|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2437 |
10.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2437 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Samhain 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CoP20 CITES) (Samarkand na hÚisbéiceastáine, an 24 Samhain – an 5 Nollaig 2025)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES) (1), coinbhinsiún ar aontaigh an tAontas dó le Cinneadh (AE) 2015/451 ón gComhairle (2), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1975. |
|
(2) |
De bhun Airteagal XI(3) de CITES, is féidir le Comhdháil na bPáirtithe, inter alia, cinntí a ghlacadh chun na Foscríbhinní a ghabhann le CITES a leasú. |
|
(3) |
Le linn an 20ú cruinniú a bheidh aici ón 24 Samhain go dtí an 5 Nollaig 2025 (CITES CoP 20), tá Comhdháil na bPáirtithe le cinntí a ghlacadh maidir le 51 thogra chun na Foscríbhinní a ghabhann le CITES a leasú, chomh maith le go leor ábhair eile a bhaineann le cur chun feidhme agus léirmhíniú CITES. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag CITES a bhunú ós rud é go mbeidh na leasuithe ar na Foscríbhinní a ghabhann le CITES ina gceangal ar an Aontas agus go mbeidh roinnt cinntí eile, ar nós modhnuithe ar rúin atá le hionchorprú i ndlí an Aontais, in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 (3) ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 (4) ón gCoimisiún. |
|
(5) |
An seasamh atá beartaithe ag an Aontas a ghlacadh maidir leis na tograí éagsúla atá os comhair CITES CoP 20, tá sé bunaithe ar anailís shaineolach ar fhiúntas na dtograí sin, agus forálacha CITES á gcur san áireamh, de réir na fianaise eolaíche is fearr atá ar fáil, agus ar a chomhsheasmhaí atá na tograí sin le rialacha agus beartais ábhartha an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES CoP 20).
Airteagal 2
I gcás inar dócha go ndéanfar difear don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 le faisnéis eolaíoch nó theicniúil nua a thíolacfar tar éis ghlacadh an Chinnidh seo agus roimh CoP20 CITES nó lena linn, nó i gcás ina ndéanfar ag an gcruinniú sin moltaí athbhreithnithe nó moltaí nua nach bhfuil seasamh leagtha síos ina leith ag an Aontas fós, déanfar seasamh an Aontais a fhorbairt trí bhíthin comhordú ar an láthair sula n-iarrfar ar CITES CoP 20 cinneadh a dhéanamh maidir leis na tograí sin. Sna cásanna sin, beidh seasamh an Aontais comhsheasmhach leis na prionsabail a leagtar síos sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Samhain 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) An Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (IO L 75, 19.3.2015, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/2015/451/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2015/451 ón gComhairle an 6 Márta 2015 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES) (IO L 75, 19.3.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/451/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (IO L 166, 19.6.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/865/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha maidir le dearadh ceadanna, teastas agus doiciméad eile dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún (IO L 242, 7.9.2012, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/792/oj).
IARSCRÍBHINN 1
Seasamh an Aontais maidir leis na príomh-shaincheisteanna atá le plé ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES) (Samarkand na hÚisbéiceastáine, an 24 Samhain – an 5 Nollaig 2025)
A. Breithnithe ginearálta
|
1. |
Measann an tAontas gur príomhchoinbhinsiún idirnáisiúnta é an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES) le haghaidh chaomhnú na bithéagsúlachta agus in aghaidh na gáinneála ar fhiadhúlra. |
|
2. |
Ba cheart don Aontas seasamh uaillmhianach a ghlacadh don 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe in CITES (CITES CoP20), i gcomhréir le beartais ábhartha an Aontais agus le gealltanais idirnáisiúnta, go háirithe Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal arna ghlacadh leis an gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, Fís Straitéiseach CITES agus Rún 79/313 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le dul i ngleic leis an ngáinneáil aindleathach ar fhiadhúlra. Ba cheart seasamh an Aontais a bheith ina chuidiú chun na cuspóirí a leagadh amach ar leibhéal an Aontais a bhaint amach trí bhíthin Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, phlean gníomhaíochta athbhreithnithe an Aontais in aghaidh na gáinneála ar fhiadhúlra (1), chur chuige an Aontais chun trádáil agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus trí bhíthin an Chomhaontaithe Glas don Eoraip. |
|
3. |
Is iad seo a leanas ba cheart a bheith ina dtosaíochtaí ag an Aontas ag CoP20 CITES:
|
|
4. |
Ag CoP20 CITES, ba cheart don Aontas a áirithiú go n-urramófar fós stádas agus cearta an Aontais mar Pháirtí i CITES go hiomlán i gcomhréir lena fhorálacha. |
|
5. |
Ba cheart a chur san áireamh i seasamh an Aontais an rannchuidiú is féidir le sásraí CITES a thabhairt chun feabhas a chur ar an stádas caomhantais atá ag speicis, agus ba cheart aitheantas a thabhairt sa seasamh sin don obair atá déanta ag na tíortha sin a bhfuil bearta éifeachtacha caomhantais curtha chun feidhme acu. |
|
6. |
Tá méadú suntasach tagtha ar an líon liostuithe agus ar chastacht nósanna imeachta CITES chun iad a chur chun feidhme. Ba cheart don Aontas a áirithiú go ndíríonn na cinntí a dhéantar ag CoP20 CITES ar shaincheisteanna lárnacha CITES. Ba cheart don Aontas a áirithiú go n-uasmhéadófar éifeachtúlacht CITES leis na cinntí a ghlacfar, trí aon ualach neamhriachtanach riaracháin a íoslaghdú agus trí réitigh phraiticiúla, chostéifeachtacha, inoibrithe a bhaint amach ar fhadhbanna a bhaineann le cur chun feidhme, forfheidhmiú agus faireachán. |
|
7. |
Is é Buanchoiste CITES, arb é príomh-fhochomhlacht Chomhdháil na bPáirtithe, a chuirfidh chun feidhme go leor cinntí a ghlacfar ag CoP20 CITES. Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gcomhair CoP20 CITES a bheith ina threoir freisin do chur chuige an Aontais ag an 79ú agus an 80ú cruinniú den Bhuanchoiste a reáchtálfar díreach roimh CITES CoP20 agus díreach ina dhiaidh. |
B. Saincheisteanna sonracha
|
8. |
Tá 51 thogra chun Foscríbhinní CITES a leasú curtha síos lena mbreithniú ag CoP20 CITES. Is é an tAontas, ina cháil mar phríomh-mholtóir nó mar chómholtóir, a chuir isteach ocht gcinn de na tograí sin agus ba cheart don Aontas tacú le glacadh na dtograí sin ar ndóigh. |
|
9. |
Ba cheart seasamh an Aontais maidir le gach togra le haghaidh leasuithe ar na Foscríbhinní CITES a bheith bunaithe ar stádas caomhantais an speicis lena mbaineann agus ar an tionchar atá nó a d’fhéadfadh a bheith ag trádáil ar stádas an speicis sin. Chuige sin, ba cheart an fhianaise eolaíoch is ábhartha agus is láidre a chur san áireamh i gcomhréir le Rún Comhdhála 9.24 maidir leis na critéir chun Foscríbhinní I agus II a ghabhann le CITES a leasú. |
|
10. |
Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thuairimí na Stát raoin atá ag na speicis a mbaineann na tograí leo. I measc nithe eile, is iad sin an príomhbhealach chun rannchuidiú na ndaoine sin a bhfuil dlúthbhaint acu leis an bhfiadhúlra a chur in iúl, a bhfuil a n-eolas, a maoirseacht agus a ngníomhaíochtaí i gcaomhnú agus in úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta tábhachtach chun CITES a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun a chuspóirí a bhaint amach. |
|
11. |
Measann an tAontas gur cheart, mar riail ghinearálta, tacaíocht a thabhairt do thograí chun Foscríbhinní CITES a leasú a thagann ó Choistí um Plandaí agus Ainmhithe CITES agus ón mBuanchoiste. Maidir le measúnú na dtograí arna dhéanamh ag Rúnaíocht CITES agus ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra agus Acmhainní Nádúrtha/TRAFFIC (2) agus, i gcás speicis mhuirí a ndéantar saothrú tráchtála orthu, an t-ochtú Painéal Comhairleach Saineolaithe tiomnaithe de chuid na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta, ba cheart na measúnuithe sin a chur san áireamh freisin. |
|
12. |
I gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle (3), molann an tAontas iad seo a leanas a chuimsiú:
Tá cinneadh déanta ag an Aontas freisin comhurraíocht a dhéanamh ar an togra ó Phanama an iontráil a bhaineann le Carcharhinus longimanus (siorc bán aigéanach) a aistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I a ghabhann le CITES, agus ar an togra ón mBrasaíl Galeorhinus galeus (gearrthóir) agus Mustelus spp. (scoirneach) a liostú i bhFoscríbhinn II, agus tacóidh sé leis na tograí sin. |
|
13. |
I ndáil le Anguilla spp. (eascanna fionnuisce) a liostú, ba cheart gurbh é seasamh an Aontais tacú le glacadh na mbeart is láidre is féidir arb é is aidhm dóibh Anguilla anguilla (eascann Eorpach) agus speicis eile den ghéineas Anguilla a chosaint ar mheath breise mar gheall ar thrádáil neamh-inbhuanaithe chomh maith le trádáil neamhdhleathach, agus comhlántachtaí agus sineirgí idir na bearta agus cinntí éagsúla atá á mbreithniú ag Comhdháil na bPáirtithe á gcur san áireamh. |
|
14. |
Ba cheart seasamh an Aontais maidir le tograí a bhaineann le gáinneáil ar fhiadhúlra a bheith ina léiriú ar chur chuige cuimsitheach an Aontais i leith gáinneáil ar fhiadhúlra a chosc trí aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá léi, trí chreataí dlíthiúla agus beartais a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra, trí na rialacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú go héifeachtach, agus trí chomhpháirtíochtaí domhanda a chothú chun aghaidh a thabhairt ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra, mar a leagtar amach i bplean gníomhaíochta athbhreithnithe an Aontais in aghaidh na gáinneála ar fhiadhúlra. |
|
15. |
Ba cheart don Aontas tionscnaimh a spreagadh freisin a chuidíonn le hacmhainneachtaí na n-údarás ábhartha a mhéadú agus faisnéis agus dea-chleachtais a chomhroinnt, chun CITES a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus chun feabhas a chur ar an gcomhar idir tíortha foinseacha, tíortha idirthurais agus tíortha cinn scríbe. |
|
16. |
Tugann an tAontas dá aire go bhfuil roinnt tograí maidir le trádáil tráchtála idirnáisiúnta eabhair eilifinte agus adharc srónbheannach curtha síos ag roinnt Páirtithe. Measann an tAontas nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hathúdarú na trádála sin agus ní thacaíonn sé le tograí go n-athosclódh CoP20 an trádáil sin. Maidir le margaí intíre eabhair eilifinte agus adharc srónbheannach, ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag tacú le bearta comhréireacha agus éifeachtacha atá bunaithe ar an bhfianaise is fearr atá ar fail, laistigh de raon feidhme CITES. |
|
17. |
Tugann an tAontas dá aire go bhfuil méadú mór tagtha ar mhéid agus ar chastacht na ngníomhaíochtaí faoi CITES mar gheall ar leathnú CITES chun na foscríbhinní a leasú agus chun speicis bhreise a chur san áireamh nó a stádas liostaithe a leasú, rud a chuireann éilimh mhéadaitheacha ar Rúnaíocht, ar choistí agus ar Pháirtithe CITES. An tráth céanna, níor fhan an cistiú cos ar chois leis an ualach oibre méadaithe sin. Ba cheart don Aontas na forbairtí sin a chur san áireamh go cuí agus a thosaíochtaí do CITES CoP20 á gcinneadh aige agus sa phlé ar bhuiséad Rúnaíocht CITES amach anseo. |
(1) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na gáinneála ar fhiadhúlra (COM(2022) 581).
