An Bhruiséil,26.7.2021

COM(2021) 418 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an gComhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Tionscadail Giniúna Leictreachais Gualbhreoslaithe atá in Iarscríbhinn VI


IARSCRÍBHINN

TOGRA

Is é seasamh an Aontais Eorpaigh tacú leis an méid seo a leanas:

(1)deireadh láithreach a chur le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus cabhair cheangailte a sholáthar le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)Tionscadail nua giniúna leictreachais ghualbhreoslaithe, nó codanna díobh a onnmhairiú.

Tionscadail giniúna leictreachais ghualbhreoslaithe a bhaineann le gléasraí cumhachta iomlána, nó codanna díobh, atá breoslaithe ag gual; áirítear leo na comhchodanna, an trealamh, na hábhair agus na seirbhísí uile (lena n‑áirítear oiliúint don phearsanra) atá ag teastáil go díreach chun gléasraí cumhachta den sórt sin a thógáil agus a choimisiúnú.

(b)Trealamh a sholáthar do ghléasraí giniúna leictreachais ghualbhreoslaithe atá ann cheana, mura gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(i)Is é an laghdú ar thruailliú is cuspóir don trealamh a sholáthraítear.

(ii)Ní chuirtear fad ama le saolré úsáidte an ghléasra ná ní chuirtear lena acmhainneacht mar thoradh ar an trealamh a sholáthraítear.

(2)deireadh láithreach a chur le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus cabhair cheangailte a sholáthar le haghaidh onnmhairiú na n‑earraí agus na seirbhísí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)Mianadóireacht guail theirmigh a fhorbairt nó a mhéadú agus mianaigh a thógáil. Áirítear leis sin taiscéalaíocht, eastóscadh agus táirgeadh guail theirmigh agus an bonneagar a bhaineann leis.

(b)Aon chineál iompair (lena n‑áirítear modhanna iompair agus bonneagar a bhaineann leo) a úsáidtear go príomha chun gual teirmeach a bhogadh.

Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointí (a) agus (b), maidir le tionscadail giniúna leictreachais ghualbhreoslaithe a thagann faoi raon feidhme Fhoscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Fuinneamh In‑athnuaite, Maolú ar an Athrú Aeráide agus Oiriúnú don Athrú Aeráide, agus Tionscadail Uisce (Iarscríbhinn IV) agus a chomhlíonann coinníollacha in Fhoscríbhinn II Is iad na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais a bheidh infheidhme maidir le tionscadail den sórt sin na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Beidh feidhm ag mír 2, pointí (a) agus (b), maidir le honnmhairí uile na n‑earraí agus na seirbhísí a chumhdaítear leis an Socrú, agus nuair a chumhdaítear iad le Comhaontuithe Earnála freisin.

Mar gheall ar chur chun feidhme an togra seo, d’fhéadfadh athruithe teacht ar an gComhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin do Thionscadail Giniúna Leictreachais Ghualbhreoslaithe atá in Iarscríbhinn VI, agus chomh maith leis sin, d’fhéadfadh athruithe teacht ar fhorálacha an tSocraithe maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil, go háirithe Airteagal 6 de.