|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6570 |
12.11.2024 |
P9_TA(2024)0137
An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (an tAcht Eorpach um Shaoirse na Meán) agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (COM(2022)0457 – C9-0309/2022 – 2022/0277(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2024/6570)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0457), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0309/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Danmhairge, Bundesrat na Gearmáine, Seanad na Fraince agus Parlaimint na hUngaire, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2022 (1), |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 16 Márta 2023 (2), |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Eanáir 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0264/2023), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (3); |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) IO C 100, 16.3.2023, lch. 111.
(2) IO C 188, 30.5.2023, lch. 79.
(3) Cuirtear an seasamh seo in ionad na leasuithe a glacadh an 3 Deireadh Fómhair 2023 (Téacsanna a glacadh, P9_TA(2023)0336).
P9_TC1-COD(2022)0277
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1083.)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6570/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)