(2) Déanann an tAontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra agus TRAFFIC speisialtóireacht i dtaca le saincheisteanna trádála fiadhúlra agus cuireann siad measúnú críochnúil ar thograí chun Foscríbhinní CITES a leasú ar fáil roimh gach CoP.
(3) Cinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025 maidir le tograí a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, le haghaidh leasuithe ar na foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES) agus maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún sin (IO L, 2025/1314, 30.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1314/oj).
IARSCRÍBHINN 2
Seasamh an Aontais maidir le tograí áirithe a cuireadh faoi bhráid an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES)
(Samarkand na hÚisbéiceastáine, an 24 Samhain - an 5 Nollaig 2025)
|
‘+’ |
comhartha lena léirítear go bhfuil tacaíocht le tabhairt |
|
‘—’ |
comhartha lena léirítear nach bhfuil tacaíocht le tabhairt |
|
‘0’ |
comhartha lena léirítear go bhfuil seasamh oscailte á ghlacadh mar gheall ar easpa faisnéis leordhóthanach chun seasamh a ghlacadh |
|
‘(+)’ |
comhartha lena léirítear go bhfuil tacaíocht le tabhairt, ach go mbraitheann sé sin ar fhaisnéis bhreise a bheith ar fáil agus/nó ar leasuithe ar an togra |
|
‘(-)’ |
comhartha lena léirítear nach bhfuil tacaíocht le tabhairt, a athbhreithneofar má chuirtear fianaise thacaíochta bhreise ar fáil agus/nó má dhéantar leasú mór ar an togra |
1. DOICIMÉID OIBRE
|
Uimhir |
Mír ar an gclár oibre |
Moltóir (1) |
Barúlacha |
Seasamh |
||
|
Searmanas oscailte |
|
Gan doiciméad |
|
|||
|
Aithisc fáilte |
|
Gan doiciméad |
|
|||
|
Ábhair maidir le riarachán agus airgeadas |
||||||
|
1. |
Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an chruinnithe agus Cathaoirligh Choistí I agus II a thoghadh |
|
Gan doiciméad |
|
||
|
2. |
An clár oibre a ghlacadh CoP20 Doic. 2 |
An Rúnaíocht |
|
|
||
|
3. |
An plean oibre a ghlacadh |
|
|
|
||
|
4. |
Rialacha Nós Imeachta Chomhdháil na bPáirtithe |
|
Tacú le leasuithe ar Riail 25.6 agus ar an dréachtchinneadh chun leanúint den phlé ar an gcur chuige céim ar chéim. |
+ |
||
|
5. |
An Coiste um Dhintiúir |
|
|
|
||
|
|
5.1 |
An Coiste um Dhintiúir a bhunú |
|
Gan doiciméad |
|
|
|
|
5.2 |
Tuarascáil ón gCoiste um Dhintiúir |
|
Gan doiciméad |
|
|
|
6. |
Breathnóirí a ligean isteach |
|
|
|
||
|
7. |
Riarachán, maoiniú agus buiséad na Rúnaíochta agus chruinnithe Chomhdháil na bPáirtithe |
|
|
|
||
|
|
7.1 |
Riarachán na Rúnaíochta |
An Rúnaíocht |
|
|
|
|
|
7.2 |
Tuarascáil ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin UNEP maidir le cúrsaí riaracháin agus eile |
UNEP |
|
|
|
|
|
7.3 |
Tuarascálacha airgeadais le haghaidh 2023-2025 |
|
|
|
|
|
|
7.4 |
Buiséad agus plean oibre le haghaidh 2026 go 2028 |
|
|
|
|
|
|
7.5 |
Socruithe le haghaidh chruinnithe Chomhdháil na bPáirtithe |
|
|
|
|
|
8. |
Téarmaí tagartha an Fhochoiste Airgeadais agus Buiséid CoP20 Doic.8 |
BC |
|
|
||
|
9. |
Saincheisteanna oibríochtúla atá ag teacht chun cinn maidir leis na Coistí CoP20 Doic. 9 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 18.2 agus tacú le scriosadh Chinntí 19.1 go 19.3. Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 18.2 agus tacú le scriosadh Chinntí 19.1 go 19.3. Níor cheart tacú le haon athruithe breise ar an togra a mbeadh tionchar suntasach acu ar acmhainní na Rúnaíochta. |
(+) |
||
|
10. |
Rochtain ar chistiú |
|
|
|
||
|
11. |
Tionscadal na dtoscairí urraithe COP20 Doic. 11 |
Rúnaíocht i gcomhairle le BC |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 17.3 (Ath. COP19) agus tacú le scriosadh Chinntí 18.12 agus 19.10. |
+ |
||
|
Ábhair straitéiseacha |
||||||
|
12. |
Tuarascálacha agus moltaí ón gCoiste |
|
|
|
||
|
|
12.1 |
An Buan choiste |
|
|
|
|
|
|
|
12.1.1 |
Tuarascáil ón gCathaoirleach CoP20 Doic. 12.1.1 |
BC |
Níl gá le haon chinneadh |
|
|
|
|
12.1.2 |
Comhaltaí réigiúnacha nua agus comhaltaí réigiúnacha malartacha a thoghadh |
|
Gan doiciméad |
|
|
|
12.2 |
An Coiste um Ainmhithe |
|
|
|
|
|
|
|
12.2.1 |
Tuarascáil ón gCathaoirleach COP20 Doic. 12.2.1 |
CA |
An tuarascáil a thabhairt faoi deara agus tacú leis na moltaí. |
+ |
|
|
|
12.2.2 |
Comhaltaí réigiúnacha nua agus comhaltaí réigiúnacha malartacha a thoghadh |
|
Gan doiciméad |
|
|
|
12.3 |
An Coiste um Plandaí |
|
|
|
|
|
|
|
12.3.1 |
Tuarascáil ón gCathaoirleach CoP20 Doic. 12.3.1 |
CP |
Níl gá le haon chinneadh |
|
|
|
|
12.3.2 |
Comhaltaí réigiúnacha nua agus comhaltaí réigiúnacha malartacha a thoghadh |
|
Gan doiciméad |
|
|
13. |
Fís Straitéiseach CITES CoP20 Doic. 13 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 16.4 agus 18.3 agus le scriosadh Chinntí 19.11 go 19.13. Iarratas a dhéanamh chun síneadh a chur le Cinneadh 19.14 chun táscaire breise níos tábhachtaí a shainaithint. Tagairtí comhsheasmhacha a chur le comhaontú BBNJ. |
(+) |
||
|
14. |
Obair agus éifeachtúlacht an Choinbhinsiúin a fheabhsú trí na buanchoistí CoP20 Doic. 14 |
BC, CA, CP |
Tacú le meitheal idirsheisiúnach a bhunú chun tosaíocht a thabhairt d’obair na gcoistí. |
+ |
||
|
15. |
Ról CITES maidir leis an riosca a laghdú go dtiocfaidh galair zónóiseacha chun cinn amach anseo, ar riosca é a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta fiadhúlra |
|
|
|
||
|
|
15.1 |
Tuarascáil ón mBuanchoiste CoP20 Doic. 15.1 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí agus roinnt modhnuithe ar Chinneadh 20.BB a mholadh an tráth céanna chun obair CA a mhaolú. |
(+) |
|
|
|
15.2 |
Aon Sláinte Amháin agus CITES: Rioscaí do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a bhaineann le trádáil i speicis atá liostaithe ag CITES a laghdú CoP20 Doic. 15.2 |
an tSeineagáil |
Gan tacú leis an dréachtrún, a théann níos faide ná sainordú CITES. |
— |
|
|
16. |
Comhar |
|
|
|
||
|
|
16.1 |
Comhar le Comhaontuithe Comhshaoil Iltaobhacha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile CoP20 Doic.16.1 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 16.4 agus ar dhréachtchinntí. Mar sin féin, aithris nua a mholadh ina dtagraítear do chomhaontú BBNJ. |
(+) |
|
|
|
16.2 |
Comhoibriú leis an Straitéis Dhomhanda um Chaomhnú Plandaí CoP20 Doic. 16.2 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 16.5 agus le scriosadh Chinntí 19.22 agus 19.23. |
+ |
|
|
|
16.3 |
An tionscnamh comhpháirteach CITES-CSI Tionscnamh um Fheoiliteoirí Afracacha CoP20 Doic. 16.3 |
CA i gcomhairle le BC |
Tacú leis na leasuithe ar na cinntí athbhreithnithe agus le glacadh na ndréachtchinntí. |
+ |
|
|
|
16.4 |
An Cuibhreannas Idirnáisiúnta um Choireacht Fiadhúlra a Chomhrac CoP20 Doic. 16.4 |
An Rúnaíocht |
Tacú le glacadh dhréacht-Chinneadh 20.AA agus le scriosadh Chinntí 19.26 agus 19.27. |
+ |
|
|
|
16.5 |
Comhar leis an Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais CoP20 Doic. 16.5 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh Chinntí 19.28 agus 19.29. |
+ |
|
|
17. |
Tuarascáil maidir leis an trádáil dhomhanda i bhfiadhúlra CoP20 Doic. 17 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí agus roinnt mionathruithe ar mhaithe le soiléireacht a mholadh an tráth céanna. Ina theannta sin, cinneadh nua a mholadh lena n-iarrfar ar Pháirtithe aiseolas a thabhairt maidir leis an achoimre ar an Tuarascáil Forléargais. Tacú le scriosadh Chinntí 19.30 agus 19.31. |
(+) |
||
|
18. |
CITES agus foraoisí CoP20 Doic. 18 |
Rúnaíocht i gcomhairle le BC |
Tacú le dréachtchinntí má leasaítear iad chun go mbeidh bearta a bheidh ann amach anseo coinníollach ar athbhreithniú ar an tuarascáil ón gCoiste um Plandaí. |
(+) |
||
|
19. |
Straitéis teanga i gcomhair an Choinbhinsiúin CoP20 Doic.19 |
BC |
Tacú leis an ngníomh atá beartaithe agus le leasuithe ar Chinntí 19.38 agus 19.39. |
+ |
||
|
Fothú acmhainneachta |
||||||
|
20. |
Creat fothaithe acmhainneachta CoP20 Doic. 20 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar na cinntí. |
+ |
||
|
21. |
Clár Cúnaimh maidir le Comhlíontacht CoP20 Doic. 21 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh Chinntí 19.44 go 19.46. |
+ |
||
|
22. |
Athbhreithniú uile-tíre ar Thrádáil Mhór CoP20 Doic. 22 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh Chinntí 19.47 agus 19.48. |
+ |
||
|
23. |
Clár um speicis crann CITES CoP20 Doic. 23 |
An Rúnaíocht |
Tacú leis an gcinneadh agus le scriosadh Chinntí 19.49 agus 19.50. |
+ |
||
|
CITES agus daoine |
||||||
|
24. |
Lá Domhanda an Fhiadhúlra de chuid na Náisiún Aontaithe CoP20 Doic. 24 |
An Rúnaíocht |
Níl gá le haon chinneadh |
|
||
|
25. |
Plean gníomhaíochta inscne CITES CoP20 Doic. 25 |
BC |
Tá sé tábhachtach don Aontas róil a bhaineann le hinscne a aithint i gcaomhnú fiadhúlra. Tacú leis go dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna a bhaineann le hinscne go héifeachtach. Sásta féachaint ar roghanna eile chun cur chun feidhme Rún Comhdhála 19.3 a neartú maidir le hInscne agus trádáil idirnáisiúnta i bhfána agus flóra fiáine. |
(+) |
||
|
26. |
Líonra Domhanda na hÓige CITES CoP20 Doic. 26 |
An Afraic Theas, Cósta Ríce, Cuáit, Gána, na hOileáin Fhilipíneacha, Singeapór, an tSaimbia, an tSín, an tSiombáib agus an tSúdáin |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 17.5. |
+ |
||
|
27. |
Rannpháirteachas na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil CoP20 Doic. 27 |
BC |
Is díol sásaimh an treoir neamhcheangailteach mar bhonn maith chun tuilleadh plé a dhéanamh, agus béim á leagan gur fearr aghaidh a thabhairt ar an rannpháirteachas sin ar an leibhéal náisiúnta. Tacú le moltaí (b)–(d). Maidir le moladh (a) gan seasamh. |
0 |
||
|
28. |
Dréachtrún maidir le Fochoiste comhairleach den Bhuanchoiste um Dhaoine atá ag Maireachtáil in éineacht le speicis Flóra agus Fána a chruthú, mar a áirítear i bhFoscríbhinní CITES, mar aon le Ciste Saorálach gaolmhar, agus a nósanna imeachta COP20 Doic. 28 |
An tSiombáib |
Gan tacú le bunú an fhochoiste atá beartaithe. |
— |
||
|
29. |
Slite Beatha |
|
|
|
||
|
|
29.1 |
