|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/71 |
30.1.2026 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Pacáiste na dtíortha sábháilte
(COM (2025) 186)
(COM(2025) 259)
(C/2026/71)
Rapóirtéir ginearálta:
Pietro Vittorio BARBIERI|
Comhairleoir |
Lorenzo TAMBURRINI |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Comhairliúchán |
14 Iúil 2025 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
An rannóg atá freagrach |
Caidreamh Seachtrach |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
9.9.2025 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.10.2025 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
600 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
183/14/23 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is mór an sásamh do CESE a bhfuil ar siúl ag an gCoimisiún chun caighdeánú a dhéanamh ar na nósanna imeachta maidir le tíortha sábháilte a ainmniú. Faoi láthair, fágtar faoi chomhairle na mBallstát aonair iad, níl aon trédhearcacht ag roinnt leo agus ní lú mar atá maoirseacht fhornáisiúnta éifeachtach ar bith á déanamh orthu. |
|
1.2. |
I dtaca le hainmniú tíre ina tír ‘shábháilte’, cuireann CESE chun suntais go bhfuil tábhacht an-mhór leis sin a fhad a bhaineann le nósanna imeachta chun iarratais ar thearmann a scrúdú, ar an ábhar gur faoi nós imeachta brostaithe a scrúdaítear iarratas más ó thír a mheastar a bheith sábháilte a thagann an té a chuir an t-iarratas sin isteach. |
|
1.3. |
Má chuirtear nós imeachta brostaithe i bhfeidhm agus iarratas ar thearmann á scrúdú, is lú na coimircí nós imeachta a bheidh ann agus, i gcás ina ndiúltófar don iarratas, is féidir go n-aistreofar an t-iarratasóir ón gcríoch náisiúnta go dtí go gcuirfear achomharc isteach chuig an údarás breithiúnach. Tá an staid sin glan in earraid le prionsabal an non-refoulement, de bhun Airteagal 33 de Choinbhinsiún na Ginéive. |
|
1.4. |
I dtaca le hainmniú tíre ina tír shábháilte, is srian é sin ar an gceart chun tearmainn freisin toisc gur lú na coimircí nós imeachta a bheidh ann de dhroim na nósanna imeachta brostaithe a chuirfear i bhfeidhm agus toisc go gcuirfear an dualgas cruthúnais ar an iarrthóir tearmainn ar an toimhde gur tír shábháilte í an tír i gceist, rud a fhágann nach foláir don iarrthóir a mhalairt a chruthú má tá sé nó sí le cosaint idirnáisiúnta a fháil. |
|
1.5. |
Tá CESE den tuairim gur critéar treallach easnamhach é a bheith i dtaobh le ráta aitheantais 20 % ar leibhéal an Aontais (de bhun Airteagal 42(1)(j) agus Airteagal 42(3)(e) den Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn) chun an nós imeachta brostaithe agus an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm. |
|
1.6. |
Áitíonn CESE, ar bhonn na sonraí atá ar fáil faoi láthair ó fhoinsí institiúideacha agus ón tsochaí shibhialta araon, agus i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dá measfaí na tíortha atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le COM(2025) 186 (an Bhanglaidéis, an Cholóim, an Éigipt, an India, an Chosaiv (1) , Maracó, an Túinéis) ina dtíortha sábháilte, gur baol go ndiúltófaí an ceart chun tearmainn d’iarrthóirí ó na tíortha sin. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
D’fhonn tír thionscnaimh nó tír idirthurais a shainiú mar thír ‘shábháilte’, tá CESE láidir air nár cheart aon chás fíoraithe a bheith iontu maidir le sárú ar chearta an duine lena bhféadfaí cosaint idirnáisiúnta a dheonú don iarrthóir tearmainn faoi Choinbhinsiún na Ginéive. |
|
2.2. |
Creideann CESE go bhfágfar an córas tearmainn Eorpach gan díon gan chosaint nó go dtabharfar isteach maoirseacht fhornáisiúnta. |
|
2.3. |
Áitíonn CESE nach féidir tír a ainmniú ina tír ‘shábháilte’más ann d’eisceachtaí ‘neamhshábháilte’ sa tír sin freisin i dtaca le limistéir chríochacha faoi leith nó le catagóirí áirithe daoine. Is baol go dtiocfadh débhríocht agus discréid éagórach de na heisceachtaí sin nuair a bheadh measúnú á dhéanamh ar iarratais aonair ar thearmann, mar a leag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amach i mí Dheireadh Fómhair 2024. |
|
2.4. |
