|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/652 |
10.2.2025 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Eanáir 2025
lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Laitvia
(C/2025/652)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 17 de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
|
(1) |
Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach (1), mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme (2), agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát (3), is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht, a chur chun cinn trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Lena chois sin, cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma agus, ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí na rialacha i gceist leis. |
|
(2) |
Na pleananna fioscacha-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Ba cheart dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: (i) a áirithiú, inter alia, faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus (ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Chuige sin, ba cheart gealltanas meántéarmach maidir le conair ghlanchaiteachais (4) a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar ghnáth-théarma an reachtais i mBallstát). Ina theannta sin, tá míniú le tabhairt sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263. |
|
(3) |
Tar éis thíolacadh an phlean, déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263. |
|
(4) |
Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh ansin ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sí formhuiniú ar an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá ina mbonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin fhioscaigh. |
BREITHNITHE MAIDIR LE PLEAN FIOSCACH-STRUCHTÚRACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA LAITVIA
|
(5) |
An 15 Deireadh Fómhair 2024, rinne an Laitvia a plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Tíolacadh an plean tar éis síneadh a bheith curtha leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna a sholáthair an Laitvia. |
An próiseas sular tíolacadh an plean
|
(6) |
Sular tíolacadh a plean, d’iarr an Laitvia faisnéis theicniúil (5), a chuir an Coimisiún ar fáil an 21 Meitheamh 2024, agus a d’fhoilsigh sé an 15 Deireadh Fómhair 2024 (6). San fhaisnéis theicniúil, léirítear leibhéal an chomhardaithe phríomha struchtúraigh in 2028 is gá chun a áirithiú go gcoinneofar an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI sa mheántéarma agus go bhfanfaidh an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun 60 % de OTI sa mheántéarma, fiú in éagmais beart buiséadach breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. Ullmhaíodh agus tarchuireadh an fhaisnéis theicniúil chuig na Ballstáit sa dá chás seo a leanas: cás lena n-áirítear comhsheasmhacht leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh (7), i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2024/126, agus cás gan an choimirce sin. Leagtar amach san fhaisnéis theicniúil le haghaidh na Laitvia, gur cheart, chun na rialacha fioscacha is infheidhme a chomhlíonadh le linn na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana, agus bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin atá mar bhonn taca faoin réamhthreoir a tarchuireadh i mí an Mheithimh 2024, gur cheart -1,3 % de OTI ar a laghad a bheith sa chomhardú príomha struchtúrach ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028); cás gan an choimirce athléimneachta easnaimh), mar a léirítear sa tábla seo a leanas. Mar eolas, agus an choimirce athléimneachta easnaimh á cur san áireamh freisin, ba cheart -0,1 % de OTI ar a laghad a bheith sa chomhardú príomha struchtúrach ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Mar sin féin, ní ceanglas é an choimirce athléimneachta easnaimh le haghaidh na Laitvia, tír atá incháilithe d’fhaisnéis theicniúil. Tábla 1: Faisnéis theicniúil arna soláthar ag an gCoimisiún don Laitvia
|
||||||||
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Laitvia agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil i mí Mheán Fómhair 2024. Bhí an t-idirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an Laitvia agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi (go háirithe aschur féideartha agus rátaí úis), chomh maith leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a thabhairt i gcrích lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus do thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta. |
|
(8) |
