European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1773

22.3.2024

P9_TA(2023)0298

Lipéadú bia orgánaigh do pheataí

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2023 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh (COM(2022)0659 – C9-0396/2022 – 2022/0390(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2024/1773)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0659),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0396/2022),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 24 Eanáir 2023  (1),

—

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 12 Meitheamh 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don litir ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0159/2023),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)   IO C 140, 21.4.2023, lch. 55.


P9_TC1-COD(2022)0390

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Meán Fómhair 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2419.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1773/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)