Dá bhrí sin, dá gceadófaí eisceachtaí den sórt sin, ba cheart iad a bheith ar fáil go poiblí do chách, a bheith ceangailteach ar na Ballstáit agus éigeantach dóibh, agus a bheith glactha go haonfhoirmeach ar an leibhéal Eorpach. |
|
2.5. |
An nós imeachta brostaithe féin atá i bhfeidhm, is amhlaidh a dhéanann sé leithcheal ar na daoine ar a bhfuil sé dírithe. Ba mhaith le CESE go ndéanfaí measúnú ar gach iarratas ar thearmann de réir amchlár iomchuí, trí bhíthin uirlisí iomchuí agus de dhroim measúnuithe críochnúla, d’fhonn cearta na n-iarrthóirí tearmainn a chosaint. |
|
2.6. |
Má ghlactar coincheap na tíre sábháilte, áitíonn CESE nár cheart a dhéanamh amhlaidh ar an ábhar go n-éascódh sé próiseáil thapa na n-iarratas ar thearmann toisc ‘gur dhócha’ nach mbeadh bunús leo (2). Tá dhá chúis leis sin, a haon, toisc gur baol nach ndéanfar ach breacmheasúnú ar na hiarratais má dhéantar an scrúdú féin ar luas, rud ab aimhleas do chearta éagsúla an iarrthóra, agus a dó, toisc go síleann CESE gur contúirteach agus neamhdhlisteanach an beart a bheith i dtaobh leis an dóchúlacht nach bhfuil bunús le hiarratas d’fhonn an cineál nós imeachta atá le glacadh a chinneadh. |
|
2.7. |
Cuireann CESE chun suntais go bhfuil an baol ann go dtiocfaidh méadú ar líon na náisiúnach eachtrannach gan doiciméid laistigh den Eoraip agus, ar an gcaoi sin, go méadófar an éiginnteacht sláinte, oibre agus tithíochta, agus méadú dá réir ar na scáthgheilleagair, dá nglacfaí liostaí débhríocha de thíortha sábháilte, agus go gcuirfí nósanna imeachta brostaithe i bhfeidhm sna cásanna sin, gan trácht ar an méadú a thiocfadh ar líon na ndiúltuithe éagóracha i dtaca le cosaint idirnáisiúnta a dheonú. |
3. Cúlra
|
3.1. |
D’fhéadfadh cóir dhifreáilte na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar fhorais náisiúntachta a bheith in earraid leis an toirmeasc ar chóir idirdhealaitheach a dhéanamh le dídeanaithe ar bhonn a dtíre tionscnaimh, rud a chumhdaítear in Airteagal 3 de Choinbhinsiún na Ginéive 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, mar a cuireadh in iúl roimhe seo i dtuairim REX/457 ó CESE (3). |
|
3.2. |
Mar a cuireadh in iúl cheana i dtuairim REX/457 ó CESE, ní féidir a mheas gur critéir leordhóthanacha iontu féin chun tír a chur ar liosta na dtíortha sábháilte iad creat reachtach náisiúnta a bheith ann chun cearta an duine a chosaint ná stádas tíre is iarrthóir ar aontachas leis an Aontas. |
|
3.3. |
De réir Threoir 2013/32/AE (4), meastar gur tír shábháilte an tír thionscnaimh i gcás inar féidir a léiriú go ginearálta agus go seasta, ar bhonn na staide dlíthiúla, chur i bhfeidhm an dlí laistigh de chóras daonlathach agus na gcúinsí polaitiúla ginearálta, nach ann do ghéarleanúint mar atá sin sainmhínithe in Airteagal 9 de Threoir 2011/95/AE (5), do chéasadh ná d’íde ná pionós atá mídhaonna nó táireach agus nach ann d’aon bhagairt mar gheall ar fhoréigean neamh-idirdhealaitheach i gcásanna coinbhleachta armtha idirnáisiúnta nó inmheánaí. |
|
3.4. |
Síleann CESE go gcuirfí feabhas ar an reachtaíocht maidir leis na dálaí is gá chun tíortha sábháilte a chinneadh dá scriosfaí na focail ‘go ginearálta’ agus ‘go seasta’ i dtaca le géarleanúint. |
|
3.5. |
An 4 Deireadh Fómhair 2024, le rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) lagaíodh go mór an tionchar a bheadh ag glacadh liostaí na dtíortha sábháilte. Maidir leis sin, shoiléirigh CBAE nach féidir tír a ainmniú ina tír shábháilte mura mbí an tír ar fad sábháilte, agus nach ceart eisceachtaí ó thoimhde na sábháilteachta a cheadú i gcás codanna áirithe de chríoch na tíre féin nó i gcás catagóirí áirithe daoine. |
|
3.6. |
Sa bhreithiúnas céanna, rialaigh CBAE, ag tagairt di do Threoir 2013/32/AE agus do Chairt um Chearta an Aontais Eorpaigh, nár cheart don chúirt náisiúnta a bheidh ag scrúdú achomharc i gcoinne cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta í féin a theorannú do na hargóintí a chuirfidh an t-iarratasóir chun cinn, ach nach foláir di a fhíorú uaithi féin an gcomhlíonann ainmniú na tíre ina tír shábháilte ceanglais dhlí an Aontais, trí athbhreithniú iomlán cothrom le dáta (ex nunc) a dhéanamh ar an gcinneadh atá faoi chonspóid. |
