|
13.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 136/108 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/736 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Bealtaine 2022
lena leasaítear Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a mhéid a bhaineann leis an tréimhse lamháltais i gcás rianta de ráib hibrideach Ms1xRf1 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ1-4), de ráib hibrideach Ms1xRf2 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ2-5) agus de ráib Topas 19/2 (ACS-BNØØ7-1), chomh maith lena gcuid táirgí díorthaithe
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3009)
(An téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 8(6) agus Airteagal 20(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinntí 2007/305/CE (2), 2007/306/CE (3) agus 2007/307/CE (4) ón gCoimisiún, leagtar síos na rialacha maidir le ráib hibrideach Ms1xRf1 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ1-4), ráib hibrideach Ms1xRf2 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ2-5) agus ráib Topas 19/2 (ACS-BNØØ7-1) faoi seach a aistarraingt ón margadh, chomh maith lena gcuid táirgí díorthaithe (“ábhar GM”). Glacadh na cinntí sin tar éis do shealbhóir an údaraithe, an chuideachta Bayer CropScience AG, a chur in iúl don Choimisiún nach raibh sé beartaithe aige iarratas a chur isteach ar athnuachan údarú an ábhair GM i gcomhréir le hAirteagal 8(4), an chéad fhomhír, Airteagal 11, Airteagal 20(4) agus Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(2) |
I ngach ceann de na trí chinneadh, foráladh maidir le hidirthréimhse thosaigh de 5 bliana a gceadófaí lena linn bia agus beatha ina bhfuil ábhar GM, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh i gcionmhaireacht nach airde ná 0,9 % agus ar choinníoll go mbeadh láithreacht an ábhair sin aidbhinteach nó dosheachanta go teicniúil. Ba é ba chuspóir don idirthréimhse a chur san áireamh go bhféadfadh mionrianta den ábhar GM sin a bheith i láthair, uaireanta, sna slabhraí bia agus beatha, fiú tar éis do Bayer CropScience AG stadadh de shíolta arna ndíorthú ó na horgánaigh ghéinmhodhnaithe a dhíol agus fiú dá nglacfaí gach beart chun láithreacht an ábhair GM a sheachaint. |
|
(3) |
Ina theannta sin, i gCinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE, leagadh amach sraith beart a bhí le déanamh ag Bayer CropScience AG chun a áirithiú go ndéanfaí aistarraingt éifeacht ón margadh ar an ábhar géinmhodhnaithe agus cuireadh oibleagáidí tuairiscithe ar an seolaí. |
|
(4) |
In ainneoin na mbeart a rinne Bayer CropScience AG chun láithreacht na n-orgánach géinmhodhnaithe a chosc i gcomhréir le Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE, aimsíodh mionrianta i dtráchtearraí ráibe. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/69/AE ón gCoimisiún (5), leasaíodh na trí chinneadh chun an idirthréimhse a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2016, agus laghdaíodh an láithreacht ábhair GM a raibh lamháltas ann ina leith i mbia agus i mbeatha go dtí 0,1 % de réir maischodáin. Rinneadh na trí chinneadh a leasú arís le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2268 ón gCoimisiún (6) chun an idirthréimhse a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2019 agus ansin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1562 ón gCoimisiún (7) chun an idirthréimhse a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2022. |
|
(5) |
Thairis sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1117 ón gCoimisiún (8), leasaíodh Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a mhéid a bhaineann leis an seolaí, ó Bayer CropScience AG go BASF SE. |
|
(6) |
