|
20.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 361/30 |
P9_TA(2022)0083
Dídeanaithe san Eoraip: CARE ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) (COM(2022)0109 – C9-0057/2022 – 2022/0075(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(2022/C 361/05)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint do thogra ón gCoimisiún chuig an Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0109), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 175, an tríú fomhír, agus d’Airteagal 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9-0057/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2022 (1), |
|
— |
tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún, |
|
— |
ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Márta 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
P9_TC1-COD(2022)0075
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Márta 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/562.)