European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3439

23.6.2026

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a bhfuil feidhm ag na bearta sriantacha leo, arb iad sin na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/450/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1390 ón gComhairle, agus i gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1049 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin, agus i Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1393 ón gComhairle agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1051 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin.

(C/2026/3439)

Cuirtear an fhaisnéis seo a leanas in iúl do na hábhair sonraí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is iad is bunús dlí don oibríocht próiseála sin Cinneadh 2014/450/CBES ón gComhairle (2), arna chur chun feidhme le gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1390 ón gComhairle (3), agus i gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1049 ón gComhairle (4) an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin, agus i Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 ón gComhairle (5), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1393 ón gComhairle (6) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1051 ón gComhairle (7) an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin.

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh, agus Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um an gCaidreamh Seachtrach (RELEX) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag déanamh ionadaíocht di, rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo agus is é RELEX.1 an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag an seoladh seo:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2014/450/CBES, arna chur chun feidhme le gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1390, agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1049 an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin, agus i Rialachán (AE) Uimh. 747/2014, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1393 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1051 an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin, ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2014/450/CBES, arna chur chun feidhme le gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1390, agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1049 an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin, agus i Rialachán (AE) Uimh. 747/2014, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1393 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1051 an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin, ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis na forais maidir leis an liostú.

Is iad na Cinntí ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 29 CAE agus Rialacháin ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena n-ainmnítear daoine nádúrtha (ábhair sonraí) agus lena bhforchuirtear reo sócmhainní agus srianta taistil is bunús dlí do láimhseáil sonraí pearsanta.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar cúram é a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus chun oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos sna gníomhartha dlí thuasluaite a bhfuil an rialaitheoir faoina réir i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g) de Rialachán(AE) 2018/1725.

Féadfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta ábhar sonraí a fháil ó na Ballstáit agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Is iad na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faighteoirí na sonraí pearsanta.

Coimeádfar na sonraí pearsanta uile a phróiseálann an Chomhairle i gcomhthéacs trasuí ainmnithe agus nuashonruithe ainmnithe ag Comhairle slándála na Náisiún Aontaithe agus Coistí Smachtbhannaí ábhartha na Náisiún Aontaithe go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir reo sócmhainní nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag nó, má thugtar caingean dlí os comhair na Cúirte Breithiúnais, go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach. Coimeádann an Chomhairle sonraí pearsanta atá i ndoiciméid a chláraíonn an Chomhairle chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, de réir bhrí Airteagal 4(1)(e) de Rialachán (AE) 2018/1725.

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gComhairle sonraí pearsanta maidir le hábhar sonraí a mhalartú le tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhthéacs thrasuí ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe arna dhéanamh ag an gComhairle nó i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta i ndáil le beartas an Aontais i dtaca le bearta sriantacha. In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó coimircí iomchuí, tá aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta bunaithe ar an gcoinníoll nó na coinníollacha seo a leanas, de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1725:

—

gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail;

—

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

Níl aon chinnteoireacht uathoibrithe i gceist agus sonraí pearsanta an ábhair sonraí á bpróiseáil.

Tá an ceart chun faisnéise ag ábhair sonraí chomh maith leis an gceart rochtana ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Tá sé de cheart acu freisin a gcuid sonraí a cheartú agus a chomhlánú. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheart acu a éileamh go scriosfaí a gcuid sonraí pearsanta, agóid a dhéanamh faoina gcuid sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil nó a iarraidh go ndéanfaí an phróiseáil sin a shrianadh.

Tá feidhm ag Cinneadh Uimh. 2/2026 ó Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ag an srian le cearta na n-ábhar sonraí chun críche beart sriantach (8).

Féadfaidh ábhair sonraí na cearta sin a fheidhmiú trí ríomhphost a sheoladh chuig an rialaitheoir agus cóip a chur chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí mar atá luaite thuas.

I gceangal lena n-iarraidh, ní mór do na hábhair sonraí cóip de dhoiciméad aitheantais (cárta aitheantais nó pas) a sholáthar chun a gcéannacht a dhearbhú. Ba cheart uimhir aitheantais, tír eisiúna, an tréimhse bhailíochta, ainm, seoladh agus dáta breithe a bheith ar an doiciméad sin. Féadfar dath dubh a chur ar aon sonraí eile atá sa chóip den doiciméad aitheantais, mar shampla grianghraf nó saintréithe pearsanta eile.

Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).

Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, moltar do na hábhair sonraí féachaint ar dtús leis an scéal a leigheas trí dhul i dteagmháil leis an rialaitheoir agus/nó le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle.


(1)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj.

(2)   IO L 203, 11.7.2014, lch. 106, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/450/oj.

(3)   IO L, 2026/1390, 22.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1390/oj.

(4)   IO L, 2026/1049, 7.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1049/oj.

(5)   IO L 203, 11.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/747/oj.

(6)   IO L, 2026/1393, 22.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1393/oj.

(7)   IO L, 2026/1051, 7.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1051/oj.

(8)   IO C, C/2026/866, 9.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/866/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3439/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)