European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/869

19.3.2024

TREOIR (AE) 2024/869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Márta 2024

lena leasaítear Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/24/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach agus le haghaidh dé-isicianáití

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2), pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leathnaíodh raon feidhme Threoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), chun substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh a chumhdach, lena n-áirítear luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha. Mar thoradh air sin, le Treoir 98/24/CE ón gComhairle (5), in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann léi, agus le Treoir 2004/37/CE, bunaítear an teorainnluach céanna um nochta ceirde agus an teorainnluach bitheolaíoch céanna le haghaidh luaidhe. Ní chuirtear san áireamh leis na teorainnluachanna sin na forbairtí eolaíocha agus teicniúla agus na torthaí is déanaí lenar féidir cosaint oibrithe a neartú ar an riosca a eascraíonn as nochtadh ceirde do luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha, ar substaint chontúirteach í atá tocsaineach don atáirgeadh, mar a dhearbhaítear freisin leis na torthaí ó mheastóireacht ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17a(4) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle (6).

(2)

Tá sé tábhachtach go dtabharfadh na Ballstáit cosaint chomhionann do gach oibrí agus go n-éascóidís comhlíonadh na n-oibleagáidí a thugtar isteach leis an Treoir seo d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear micrifhiontair. Is minic acmhainní teoranta, idir acmhainní airgeadais, teicniúla agus daonna, a bheith ag na FBManna agus na micrifhiontair arb iad tromlach mór na bhfiontar san Aontas iad. Dá bhrí sin, i gcomhréir lena gcleachtas náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit éifeachtaí chur chun feidhme na Treorach seo ar FBManna agus ar mhicrifhiontair a chur san áireamh, lena n-áirítear aon chúraimí riaracháin a bhfuil ualach mór ag baint leo, ionas gur féidir leo, nuair is gá, a gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí a thugtar isteach leis an Treoir seo a éascú, mar shampla trí bhíthin cúnamh teicniúil nó tacaíocht airgeadais ó chistiú ábhartha ón Aontas.

(3)

De bhun Airteagal 1(3) de Threoir 98/24/CE, tá feidhm ag an Treoir sin maidir le carcanaiginí, só-ghineacha agus substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair gan dochar d’fhorálacha níos déine nó níos sonraí a leagtar amach i dTreoir 2004/37/CE. Dá bhrí sin, tá Airteagal 10(4) de Threoir 98/24/CE, lena bhforchuirtear ceanglais ar fhostóirí i gcomhthéacs faireachas sláinte ar oibrithe, gan dochar d’Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2004/37/CE, lena leagtar síos teorainnluachanna bitheolaíocha agus lena bhforáiltear d’fhaireachas sláinte maidir le luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha. Chun an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir leis na teorainnluachanna is infheidhme le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach, ba cheart na Treoracha sin a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le teorainnluach ceangailteach athbhreithnithe um nochta ceirde agus teorainnluach ceangailteach athbhreithnithe bitheolaíoch in Iarscríbhinní III agus IIIa a ghabhann le Treoir 2004/37/CE, mar aon le forálacha níos sonraí maidir le substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, amhail luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha. Dá bhrí sin, na forálacha sonracha lena socraítear an teorainnluach ábhartha um nochtadh ceirde in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/24/CE agus an teorainnluach ábhartha bitheolaíoch in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 98/24/CE, ba cheart iad a scriosadh.

(4)

Ba cheart teorainnluacha athbhreithnithe nua a leagan amach i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear fianaise eolaíoch agus sonraí teicniúla atá cothrom le dáta, agus ba cheart é sin a bheith bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar an tionchar socheacnamaíoch a bhíonn ag prótacail agus ag teicnící maidir le leibhéil nochta a thomhas agus ar na prótacail agus na teicnící sin a bheith ar fáil san ionad oibre.