Tuarascáil ón mBuanchoiste COP20 Doic. 29.1 |
BC |
Tacú leis an méid a scriosadh i Rún Comhdhála 16.6; gan tacú leis an tagairt do na 6 straitéis; tacú go coinníollach le gnéithe áirithe de dhréachtchinntí áirithe le leasuithe chun ailíniú le sainordú CITES; tacú le scriosadh na gcinntí ábhartha a cuireadh chun feidhme. |
(-) |
|
|
|
29.2 |
Doiciméad ón tSaimbia CoP20 Doic. 29.2 |
An tSaimbia |
Gan tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 16.6 agus scaipeadh na treorach. |
— |
|
|
30. |
Cearta an duine, slite beatha agus slándáil bia a chomhtháthú i gcur chun feidhme CITES CoP20 Doic. 30 |
An tSiombáib |
Gan tacú leis an dréachtrún atá beartaithe, a théann níos faide ná sainordú CITES. |
— |
||
|
31. |
A éileamh go ndéanfar laghdú chun trádáil neamhdhleathach a chomhrac CoP20 Doic. 31 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh Chinntí 19.55 go 19.57. |
+ |
||
|
Rúin agus Cinntí atá déanta cheana |
||||||
|
32. |
Athbhreithniú ar Rúin CoP20 Doic. 32 |
An Rúnaíocht |
Tacú leis na leasuithe ar na Rúin agus ar an dréachtchinneadh. |
+ |
||
|
33. |
Athbhreithniú ar Chinntí CoP20 Doic. 33 |
An Rúnaíocht |
Tacú leis na leasuithe ar an Rún, le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme agus le Cinntí 19.71 go 19.73 maidir le paileasandair Mhalagásacha, éabainn Mhalagásacha agus rósadhmaid Mhalagásacha agus 17.256 maidir le pearóidí liatha Afracacha, a choinneáil ar bun. |
(+) |
||
|
Comhlíontacht |
||||||
|
34. |
Dlíthe náisiúnta lena gcuirtear an Coinbhinsiún chun feidhme CoP20 Doic. 34 |
An Rúnaíocht |
Tacú le moladh (a) na dréachtchinntí atá in Iarscríbhinn 1 a ghlacadh agus le moladh (c) Cinntí 19.58 go 19.62 a scriosadh. Gan tacú le moladh 38(b) maidir le Treoir a fhoilsiú agus athbhreithniú ar an Treoir ón mBuanchoiste a mholadh. |
(+) |
||
|
35. |
Ábhair maidir le comhlíontacht |
|
|
|
||
|
|
35.1 |
Cur chun feidhme Airteagal XIII agus Rún Comhdhála 14.3 (Ath. CoP19) maidir le nósanna imeachta comhlíontachta CITES CoP20 Doic. 35.1 |
An Rúnaíocht |
Tacú go ginearálta leis na moltaí ós rud é go bhfuil an chéad mheasúnú dearfach ach go bhfuil gá le tuilleadh anailísí. |
(+) |
|
|
|
35.2 |
Athbhreithniú ar phróiseas na bPleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le hEabhar CoP20 Doic. 35.2 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 10.10 agus ar na dréachtchinntí. Tacú le scriosadh Chinntí 19.68 go 19.70. |
+ |
|
|
|
35.3 |
Tótuába (Totoaba macdonaldi) CoP20 Doic. 35.3 |
An Rúnaíocht |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. Moladh a chur isteach chun amharcshuirbhé bliantúil a dhéanamh ar mhuc mhara na Murascaille. |
(+) |
|
|
36. |
Athbhreithniú ar fhorálacha Rún Comhdhála 17.7 (Ath. COP19) maidir le hAthbhreithniú ar thrádáil in eiseamail ainmhithe a thuairiscítear mar eiseamail a táirgeadh i mbraighdeanas CoP20 Doic. 36 |
BC |
Tacú leis an gcinneadh atá beartaithe agus leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 17.7. Tacú le scriosadh Chinntí 19.63 go 19.65. |
+ |
||
|
37. |
Seilbh eiseamal speiceas atá san áireamh i bhFoscríbhinn I CoP20 Doic. 37 |
BC. |
Gan tacú le moltaí (a) agus (b) toisc go bhfuil siad i gcoinbhleacht le hAirteagal VIII den Choinbhinsiún. Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 8.4 agus le scriosadh na gcinntí ábhartha a cuireadh chun feidhme. |
(-) |
||
|
Trádáil neamhdhleathach agus forfheidhmiú |
||||||
|
38. |
Athbhreithniú ar Rún Comhdhála 11.3 (Ath. CoP19) maidir le Comhlíontacht agus forfheidhmiú CoP20 Doic. 38 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 11.13 agus le scriosadh na gcinntí ábhartha a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
39. |
Cúrsaí forfheidhmithe CoP20 Doic. 39 |
An Rúnaíocht |
Tacú go ginearálta leis na moltaí. |
(+) |
||
|
40. |
Tacaíocht don fhorfheidhmiú i ndáil le coireacht fiadhúlra san Afraic Thiar agus Láir CoP20 Doic. 40 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí arna leasú ag an Rúnaíocht agus le scrios na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
41. |
Tascfhórsa CITES um Chait Mhóra CoP20 Doic. 41 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh Chinntí 19.92 agus 19.93. |
+ |
||
|
42. |
Cur chun feidhme na moltaí tosaíochta ón athbhreithniú ar Chlár ETIS CoP20 Doic. 42 |
BC |
Tacú go ginearálta le hathnuachan Chinntí 19.94 go 19.96 agus le glacadh an dréachtchinnidh bhunaidh (seachas an ceann arna leasú ag an Rúnaíocht). Mar sin féin, d’fhéadfadh gá a bheith le modhnú áirithe chun cur chuige comhleanúnach a áirithiú i leith na ndoiciméad uile a bhaineann le ETIS, agus barúlacha na Rúnaíochta á gcur san áireamh freisin. |
(+) |
||
|
43. |
Catagóiriú na bPáirtithe ETIS CoP20 Doic. 43 |
BC |
Tacú go ginearálta le glacadh na gcritéar atá le húsáid i gCéim 1 mír (a) de na Treoirlínte do Phróiseas NIAP. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le mionchoigeartú breise ar na critéir agus ar na soiléirithe, go háirithe chun cineál ceangailteach na gcritéar a áirithiú. Thairis sin, a áirithiú gur cheart faisnéis chomhthéacsúil a úsáid freisin mar chuid den phróiseas catagóirithe toisc nach n-áirítear í sna moltaí faoi láthair. Tá na critéir eisiaimh i mír 13 (a) as dáta agus ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta agus an méid seo a leanas a chur in ionad a bhfuil ann faoi láthair: ‘Ba cheart na critéir eisiaimh arna dtreorú ag na sonraí nuashonraithe ETIS is déanaí arna n-athbhreithniú ag MIKE-ETIS TAG, a chur i bhfeidhm in anailísí ETIS.’ |
(+) |
||
|
44. |
Urghabhálacha eabhair agus margaí eabhair intíre CoP20 Doic. 44 |
BC |
Tacú le scriosadh Chinntí 19.99 go 19.101. |
+ |
||
|
45. |
Trádáil neamhdhleathach i síotaí (Acinonyx jubatus) COP20 Doic. 45 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
46. |
Turtair mhara (Cheloniidae spp. agus Dermochelyidae spp.) COP20 Doic. 46 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 19.5. Tacú le scriosadh an chinnidh a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
47. |
Toirtísí agus turtair fionnuisce (Testudines spp.) |
|
|
|
||
|
|
47.1 |
Tuarascáil ón mBuanchoiste agus ón Rúnaíocht CoP20 Doic. 47.1 |
|
Tacú go ginearálta le glacadh an leasaithe ar Rún Comhdhála 11.9 (Ath. COP18) agus tacú le scriosadh Chinntí 19.123 go 19.127. Tacú go ginearálta leis an leagan athbhreithnithe agus comhdhlúite de na dréachtchinntí arna n-ullmhú ag an Rúnaíocht i ndoiciméad 47.2 faoi Bharúlacha na Rúnaíochta. |
(+) |
|
|
|
47.2 |
Trádáil i dtoirtísí agus i dturtair fionnuisce ó Mhadagascar CoP20 Doic. 47.2 |
AE |
Tacú leis an leagan athbhreithnithe agus comhdhlúite de na dréachtchinntí arna n-ullmhú ag an Rúnaíocht faoi Bharúlacha na Rúnaíochta. |
+ |
|
|
Rialáil na trádála |
||||||
|
48. |
Togra chun Rún Comhdhála 12.3 (Ath. COP19) CoP20 Doic. 48 |
|
Gan tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 12.3. Chruthófaí nósanna imeachta tónáisteacha breise leis na leasuithe agus dhéanfaí difear do chearta na bPáirtithe chun bearta intíre níos déine a bhunú. |
— |
||
|
49. |
Torthaí na héadála dlíthiúla CoP20 Doic. 49 |
An Rúnaíocht arna iarraidh sin ag BC |
Gan tacú le moladh 24(c) toisc nach féidir tacú leis na treoirlínte ina bhfoirm reatha. Go háirithe, beidh sainmhíniú cuí ar an téarma ‘stoc bunaitheora’ riachtanach trí leasú ar an Rún/na Rúin ábhartha, má mheasann na Páirtithe gur gá sin, sula n-áireofar é sna treoirlínte. Tacú le glacadh na ndréachtchinntí agus na leasuithe ar Iarscríbhinní 1 agus 3 a ghabhann le Rún Comhdhála 18.7 mar a mholtar faoi mholadh 24(a) agus (b). Tacú leis na cinntí a cuireadh chun feidhme a scriosadh, arna moladh faoi mholadh 24(d). |
(-) |
||
|
50. |
Cinntí Neamhdhíobhála CoP20 Doic. 50 |
CA, CP |
Tacú le glacadh na ndréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
51. |
Cinntí neamhdhíobhála maidir le heiseamail de speicis Fhoscríbhinn II a thógtar ó limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta CoP20 Doic. 51 |
BC |
Tacú le glacadh na ndréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. Tugtha faoi deara, áfach, nach féidir tacú le dréachtchinneadh 20.BB i nDoic. 52. |
(+) |
||
|
52. |
Tabhairt isteach ón bhfarraige CoP20 Doic. 52 |
BC |
Tacú le glacadh na ndréachtchinntí atá beartaithe seachas 20BB (athruithe ar Rún Comhdhála 14.6). Maidir le dréachtchinneadh 20BB, cur i gcoinne athoscailt an rúin. Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
(+) |
||
|
53. |
Ábhair chun eiseamail de speicis atá liostaithe ag CITES a shainaithint CoP20 Doic. 53 |
CA, CP |
Tacú leis na cinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
54. |
Adhmad agus táirgí adhmaid eile a shainaithint CoP20 Doic. 54 |
BC |
Tacú leis na hathbhreithnithe ar Chinntí 19.146 go 19.148 agus leis an dréacht-Chinneadh nua 20.AA. |
+ |
||
|
55. |
Cóid chun críche idirbhirt CoP20 Doic. 55 |
BC |
Tacú leis an sainordú ach gan tacú leis an sainmhíniú atá beartaithe ar chód ‘P’. |
(-) |
||
|
56. |
Córais leictreonacha agus teicneolaíochtaí faisnéise agus fíordheimhniú agus rialú ceadanna |
|
|
|
||
|
|
56.1 |
Tuarascáil ón mBuanchoiste COP20 Doic. 56.1 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. Mar sin féin, ní mór na cinntí a chomhordú leis na leasuithe a mholtar i nDoic. 56.2. Tacú leis an moladh ó Rúnaíocht CITES mír 3 (d) i Rún Comhdhála 12.3 (Ath CoP19) maidir le Ceadanna agus Deimhnithe trí thagairt a chur leis na Treoirlínte maidir le húsáid barrachód déthoiseach (2D) ar cheadanna/deimhnithe CITES. |
(+) |
|
|
|
56.2 |
Samhail de mhol chun ceadanna CITES a mhalartú CoP20 Doic. 56.2 |
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, an Eilvéis |
Tacú leis na leasuithe a rinneadh ar na cinntí, lena n-áirítear athruithe eagarthóireachta mar a mhol Rúnaíocht CITES. A áirithiú go gcuirtear san áireamh sa mheasúnú ar indéantacht agus ar roghanna a úsáideann múnla moil na moil réigiúnacha atá ann cheana nó na moil sin a bheidh ann sula bhféadfadh mol domhanda CITES a bheith i bhfeidhm. |
+ |
|
|
57. |