I mí Mheán Fómhair 2024, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus 36(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1263, de réir na faisnéise a sholáthair an Laitvia ina plean, thuairiscigh an Laitvia go ndeachaigh sí i mbun próiseas comhairliúcháin le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, lena n-áirítear Comhlachas na nEagraíochtaí Fostóirí, Cónaidhm na Saor-Cheardchumann agus Comhlachas na Rialtas Áitiúil agus Réigiúnach. De réir na faisnéise a sholáthair an Laitvia ina plean, dhírigh an plé sa chruinniú ar an mbealach a bhfuil sé beartaithe ag an Laitvia aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha agus ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais, agus bhí béim ar leith ar bheartas cánach, ar an oideachas agus ar chúram sláinte. |
|
(9) |
I mí an Mheithimh 2024, d’fhormhuinigh an Chomhairle um Smacht Fioscach (institiúid fhioscach neamhspleách na Laitvia) an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch atá mar bhonn taca le Creat Buiséadach Meántéarmach 2024-2028 agus é á aithint aici go raibh an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch a chuir an Aireacht Airgeadais i láthair stuama ar an iomlán agus gur léiríodh forbairtí eacnamaíocha iarbhír sa réamhaisnéis. I mí Dheireadh Fómhair, thug an Chomhairle um Smacht Fioscach tuairim uaithi maidir le Creat Buiséadach Meántéarmach 2025-2028, Buiséad 2025 agus an Plean Fioscach-Struchtúrach Meántéarmach. Tháinig sí ar an gconclúid nach ndearnadh athbhreithniú ar an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch a formhuiníodh i Meitheamh na bliana seo cé gur úsáideadh sonraí fioscacha náisiúnta atá cothrom le dáta le haghaidh réamhaisnéisí fioscacha 2024 agus ullmhú Bhuiséad 2025, agus, dá bhrí sin, nár cuireadh toradh an athbhreithnithe tagarmhairc ná na treochtaí eacnamaíocha is déanaí san áireamh sa réamhaisnéis. An tráth céanna, d’aithin an Chomhairle um Smacht Fioscach go gcomhlíonann conair fhioscach an phlean struchtúraigh fhioscaigh mheántéarmaigh na coinníollacha atá i Rialachán 2024/1263 (faisnéis theicniúil an Choimisiúin). |
Próisis ghaolmhara eile
|
(10) |
Thíolaic an Laitvia a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025 an 15 Deireadh Fómhair. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an 26 Samhain 2024 (8). |
|
(11) |
An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Laitvia i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (9). |
ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AIR SIN
|
(12) |
I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas: |
Comhthéacs: staid agus ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach
|
(13) |
Tháinig méadú 1,7 % ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch sa Laitvia in 2023, spreagtha ag infheistíochtaí agus caiteachas poiblí. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh meath ar an ngeilleagar in 2024 mar gheall ar thomhaltas príobháideach lag agus infheistíochtaí laga, d’ainneoin tomhaltas láidir rialtais. Tiocfaidh méadú 1 % ar an bhfíor-OTI in 2025 agus méadú 2,1 % air in 2026, ós rud é go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh téarnamh ar thomhaltas príobháideach agus ar infheistíochtaí príobháideacha. Meastar go dtiocfaidh méadú ar onnmhairí freisin in 2026. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2024-2026), meastar go dtiocfaidh méadú ar fhás OTI féideartha sa Laitvia tar éis dó titim in 2024, agus go sroichfidh sé 1,5 % in 2026. Ba é 6,6 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh-mheasann an Coimisiún gurb é 6,7 % a bheidh ann in 2024 agus 6,7 % in 2025 agus 6,5 % in 2026. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 9,1 % in 2023 go 1,2 % 2024, go sroichfidh sé 2,2 % in 2025 agus go bhfanfaidh sé ag 2,2 % in 2026. |
|
(14) |
Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí in easnamh rialtais ghinearálta na Laitvia 2,4 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, sroichfidh sé 2,8 % de OTI in 2024 agus méadóidh sé go 3,2 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, fanfaidh sé ag 3,2 % in 2026. Cuimsítear i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na Laitvia le haghaidh 2025 a mhol an rialtas don pharlaimint náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair. Ba é 45,0 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go méadóidh an cóimheas fiachais go 48,1 % de OTI ag deireadh 2024. Réamh-mheastar go méadóidh sé a thuilleadh go 50,3 % de OTI ag deireadh 2025 agus 51,6 % ag deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha a bheith ina ngealltanais go dtí go mbeidh bearta nithiúla beartais mar bhonn taca leo, bearta a dhéanfar a fhógairt go hinchreidte agus a shonrú go leormhaith. |
