An Bhruiséil,11.7.2023

COM(2023) 398 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) i dtaca le haontachas na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015


IARSCRÍBHINN

Tacóidh an tAontas le haontachas Rialtas na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an gComhaontú, ag seisiún de chuid Chomhairle na gComhaltaí amach anseo nó faoi chuimsiú nós imeachta maidir le glacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chómhalartú, ar choinníoll go ríomhfar sciartha rannpháirtíochta na Boisnia agus na Heirseagaivéine de réir na foirmle a shonraítear in Airteagal 11 den Chomhaontú agus nach mbeidh an teorainn ama chun an ionstraim aontachais a thaisceadh níos faide ná bliain go leath tar éis an chinnidh ó Chomhairle na gComhaltaí. Má chuirtear moill ar thaisceadh na hionstraime, féadfaidh an tAontas, i gcinntí ina dhiaidh sin a bheidh le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí, tacú le síneadh a chur leis an tréimhse chun an ionstraim a thaisceadh.