Athbhreithniú ar Rún Comhdhála 8.13 (Ath. COP17) ar Úsáid ionchlannán micrishliseanna códaithe chun ainmhithe beo a mharcáil i dtrádáil CoP20 Doic. 57 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí lena n-áirítear ‘faoi réir acmhainní seachtracha’ a chur isteach arna moladh ag an Rúnaíocht. |
+ |
||
|
58. |
Measúnú agus anailís riosca maidir le rialú teorann maidir le speicis atá liostaithe ag CITES CoP20 Doic. 58 |
BC |
Tacú le glacadh na treorach; mura nglacfar í, tacú le Cinntí 19.153-19.155 a athnuachan chun gur féidir bailchríoch a chur. |
+ |
||
|
59. |
Stoic agus stoc-chairn CoP20 Doic. 59 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar na Rúin. Gan tacú leis an dréacht-shainmhíniú ar ‘stoc-chairn’ ach amháin má bhaintear an tagairt ‘stóráilte go dlíthiúil’ agus má chuirtear isteach an frása ‘…á gcoinneáil ag músaeim, institiúidí eolaíochta…’. Gan tacú ach le cuid amháin den athrú ar an sainmhíniú a mhol an Rúnaíocht. Tá sonraíocht na n-oibleagáidí ar leith maidir le stoc-chairn atá i seilbh an rialtais inghlactha. Níor cheart an mhír bhreise ‘agus i gcás ina sonraítear i Rún nó i gCinneadh, arna shealbhú go príobháideach’ [stoc-chairn] a ghlacadh. |
(+) |
||
|
60. |
Eiseamail bheo a iompar: CoP20 Doic. 60 |
BC |
Tacú le scriosadh na gcinntí 19.158 agus 19.159 a cuireadh chun feidhme. Coinnítear seasamh oscailte maidir le dréachtchinneadh 20.AA. |
0 |
||
|
61. |
Gluaiseacht mhear samplaí diagnóiseacha fiadhúlra agus uirlisí ceoil CoP20 Doic. 61 |
BC |
Tacú leis an dréachtchinneadh atá beartaithe ach a áirithiú go mbeidh a gcur chun feidhme ag brath ar acmhainní a bheith ar fáil. Tacú le scriosadh Chinneadh 19.160. |
(+) |
||
|
62. |
Eiseamail a tháirgtear trí bhíthin na bith-theicneolaíochta CoP20 Doic. 62 |
BC |
Tacú le hathnuachan Chinntí 19.161 go 19.163. |
+ |
||
|
63. |
Sainmhíniú ar an téarma ‘cinn scríbe iomchuí agus inghlactha’ CoP20 Doic. 63 |
BC i gcomhairle le Cathaoirleach CA |
Tacú le hathnuachan Chinntí 19.164 go 19.166. |
+ |
||
|
64. |
Eiseamail choigistithe a dhiúscairt |
|
|
|
||
|
|
64.1 |
Tuarascáil ón mBuanchoiste COP20 Doic. 64.1 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 17.8 agus leis na cinntí a choinneáil ar bun agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
|
|
|
64.2 |
Athbhreithniú ar Rún Comhdhála 17.8 (Ath. COP19) CoP20 Doic. 64.2 |
An Chéinia |
Gan tacú leis an togra mar atá sé faoi láthair. Is gá anailís agus plé cúramach a dhéanamh ar an togra maidir le téarmaíocht agus aistriú ainmhithe chuig institiúidí taighde araon, agus ní dócha go mbeidh sé sin indéanta ag CoP20. |
(-) |
|
|
|
64.3 |
Clár deonach de shaoráidí socrúcháin le haghaidh eiseamail bheo choigistithe CoP20 Doic. 64.3 |
An Nigéir agus Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Gan tacú leis an togra toisc go bhfuil iarmhairtí diúltacha aige maidir le caomhnú agus forfheidhmiú speiceas. |
— |
|
|
65. |
Córas lipéadaithe le haghaidh trádáil i gcaibheár CoP20 Doic. 65 |
BC |
Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
66. |
Trádáil i gcoiréalaigh chlochacha |
|
|
|
||
|
|
66.1 |
Tuarascáil ón mBuanchoiste CoP20 Doic. 66.1 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 11.10 agus ar Rún Comhdhála 9.6. Rannpháirtíocht CA a mholadh maidir le Cinneadh 19.178 atá dírithe ar BC. A mholadh gur cheart machnamh a dhéanamh ag CoP20 ar aonad tuairiscithe breise a chur san áireamh chun an líon coiréalach beo aonair a ghabháil, ach freisin chun méid na gcoiréalach beo aonair a ghabháil. |
(+) |
|
|
|
66.2 |
Trádáil i gcoiréalaigh chlochacha a táirgeadh go héighnéasach CoP20 Doic. 66.2 |
An Astráil |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 11.10 (Ath. COP15), lena n-áirítear sainmhínithe nua ar choiréalach a táirgeadh go héighnéasach a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas. |
+ |
|
|
Díolúintí agus forálacha speisialta maidir leis an trádáil |
||||||
|
67. |
Athbhreithniú ar fhorálacha CITES a bhaineann le trádáil in eiseamail ainmhithe agus plandaí nach den fhiadhúlra iad |
|
|
|
||
|
|
67.1 |
Tuarascáil ón mBuanchoiste CoP20 Doic. 67.1 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
|
|
|
67.2 |
Breithnithe agus moltaí maidir le speicis uisceacha a thógáil COP 20 Doic. 67.2 |
Meicsiceo, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Tacú leis na dréachtchinntí. Mar sin féin, ba cheart raon feidhme na hoibre ar an tsaincheist sin a leathnú thar speicis uisceacha. |
(+) |
|
|
68. |
Athbhreithniú ar Rún Comhdhála 12.10 (Ath. CoP15) maidir le Clárú oibríochtaí lena ndéantar speicis ainmhithe i bhFoscríbhinn I a phórú i mbraighdeanas chun críoch tráchtála CoP20 Doic. 68 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 12.10 agus roinnt leasuithe á moladh ar mhaithe le soiléireacht agus chun léiriú níos fearr a thabhairt ar thorthaí an phlé a rinneadh ag BC agus ag CA. Tacú le scriosadh an chinnidh a cuireadh chun feidhme. |
(+) |
||
|
69. |
Treoir maidir leis an téarma ‘arna n-iomadú go saorga’ CoP20 Doic.69 |
CP |
Tacú le glacadh na gcinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
70. |
Deimhnithe fíteashláintíochta a úsáid mar dheimhnithe iomadaithe saorga CoP20 Doic. 70 |
Cathaoirleach BC i gcomhairle le Cathaoirleach CP agus leis an Rúnaíocht. |
Gan tacú leis ós rud é go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta, agus nach bhfuil aon údar le tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an ábhar. |
— |
||
|
Caomhnú agus trádáil speiceas |
||||||
|
71. |
Measúnú ar speicis atá liostaithe i bhFoscríbhinn I CoP20 Doic. 71 |
CA, CP |
Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
72. |
Faisnéis a shainaithint maidir le speicis atá i mbaol a ndíothaithe a ndéanann an trádáil idirnáisiúnta difear dóibh CoP20 Doic. 72 |
BC |
Tacú leis na cinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
73. |
Trádáil i speicis eindéimeacha CoP20 Doic. 73 |
An Bhrasaíl agus Eacuadór |
Gan tacú le dréachtchinntí 20.AA, 20.BB agus 20.CC arna moladh ag moltóirí. Má tá tacaíocht ghinearálta don staidéar i measc na bPáirtithe, d’fhéadfaí tacú le dréachtchinntí 20.BB agus 20.CC, arna n-athdhréachtú ag an Rúnaíocht (a athuimhrítear go 20.AA agus 20.BB faoi seach), ar choinníoll go ndéanfar iad a leasú a thuilleadh. Go háirithe, ba cheart do na leasuithe díriú ar raon feidhme an staidéir a chúngú chuig tionchar iarbhír na trádála ar speicis eindéimeacha agus a áirithiú go scrúdófar sa staidéar an t-éileamh agus an soláthar araon, lena n-áirítear cleachtais atá i bhfeidhm sna tíortha tionscnaimh. Ina theannta sin, ba cheart dúbláil le próisis eile, go háirithe maidir le cinneadh fála dlíthiúla (LAF) (mar atá i nDoiciméad 49), a sheachaint. |
(-) |
||
|
Fána |
||||||
|
74. |
Bultúir Iar-Afracacha (Accipitridae spp.) CoP20 Doic. 74 |
BC |
Tacú leis na cinntí athbhreithnithe. |
+ |
||
|
75. |
Amfaibiaigh (Amphibia spp.) a chaomhnú CoP20 Doic. 75 |
CA i gcomhairle le Cathaoirleach BC |
Tacú leis na cinntí, agus Cinneadh 20.BB (b) (tábla na bhfachtóirí coinbhéartachta a fhorbairt) a eisiamh, b’fhéidir, mar chinneadh nach bhfuil fíor-riachtanach. |
(+) |
||
|
76. |
Eilifintí (Elephantidae spp.) |
|
|
|
||
|
|
76.1 |
Cur chun feidhme Rún Comhdhála 10.10 (Ath. COP19) maidir le Trádáil in eiseamail eilifinte CoP20 Doic. 76.1 |
BC |
Tacú go ginearálta le formhór na moltaí sa doiciméad. A áirithiú, áfach, go ndéanfar ETIS a mhaoiniú go comhsheasmhach agus nach scriostar moladh 19.36 agus trí inbhuanaitheacht airgeadais agus oibríochtúil MIKE agus ETIS a chur san áireamh mar a fhoráiltear i Rún 10.10. |
(+) |
|
|
|
76.2 |
Gnéithe de Rún Comhdhála 10.10 (Ath. CoP19). maidir le dúnadh margaí intíre eabhair a chur chun feidhme CoP20 Doic. 76.2 |
An Aetóip, Buircíne Fasó, an Nígir agus an tSeineagáil |
Gan tacú leis na moltaí. Tá nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm cheana féin chun Páirtithe a shainaithint a ndéanann trádáil neamhdhleathach eabhair difear dóibh. Ina theannta sin, níl gá le dréachtchinneadh athbhreithnithe 18.118 atá beartaithe toisc go bhfuil sonraí ETIS le fáil ar líne agus go bhfuil rochtain ag na Páirtithe ar na comhiomláin cheana féin. Lena chois sin, is cosúil nach gcuirtear san áireamh sna cinntí a dhírítear chuig na Páirtithe ach na Páirtithe a d’fhreagair an Fógra ábhartha. An seasamh atá le breithniú i ndáil le doiciméid oibre 44 agus 76.1. |
— |
|
|
|
76.3 |
Stoic eabhair agus stoc-chairn eabhair CoP20 Doic. 76.3 |
An Aetóip, Buircíne Fasó, an Chéinia, an Nigéir, an Nígir, agus an tSeineagáil |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 10.10 chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na cinntí atá le glacadh faoi phointe 76.1 ar an gclár oibre. Cinntí 18.184-18.185 agus 19.156 a scriosadh toisc gur gá ualach oibre na Rúnaíochta agus na próisis agus an treoir maidir leis an Tuarascáil Bhliantúil ar an Trádáil Neamhdhleathach agus ETIS a chur san áireamh. |
(-) |
|
|
|
76.4 |
Tuarascáil ar an bhFaireachán ar Mharú Neamhdhleathach Eilifintí (MIKE) CoP20 Doic. 76.4 |
An Rúnaíocht |
Níl gá le haon chinneadh |
|
|
|
|
76.5 |
Tuarascáil ar an gCóras Faisnéise um Thrádáil Eilifintí (ETIS) CoP20 Doic. 76.5 |
|
Tacú leis na moltaí. Mar sin féin, déan cinnte de go leanfar leis an anailís ar líonra ETIS. 20.AA le scrios ós rud é go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh cheana féin ar an malartú idir an Tuarascáil Bhliantúil maidir le Trádáil Neamhdhleathach agus ETIS. |
(+) |
|
|
|
76.6 |
Torthaí an chruinnithe idirphlé maidir le heilifintí na hAfraice CoP20 Doic. 76.6 |
BC |
Tacú le scriosadh Chinntí 19.167 agus 19.168 agus fáilte a chur roimh thoradh an Chruinnithe Idirphlé. Tacú leis na cinntí agus atá comhaontaithe ag formhór na Stát raoin. A áirithiú go ndéanfar na cinntí maidir le pointí 44, 76.6 agus 76.7 ar an gclár oibre a ailíniú. |
(+) |
|
|
|
76.7 |
Maoiniú inbhuanaithe do chaomhnú agus do bhainistiú eilifintí na hAfraice CoP20 Doic. 76.7 |
An tSiombáib |