Conair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha atá sa phlean
|
(15) |
Le plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Laitvia, cumhdaítear an tréimhse 2025-2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair i gcaitheamh tréimhse 4 bliana. |
|
(16) |
Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean. Murab ionann agus an Treoraíocht do na Ballstáit maidir leis na Ceanglais Faisnéise le haghaidh Pleananna Fioscacha-Struchtúracha Meántéarmacha agus le haghaidh na dTuarascálacha Bliantúla ar Dhul Chun Cinn a foilsíodh san Iris Oifigiúil an 21 Meitheamh 2024, níl táblaí 7c ná 7d sa phlean. Níl na táblaí sin riachtanach, áfach, chun measúnú a dhéanamh ar phlean na Laitvia. |
|
(17) |
Leis an bplean, cuirtear de cheangal ar an Laitvia cloí leis an gconair ghlanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, rud a chomhfhreagraíonn do mheánfhás ghlanchaiteachais de 4,1 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2028. Tá an fhaisnéis theicniúil (ag glacadh leis go bhfuil conair coigeartúcháin línigh ann) comhsheasmhach le meánfhás glanchaiteachais 3,7 % i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028). Tuairiscítear go n-eascraíonn comhardú príomha struchtúrach -1,3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028) as an gconair ghlanchaiteachais ar tugadh gealltanas ina leith sa phlean. Is ionann sin agus íosleibhéal an chomhardaithe phríomha struchtúraigh de -1,3 % de OTI in 2028 a chuir an Coimisiún ar fáil san fhaisnéis theicniúil an 21 Meitheamh 2024 (10). Toimhdítear sa phlean go laghdóidh fás OTI féideartha go 2,1 % in 2025 (ó 2,2 % in 2024), sula laghdóidh sé go 0,9 % in 2028. Ina theannta sin, de réir an phlean meastar go bhfanfaidh an díbhoilsceoir OTI cobhsaí ag 2,5 % le linn na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028). Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na Laitvia
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta
|
(18) |
Dá dtiocfadh an chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus na toimhdí bunúsacha chun cinn, mhéadódh fiachas rialtais ghinearálta de réir a chéile ó 45,8 % de OTI in 2024 go 50,8 % ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028) de réir an phlean, mar a léirítear sa tábla seo a leanas. Tar éis an choigeartaithe, meastar de réir an phlean go dtiocfaidh méadú de réir a chéile ar an gcóimheas fiachais sa mheántéarma (i.e. go dtí 2038) agus go sroichfidh sé 59,9 % faoi 2038. Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Laitvia
Dá bhrí sin, de réir an phlean, d’fhanfadh fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI sa mheántéarma. Dá réir sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, tá an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir le fiachas mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263. |
||||||||||||||||||||||||||||||||
Na himpleachtaí atá ag gealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le comhardú rialtais ghinearálta
|
(19) |
Ar bhonn chonair ghlanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, d’fhanfadh an t-easnamh rialtais ghinearálta ag 2,9 % de OTI mar ráta bliantúil i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Ina theannta sin, sna deich mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an t-easnamh rialtais 3 % de OTI ach d’fhanfadh sé díreach faoi bhun an luacha tagartha easnaimh. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, bheadh an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263. |
Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean
|
(20) |
Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil leis na toimhdí ón gCoimisiún a tarchuireadh chuig an Laitvia an 21 Meitheamh 2024. Go sonrach, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean i gcás 6 athróg, eadhon: an túsphointe (comhardú struchtúrach príomhúil, fás ionchasach OTI, fás iarbhír OTI, ráta ainmniúil intuigthe úis ar fhiachas, coigeartú sreabhaidh i leith stoic agus fás díbhoilsceora OTI). Is gá measúnú cúramach a dhéanamh ar na difríochtaí sin chun a áirithiú go mbeidh argóintí eacnamaíocha atá fónta agus sonraíbhunaithe mar bhonn taca leo, go háirithe ós rud é go bhfuil an meánfhás glanchaiteachais sa phlean níos airde ná mar a thugtar le fios leis an bhfaisnéis theicniúil. Liostaítear thíos na difríochtaí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach difríocht a bhreithnítear gan aon rud eile san áireamh.