I mí Dheireadh Fómhair 2021, thuairiscigh BASF Belgian Coordination Center CommV, ar brainse de BASF SE é, in ainneoin na mbeart a rinneadh, gur braitheadh mionrianta, i dtreocht a bhí ag laghdú a thuilleadh, i dtráchtearraí ráibe le blianta beaga anuas. D’fhéadfadh bitheolaíocht na ráibe míniú a thabhairt ar rianta den sórt sin a bheith fós i láthair, ós rud é gur féidir le síolta fanacht faoi shuan ar feadh tréimhsí fada, agus d’fhéadfadh na cleachtais feirmeoireachta a úsáideadh chun na síolta a shaothrú míniú eile a thabhairt mar go bhféadfadh sé gur tharla doirteadh timpisteach mar thoradh orthu, rud ba dheacair a leibhéal a mheas tráth a glacadh Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE, agus Cinntí Cur Chun Feidhme 2012/69/AE, (AE) 2016/2268 agus (AE) 2019/1562. |
|
(7) |
I bhfianaise an mhéid sin, is iomchuí an idirthréimhse a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2025 chun go bhféadfaidh na rianta atá fágtha de ráib Ms1xRf1, ráib Ms1xRf2 agus ráib Topas 19/2 sa bhiashlabhra agus sa slabhra beathaithe laghdú a thuilleadh. |
|
(8) |
Chun cuidiú a thuilleadh chun deireadh a chur leis an ábhar GM, is iomchuí freisin go leanfaidh BASF SE ar aghaidh ag cur chun feidhme an chláir inmheánaigh a cheanglaítear i gcomhréir le Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE agus ag bailiú sonraí maidir le láithreacht an ábhair sin i dtráchtearraí ráibe a allmhairítear isteach san Aontas ó Cheanada, an t-aon tír inar saothraíodh ráib Ms1xRf1, ráib Ms1xRf2 agus ráib Topas 19/2 chun críocha tráchtála. Ba cheart do BASF SE tuairisciú don Choimisiún maidir leis an dá ghné sin faoin 1 Eanáir 2025. |
|
(9) |
Ba cheart do BASF SE leanúint ar aghaidh ag áirithiú go bhfuil ábhair thagartha dheimhnithe fós ar fáil chun go mbeidh saotharlanna rialaithe ábalta a n-anailís a dhéanamh le linn na hidirthréimhse. |
|
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a leasú dá réir sin. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Chinneadh 2007/305/CE
Leasaítear Cinneadh 2007/305/CE mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1, an dara mír: “Faoin 1 Eanáir 2025, tuairisceoidh an seolaí don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an chláir sin agus maidir le láithreacht na n-orgánach géinmhodhnaithe sin sna lastais ráibe ó Cheanada a chuirtear chuig an Aontas.”; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2, mír 1: “1. Ábhar ina bhfuil ráib ACS-BNØØ4-7, ráib ACS-BNØØ1-4 agus an teaglaim hibrideach ráib ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ1-4, nó ábhar atá comhdhéanta díobh nó a tháirgtear astu, beidh lamháltas ann go dtí an 31 Nollaig 2025 maidir le láithreacht an ábhair sin i dtáirgí bia nó beatha faoina dtugtar fógra de réir Airteagal 8(1), pointe (a), agus Airteagal 20(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, ar choinníoll go bhfuil an láithreacht sin:
|
Airteagal 2
Leasuithe ar Chinneadh 2007/306/CE
Leasaítear Cinneadh 2007/306/CE mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1, an dara mír: “Faoin 1 Eanáir 2025, tuairisceoidh an seolaí don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an chláir seo agus maidir le láithreacht na n-orgánach géinmhodhnaithe sin sna lastais ráibe ó Cheanada a chuirtear chuig an Aontas.”; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2, mír 1: “1. Ábhar ina bhfuil ráib ACS-BNØØ4-7, ráib ACS-BNØØ2-5 agus an teaglaim hibrideach ráib ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ2-5, nó ábhar atá comhdhéanta díobh nó a tháirgtear astu, beidh lamháltas ann go dtí an 31 Nollaig 2025 maidir le láithreacht an ábhair sin i dtáirgí bia nó beatha faoina dtugtar fógra de réir Airteagal 8(1), pointe (a), agus Airteagal 20(1) pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, ar choinníoll go bhfuil an láithreacht sin:
|
Airteagal 3
Leasuithe ar Chinneadh 2007/307/CE
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1, mír 1 agus mír 2, de Chinneadh 2007/307/CE:
“1. Cuirfidh an seolaí clár inmheánach chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar aistarraingt éifeachtach ón margadh ar ráib ACS-BNØØ7-1 le linn an phóraithe agus le linn an táirgthe síolta agus baileoidh sé sonraí maidir le láithreacht an orgánaigh ghéinmhodhnaithe sin sna lastais ráibe a chuirtear chuig an Aontas ó Cheanada.