Tacú leis an togra má thacaíonn formhór na Stát raoin leis. A áirithiú go n-ailínítear an seasamh leis an seasamh i bpointe 76.6 ar an gclár oibre. |
(+) |
|
|
77. |
Cait mhóra na hÁise (Felidae spp.) |
|
|
|
||
|
|
77.1 |
Cur chun feidhme Rún Comhdhála 12.5 (Ath. CoP19) maidir le caomhnú tíogar agus trádáil i dtíogair mar aon le speicis eile de chait mhóra na hÁise atá faoi Fhoscríbhinn I CoP20 Doic. 77.1 |
An Rúnaíocht |
Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme nó atá á n-ionchorprú i ndoiciméad toraidh Thascfhórsa CITES um Chait Mhóra agus i Rún Comhdhála 12.5 (Ath. CoP 19). |
+ |
|
|
|
77.2 |
Cait mhóra na hÁise i mbraighdeanas CoP20 Doic. 77. 2 |
BC |
Tacú go ginearálta leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. Cur i gcoinne an mholta ó Rúnaíocht CITES cinneadh 14.69 a scriosadh. Leasuithe ar Chinneadh 20.AA a mholadh ionas nach n-eisiafar oibríochtaí pórúcháin níos lú roimh ré, agus ‘cláir’ a chur leis chun na gníomhaíochtaí pórúcháin caomhnaithe a shonrú ar bhealach níos fearr in 20.AA (a) agus go n-áireofar tagairt do ‘scrios conablach’ ag deireadh mhír 20.AA (f). Moladh a dhéanamh ar thagairt a chur isteach don chinneadh nua atá beartaithe maidir le trádáil neamhdhleathach i gcait mhóra (20.AA faoi CoP20 Doic. 41) chun doiciméad deiridh Thascfhórsa CITES um Chait Mhóra a chur chun feidhme ina iomláine. |
(+) |
|
|
78. |
Ápaí móra (Hominidae spp.) |
|
|
|
||
|
|
78.1 |
Tuarascáil ón mBuanchoiste CoP20 Doic. 78.1 |
BC |
Níl gá le haon chinneadh |
|
|
|
|
78.2 |
Caomhnú ápaí móra beo agus trádáil in ápaí móra beo CoP20 Doic. 78.2 |
Uganda |
Tacú leis na cinntí. |
+ |
|
|
79. |
Pangailiní (Manis spp.) |
|
|
|
||
|
|
79.1 |
Cur chun feidhme Rún Comhdhála 17.10 (Ath. COP19) maidir le Caomhnú pangailiní agus trádáil i bpangailiní CoP20 Doic. 79.1 |
|
Tacú le moladh (a) agus (c) ach féachaint an teanga i ndréachtchinntí i moladh (b) a neartú agus an gá atá le moltaí intomhaiste faoi cheangal ama a fhorbairt atá dírithe ar Pháirtithe sonracha e.g. i meitheal le linn seisiúin. |
(+) |
|
|
|
79.2 |
Tuarascáil ar Chinntí 18.238, 18.239 & 19.200 go 19.204 CoP20 Doic. 79.2 |
BC i gcomhairle le Cathaoirleach CA agus leis an Rúnaíocht |
Tacú le glacadh na gcinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
|
|
80. |
Leoin Afracacha (Panthera leo) COP20 Doic. 80 |
BC i gcomhairle le Cathaoirleach CA |
Tacú leis na cinntí athbhreithnithe; mar sin féin, leasuithe a mholadh ar chinntí ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir le sonraí an phobail atá as dáta nó bearnaí sonraí san ábhar sin. |
(+) |
||
|
81. |
Iaguair (Panthera onca) CoP20 Doic. 81 |
|
Doiciméad tacaíochta le mionleasuithe. |
(+) |
||
|
82. |
Treoir maidir le torthaí neamhdhíobhála le haghaidh trádáil i dtrófaithe seilge liopard (Panthera pardus) CoP20 Doic. 82 |
CA |
Tacú leis na cinntí athbhreithnithe; mar sin féin, tá gá le tuilleadh measúnaithe. Foclaíocht bhreise a mholadh chun tacú le comhroinnt faisnéise le tíortha allmhairiúcháin. |
(+) |
||
|
83. |
Trádáil agus bainistiú caomhnúcháin na n-éan ceoil (Passeriformes spp.) CoP20 Doic. 83 |
BC i gcomhairle le Cathaoirleach CA |
Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. Cinntí nua a mholadh chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach ar thorthaí na ceardlainne. |
(+) |
||
|
84. |
Srónbheannaigh (Rhinocerotidae spp.) CoP20 Doic. 84 |
|
Tacú le moltaí chun Cinneadh 18.116 a choinneáil. Tacú le glacadh na ndréachtchinntí maidir le srónbheannaigh. Tacú le scriosadh Chinntí 19.115 go 19.122. |
+ |
||
|
85. |
Antalóp saigeach (Saiga spp.) |
|
|
|
||
|
|
85.1 |
Tuarascáil ón Rúnaíocht CoP20 Doic. 85.1 |
An Rúnaíocht |
Tacú leis na cinntí. A mholadh go n-iarrfaí ar Stáit raoin agus ar Pháirtithe allmhairiúcháin faisnéis a chur ar fáil maidir leis an líon stoc-charn, méid na stoc-charn, agus bunáitíocht na n-eiseamal saiga atá i stoc-chairn. Ag brath ar ghlacadh thogra liostaithe 3, moltar Cinntí breise chun go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar thionchair na trádála ar phobal saiga agus ar na bearta rialaithe atá i bhfeidhm. |
(+) |
|
|
|
85.2 |
Doiciméid ón gCasacstáin agus ó Chónaidhm na Rúise CoP20 Doic. 85.2 |
An Chasacstáin agus Cónaidhm na Rúise |
Tacú leis an doiciméad. Mar sin féin, soiléiriú a lorg ón Rúnaíocht an mbeadh ualach oibre breise ar an Rúnaíocht mar thoradh ar an togra. |
(+) |
|
|
Speicis uisceacha |
||||||
|
86. |
Speicis uisceacha atá liostaithe i bhFoscríbhinní CITES CoP20 Doic. 86 |
BC |
Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
87. |
Eascanna (Anguilla spp.) CoP20 Doic. 87 |
BC |
Tacú le téacs an rúin, agus an tráth céanna féachaint na féidearthachtaí lena neartú a thuilleadh, go háirithe maidir leis na bearta forfheidhmiúcháin. Mar sin féin, ní féidir tacú le cinneadh 20DD (b) ‘scrúdú a dhéanamh ar roghanna lena n-éascaítear eascanna Eorpacha a thógtar sa dobharshaothrú agus eascanna fiáine Eorpacha i sonraí trádála CITES a aithint óna chéile’. |
(+) |
||
|
88. |
Siorcanna agus roic (Elasmobranchii spp.) |
|
|
|
||
|
|
88.1 |
Tuarascáil ón mBuanchoiste CoP20 Doic. 88.1 |
BC |
Tacú leis na cinntí agus leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 18.7. Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
|
|
|
88.2 |
Dréachtchinntí maidir le trádáil, caomhnú agus bainistiú ealásmabrainciach domhainmhara CoP20 Doic. 89.2 |
AE, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
Doiciméad a chuir an tAontas Eorpach isteach |
+ |
|
|
89. |
Capaill mhara (Hippocampus spp.) CoP20 Doic.89 |
BC i gcomhairle le Cathaoirleach CA |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh measúnaithe a luaithe a bheidh an chostáil ar fáil. |
(+) |
||
|
90. |
Caomhnú súmairí cladaigh agus trádáil i súmairí cladaigh (Holothuridae agus Stichopodidae) CoP20 Doic. 90 |
Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Tacú leis na dréachtchinntí |
+ |
||
|
91. |
An sliogán banríona (Strombus gigas) CoP20 Doic. 91 |
CA i gcomhairle le Cathaoirleach BC |
Tacú le hathnuachan na gcinntí. |
+ |
||
|
92. |
Éisc mhuirí ornáide CoP20 Doic. 92 |
CA |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
Flóra |
||||||
|
93. |
Tacsóin a tháirgeann agar-adhmad (Aquilaria spp. agus Gyrinops spp.) CoP20 Doic. 93 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 16.10 agus le scriosadh na gcinntí ábhartha a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
94. |
Crainn Boswellia (Boswellia spp.) CoP20 Doic. 94 |
An Coiste um Plandaí (CP) |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. Gan tacú le leasuithe cumaiscthe na Rúnaíochta ar dhréachtchinneadh 20.WW agus 20.XX chun an dréachtchinneadh seo a dhíriú chuig cruinniú de chuid Stáit Raoin Boswellia spp. Na dréachtchinntí mar atá siad nach bhfuil leasuithe na Rúnaíochta iontu, is iad an comhdhearcadh mionsonraithe ón bplé a rinneadh laistigh de mheitheal Boswellia agus seisiún iomlánach an Choiste um Plandaí, rud a d’fhág nárbh iad na Stáit Raoin amháin a bhí i láthair ag an gcruinniú. |
(+) |
||
|
95. |
Speicis crann rósadhmaid [Leguminosae (Fabaceae)] CoP20 Doic. 95 |
CP i gcomhairle le Cathaoirleach an Bhuanchoiste |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
96. |
Táirgí ina bhfuil eiseamail de mhagairlíní de chuid Fhoscríbhinn-II (Orchidaceae spp.) CoP20 Doic. 96 |
BC |
Molta go scriosfaí dréachtchinntí 20.BB (a) agus (b), 20.CC (a) agus 20DD (a). Tacú le scriosadh na gCinntí a cuireadh chun feidhme. |
(+) |
||
|
97. |
Crann Brasaíladhmaid (Paubrasilia echinata) CoP20 Doic. 97 |
An Rúnaíocht i gcomhairle le Cathaoirleach BC |
Tacú le glacadh na gcinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. D’fhéadfadh sé gur ghá an téacs a oiriúnú ag brath ar an gcinneadh ó Chomhdháil na bPáirtithe maidir le togra 46 a liostú. |
(+) |
||
|
98. |
Speicis crann Afracacha CoP20 Doic. 98 |
CP |
Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
99. |
Speicis crann nuathrópaiceacha CoP20 Doic. 99 |
CP |
Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
100. |
Trádáil i speicis plandaí leighis agus aramatacha CoP20 Doic. 100 |
BC |
Tacú leis na cinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
Fungais |
||||||
|
101. |
Réiteach a fháil ar chur chun feidhme chinneadh CoP12 a chuireann an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir le fungais (ceartú na gcrostagairtí sna dréachtchinntí) CoP20 Doic. 101 (Ath. 1) |
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
Tacú le glacadh na gcinntí. |
+ |
||
|
Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún |
||||||
|
102. |
I bhfianaise an chritéir ‘cosúlachta’, Iarscríbhinn 2B A a ghabhann le Rún Comhdhála 9.24 (Ath. COP17) maidir leis na Critéir chun Foscríbhinní I agus II a leasú COP10 Doic. 102 |
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
Gan tacú leis na cinntí a mholtar sa doiciméad. I gcás ina dtacaíonn tromlach soiléir de na páirtithe leis an togra, agus sa chás sin amháin, a mholadh ina ionad sin go bpléifeadh an Coiste um Ainmhithe agus an Coiste um Plandaí (CA agus CP) an tsaincheist, seachas tús a chur le próiseas chun treoirlíne a fhorbairt. |
— |
||
|
Nótaí mínithe |
||||||
|
103. |
Nótaí mínithe CoP20 Doic. 103 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 10.13, roinn na Léirmhínithe sna Foscríbhinní. Tacú leis an gcinneadh agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
104. |
Nóta mínithe #15 CoP20 Doic. 104 A3: Tuarascáil ar thionchar dhíolúintí CITES le haghaidh Dalbergia agus Guibourtia |
An Rúnaíocht i gcomhairle le Leas-Chathaoirleach BC |
Gan tacú le moladh (a) ná (b). Tacú le moladh (c) agus (d). Cuirtear an Nóta mínithe chun feidhme go gníomhach, cruthaítear go bhfuil sé éifeachtach agus tá tionchar íseal caomhnaithe ag na díolúintí. |
— |
||
|
105. |
Na himpleachtaí a bhaineann le speiceas a aistriú ó Fhoscríbhinn amháin go Foscríbhinn eile |
|
|
|
||
|
|
105.1. |
Tuarascáil ón Rúnaíocht arna iarraidh sin don Bhuanchoiste CoP20 Doic. 105.1 |
An Rúnaíocht arna iarraidh sin do BC |