4. Anailís
|
4.1. |
Tá CESE den tuairim gur éalang ar na cleachtais maidir le hiarratais ar thearmann é nach ndéantar formhaoirseacht fhornáisiúnta ar na nósanna imeachta a ghlacann na Ballstáit chun tríú tíortha a ainmniú ina dtíortha sábháilte má chomhlíonann siad na caighdeáin a cheanglaítear le dlí an Aontais. |
|
4.2. |
Faoi láthair is é an t-aon oibleagáid atá ann na liostaí a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún; ní dhearna an Coimisiún idirghabháil riamh go nuige seo, áfach, óir is fearr leis an cúram a fhágáil faoi chomhairle na mBallstát. |
|
4.3. |
Níl na nósanna imeachta a úsáideann na Ballstáit chun tíortha sábháilte a ainmniú trédhearcach, agus ar an mórgóir tá nasc idir ainmniú tíre tionscnaimh ina tír shábháilte agus líon na n-iarrthóirí tearmainn a thagann ón tír sin (6) a bhféadfadh comhaontuithe um athligean isteach a bheith ann ina leith leis an tír óstach. |
|
4.4. |
Is féidir, mar sin, go ndifríonn na liostaí náisiúnta go mór agus go fada ó Bhallstát go chéile agus chinn go leor acu freisin gan aon liosta de thíortha sábháilte a ghlacadh. |
|
4.5. |
Is mian le CESE a chur in iúl, mar atá luaite i dtuairim REX/457 dá chuid, nach mbeidh comhchuibhiú níos fearr ann más amhlaidh a ghlactar liosta coiteann de thíortha tionscnaimh sábháilte, ar an ábhar go mbeidh an liosta coiteann sin i bhfeidhm bonn ar bhonn leis na liostaí náisiúnta arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoi seach. |
|
4.6. |
Cé go gceadaítear le hAirteagal 59(2) agus le hAirteagal 61(2) faoi seach den Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn do na Ballstáit tríú tíortha agus tíortha tionscnaimh a ainmniú ina dtíortha sábháilte ach ‘eisceachtaí a bheith ann i gcás codanna sonracha dá gcríoch nó catagóirí daoine atá inaitheanta go soiléir’ , tá an baol ann, ina dhiaidh sin, nach gcuirfear eisceachtaí den sórt sin san áireamh, ós rud é gur faoi chomhairle iomlán na mBallstát atá. |
|
4.7. |
Ar a mhuin sin, ní shonraítear sa Rialachán na critéir chun eisceachtaí críochacha agus catagóirí daoine den sórt sin a chinneadh, rud a fhágann saoirse bhreise maidir le léirmhíniú ag an mBallstát i gceist nó ag oifigigh áitiúla aonair. |
|
4.8. |
Is rud iomlán treallach é ráta aitheantais 20 % ar leibhéal an Aontais a shocrú mar chritéar chun an nós imeachta brostaithe agus an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm, ní nach bhfuil aon bhonn eolaíoch leis. |
|
4.9. |
I gcás ina dtagann duine ó thír thionscnaimh nó ó thír idirthurais a mheastar a bheith sábháilte, fágann sin gurb acmhainn do na húdaráis riaracháin a bhfuil iarratais ar thearmann á scrúdú acu ar an gcéad dul síos an t-iarratas a dhiúltú gan substaint an iarratais féin a scrúdú. |
|
4.10. |
Tá an próiseas iomlán, ar a n-áirítear an fhéidearthacht achomharc a dhéanamh os comhair cúirte ar chinneadh a rinne an t-údarás riaracháin iarratas a dhiúltú, faoi réir nós imeachta brostaithe lena gcuirtear srian ar cheart cosanta an iarrthóra ar chosaint idirnáisiúnta más ó thír shábháilte é nó í. |
An Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2025.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Séamus BOLAND
(1) Tá an t-ainmniú sin gan dochar do sheasaimh maidir le stádas agus tá sé i gcomhréir le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le Dearbhú Neamhspleáchais na Cosaive.
(2) COM(2025) 186 final. lch. 2.
(3) Liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh a bhunú.
(4) Treoir 2013/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coitianta chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (athmhúnlú) ( IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).
(5) Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, agus inneachar na cosanta a thugtar (athmhúnlú) ( IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).
(6) Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), Nollaig 2022.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/71/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)