21.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 14/19


CINNEADH (AE) 2022/86 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Eanáir 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagail 62 agus 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE arna bhunú le Comhaontú LEE (“Comhchoiste LEE”) a chinneadh, inter alia, Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú, Iarscríbhinn ina bhfuil forálacha maidir le rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú.

(3)

Tá Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Tá Treoir Tharmligthe 2014/109/AE (4) ón gCoimisiún le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bhunú ar an Dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo (5).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Eanáir 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. DENORMANDIE


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 1).

(4)  Treoir Tharmligthe 2014/109/AE ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chnuasach na bpictiúr rabhaidh atá le húsáid ar tháirgí tobac a bhunú (IO L 360, 17.12.2014, lch. 22).

(5)  https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-14303-2021-INIT/ga/pdf