Tacú le moladh faoi 11. (a) le cur leis an ‘DRÉACHT-TREOIRLÍNE’ in Iarscríbhinn 2 faoi mhír 15(b)(i) maidir leis na doiciméid is féidir a úsáid mar chruthúnas ar onnmhairiú. Tacú le Cinneadh 20.AA in Iarscríbhinn I ach roinnt leasuithe a dhéanamh air. Tacú le Scriosadh Chinneadh 18.151 (ath COP19). |
(+) |
|
|
|
105.2. |
Trádáil dhlíthiúil agus úsáid inbhuanaithe a éascú le linn tréimhsí aistrithe CoP20 Doic. 105.2 |
Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Gan tacú le leasuithe ar Rún 12.3 toisc nach féidir ceadanna réamhchoinbhinsiúin a eisiúint sula liostaítear speiceas, agus ní féidir ceadanna ná deimhnithe cúlghabhálacha a eisiúint sula liostaítear speiceas. Tacú le leasuithe ar Rún 13.6, agus é á thabhairt faoi deara ag an am céanna nach sainmhínítear coincheap na ‘fála iomarcaí’ agus go bhféadfadh sé nach mbeadh an teorannú sin i gcomhréir le dlíthe náisiúnta. |
(-) |
|
|
106. |
Córas faisnéise maidir le trádáil in eiseamail de speicis crann atá liostaithe ag CITES CoP20 Doic. 106 |
BC |
Tacú le scriosadh na gcinntí ábhartha a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
107. |
Sásra athbhreithnithe neamhfhoirmiúil ar nótaí mínithe atá ann cheana agus ar nótaí mínithe atá beartaithe CoP20 Doic. 107 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
108. |
Eiseamail magairlíní a dhíolmhaítear trí nóta mínithe #4g) CoP20 Doic. 108 |
BC |
Tacú leis na dréachtchinntí agus lipéadú soiléir á áitiú an tráth céanna. |
+ |
||
|
109. |
Nóta mínithe maidir le haló searbh (Aloe ferox) CoP20 Doic. 109 |
CP |
Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
Ábhair ainmníochta |
||||||
|
110. |
Ainmníocht chaighdeánach CoP20 Doic. 110 |
CA, CP |
Tacú go ginearálta le roinnt modhnuithe is gá le haghaidh ‘bulb genera’ agus chun ailíniú le cinntí eile a rinne Comhdháil na bPáirtithe. |
(+) |
||
|
111. |
Ainmníocht liostuithe atá faoi Fhoscríbhinn-III CoP20 Doic. 111 |
BC |
Tacú leis na leasuithe ar na Rúin agus le scriosadh na gcinntí. Iarratas soiléir ar an Rúnaíocht a chur isteach chun na Páirtithe a ndéanann na hathruithe difear dóibh a chur ar an eolas. |
(+) |
||
|
112. |
Liostuithe tacsóin níos airde sna Foscríbhinní CoP20 Doic. 112 |
An Rúnaíocht |
Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 12.11 agus le scriosadh na gcinntí ábhartha a cuireadh chun feidhme. |
+ |
||
|
113. |
Tacsanomaíocht agus ainmníocht eilifintí Afracacha (Loxodonta spp.) CoP20 Doic. 113 |
An Rúnaíocht arna iarraidh sin do BC |
Tacú leis na cinntí i moladh (b) agus le leasuithe ar Rún Comhdhála 10.10 agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. Maidir le moladh (a) tá gá le tuilleadh faisnéise; ba cheart tuairimí na Stát raoin a lorg. |
(+) |
||
|
Tograí chun na Foscríbhinní a leasú |
||||||
|
114. |
Tograí chun Foscríbhinní I agus II a leasú |
|
|
|
||
|
|
114.1 |
Measúnú na Rúnaíochta ar na tograí chun Foscríbhinní I agus II a leasú |
|
|
|
|
|
|
114.2 |
Barúlacha ó na Páirtithe |
|
|
|
|
|
|
114.3 |
Barúlacha ó na comhairlithe reachtúla |
|
|
|
|
2. Moltaí le haghaidh Liostú
|
Uimhir |
Tacsón / Mionsonraí |
Togra |
Togróir |
Barúlacha |
Seasamh |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
FÁNA - MAMMALIA |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
1. |
Damaliscus pygargus pygargus (Bantaboc) |
II – 0 Le scriosadh ó Fhoscríbhinn II |
An Afraic Theas |
Tacú leis an moladh Damaliscus pygargus pygargus a bhaint d’Fhoscríbhinní CITES toisc nach gcomhlíonann an speiceas na critéir le haghaidh Fhoscríbhinn II a thuilleadh. Mar sin féin, tugtha faoi deara, na bagairtí náisiúnta leanúnacha ar na speicis, ina measc sin an hibridiú, caillteanas na ngnáthóg agus an ilroinnt, agus moltar don Afraic Theas leanúint de bhearta ábhartha a neartú, lena n-áirítear plean bainistíochta meiteaphobail a fhorbairt. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
2. |
Gazella dorcas (Gasail Dorcas) |
0 – II Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II |
Beinin, Buircíne Fasó, Mailí, an Mháratáin, an Nigéir, an Nígir, an tSeineagáil, an tSúdáin, an Túinéis |
Tacú leis an togra má thacaíonn na stáit raoin is neamh-thacadóirí leis an togra freisin. |
(+) |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
3. |
Saiga tatarica (Antalóp Saigeach) |
An nóta mínithe a leasú tríd an bhfoclaíocht ‘cé is moite d’eiseamail ó phobal Antalóp saigeach na Casacstáine’ a chur isteach |
An Chasacstáin |
Aitheantas a thabhairt don chaomhnú rathúil agus don bhfás suntasach a tháinig ar phobal KZ agus comhaontú a dhéanamh i bprionsabal nach dócha go ndéanfaidh trádáil dea-rialáilte dochar don phobal. Mar sin féin, tá gá le coimircí breise chun a áirithiú go mbeidh an trádáil adharc inbhuanaithe, dea-bhainistithe agus nach ndéanfar eiseamail a fuarthas go neamhdhleathach ó phobail eile a sciúradh dá thoradh. Dá bhrí sin, ní féidir tacú leis an togra ach amháin má tá sé teoranta do dhíolachán aonuaire adharc atá stoc-charntha cheana féin agus marcáilte i gceart de thionscnamh na Casacstáine, ar choinníoll go bhfíoróidh an Rúnaíocht roimh ré, i gcomhairle leis an mBuanchoiste, go bhfuil sásraí rialaithe leordhóthanacha i bhfeidhm sa Chasacstáin, agus an rogha ann deireadh a chur leis an trádáil i gcás neamhchomhlíonadh nó tionchair dhíobhálacha chruthaithe na trádála ar phobail fhiáine. Ba cheart do na tíortha allmhairiúcháin sásraí rialaithe leordhóthanacha a chur i bhfeidhm freisin. Ceanglais tuairiscithe a chur leis trí chinntí breise in WD 85.1 chun measúnú a dhéanamh ar thionchair trádála ar na pobail fhiáine, lena n-áirítear tionchar ar phobail bheaga i stáit raoin eile Saiga borealis freisin, agus an bhfuil sásraí rialaithe sa Chasacstáin agus sna príomhthíortha tomhaltais láidir go leor chun sciúradh agus lúba ar lár sa trádáil neamhdhleathach a chosc. |
(-) |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
4. |
Giraffa camelopardalis (Sioráf) |
Pobail na hAfraice Theas, Angóla, na Botsuáine, Esuaitíní, na Maláive, Mhósaimbíc, na Namaibe, agus na Siombáibe a scriosadh ó Fhoscríbhinn II |
An Afraic Theas, an Namaib, Poblacht Aontaithe na Tansáine, an tSiombáib |
Léiríonn na pobail sna Stáit raoin atá ábhartha don togra treocht dhearfach agus ní mheastar go bhfuil siad faoi bhagairt ag an trádáil. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh faisnéise agus anailíse, go háirithe maidir le tionchar an togra ar fhorfheidhmiú an liostaithe do phobail eile. Ina theannta sin, ní mór na hathruithe a rinneadh le déanaí ar thacsanomaíocht an ghéinis a chur san áireamh. |
0 |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
5. |
Okapia johnstoni (Ócáipe) |
0 – I Le cuimsiú i bhFoscríbhinn I |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó |
Comhlíontar na critéir bhitheolaíocha. Ba cheart tuilleadh faisnéise faoi raon feidhme na trádála idirnáisiúnta a lorg ón tacadóir. |
(+) |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
6. |
Hyaena hyaena (Hiéana Stríocach) |
0 – I Le cuimsiú i bhFoscríbhinn I |
Iosrael, an Táidsíceastáin |
Ní léirítear leis an togra go gcomhlíonann an speiceas critéir liostaithe Fhoscríbhinn I. |
— |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
7. |
Arctocephalus townsendi (Rón Fionnaidh Guadalúip, Rón Fionnaidh Calafoirniach) |
I – II Le haistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II |
Meicsiceo, Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Léirítear leis an togra nach gcomhlíonann an speiceas critéir Fhoscríbhinn I a thuilleadh. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
8. |
Monachus tropicalis (Rón Manaigh Mhuir Chairib, Rón Manaigh na hIndia Thiar) |
I – 0 Le scriosadh ó Fhoscríbhinn I |
Meicsiceo, Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Léirítear leis an togra nach gcomhlíonann an speiceas critéir liostaithe CITES a thuilleadh. Tá an speiceas imithe in éag. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
9. |
Ceratotherium simum simum (Srónbheannach bán deisceartach) |
Leasú a dhéanamh ar nóta mínithe phobal Ceratotherium simum simum na Namaibe atá liostaithe i bhFoscríbhinn II chun trádáil idirnáisiúnta a cheadú sna nithe seo a leanas, agus chun na gcríoch sin amháin:
Measfar na heiseamail eile uile a bheith ina n-eiseamail de speicis a chuimsítear i bhFoscríbhinn I, agus is dá réir sin a dhéanfar an trádáil iontu a rialáil. |
An Namaib |
Níor cheart tacú leis an togra ach amháin má laghdaítear an raon feidhme go mór, go háirithe tríd an trádáil in adharc srónbheannaigh a eisiamh, agus má chuirtear coimircí breise leis maidir le trádáil in ainmhithe beo. Tá tacaíocht ag brath ar an bhfrása ‘Ainmhithe beo le haghaidh caomhnú in-situ amháin, agus laistigh de raon nádúrtha agus stairiúil Ceratotherium simum san Afraic amháin’, a thabhairt isteach arís. |
(-) |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
10. |
Diceros bicornis (Srónbheannach dubh) |
Pobal Diceros bicornis bicornis na Namaibe a aistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II leis an nóta mínithe seo a leanas: Chun trádáil a cheadú in adharc srónbheannaigh cláraithe, ina iomláine nó i bpíosaí faoi réir an mhéid seo a leanas, agus chun na gcríoch sin amháin:
Measfar na heiseamail eile uile a bheith ina n-eiseamail de speicis a chuimsítear i bhFoscríbhinn I, agus is dá réir sin a dhéanfar an trádáil iontu a rialáil. |
An Namaib |
Gan tacú leis an togra toisc go n-osclófaí an trádáil idirnáisiúnta in adharca srónbheannach mar thoradh air. |
— |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
11. |
Choloepus didactylus Choloepus hoffmanni (Spadán Déladhrach Hoffman, Spadán Déladhrach Hoffman) |
0 – II Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II |
An Bhrasaíl, Cósta Ríce, Panama |
Is cosúil nach gcomhlíontar na critéir maidir le liostú. Faisnéis bhreise iarrtha maidir le bearta cosanta náisiúnta agus méid na trádála idirnáisiúnta le Choloepus hoffmanni agus a thionchar ar phobail fhiáine. Má thacaíonn faisnéis bhreise le Choloepus hoffmanni a chur san áireamh i bhFoscríbhinn II, ba cheart Choloepus didactylus a chur san áireamh de réir Iarscríbhinn 2b a ghabhann le Rún Comhdhála 9.24 (Ath. COP17). |
