|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1071 |
13.5.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1071 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Bealtaine 2026
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 59ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród a mhéid a bhaineann le leasuithe áirithe ar Fhoscríbhinn C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is trí bhíthin Chinneadh 2013/103/AE ón gComhairle (1) a d’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 6 de COTIF, déanfar trácht iarnróid idirnáisiúnta agus cead d’ábhar iarnróid le húsáid sa trácht idirnáisiúnta a rialú leis na rialacha a liostaítear san Airteagal sin, go háirithe an ‘Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID)’, is é sin Foscríbhinn C a ghabhann le COTIF. |
|
(3) |
Le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leagtar síos riachtanais le haghaidh iompar earraí contúirteacha de bhóthar, d’iarnród agus ar uiscebhealaí intíre laistigh de na Ballstáit nó eatarthu agus tagairt á déanamh do RID. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 18 de COTIF, is féidir leis an gCoiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (d), de COTIF (‘Coiste Saineolaithe RID’) leasuithe a ghlacadh, inter alia, ar an Iarscríbhinn a ghabhann le RID. |
|
(5) |
Le linn an 59ú seisiún dá chuid an 28 Bealtaine 2026, meastar go nglacfaidh Coiste Saineolaithe RID leasuithe chun an Iarscríbhinn a ghabhann le RID a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Saineolaithe RID a bhunú, ós rud é go mbeidh na leasuithe ar RID ina gceangal ar an Aontas. |
|
(7) |
Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe a áirithiú gur go sábháilte éifeachtúil a iompraítear earraí contúirteacha d’iarnród, agus dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil san earnáil sin, chomh maith le forbairt substaintí agus earraí nua a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol le linn a n-iompartha, á gcur san áireamh. |
|
(8) |
Meastar gurb iomchuí na leasuithe atá beartaithe ó thaobh iompar sábháilte earraí contúirteacha ar bhealach atá costéifeachtach de agus ba cheart tacú leo dá bhrí sin. |
|
(9) |
D’fhéadfaí mionathruithe ar na doiciméid dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chomhaontú ar an leibhéal teicniúil ag an 20ú seisiún de bhuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID an 27 Bealtaine 2026, lena n-áirítear ar bhonn na moltaí ó Chruinniú Comhpháirteach Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip de Choiste Saineolaithe RID agus ón Meitheal um Iompar Earraí Contúirteacha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a bheidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 59ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (‘Coiste Saineolaithe RID’) faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999.
2. Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gCoiste Saineolaithe RID mionathruithe ar na doiciméid dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Foilseofar na cinntí ó Choiste Saineolaithe RID in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus dáta a dteacht i bhfeidhm á shonrú.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. KERAVNOS
(1) Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999 (IO L 51, 23.2.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/103(1)/oj).
(2) Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/68/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Togra |
Doiciméad tagartha |
An tSaincheist |
Nótaí |
Seasamh an Aontais |
|
1. |
RID-25014-CE-SWG19 |
Coimeádáin umair an-mhór – toimhdí ualaigh de réir RID 6.8.2.1.2 Moltar sa doiciméad nóta breise a chur isteach le 6.8.2.1.2, ina mínítear go mbaineann na toimhdí ualaigh in iompar d’iarnród le hoibríochtaí iompair lena mbaineann srianta siúnta a shainítear chun vaigíní d’aicme F2 a iompar i gcaighdeán EN 12663. |
Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
|
2. |
RID-25015-CE-SWG19 |
Marc trealaimh vaigín Tugtar isteach leis an togra ceanglas maidir le marcáil na vaigíní, is é sin cód alfa-uimhriúil an trealaimh vaigín a mharcáil ar dhá thaobh an vaigín. |
Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
|
3. |
RID-25018-CE-SWG19 |
An t-oiriúnú is gá a dhéanamh ar na leasuithe a glacadh ag an 16ú seisiún de bhuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID (Londain, an 20 - 23 Samhain 2023) i ndáil le forálacha teicniúla um vaigíní a aistriú ó RID chuig na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha/Sonraíochtaí Teicniúla don Idir-inoibritheacht (STInna) |
Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
|
4. |
RID-25021-CE-SWG19 |
Úsáid an téarma ‘feithicil’ in RID Moltar sa doiciméad ‘feithicil bhóthair’ nó ‘feithicil iarnróid’ a chur in ionad an fhocail ‘feithicil’ in RID, de réir mar is iomchuí. |
Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
|
5. |
RID-25027-CE-SWG19 |
Coscairí spréach Is é is aidhm don togra seo a áirithiú go mbeidh forálacha sábháilteachta RID maidir le húsáid coscairí spréach comhsheasmhach leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht - STI Vaigín. |
Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
|
6. |
RID-25039-CE-SWG19 |
Téacsanna comhdhlúite a ghlac an Cruinniú Comhpháirteach RID/ADR/ADN in 2024 agus in 2025 agus a ghlac Buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID in 2023 agus in 2024 |
Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
|
7. |
RID-25041-CE-SWG19 |
Leasuithe ar Ainmníocht na nEarraí Comhchuibhithe - Cóid chomhchuibhithe tráchtearraí (NHM) in RID 3.2.2 |
Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
|
8. |
RID-25046-CE-SWG19 |
Togra Malartach ar RID-25018-CE-SWG19 |
Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh |
Glactar leis |
Tá gach doiciméad thuas le fáil ar shuíomh gréasáin OTIF (https://otif.org/en/?page_id=264 agus https://otif.org/en/?page_id=274) agus tuigfear gurb é a bheidh iontu na leasuithe a pléadh i mbuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID i mí na Samhna 2025 agus léirítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le doiciméad OTIF/RID/CE/GTP/RID-26004-CE-SWG19 (Tuarascáil Chríochnaitheach an 13ú seisiún de bhuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID - Lucsamburg, an 18 go dtí an 21 Samhain 2025), atá le fáil freisin ar shuíomh gréasáin OTIF (https://otif.org/en/?page_id=17770).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1071/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)