European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/898

19.3.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/898 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Márta 2024

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 a bhaineann le bearta sriantacha áirithe i leith na Somáile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/882 an 18 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh na Somáile (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 147/2003an 27 Eanáir 2003 (2) ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha áirithe i leith na Somáile, cuirtear srian le soláthar maoinithe, cúnaimh airgeadais agus cúnaimh theicniúil a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht atá ar Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh d’aon duine, eintiteas nó comhlacht sa tSomáil. Sriantar leis freisin soláthar earraí don tSomáil ar féidir iad a úsáid mar chuid de mhonarú gaireas pléascach seiftithe (‘IEDanna’).

(2)

An 1 Nollaig 2023, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2713 (2023). Leis an Rún sin, bunaítear trádbhac ginearálta iomlán ar gach seachadadh arm agus trealaimh mhíleata chuig Al-Shabaab sa tSomáil, athainmnítear an Coiste Smachtbhannaí, tugtar isteach athruithe ar raon feidhme na ndíolúintí ón trádbhac arm agus ón maoiniú, cúnamh airgeadais agus cúnamh teicniúil lena mbaineann atá beartaithe le haghaidh faighteoirí áirithe sa tSomáil, agus déantar an cosc ar chomhpháirteanna IEDanna a choigeartú chomh maith.

(3)

An 1 Nollaig 2023, ghlac CSNA Rún (Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe) 2714 (2023). Leis an Rún sin, cuireadh deireadh leis an trádbhac arm ar Phoblacht Chónaidhme na Somáile a bunaíodh faoi Rún 733 (1992) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

(4)

An 18 Márta 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/882, lenar leasaíodh Cinneadh 2010/231/CBES (3) i gcomhréir le Rúin 2713 (2023) agus 2714 (2023) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

(5)

Le Cinneadh (CBES) 2024/882 leasaíodh teideal Chinneadh 2010/231/CBES freisin.

(6)

Tagann roinnt de na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go sonrach d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha na leasuithe sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 mar a leanas:

(1)

Cuirtear ‘Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 an 27 Eanáir 2003 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSomáil’ in ionad theideal Rialachán (CE) Uimh. 147/2003;

(2)

In Airteagal 1a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

ciallaíonn ‘Coiste Smachtbhannaí’ Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe de bhun rún 2713 (2023) a bhaineann le Al-Shabaab;’;

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1 maidir le soláthar maoinithe ná cúnaimh airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, chun earraí agus teicneolaíocht atá ar Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, ná ní bheidh feidhm aige maidir le soláthar cúnaimh theicniúil a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht sin, ar earraí agus teicneolaíocht iad atá beartaithe chun tacú leis na dreamanna seo a leanas nó lena n-úsáid ag na dreamanna seo a leanas, agus chuige sin amháin:

(a)

Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Somáile, Arm Náisiúnta na Somáile, an Ghníomhaireacht Náisiúnta Faisnéise agus Slándála, Fórsa Póilíneachta Náisiúnta na Somáile nó Cór Coimeádta na Somáile;

(b)

pearsanra na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear Misean Cúnaimh na Náisiún Aontaithe sa tSomáil (UNSOM) agus Oifig Tacaíochta na Náisiún Aontaithe sa tSomáil (UNSOS);

(c)

Misean Aistrithe an Aontais Afracaigh sa tSomáil (ATMIS) agus na tíortha a chuireann trúpaí agus póilíní ar fáil, chomh maith lena chomhpháirtithe straitéiseacha, agus iad ag feidhmiú faoin leagan is déanaí de Choincheap Straitéiseach um Oibríochtaí an Aontais Afracaigh, agus faoin gCoincheap sin amháin, agus i gcomhar agus i gcomhordú le ATMIS;

(d)

gníomhaíochtaí oiliúna agus tacaíochta an Aontais Eorpaigh, an Tuirc, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, chomh maith le haon fhórsa Stáit eile, a bhfuil comhaontú maidir le stádas fórsaí nó meabhrán tuisceana acu le Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Somáile, ar choinníoll go gcuireann siad an Coiste Smachtbhannaí ar an eolas gur ann do chomhaontuithe den sórt sin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú go soláthrófar maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, chun earraí agus teicneolaíocht atá ar Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó go soláthrófar cúnamh teicniúil a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht sin, ar earraí agus teicneolaíocht iad atá beartaithe chun tacú le Ballstáit Chónaidhme agus rialtais réigiúnacha na Somáile nó le cuideachtaí slándála príobháideacha ceadúnaithe atá ag feidhmiú sa tSomáil, nó atá beartaithe lena n-úsáid ag na dreamanna sin, agus chuige sin amháin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht atá san áireamh in Iarscríbhinn IV, tá fógra faighte ag an gCoiste Smachtbhannaí ó Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Somáile agus ní dhearna sé agóid in aghaidh an bhirt sin laistigh de 5 lá oibre;

(b)

i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht atá san áireamh in Iarscríbhinn V, tá réamhfhógra faighte ag an gCoiste Smachtbhannaí ó Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Somáile chun críoch faisnéise 5 lá oibre roimh ré.