0 |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
12. |
Cercocebus chrysogaster (Mangabaí an bhoilg bhuí) |
II – I Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó |
Léirítear leis an togra nach gcomhlíonann an speiceas critéir Fhoscríbhinn I. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
13. |
Loxodonta africana (Eilifint Afracach) |
Chun cead a thabhairt don Namaib trádáil a dhéanamh i stoic chláraithe eabhair amh (starrfhiacla iomlána agus píosaí) de thionscnamh na Namaibe, ar le Rialtas Phoblacht na Namaibe iad, chun críoch tráchtála le comhpháirtithe trádála a bhfuil sé fíoraithe ag Rúnaíocht CITES go bhfuil reachtaíocht náisiúnta leordhóthanach agus rialuithe trádála intíre leordhóthanacha acu. Áirithítear leis sin nach ndéanfar eabhar a allmhairítear ón Namaib a athonnmhairiú agus go mbainisteofar é de réir cheanglais uile Rún Comhdhála 10.10 maidir le monaraíocht agus trádáil intíre. Thairis sin, chun é a chur ar a cumas don Namaib stádas iomlán mar Fhoscríbhinn II a bhaint amach dá heilifintí, dá bhforáiltear in Airteagal IV den Choinbhinsiún, agus ar an gcaoi sin trádáil rialáilte agus dhlíthiúil táirgí eilifinte na Namaibe, lena n-áirítear eabhar, a cheadú. |
An Namaib |
Gan tacú leis an togra toisc go n-osclófaí an trádáil idirnáisiúnta in eabhar mar thoradh air. |
— |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
14. |
Loxodonta africana (Eilifint Afracach) |
Nóta mínithe A10 a bhaineann le pobail eilifinte na hAfraice Theas, na Botsuáine, na Namaibe, agus na Siombáibe a leasú chun na coinníollacha trádála in eilifintí Afracacha beo a chomhchuibhiú (léirítear téacs scriosta mar théacs a bhfuil líne tríd agus léirítear téacs atá le cur isteach mar théacs a bhfuil líne faoi): Ionas go bhféadfar an méid seo a leanas a dhéanamh, agus chun na críche sin amháin:
Má mholann an Rúnaíocht é, Féadfaidh an Buanchoiste a chinneadh go gcuirfear faoi deara go scoirfear den trádáil sin go páirteach nó go hiomlán i gcás neamhchomhlíonadh ag tíortha is onnmhaireoirí nó ag tíortha is allmhaireoirí nó i gcás ina gcruthaítear go bhfuil tionchair dhíobhálacha ag an trádáil ar phobail eile eilifinte. Measfar na heiseamail eile uile a bheith ina n-eiseamail de speicis a chuimsítear i bhFoscríbhinn I, agus is dá réir sin a dhéanfar an trádáil iontu a rialáil. |
An Bhotsuáin, Camarún, an Cósta Eabhair, an Namaib, an tSiombáib |
Tá an togra ar cheann de thorthaí Chruinniú Idirphlé CITES maidir le Stáit raoin eilifintí Afracacha a bhí ar siúl ón 23 go dtí an 26 Meán Fómhair 2024 sa Bhotsuáin. Tacú leis an togra má thacaíonn formhór na Stát raoin san Afraic leis. |
(+) |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
FÁNA – AVES |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
15. |
Bycanistes spp. Ceratogymna spp. |
0 – II Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II |
Camarún, an Congó, an Ghabúin, an Nígir, an Nigéir, an tSeineagáil, Siarra Leon, Tóga |
Comhlíonann an speiceas critéir Fhoscríbhinn II. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
16. |
Gyps africanus (Bultúr Droimgheal) Gyps rueppelli (Bultúr Ruppell) |
II – I Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I |
Beinin, an Bhurúin, Buircíne Fasó, Camarún, an Congó, an Ghaimbia, an Ghuine, an Nigéir, an Nígir, Sead, an tSeineagáil, Siarra Leon, Tóga |
Comhlíonann an speiceas critéir Fhoscríbhinn I. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
17. |
Falco peregrinus (Fabhcún Gorm, Seabhac Gorm, Seabhac Seilge) |
I – II Le haistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II |
Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Cé go léirítear sa phobal treocht atá ag dul i méid agus gur dócha go bhfanfaidh an chuid is mó den trádáil in eiseamail a phóraítear i mbraighdeanas, d’fhéadfadh éileamh méadaithe ar éin fhiáine a bheith mar thoradh ar íosliostú i bhFoscríbhinn II agus mar sin d’fhéadfadh sé na pobail san fhiántas a chur i mbaol. D’fhéadfaí tacú leis an togra má tá cuóta nialais le haghaidh onnmhairithe i gcás eiseamal fiáin a ghabhtar ag gabháil leis. |
(-) |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
18. |
Sporophila angolensis Sporophila atrirostris Sporophila crassirostris Sporophila sporophila Sporophila maximiliani Sporophila nuttingi (Glasán gobmhór) |
Sporophila maximiliani a chuimsiú i bhFoscríbhinn I agus Sporophila angolensis, Sporophila atrirostris, Sporophila crassirostris, Sporophila funerea agus Sporophila nuttingi a chuimsiú i bhFoscríbhinn II |
An Bhrasaíl |
Comhlíonann an speiceas na critéir liostaithe i bhFoscríbhinní I agus II, mar a mholtar faoi seach. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
FÁNA – REPTILIA |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
19. |
Caribicus warreni (Caribicus warreni) |
0 - I Le cuimsiú i bhFoscríbhinn I |
An Phoblacht Dhoiminiceach |
Liosta i bhfoscríbhinn II molta ina bhfuil cuóta nialasach agus iarrtha ar an bPoblacht Dhoiminiceach Caribicus anelpistus agus Caribicus darlingtoni a liostú i bhFoscríbhinn III. |
(+) |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
20. |
Phyllurus amnicola (Geiceo Duillearrach Astrálach, Geiceo Leathan-fháinlearrach) |
III - II Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II |
An Astráil |
Tacú leis an moladh ós cosúil go gcomhlíontar na critéir liostaithe. Eiseamail a póraíodh i mbraighdeanas is mó atá sa trádáil idirnáisiúnta. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
21. |
Phyllurus caudiannulatus (Geiceo Earrfháinneach) |
III - II Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II |
An Astráil |
Meastar go bhfuil an trádáil sa speiceas thar a bheith neamhchoitianta. |
0 |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
22. |
Amblyrhynchus spp. (Ioguána Mara, Ioguána Mara Oileáin Galápagos) |
II - I Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I |
Eacuadór |
Gan tacú leis toisc gur cosúil nach gcomhlíontar na critéir maidir le liostú. |
0 |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
23. |
Conolophus spp. (Ioguána Talún Oileáin Galápagos) |
II - I Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I |
Eacuadór |
Tacú leis an togra bunaithe ar chur chuige an réamhchúraim agus ar léiriú an éilimh idirnáisiúnta ar na speicis. |
(+) |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
24. |
Bitis harenna (Nathair Sléibhe na hAetóipe, Nathair Nimhe na hAetóipe) Bitis parviocula (Nathair Nimhe Shléibhte Bale) |
0 - I Le cuimsiú i bhFoscríbhinn I |
An Aetóip |
Tacú ós cosúil go gcomhlíontar na critéir bhitheolaíocha don dá speiceas. Is eol go bhfuil Bitis parviocula á dtrádáil, ach níl aon fhianaise shlán ann maidir le trádáil Bitis harenna. |
(+) |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
25. |
Crotalus spp. Sistrurus spp. |
0 - II Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II |
An Bholaiv (Stát Ilnáisiúnach na Bolaive), Meicsiceo |
Gan tacú leis an togra toisc nach léir an gcomhlíontar na critéir maidir le liostú le haghaidh Crotalus ravus agus Crotalus lepidus. D’fhéadfaí liostú i bhFoscríbhinn III a bheith ina chéad chéim iomchuí chun na patrúin trádála i leith nathracha sligreacha a thuiscint. |
— |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
26. |
Kinixys homeana (Kinixys homeana) |
II- I Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I |
Camarún, an Ghuine, an Nigéir, Tóga |
Tacú ós cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn I. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
FÁNA - AMPHIBIA |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
27. |
Pelophylax epeiroticus Pelophylax lessonae Pelophylax ridibundus Pelophylax shqipericus |
0 - II Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II (Bheadh moill 18 mí ar theacht i bhfeidhm dá gcuimseofaí i bhFoscríbhinn II é, i.e. go dtí an 5 Meitheamh 2027.) |
An tAontas Eorpach, Iosrael, an Mhacadóin Thuaidh |
Togra ón Aontas (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025) |
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
FAUNA – ELASMOBRANCHII (Siorcanna) |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
28. |
Carcharhinus longimanus (Siorc bán aigéanach) |
II - I Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I |
An Airgintín, an tAontas Eorpach, na Bahámaí, an Bhrasaíl, Eacuadór, Fidsí, an Ghabúin, Hondúras, an Liobáin, Oileáin Chomóra, Óman, Panama, an Phoblacht Dhoiminiceach, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Samó, an tSeineagáil, na Séiséil, Srí Lanca, an tSúdáin, Tóga |
Cómholtóir an Aontais (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025) |
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
29. |
Galeorhinus galeus (Gearrthóir, Calóg, Madra Gorm, Gobóg) Mustelus spp |
0 - II Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II |
An tAontas Eorpach, an Bhrasaíl, Eacuadór, Panama, an tSeineagáil |
Cómholtóir an Aontais (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025) |
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
30. |
Mobulidae spp. |
II - I Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I |
Na Bahámaí, an Bheilís, an Bhrasaíl, Eacuadór, Fidsí, an Ghabúin, Iamáice, Oileáin Chomóra, Oileáin Mhaildíve, Panama, an Phoblacht Dhoiminiceach, Samó, an tSeineagáil, na Séiséil, an tSúdáin, Tóga |
Tacú ós cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn I. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
31. |
Rhincodon typus (Míolsiorc) |
II – I Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I |
An Airgintín, na Bahámaí, an Bhanglaidéis, an Bheilís, Eacuadór, Fidsí, an Ghabúin, Oileáin Chomóra, Oileáin Mhaildíve, na hOileáin Fhilipíneacha, Panama, an Phoblacht Dhoiminiceach, Samó, an tSeineagáil, na Séiséil, Srí Lanca, Tóga |
Tacú ós cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn I agus bheadh an liostú ag teacht leis an gcosaint faoin gCoinbhinsiún maidir le Speicis Imirceacha. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