(5)

I gcomhréir leis na moltaí ó Choiste Measúnaithe Riosca (RAC) na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH), is gnách go mbunaítear teorainnluachanna don nochtadh ionanálaithe i ndáil le tréimhse thagartha am-ualaithe 8 n-uair an chloig (teorainnluachanna nochta fhadtéarmaigh). I gcás substaintí áirithe, bunaítear teorainnluachanna freisin i ndáil le tréimhse thagartha níos giorra, den ghnáth tréimhse am-ualaithe 15 nóiméad (teorainnluachanna nochta ghearrthéarmaigh) chun na héifeachtaí a eascraíonn as nochtadh gearrthéarmach a theorannú a mhéid is féidir.

(6)

Tá an luaidhe agus a chomhdhúile neamhorgánacha ina bpríomhshubstaintí tocsaineacha don atáirgeadh ar bhonn ceirde a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar thorthúlacht agus ar fhorbairt an fhéatais araon agus a chomhlíonann na critéir maidir lena n-aicmiú mar thocsain atáirgthe de chatagóir 1A i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus, dá bhrí sin, is substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (ba), de Threoir 2004/37/CE.

(7)

De bhun Airteagal 16a de Threoir 2004/37/CE, tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle le sainaithint, ar bhonn na sonraí eolaíocha agus teicniúla atá ar fáil, sa cholún nodaireachta d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin cibé acu an substaint tairsí nó neamhthairsí í substaint atá tocsaineach don atáirgeadh. Léirítear le staidéir gurb í an luaidhe atá i gceist i dtimpeall leath den nochtadh ceirde uile do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh. Níl sé indéanta ar bhonn eolaíoch leibhéal nochta a shainaithint a mbeadh nochtadh don luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha slán faoina bhun ó thaobh fhorbairt sleachta oibrithe mná atá in aois clainne. Ba cheart, dá bhrí sin, nodaireacht mar ‘substaint neamhthairsí atá tocsaineach don atáirgeadh’ a chur isteach le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach agus ba cheart d’fhostóirí a áirithiú go laghdófar nochtadh ceirde na n-oibrithe do luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha go dtí an leibhéal is ísle is féidir go teicniúil.

(8)

Is bealaí ábhartha nochta isteach sa chorp daonna don luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha iad an nochtadh ó bhéal agus an nochtadh ionanálaithe. Agus na sonraí eolaíocha agus na torthaí nua is déanaí maidir le luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha á gcur san áireamh, is gá feabhas a chur ar an gcosaint a thugtar d’oibrithe a nochtar do riosca sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann, trí na teorainnluachanna bitheolaíocha agus na teorainnluachanna um nochta ceirde le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart teorainnluach bitheolaíoch athbhreithnithe 15 μg/100 ml fola a bhunú, agus teorainnluach nochta ceirde athbhreithnithe 0,03 mg/m3 mar mheán am-ualaithe 8 n-uair an chloig (TWA) ag gabháil leis.

(9)

D’fhéadfadh sé a bheith deacair laghdú suntasach sa teorainnluach bitheolaíoch go 15 μg Pb/100 ml fola a chomhlíonadh sa ghearrthéarma mar gheall ar an am is gá chun bearta bainistithe riosca a chur chun feidhme agus mar gheall ar oiriúnú costasach na bpróiseas táirgthe. Dá bhrí sin, ba cheart idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2028 a thabhairt isteach, ar lena linn a mbeidh feidhm ag teorainnluach bitheolaíoch 30 μg Pb/100 ml fola.

(10)

Ina theannta sin, chun an faireachas sláinte ar oibrithe a nochtar do luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha a neartú agus ar an gcaoi sin, rannchuidiú leis na bearta coisctheacha agus cosanta atá le déanamh ag fostóirí, is gá leasú a dhéanamh ar na ceanglais a bhfuil feidhm acu nuair a nochtar oibrithe do leibhéil áirithe luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha. Chuige sin, ba cheart faireachas leighis mionsonraithe a dhéanamh nuair is mó an nochtadh don luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha ná 0,015 mg/m3 san aer (50 % den teorainnluach um nochta ceirde) nó 9 μg/100 ml fola (60 % den teorainnluach bitheolaíoch).

