27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 112/41


CINNEADH (AE) 2023/862 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Aibreán 2023

lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Hrvatska narodna banka

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27.1. de,

Ag féachaint don Mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Márta 2023 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Hrvatska narodna banka (BCE/2023/4) (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna moladh ag Comhairle Rialaithe BCE agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, le hiniúchadh a dhéanamh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tá Hrvatska narodna banka faoi réir Airteagal 27.1. de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh ón 1 Eanáir 2023 i leith.

(3)

Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha ar Hrvatska narodna banka, KPMG Croatia d.o.o., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2024.

(4)

Dá bhrí sin, mhol Comhairle Rialaithe BCE go bhformheasfadh an Chomhairle na hiniúchóirí reatha, KPMG Croatia d.o.o., mar iniúchóirí seachtracha Hrvatska narodna banka do na blianta airgeadais 2023 agus 2024.

(5)

De réir an mholta ó Chomhairle Rialaithe BCE, ba cheart Cinneadh 1999/70/CE (2) ón gComhairle a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 1 de Chinneadh 1999/70/CE:

“20.   Formheastar leis seo KPMG Croatia d.o.o. mar iniúchóirí seachtracha Hrvatska narodna banka do na blianta airgeadais 2023 agus 2024.”.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an mBanc Ceannais Eorpach.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)   IO C 93, 13.3.2023, lch. 1.

(2)  Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle an 25 Eanáir 1999 maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta (IO L 22, 29.1.1999, lch. 69).