European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3728

17.9.2025

P9_TA(2024)0301

Rochtain na n-údarás inniúil ar chlárlanna láraithe cuntas bainc tríd an bpointe rochtana aonair

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rochtain na n-údarás inniúil ar chlárlanna láraithe cuntas bainc tríd an bpointe rochtana aonair (COM(2021)0429 – C9-0338/2021 – 2021/0244(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2025/3728)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0429),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 87(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0338/2021),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0004/2023),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


P9_TC1-COD(2021)0244

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1153 a mhéid a bhaineann le rochtain ag údaráis inniúla ar chlárlanna láraithe cuntas bainc tríd an gcóras idirnasctha agus agus trí bhearta teicniúla chun úsáid taifead idirbheart a éascú

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/1654.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3728/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)