European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/915

15.5.2025

CINNEADH (AE) 2025/915 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Bealtaine 2025

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a ionchorprú sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh 94/800/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.

(2)

De bhun Airteagail X(9) de Chomhaontú EDT i gcomhar le hAirteagal IV(2) de, féadfaidh Comhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) cinneadh a ghlacadh trí chomhdhearcadh chun comhaontú a chur le hIarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT.

(3)

Cuireadh tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht le haghaidh Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil i mí Eanáir 2019. Rinne an Coimisiún an chaibidlíocht sin thar ceann an Aontais agus tháinig Comhaltaí rannpháirteacha EDT ar chomhaontú maidir le téacs an Chomhaontaithe maidir le Ríomhthráchtáil an 26 Iúil 2024.

(4)

Tá sé beartaithe ag Comhaltaí EDT atá rannpháirteach sa chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil iarraidh fhoirmiúil a chur faoi bhráid Chomhairle Ghinearálta EDT, ag féachaint leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT i gcomhréir le hAirteagal X(9) den Chomhaontú sin. Ba cheart don Aontas páirt a ghlacadh san iarraidh sin mar réamhbheart i dtreo cinneadh féideartha de chuid na Comhairle Ginearálta ag ceann de na cruinnithe a bheidh aici amach anseo.

(5)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus thug sé tuairim uaidh an 2 Aibreán 2025.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcruinniú ábhartha de Chomhairle Ghinearálta EDT amach anseo a bhunú i ndáil leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT, ós rud é go mbeidh an cinneadh ina cheangal ar an Aontas.

(7)

Tá bonn cirt le hionchorprú an Chomhaontaithe maidir le Ríomhthráchtáil in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT i bhfianaise an ghá atá le rialacha EDT a thabhairt i gcomhréir le réaltachtaí eacnamaíocha agus trádála an 21ú haois agus tá sé comhsheasmhach le beartais an Aontais.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart gurb é seasamh an Aontais páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh ar tháinig Comhaltaí EDT air chun an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), is éard a bheidh ann páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh, i gcás ina dtiocfar air i measc Chomhaltaí EDT, an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT.

Cuirfidh an Coimisiún an seasamh sin in iúl.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. NOWACKA


(1)  Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle (an 22 Nollaig 1994) maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi chuimsiú a inniúlachta, na gcomhaontuithe ar ar thángthas i mBabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach (1986-1994) (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1994/800/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/915/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)