21.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 40/21


CINNEADH (CBES) 2022/240 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Feabhra 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1).

(2)

I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus ó dhaoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo, ba cheart beirt áirithe agus dhá ghrúpa ar leith a chur le liosta na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil “A. Daoine”:

“A.

Daoine dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3”;

(2)

cuirtear na daoine seo a leanas leis:

“8.

Osama MAHMOOD (dá ngairtear freisin Ustadh Usama Mahmood, Ousama Mahmood); náisiúntacht: Pacastánach (meastar).

9.

Sultan Aziz AZAM (dá ngairtear freisin Aziz Azam, Sultan Aziz, Sultan Azziz Azzam, Sultan Aziz Ezzam); dáta breithe: 1985; áit bhreithe: An Afganastáin; náisiúntacht: Afganastánach.”;

(3)

cuirtear an ceannteideal agus na hiontrálacha seo a leanas leis:

“B.

Grúpaí, gnóthais agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 3

1.

Al-Qaeda i bhfo-ilchríoch na hIndia (AQIS) (dá ngairtear freisin Al-Qa’ida i bhfo-ilchríoch na hIndia agus Qaedat al-Jihad i bhfo-ilchríoch na hIndia).

2.

Da’esh - Hind Province (dá ngairtear freisin Wilayah of Hind, Islamic State’s Hind Province (ISHP), IS-Wilayat al-Hind, Da’esh - Wilayat al-Hind).”.