3.   Áireofar an méid seo a leanas sna fógraí faoi mhír 2, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo:

(a)

mionsonraí faoi mhonaróir agus soláthróir na n-arm, an armlóin agus an trealaimh mhíleata, lena n-áirítear cineál, luchtóg/baisc agus sraithuimhreacha;

(b)

tuairisc ar na hairm agus ar an armlón lena n-áirítear cineál, cailibre agus cainníocht;

(c)

an dáta atá beartaithe agus an áit seachadta atá beartaithe; agus

(d)

gach faisnéis ábhartha a bhaineann leis an aonad cinn scríbe atá beartaithe, nó leis an áit stórála atá beartaithe.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1 maidir le soláthar maoinithe ná cúnaimh airgeadais ná cúnaimh theicniúil a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú éadaí cosanta, lena n-áirítear seaicéid philéardhíonacha agus clogaid mhíleata, arna n-onnmhairiú go sealadach chuig an tSomáil ag pearsanra na Náisiún Aontaithe, ionadaithe na meán, conraitheoirí slándála príobháideacha nó oibrithe daonnúla agus forbartha agus pearsanra gaolmhar dá n-úsáid phearsanta amháin;

(b)

díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú trealaimh mhíleata neamh-mharfaigh arna dhéanamh ag na Ballstáit nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó foréigiúnacha, ar trealamh é atá beartaithe d’úsáid dhaonnúil nó chosantach amháin;

(c)

teacht isteach i gcalafoirt na Somáile le haghaidh cuairteanna sealadacha soithí a bhfuil airm agus trealamh míleata á n-iompar acu chun críoch cosanta, ar choinníoll go bhfanann earraí den sórt sin ar bord na soithí sin i gcónaí.’

;

(4)

In Airteagal 3c, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘3.   Sula ndéantar aon earra a liostaítear in Iarscríbhinn III a dhíol, a onnmhairiú, a sholáthar nó a aistriú chuig an tSomáil, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra a thabhairt do Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Somáile chun go mbeidh sé ar an eolas faoi sin. Thairis sin, tabharfaidh sé fógra do Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Somáile agus don Choiste Smachtbhannaí faoin díol, soláthar nó aistriú tráth nach déanaí ná 15 lá oibre tar éis an díol, an soláthar nó an t-aistriú a dhéanamh.

4.   Beidh an fhaisnéis ábhartha uile sna fógraí de bhun mhír 3, lena n-áirítear:

(a)

cuspóir úsáid an earra/na n-earraí;

(b)

úsáideoir deiridh;

(c)

sonraíochtaí teicniúla;

(d)

cainníocht an earra/na n-earraí; agus

(e)

áit stórála an earra/na n-earraí atá beartaithe.’

;

(5)

Déantar ionadú ar Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

Déantar ionadú ar Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(7)

Déantar ionadú ar Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Márta 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L, 2024/882, 19.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/882/oj.

(2)   IO L, 24, 29.1.2003, lch. 2

(3)   IO L 105, 27.4.2010, lch. 17.


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

‘IARSCRÍBHINN III

Liosta na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 3c

1.

Trealamh agus gairis, nach bhfuil sonraithe le hearra 3 in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle (1), atá saindeartha chun pléascáin a thionscnamh ar mhodhanna leictreacha nó neamhleictreacha (e.g. gairis lámhaigh, maidhmitheoirí, adhainteoirí, corda maidhmitheach).

2.

‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun na hearraí a liostaítear i míreanna 1 agus 3 a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’. (Is as Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh (2) a thógtar na sainmhínithe ar na téarmaí ‘teicneolaíocht’, ‘riachtanach’, ‘táirgeadh’ agus ‘úsáid’)

3.