‘Faoin 1 Eanáir 2025, tuairisceoidh an seolaí don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an chláir sin agus maidir le láithreacht na n-orgánach géinmhodhnaithe sin sna lastais ráibe ó Cheanada a chuirtear chuig an Aontas.
2. Ábhar ina bhfuil ráib ACS-BNØØ7-1, nó ábhar atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti, beidh lamháltas ann go dtí an 31 Nollaig 2025 maidir le láithreacht an ábhair sin i dtáirgí bia nó beatha faoina dtugtar fógra de réir Airteagal 8(1), pointe (a), agus Airteagal 20(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, ar choinníoll go bhfuil an láithreacht sin:
|
(a) |
aidbhinteach nó dosheachanta go teicniúil; agus |
|
(b) |
i gcionmhaireacht nach airde ná 0,1 % de réir maischodáin.”. |
Airteagal 4
Modhnú na n-iontrálacha i gClár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe
Na hiontrálacha i gClár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe, dá bhforáiltear in Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, maidir le ráib ACS-BNØØ4-7, ráib ACS-BNØØ1-4 agus an teaglaim hibrideach ráib ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ1-4, ráib ACS-BNØØ4-7, ráib ACS-BNØØ2-5 agus an teaglaim hibrideach ráib ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ2-5, agus ráib ACS-BNØØ7-1, déanfaidh an Coimisiún na hiontrálacha sin a mhodhnú chun an Cinneadh seo a chur san áireamh.
Airteagal 5
Seolaí
Dírítear an Cinneadh seo chuig BASF SE, Carl-Bosch-Str. 38, 67063 Ludwigshafen, an Ghearmáin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.
(2) Cinneadh 2007/305/CE ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2007 maidir le ráib hibrideach Ms1xRf1 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ1-4) agus a cuid táirgí díorthaithe a aistarraingt ón margadh (IO L 117, 5.5.2007, lch. 17).
(3) Cinneadh 2007/306/CE ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2007 maidir le ráib hibrideach Ms1xRf2 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ2-5) agus a cuid táirgí díorthaithe a aistarraingt ón margadh (IO L 117, 5.5.2007, lch. 20).
(4) Cinneadh 2007/307/CE ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2007 maidir le ráib Topas 19/2 (ACS-BNØØ7-1) agus a cuid táirgí díorthaithe a aistarraingt ón margadh (IO L 117, 5.5.2007, lch. 23).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/69/AE ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2012 lena leasaítear Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a mhéid a bhaineann leis an tréimhse lamháltais i gcás rianta de ráib hibrideach Ms1xRf1 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ1-4), de ráib hibrideach Ms1xRf2 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ2-5) agus de ráib Topas 19/2 (ACS-BNØØ7-1), chomh maith lena gcuid táirgí díorthaithe (IO L 34, 7.2.2012, lch. 12).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2268 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a mhéid a bhaineann leis an tréimhse lamháltais i gcás rianta de ráib hibrideach Ms1×Rf1 (ACS-BNØØ4-7×ACS-BNØØ1-4), de ráib hibrideach Ms1×Rf2 (ACS- BNØØ4-7×ACS-BNØØ2-5) agus de ráib Topas 19/2 (ACS-BNØØ7-1), chomh maith lena gcuid táirgí díorthaithe (IO L 342, 16.12.2016, lch. 34).
(7) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1562 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a mhéid a bhaineann leis an tréimhse lamháltais i gcás rianta de ráib hibrideach Ms1×Rf1 (ACS-BNØØ4-7×ACS-BNØØ1-4), de ráib hibrideach Ms1×Rf2 (ACS-BNØØ4-7×ACS-BNØØ2-5) agus de ráib Topas 19/2 (ACS-BNØØ7-1), chomh maith lena gcuid táirgí díorthaithe (IO L 240, 18.9.2019, lch. 13).
(8) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1117 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2019 lena leasaítear Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a mhéid a mhéid a bhaineann le seolaí na gCinntí a athrú (IO L 176, 1.7.2019, lch. 59).