(11)

Carnann an luaidhe sna cnámha agus scaoiltear go mall isteach sa chóras imshruthaithe í. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh leibhéal luaidhe san fhuil fanacht ard i bhfad tar éis an nochtadh don luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart faireachas leighis rialta a dhéanamh i gcás oibrithe a sáraíonn a leibhéal luaidhe san fhuil an teorainnluach bitheolaíoch atá i bhfeidhm mar gheall ar nochtadh a tharla roimh an 9 Aibreán 2026. Má shuitear gurb ann do threocht laghdaitheach i dtreo an teorainnluacha bhitheolaíoch atá i bhfeidhm, ba cheart cead a thabhairt do na hoibrithe sin leanúint de chúraimí a dhéanamh a mbaineann nochtadh don luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha leo.

(12)

Ba cheart bearta sonracha a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú riosca, lena n-áirítear bearta sláinteachais, úsáid trealaimh cosanta phearsanta agus faireachas sonrach sláinte lena gcuirtear cúinsí oibrithe aonair san áireamh. De bhreis ar bhearta coisctheacha teicniúla atá le déanamh ag fostóirí, is beart cosanta tábhachtach é an faireachas leighis d’oibrithe a nochtar do luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha. Faoi cheanglais ghinearálta Threoir 2004/37/CE, tá sé d’oibleagáid ar fhostóirí a áirithiú go ndéanfar substaint eile a chur in ionad na substainte nuair is féidir sin ar bhonn teicniúil, córais dhúnta a úsáid, nó an nochtadh a laghdú go dtí an leibhéal is ísle is féidir go teicniúil.

(13)

Ina theannta sin, sa tuairim uaidh an 24 Samhain 2021 maidir le luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha, mhol ACSH nár cheart leibhéal na luaidhe san fhuil i measc ban atá in aois clainne dul thar luachanna tagartha an phobail i gcoitinne nach nochtar do luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha ar bhonn ceirde sa Bhallstát ábhartha. Mhol RAC go n-úsáidfí treoirluach bitheolaíoch toisc nach raibh fianaise eolaíoch leordhóthanach ann chun treoirluach bitheolaíoch a shocrú do mhná in aois clainne. Sa tuairim uaidh an 11 Meitheamh 2020, tugann RAC moladh neamhcheangailteach mar a leanas: i gcás nach bhfuil na leibhéil tagartha náisiúnta ar fáil, níor cheart leibhéil luaidhe san fhuil i measc ban atá in aois clainne a bheith os cionn 4,5 μg Pb/100 ml fola toisc nach gcosnaíonn an teorainnluach bitheolaíoch le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach féatais ná sliocht ban atá in aois clainne.

(14)

Dá bhrí sin, agus ós rud é go bhfuil sé fíor-riachtanach nach gcaithfí go mífhabhrach le mná ar mhargadh an tsaothair mar thoradh ar chosaint sláinte agus sábháilteachta féatais nó shliocht oibrithe baineanna agus toisc nach dochar an Treoir seo do dhlí an Aontais maidir le cóir chomhionann idir fir agus mná, chomh maith le teorainnluachanna bitheolaíocha a leagan síos do gach oibrí, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Treoir seo maidir le faireachas leighis a dhéanamh i gcás oibrithe baineanna atá in aois clainne ar mó a leibhéal luaidhe san fhuil ná 4,5 μg Pb/100 ml fola nó ar mó é ná luach tagartha náisiúnta an phobail ghinearálta nach nochtar do luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha ar bhonn ceirde, más ann do luach den sórt sin, chun a gcás sonrach a chur san áireamh. Is táscaire é an luach 4,5 μg Pb/100 ml fola gurb ann don nochtadh ach ní táscaire é ó thaobh éifeachtaí inaitheanta díobhálacha sláinte a bheith ann. Dá bhrí sin, feidhmíonn an luach sin mar mharcóir táscach chun fostóirí a chur ar an eolas faoin ngá atá ann aird ar leith a thabhairt ar an riosca féideartha sonrach sin agus bearta a thabhairt isteach chun a áirithiú nach mbeidh éifeachtaí díobhálacha sláinte forbartha sna féatais ná i sliocht oibrithe baineanna mar thoradh ar aon nochtadh do luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha. Comhlánaítear leis an bhforáil sin na hoibleagáidí atá ann cheana maidir le measúnuithe rioscaí, faisnéis agus oiliúint, ar uirlisí tábhachtacha iad freisin chun na rioscaí a íoslaghdú.

