|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/961 |
21.5.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/961 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Bealtaine 2025
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2024-2029)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fhomhír, pointe (a)(v) agus le hAirteagal 218(7) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2024/2588 ón gComhairle (2) , síníodh an Prótacal (‘an Prótacal’) maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2024-2029) (‘an Prótacal’) an 18 Meán Fómhair 2024, faoi réir a thabhairt i gcrích dáta is faide anonn. |
|
(2) |
Tá sé d’aidhm ag an bPrótacal ligean do shoithí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéar iascaireachta Ghuine Bissau agus ligean don Aontas agus do Phoblacht Ghuine Bissau comhoibriú go dlúth le chéile chun leanúint d’fhorbairt beartais iascaigh inbhuanaithe agus de shaothrú freagrach na n-acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta Phoblacht Ghuine Bissau a chur chun cinn. Tacaíonn an comhar sin le dálaí oibre cuibhiúla a bhunú in earnáil an iascaigh freisin. |
|
(3) |
Ba cheart an Prótacal a fhormheas thar ceann an Aontais. |
|
(4) |
I gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Chomhaontú a thabhairt. |
|
(5) |
Le hAirteagal 10 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (3) (‘an Comhaontú’), bunaítear Comhchoiste atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus an Phrótacail. Tá sé de chumhacht ag an gCoiste sin leasuithe áirithe ar an bPrótacal a fhormheas. D’ go n-éascófaí formheas na leasuithe sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, faoi réir coinníollacha substainteacha agus nós imeachta, iad a fhormheas thar ceann an Aontais de réir nós imeachta simplithe. |
|
(6) |
Ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais maidir le leasuithe atá beartaithe ar an bPrótacal a bhunú. Ba cheart na leasuithe atá beartaithe a fhormheas mura rud é go ndéanann mionlach blocála de na Ballstáit agóid in aghaidh na leasuithe i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
|
(7) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug an Maoirseoir tuairim an 27 Lúnasa 2024, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2024-2029) (‘an Prótacal’), a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
Tabharfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Phrótacal, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an bPrótacal a chur in iúl (5).
Airteagal 3
I gcomhréir leis na forálacha agus coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, údaraítear an Coimisiún, thar ceann an Aontais, na leasuithe ar an bPrótacal arna nglacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 10 den Chomhaontú a fhormheas.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. NOWACKA
(1) Toiliú ón 2 Aibreán 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2024/2588 an 10 Meán Fómhair 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach Phrótacal maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2024-2029) (IO L, 2024/2588, 3.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2588/oj).
(3) IO L 342, 27.12.2007, lch. 5.
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(5) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta a thiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
IARSCRÍBHINN
AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE FORMHEAS A DHÉANAMH AR NA LEASUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE
I gcás ina n-iarrfar ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh faoi Airteagal 10 den Chomhaontú agus faoi Airteagal 16 den Phrótacal, údarófar an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:
|
(1) |
Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:
|
|
(2) |
Sula ndéanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh chruinniú ábhartha an Chomhchoiste. |
|
(3) |
Déanfaidh an Chomhairle measúnú féachaint an gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i bpointe 1 leis na leasuithe atá beartaithe. |
|
(4) |
Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid in aghaidh na leasuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála sa Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún iad, thar ceann an Aontais. I gcás ina bhfuil mionlach blocála den sórt sin ann, diúltóidh an Coimisiún do na leasuithe atá beartaithe thar ceann an Aontais. |
|
(5) |
Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste a thionólfar ina dhiaidh sin, lena n-áirítear cruinnithe ar an láthair, nach féidir teacht ar chomhaontú, cuirfear an cheist ar ais chuig an gComhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 2, 3 agus 4, chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais. |
|
(6) |
Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, chun obair leantach a dhéanamh ar chinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá a chur in iúl chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme. |
A mhéid a bhaineann le hábhair eile nach mbaineann le leasuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 10 den Chomhaontú agus i gcomhréir le hAirteagal 16 den Phrótacal, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/961/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)