32. |
Glaucostegus spp. |
An nóta mínithe seo a leanas a chur isteach ‘Cuóta nialais bliantúil le haghaidh onnmhairiú eiseamal a gabhadh ón bhfiadhúlra a thrádáiltear chun críoch tráchtála’ |
An Bhanglaidéis, Beinin, an Bhrasaíl, an Bhurúin, Buircíne Fasó, Cabo Verde, an Congó, an Ghabúin, an Ghaimbia, an Ghuine, Guine Bissau, Oileáin Chomóra, Oileáin Mhaildíve, Mailí, an Nigéir, an Nígir, Panama, Poblacht na hAfraice Láir, Siarra Leon, an tSúdáin, Tóga |
Tá údar cuí le cuóta nialais le haghaidh onnmhairithe a bhunú i bhfianaise an laghdaithe ar an speiceas. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
33. |
Rhinidae spp. (Éisc Dinge) |
An nóta mínithe seo a leanas a chur isteach ‘Cuóta nialais bliantúil le haghaidh onnmhairiú eiseamal a gabhadh ón bhfiadhúlra a thrádáiltear chun críoch tráchtála’ |
Beinin, an Bhanglaidéis, an Bhrasaíl, Buircíne Fasó, an Bhurúin, an Congó, an Ghabúin, an Ghaimbia, an Ghuine, Guine Bissau, Mailí, an Nigéir, an Nígir, Oileáin Chomóra, Oileáin Mhaildíve, Panama, Poblacht na hAfraice Láir, an tSeineagáil, Siarra Leon, an tSúdáin, Tóga |
Tá údar cuí le cuóta nialais le haghaidh onnmhairithe a bhunú i bhfianaise an laghdaithe ar an speiceas. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
34. |
Centrophoridae spp. |
Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II |
An tAontas Eorpach, an Bhrasaíl, Eacuadór, an Liobáin, an Nigéir, Oileáin Chomóra, Panama, an Phoblacht Dhoiminiceach, Poblacht Arabach na Siria, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, an tSeineagáil |
Togra ón Aontas (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025) |
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
FÁNA - ACTINOPTERI |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
35. |
Anguilla spp. |
0 – II Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II (Bheadh moill 18 mí ar theacht i bhfeidhm, i.e. go dtí an 5 Meitheamh 2027.) |
An tAontas Eorpach, Hondúras, Panama |
Togra ón Aontas (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025) |
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
FÁNA – HOLOTHUROIDEA |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
36. |
Actinopyga echinites Actinopyga lecanora Actinopyga mauritiana Actinopyga miliaris Actinopyga palauensis Vearnaisí Actinopyga |
0 - II Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II |
An tAontas Eorpach |
Togra ón Aontas (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025) |
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
37. |
Holothuria lessoni (Gaineamhiasc órga) |
0 – II Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II |
An tAontas Eorpach |
Togra ón Aontas (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025) |
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
FÁNA - Arthropoda |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
38. |
Acanthoscurria chacoana Acanthoscurria insubtilis Acanthoscurria musculosa Acanthoscurria theraphosoides Avicularia hirschii Avicularia rufa Avicularia avicularia Catumiri argentinense Cyriocosmus berate Cyriocosmus perezmilesi Grammostola rosea Hapalotremus albipes Holothele longipes Pamphobeteus antinous Umbyquyra acuminatum |
0 – II Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II |
An Airgintín, an Bholaiv (Stát Ilnáisiúnach na Bolaive), Panama |
Is cosúil nach gcomhlíonann an speiceas na critéir maidir le liostú. Dá liostódh na Stáit raoin cuid de na speicis i bhFoscríbhinn III, d’fhéadfaí an fhaisnéis is gá faoin trádáil in eiseamail fhiáine agus faoin tionchar a bhíonn aici a sholáthar |
(-) |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
FÁNA - MOLLUSCA |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
39. |
Haliotis midae (Cluas mhara na hAfraice Theas, Cluas Mhara Phéarlamónach) |
Pobal na hAfraice Theas a chuimsiú i bhFoscríbhinn II leis an nóta mínithe ‘eiseamail thriomaithe amháin’ |
An Afraic Theas |
Is cosúil go gcomhlíontar na critéir liostaithe. Mar sin féin, is cosúil nach bhfuil an togra i gcomhréir le téacs an Choinbhinsiúin. |
— |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
FLÓRA |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
40. |
Panax quinquefolius (Ginsing Mheiriceánach, fréamh ginsinge Meiriceánaí, Ginsing Cheanadach, Ginsing, sláinte na bhfear, Ginsing iartharach, caor dhearg, Sang, fréamh tartair) |
Leasú a dhéanamh ar nóta mínithe #3 chun táirgí críochnaithe atá pacáistithe agus atá réidh le haghaidh trádáil mhiondíola ar fhréamhacha tanaí slisnithe a dhíorthaítear ó phlandaí Panax quinquefolius a iomadaíodh go saorga |
Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Gan tacú leis an togra mar atá sé faoi láthair. D’fhéadfadh riosca méadaithe go ndéanfaí speicis fhiáine a sciúradh a bheith mar thoradh ar an leasú. Ní féidir an díolúine atá beartaithe a fhorfheidhmiú/a chur chun feidhme ach amháin má tá ceanglais lipéadaithe shoiléire ag gabháil léi lena léirítear an fhoinse ó iomadú saorga, nó doiciméadacht eile maidir leis an tionscnamh ó shaothrú. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an tAontas tacú leis an mbarúil ón Rúnaíocht ina measúnú in 114.1 de CoP20. |
(-) |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
41. |
Jubaea chilensis (Pailm Shileach) |
0 – I Le cuimsiú i bhFoscríbhinn I |
an tSile |
Tacú ós cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn I. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
42. |
Beaucarnea glassiana Beaucarnea hookeri (Pailm na dTrilseán, Crann lusa coise eilifint, Pailm na dTrilseán) |
Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II mar chuid de liostú an ghéinis Beaucarnea spp. |
An Eilvéis, Meicsiceo |
Tacú ós cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn II. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
43. |
Commiphora wightii (Deilliam Indiach) |
0 - II Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II |
An tAontas Eorpach |
Togra ón Aontas (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025) |
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
44. |
Euphorbia bupleurifolia (Spuirse chíocáide, spuirse chaoire péine) |
II - I Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I |
An Afraic Theas |
Tacú ós cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn I. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
45. |
Afzelia bipindensis (Doussié Rua) |
Pobail Chamarún, an Chongó, na Gabúine, na Guine Meánchiorclaí, Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus Phoblacht na hAfraice Láir, a scriosadh ó Fhoscríbhinn II |
An Bhurúin, Camarún, an Congó, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Poblacht na hAfraice Láir, an Ghabúin, an Ghuine Mheánchiorclach |
Leanann an speiceas de na critéir liostaithe d’Fhoscríbhinn II a chomhlíonadh. |
— |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
46. |
Paubrasilia echinata (Crann Brasaíladhmaid) |
II - I Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I |
An Bhrasaíl |
A aithint gur gá iarrachtaí caomhnaithe Paubrasilia a neartú, agus tábhacht Paubrasilia d’uirlisí ceoil á haithint ag an am céanna. Maidir le hábhair imní faoi stoc-chairn neamhchláraithe, d’fhéadfadh an tAontas a mholadh nach mór do na Páirtithe faisnéis nuashonraithe maidir le stoc-chairn náisiúnta a sheoladh chuig Rúnaíocht CITES roimh SC81 (deireadh 2026) nó COP21. Ní dócha go dtabharfaidh liostú i bhFoscríbhinn I, mar a moladh ar dtús, aghaidh ar na fadhbanna a sainaithníodh a bhaineann le trádáil neamhdhleathach. D’fhéadfadh sé tacú le réiteach laistigh d’Fhoscríbhinn II, agus rialuithe á neartú agus réiteach á chur ar fáil do cheoltóirí taistil ag an am céanna. Tá gá le tuilleadh oibre sula nglacfar togra, ina bhfuil gá le tuilleadh plé leis an tacadóir. |
0 |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
47. |
Pterocarpus soyauxii (Padúc Afracach) |
Pobail Angóla, Chamarún, an Chongó, na Gabúine, na Guine Meánchiorclaí, Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, Phoblacht na hAfraice Láir, a scriosadh ó Fhoscríbhinn II |
An Bhurúin, Camarún, an Congó, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Poblacht na hAfraice Láir, an Ghabúin, an Ghuine Mheánchiorclach |
Leanann an speiceas de na critéir liostaithe d’Fhoscríbhinn II a chomhlíonadh. |
— |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
48. |
Aloe bergeriana Aloe jeppeae Aloe subspicata Aloe welwitschii |
Liostú Aloe spp. i bhFoscríbhinn II a leasú chun na ceithre speiceas a chuimsiú a láimhseáladh roimhe sin sa ghéineas Chortolirion neamhliostaithe, ach a chuimsítear anois i roinn Aloe Chortolirion, is iad sin Aloe bergeriana, Aloe jeppeae, Aloe subspicata, agus Aloe Welwitschia |
An Afraic Theas, an Eilvéis, an tSiombáib |
Tacú ós cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn II. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
49. |
Podocarpus parlatorei (Podacarp Parlatore, Pino blanco) |
I – II Le haistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II |
An Airgintín |
Gan tacú mura gcuirtear na sonraí maidir leis an bpobal sa Bholaiv ar fáil. |
(-) |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
50. |
Avonia quinaria |
II – I Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I |
An Afraic Theas |
Tacú ós cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn I. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
51. |
Aloe ferox Euphorbia antisyphilitica |
Nóta mínithe #4 a leasú mar a leanas:
|
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
Tacú toisc go simplítear agus soiléirítear an nóta mínithe sa mhionleasú téacs gan an raon feidhme ná an bhrí a athrú. |
+ |
||||||||||||||||||||||||||||||
(1) Rún. = Rúnaíocht CITES
BC = An Buanchoiste
CA = An Coiste um Ainmhithe
CP = An Coiste um Plandaí
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2437/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)