Na pléascáin agus réamhtheachtaithe, mar a leanas, agus meascáin ina bhfuil ceann amháin nó níos mó díobh:

Ainm na substainte

Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán (uimhir CAS)

Cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) (3)

Nítriglicrín (ach amháin nuair atá sé pacáistithe/ullmhaithe i ndáileoga míochaine aonair) mura rud é go bhfuil sé cumaiscthe nó measctha leis an ‘ábhar fuinneamhachais’ a shonraítear in ML8.a. nó le miotail phúdraithe a shonraítear in ML8.c. de Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh

55-63-0

ex 2920 90 70

Aigéad nítreach

7697-37-2

ex 2808

Aigéad sulfarach

7664-93-9

ex 2807

‘

(1)  Cinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (IO L 105, 27.4.2010, lch. 17).

(2)   IO C 72, 28.2.2023, lch. 2.

(3)  Is as an Ainmníocht Chomhcheangailte mar a shainmhínítear í in Airteagal 1(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1) agus mar a leagtar amach í in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, a thógtar na cóid ainmníochta, atá bailí tráth a fhoilseofar an Rialachán seo agus mutatis mutandis arna leasú le reachtaíocht ina dhiaidh sin.


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IV:

’IARSCRÍBHINN IV

Liosta na n-earraí dá dtagraítear in airteagal 3(2), pointe (a)

1.

Diúracáin dromchla go haer, lena n-áirítear Córais Aerchosanta Iniompartha (MANPADS).

2.

Airm a bhfuil cailibre níos mó ná 12,7 mm acu, agus comhpháirteanna atá saindeartha dóibh sin, agus an t-armlón a ghabhann leo. (Ní áirítear leis sin teilgeoirí roicéad fritancanna a scaoiltear ón ngualainn, amhail RPGanna (gránáidí roicéadtiomána) ná LAWanna (airm éadroma fritancanna), gunnaí neamh-athchasta, gránáidí raidhfil nó teilgeoirí gránáide.)

3.

Moirtéir a bhfuil cailibre níos mó na 82 mm acu agus an t-armlón a ghabhann leo.

4.

Airm threoraithe fritancanna, lena n-áirítear diúracáin threoraithe fritancanna (ATGManna) agus armlón agus comhpháirteanna atá saindeartha do na hearraí sin.

5.

Lánáin agus gairis atá saindeartha nó modhnaithe d’úsáid mhíleata; mianaigh agus ábhar gaolmhar; agus fiúsanna.

6.

Treorálaithe armáin ag a bhfuil cumas oíche, lena n-áirítear cumas teirmeach agus infridhearg, agus gabhálais.

7.

Aerárthaí sciatháin dhobhogtha, fiarsciatháin, claonrótair nó sciatháin chlaonta, atá saindeartha nó modhnaithe d’úsáid mhíleata.

8.

‘Soithí’ agus feithiclí amfaibiacha atá saindeartha nó modhnaithe d’úsáid mhíleata. (Áirítear le ‘soitheach’ aon long, feithicil a bhfuil éifeachtaí dromchlacha aici, soitheach a bhfuil limistéar beag plána uisce nó duillárthach aici, agus an chabhail nó cuid de chabhail soithigh.)

9.

Aerárthaí comhraic gan chriú (arna liostú faoi Chatagóir IV i gClár na Náisiún Aontaithe um Ghnáth-Air).‘


IARSCRÍBHINN III

Cuirtear an méid a leanas in ionad Iarscríbhinn V:

‘IARSCRÍBHINN V

Liosta na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (b)

1.

Gach cineál arm a bhfuil cailibre suas le 12,7 mm acu, agus an t-armlón a ghabhann leo.

2.

Gránáidí roicéadtiomána de chineál 7 (RPG-7s), LAWanna (airm éadroma fritancanna) agus gunnaí neamh-athchasta, agus an t-armlón a ghabhann leo.

3.

Treorálaithe armáin.

4.

Rótarárthaí nó héileacaptair atá saindeartha nó modhnaithe d’úsáid mhíleata.

5.

Armúr colainne nó baill éadaigh chosanta, mar a leanas: Plátaí armúir colainne chrua a thugann cosaint bhalaistíoch atá ar leibhéal III (NIJ 0101.06 Iúil 2008) nó atá níos airde ná an leibhéal sin nó coibhéisí náisiúnta.

6.

Feithiclí talún atá saindeartha nó modhnaithe d’úsáid mhíleata.

7.

Trealamh cumarsáide atá saindeartha nó modhnaithe d’úsáid mhíleata.

’

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/898/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)