An staid fhioscach fheabhsaithe in 2024, is léiriú í an staid sin ar thoimhdí an phlean maidir leis an méid seo a leanas:
Ar an iomlán, na toimhdí atá sa phlean maidir leis an bhfeabhas ar an túsphointe in 2024 nach bhfuil údar cuí leo, déantar iad a chothromú le toimhdí i gcomhréir leis an gcreat coiteann um anailís ar inbhuanaitheacht fiachais a úsáidtear le haghaidh 2025 agus na mblianta ina dhiaidh sin. Níl tionchar mór ag na difríochtaí atá fágtha ar mheánfhás an ghlanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Tugtar le tuiscint leis sin gurb iad na difríochtaí i dtoimhdí, ar féidir glacadh leo ar an iomlán, an míniú atá ar an difríocht idir an chonair ghlanchaiteachais sa phlean agus an fhaisnéis theicniúil. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, comhlíonann an plean an ceanglas faoi Airteagal 13, pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1263. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe a dhéanfaidh sé amach anseo ar chomhlíonadh na conaire glanchaiteachais. |
Straitéis fhioscach an phlean
|
(21) |
De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, déanfar na gealltanais maidir le glanchaiteachas a thabhairt i gcrích trí bhíthin smacht ar chaiteachas agus méaduithe lánroghnacha ar ioncam araon. Ó thaobh an ioncaim de, i measc na mbeart lánroghnach tá athbhreithnithe ar chánachas saothair ó 2025 ar aghaidh, go háirithe athbhreithniú aníos ar rátaí cánach ioncaim phearsanta agus méadú agus cur i bhfeidhm cothrománach ioncaim neamh-inchánach. Ós rud é go mbíonn tionchar fioscach diúltach ag na bearta ioncaim sin, mhol an rialtas an méid seo a leanas: cáin ar bhrabús amhantair na mbanc ó 2025 ar aghaidh; 1 phointe céatadáin de ranníocaíochtaí pinsin a thoibhítear ar ioncam tuillte a aistriú ón bpinsean cistithe go dtí an pinsean stáit; mar aon le bearta cúitimh eile, lena n-áirítear athbhreithniú aníos ar rátaí máil le haghaidh grúpaí táirgí éagsúla agus méadú ar rátaí cánach le haghaidh gluaisteáin phríobháideacha agus gluaisteáin chuideachta. Ó thaobh an chaiteachais de, na bearta lánroghnacha lena méadaítear caiteachas, is ar an tslándáil inmheánach agus sheachtrach a neartú atá siad dírithe go príomha, ina measc sin acmhainneacht na seirbhísí slándála inmheánaí (lena n-áirítear méadú ar luach saothair), an chibearshlándáil, ceannach armlóin agus trealaimh aonair, tacaíocht mhíleata don Úcráin agus tacaíocht do shibhialtaigh Úcránacha sa Laitvia. I measc na mbeart lena laghdaítear caiteachas, tá teorainn a chur le fás an luacha saothair san earnáil phoiblí, laghdú i gcaiteachas ar earraí agus ar sheirbhísí ar fud aireachtaí earnála, athbhreithniú ar chaiteachas bardasach ar thuarastail agus ar infheistíocht, mar aon le hathbhreithniú ar chaiteachas le haghaidh cuideachtaí a chuimsítear faoin rialtas ginearálta. Tá sonraíocht na mbeart beartais atá le glacadh le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. Tá roinnt rioscaí ann fós maidir le cur chun feidhme na straitéise fioscaí táscaí sa phlean. Eascraíonn na rioscaí sin as an tionchar fioscach a bhí ag bearta lánroghnacha áirithe i ndáil le hioncam, tionchar a bhí ní b’ísle ná mar a bhíothas ag súil leis, chomh maith leis na riachtanais chaiteachais mhéadaitheacha ar chosaint. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tuilleadh bearta lánroghnacha ioncaim nó le smacht breise ar chaiteachas i leith na nithe sin uile. Leis an Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025, sonraítear na gníomhaíochtaí beartais trína mbainfear amach an gealltanas glanchaiteachais (11). |
Bearta athchóirithe agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais
|
(22) |
Déantar cur síos sa phlean ar rúin bheartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun freagairt ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Cuimsítear níos mó ná 130 athchóiriú agus infheistíocht sa phlean lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Faigheann níos mó ná 40 díobh sin tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus faigheann níos mó ná 50 díobh tacaíocht airgeadais ó chistí an bheartais chomhtháthaithe. |
|
(23) |
