirteach’ faoi ‘CTA2’ le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise. Tá cinneadh déanta cheana féin ag roinnt Ballstát, lena n‑áirítear an Ostair, an Ísiltír agus an tSualainn, astaíochtaí ó roinnt soithí beaga agus/nó ó loingseoireacht intíre a áireamh faoi raon feidhme CTA2.
I gcás ar bith, níor cuireadh san áireamh sa tuarascáil seo na tairbhí breise a d’fhéadfadh teacht as soithí beaga a chomhtháthú i mbeartais maolaithe GCT eile; ní dhéileálann an tuarascáil ach leis an bhféidearthacht longa beaga breise a chuimsiú faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le MRV muirí agus leis na tionchair dhíreacha a bheadh ag athrú den sórt sin. Déanfar measúnú ina ndéileálfar leis na tairbhí breise sin i gcomhthéacs athbhreithniú 2026 ar Threoir an Aontais maidir le CTA.