Maidir le tosaíocht chomhchoiteann an aistrithe chóir ghlais agus dhigitigh, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuimsítear liosta fairsing beart sa phlean arna ngrúpáil faoi ordacháin bheartais amhail an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach, oideachas agus scileanna, cothú infheistíochta, inbhuanaitheacht iompair agus bonneagar digiteach. Tá sé beartaithe leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a chuimsítear sa phlean aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha maidir leis an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní a chothú, ar moltaí iad a eisíodh in 2024, ar mholtaí maidir le hiompar inbhuanaithe a eisíodh in 2020 agus 2019, ar mholtaí maidir le hinfheistíochtaí i scileanna glasa agus digiteacha a eisíodh in 2024 agus 2023, ar mholtaí maidir le seirbhísí digiteacha agus bonneagar digiteach, lena n-áirítear sna réigiúin, a eisíodh in 2022, 2020 agus 2019, agus ar mholtaí maidir le beartas eacnamaíoch a bhaineann le hinfheistíocht a dhíriú ar thaighde agus nuálaíocht chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach a eisíodh in 2023, 2022, 2020 agus 2019. Sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, cuimsítear na bearta chun tacú le tosaíocht an aistrithe ghlais trí infheistíocht a chothú, éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus sciar na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite sa tomhaltas deiridh a mhéadú. |
|
(24) |
Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuimsítear liosta cuimsitheach beart sa phlean arna ngrúpáil faoi roinnt réimsí beartais amhail cosaint agus sábháilteacht shóisialta, cúram sláinte, oideachas agus scileanna, beartas fostaíochta, cothú infheistíochta, agus infhaighteacht tithíochta. Leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a chuimsítear sa phlean, tá sé beartaithe aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha maidir le feabhas a chur ar chaighdeán na cosanta sóisialta, lena n-áirítear pinsin, inrochtaineacht, athléimneacht, inacmhainneacht agus leormhaitheas an chúraim sláinte, cáilíocht an oideachais, go háirithe gairmoideachas agus gairmoiliúint, ar mhaithe leis na scileanna is gá do mhargadh an tsaothair a sholáthar, ar moltaí iad a eisíodh in 2024, 2023, 2022, 2020 agus 2019; maidir le feabhas a chur ar an rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a eisíodh in 2024, 2019 agus 2020; maidir le hinfheistíocht a chothú le haghaidh nuálaíochta agus rochtain ar mhaoiniú a eisíodh in 2024, 2023, 2022, 2020 agus 2019, agus maidir le méadú an tsoláthair tithíochta inacmhainne agus sóisialta a eisíodh in 2019. |
|
(25) |
Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na slándála fuinnimh, cuimsítear sraith beart sa phlean arb é is aidhm dóibh spleáchas na tíre ar bhreoslaí iontaise a laghdú, éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, fuinneamh in-athnuaite a chur chun úsáide, agus go háirithe sioncronú a chórais leictreachais le Líonra Mhór-Roinn na hEorpa a chur i gcrích, le tacaíocht ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le haghaidh Fuinnimh agus ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Cuimsítear na bearta sin faoin ordachán beartais i ndáil le fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh. Thairis sin, leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a chuimsítear sa phlean, tá sé beartaithe aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha maidir le spleáchas ar bhreosla iontaise a laghdú agus dlús a chur le cur chun úsáide foinsí fuinnimh in-athnuaite, ar moltaí iad a eisíodh in 2024, 2023, 2022 agus 2020, maidir leis an mbonneagar fuinnimh agus na líonraí fuinnimh a neartú, ar moltaí iad a eisíodh in 2022 agus 2019, maidir le feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh, ar moltaí iad a eisíodh in 2023, 2022 agus 2019, agus maidir le slándáil an tsoláthair a mhéadú agus leanúint de shioncronú le heangach leictreachais an Aontais, ar moltaí iad a eisíodh in 2023 agus 2022. |
|
(26) |
Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na gcumas cosanta, leagtar rún amach sa phlean sraith beart a cheapadh a bhaineann leis na Fórsaí Armtha Náisiúnta, rud atá dírithe go príomha ar bhagairtí ar an tír a chomhrac agus ar chosaint an phobail shibhialta a áirithiú. |
|
(27) |
Ina theannta sin, cuimsítear leis an bplean gníomhaíochtaí beartais eile a chlúdaíonn níos mó ná tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Faoin ordachán beartais i ndáil le beartas cánach, tá sé i gceist leis na bearta aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha maidir le cánachas a leathnú a eisíodh in 2024, 2023, 2022 agus 2019 tríd an ualach cánach ar shaothraithe ar phá íseal agus ar mheánphá a laghdú mar aon le híocaíocht agus comhlíonadh cánach a fheabhsú. Faoin ordachán beartais i ndáil le héifeachtúlacht na hearnála poiblí, cuimsítear bearta sa phlean a bhfuil sé i gceist leo aghaidh a thabhairt ar an moladh tírshonrach maidir le cuntasacht agus éifeachtúlacht na hearnála poiblí a neartú, ar moladh é a eisíodh in 2019. I measc na mbeart sin tá athchóirithe chun feabhas a chur ar bhainistiú fiontar atá faoi úinéireacht stáit agus ar bhainistiú fiontar bardasach, sin agus coinbhleachtaí leasa a chosc, rud a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta. Chun aghaidh a thabhairt ar an moladh tírshonrach maidir le feabhas a chur ar thimpeallacht gnólachtaí a eisíodh in 2024, cuimsítear athchóirithe sa phlean chun bacainní maorlathacha a shainaithint agus a bhaint, an t-ualach riaracháin a bhaineann le forbairt réadmhaoine a laghdú, díriú ar fhaireachas margaidh in earnáil na baincéireachta agus, le tacaíocht ón bplean téarnaimh agus athléimneachta, an chlárlann fiontar a nuachóiriú. |
|
(28) |
Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht, le cistí an bheartais comhtháthaithe agus le plean téarnaimh agus athléimneachta na Laitvia. Déantar tagairtí iomchuí sa phlean do na bearta a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus i gclár an bheartais comhtháthaithe, mar aon le tagairtí do na foinsí cistiúcháin éagsúla. Déantar tagairt sa phlean freisin d’idirdhealú agus comhlántacht idir na foinsí cistiúcháin éagsúla. |
|
(29) |
Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na Laitvia a bhaineann le tosaíochtaí comhcoiteanna an Aontais. Is thart ar EUR 15,5 billiún atá i gceist leis na riachtanais infheistíochta iomlána agus cumhdaíonn siad an tréimhse 2025-2028. I measc na samplaí de riachtanais infheistíochta a shainaithin an Laitvia chun tacú le haistriú cóir glas agus le claochlú digiteach, i gcomhréir leis na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, tá digitiú agus nuachóiriú na gcalafort i Ríge agus i Liepaja, iompar inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh, táirgeadh leictreachais agus teasa, digitiú an riaracháin phoiblí, bainistiú uisce agus fuíolluisce, sin agus athchóiriú éiceachóras díghrádaithe i limistéir thalún agus mhuirí araon, riachtanais infheistíochta arb é EUR 6,6 billiún an costas a bhaineann leo. Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, shainaithin an Laitvia riachtanais infheistíochta EUR 3,9 billiún, le haghaidh páirc thionsclaíoch agus lóistíochta ilmhódach ar mhórscála i gcalafort Ríge a mbeadh nasc iarnróid Rail Baltica aici, infheistíochtaí i mbóithre, tacaíocht don ardoideachas, don nuálaíocht, don taighde agus d’fhorbairt scileanna, sin agus leormhaitheas na cosanta sóisialta a fheabhsú, cuir i gcás. Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na slándála fuinnimh, sainaithnítear i bplean na Laitvia riachtanais infheistíochta EUR 2,9 billiún, lena n-áirítear críochfort seirbhíse feirme gaoithe amach ón gcósta a bhunú i gcalafort Ventspils, infheistíochtaí i gcalafoirt Liepaja, Salacgriva, agus Roja, eangacha a shioncronú le líonra leictreachais Mhór-Roinn na hEorpa, saoráid stórála gáis faoi thalamh Incukalns a nuachóiriú, agus infheistíochtaí i réitigh stórála i ngléasraí cumhachta ardacmhainneachta, cuir i gcás. Chun cumais chosanta a mhéadú, sainaithnítear riachtanais infheistíochta EUR 2,2 billiún i bplean na Laitvia le haghaidh na nithe seo a leanas agus nithe eile nach iad: athchóiriú agus tógáil foscadán, tógáil ionad nua bainistithe tubaistí, forbairt bonneagair chun acmhainneacht freagartha na seirbhísí gnóthaí baile a neartú agus chun feabhas a chur ar shábháilteacht mhuirí agus cumais chosanta i gcalafoirt Ríge, Liepaja, agus Ventspils, sin agus sraith beart a bheidh le cur chun feidhme ag na Fórsaí Armtha Náisiúnta. |
Conclúid an mheasúnaithe ón gCoimisiún
|
(30) |
Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Laitvia ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263. |
CONCLÚID FHORIOMLÁN ÓN gCOMHAIRLE
|
(31) |
Is díol sásaimh don Chomhairle plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Laitvia agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le tacú le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach. |
|
(32) |
Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an bplean. Mar sin féin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a mheasúnú ar phleananna amach anseo a chur i láthair i ndoiciméad ar leithligh ó na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle. |
|
(33) |
Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean, lena n-áirítear i ndáil leis an réamhthreoir ón gCoimisiún, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean d’easnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin, lena n-áirítear chun freastal ar shonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch agus do na toimhdí bunúsacha agus do sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Go háirithe, is díol sásaimh don Chomhairle freisin go raibh na geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach ar an leibhéal náisiúnta sular tíolacadh an plean. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta. |
|
(34) |
Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh an Laitvia réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn le cás an phlean. |
|
(35) |
Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach. |
|
(36) |
Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin infheistíochtaí agus athchóirithe a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh. |
|
(37) |
Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ón Laitvia ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. |
|
(38) |
I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais mar a leagtar amach sa phlean í a mholadh don Laitvia. |
AG MOLADH LEIS SEO go ndéanfadh an Laitvia
|
1. |
a áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).
(2) Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).
(3) Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).
(4) Glanchaiteachas, mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan: (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(5) Cuimsítear leis an treoraíocht a tarchuireadh roimh ré chuig na Ballstáit agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais faisnéis theicniúil (i) le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin agus gan síneadh léi (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach) agus (ii) le coimirce athléimneachta easnaimh agus gan í. Cuimsítear inti freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheasta fiachais rialtais mheántéarmaigh an Choimisiúin Eorpaigh. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear i dTuarascáil Faireacháin an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-sustainability-monitor-2023_ga). Is ar Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2033 atá sé bunaithe, agus tá fás fadtéarmach OTI agus na costais aosaithe i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ar an Aosú ón gCoimisiún agus ón gComhairle (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_ga).
(6) https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_en#latvia.
(7) Bunaítear leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh a bhunaítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263 go bhfuil an feabhas bliantúil ar an gcomhardú príomha struchtúrach cothrom le 0,4 pointe céatadáin de OTI (nó 0,25 pointe céatadáin de OTI i gcás síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin) go dtí go mbeidh an t-easnamh struchtúrach níos ísle ná 1,5 % de OTI.
(8) Tuairim ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le Dréachtphlean Buiséadach na Laitvia, 26 Samhain 2024, C(2024)9060 final.
(9) Moladh ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na Laitvia.
(10) Sa chás gan an choimirce athléimneachta easnaimh.
(11) Féach an Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na Laitvia, 26.11.2024, C(2024)9060 final.
IARSCRÍBHINN I
Uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais
(rátaí fáis bliantúla agus carnacha)
An Laitvia
|
Blianta |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
|
|
Rátaí fáis (%) |
Bliantúil |
5,9 |
3,6 |
3,4 |
3,3 |
|
Carnacha (*1) |
15,5 |
19,7 |
23,8 |
27,9 |
|
(*1) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2023. Úsáidtear na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex postsa chuntas rialaithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/652/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)