(15)

Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún treoirlínte de chuid an Aontais a tharraingt suas maidir le faireachas sláinte, lena n-áirítear faireachán bitheolaíoch. Ba cheart na treoirlínte sin de chuid an Aontais a bheith dírithe, inter alia, ar chur chun feidhme fhorálacha Threoir 2004/37/CE maidir leis an leibhéal luaidhe san fhuil, agus aird á tabhairt ar imeacht mall luaidhe ón gcorp agus ar chur chun feidhme fhorálacha na Treorach sin maidir leis an leibhéal luaidhe san fhuil d’oibrithe baineanna atá in aois clainne chun a bhféatais agus a sliocht a chosaint.

(16)

Is minic nach ann do shonraí inchomparáide uile-Aontais maidir le fadhbanna sláinte a bhaineann leis an obair de bharr nochtadh do luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha, nó más ann dóibh is neamhiontaofa nó neamhleordhóthanach iad. Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh na Ballstáit de shonraí a bhailiú, go háirithe maidir le hoibrithe a bhfuil stair nochta don luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha acu agus oibrithe baineanna atá in aois clainne. Is é an Coimisiún is fearr atá in ann tacú leis na hiarrachtaí sin trí chúnamh teicniúil a chur ar fáil do bhailiú sonraí comhordaithe ó na Ballstáit. D’fhéadfaí na sonraí sin a úsáid i gcomhthéacs na meastóireachta ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17a(4) de Threoir 89/391/CEE.

(17)

Is íogróirí craicinn agus riospráide (asmaiginí) iad dé-isicianáití, a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha sláinte riospráide a bheith acu ar nós asma ceirde, íogrú isicianáite agus hipir-fhreagrúlacht bhroinceach, chomh maith le galar ceirde deirmeach. Chun leibhéal cosanta níos cuimsithí a áirithiú, is gá breithniú a dhéanamh ar chonairí ionsúcháin eile seachas ionanálú i gcás dé-isicianáití, lena n-áirítear éifeachtaí díobhálacha don tsláinte a d’fhéadfadh a bheith ann tar éis nochtadh don chraiceann san ionad oibre, a bhféadfadh éifeachtaí sistéamacha imdhíoneolaíocha a bheith mar thoradh orthu freisin, amhail íogrú na conaire riospráide. Ba cheart nodaireachtaí iomchuí le haghaidh dé-isicianáití a thabhairt isteach i dTreoir 98/24/CE. Leagtar síos ráitis bhreise maidir le substaintí guaiseacha agus meascáin ghuaiseacha i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Meastar gur oibreáin cheimiceacha ghuaiseacha de réir bhrí Airteagal 2, pointe (b), de Threoir 98/24/CE iad na dé-isicianáití agus, dá bhrí sin, tagann siad laistigh de raon feidhme na Treorach sin. Níl teorainnluach ceangailteach um nochtadh ceirde ná teorainnluach ceangailteach um nochtadh ceirde gearrthéarmach ann ar leibhéal an Aontais faoi láthair le haghaidh dé-isicianáití.

(18)

Ní féidir, ó thaobh na heolaíochta de, leibhéil a shainaithint nach mbeadh éifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte mar thoradh ar nochtadh do dhé-isicianáití faoina mbun. Ina ionad sin, is féidir an gaol idir nochtadh agus riosca a shuí, lena n-éascaítear teorann um nochtadh ceirde a shocrú trí leibhéal an riosca iomarcaigh a chur san áireamh. Mar thoradh air sin, ba cheart teorainnluachanna a bhunú le haghaidh na ndé-isicianáití uile chun an riosca a laghdú trí na leibhéil nochta a ísliú. Is féidir, dá bhrí sin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, teorainnluach fadtéarmach agus teorainnluach gearrthéarmach a shocrú le haghaidh an ghrúpa oibreán ceimiceach sin.

(19)

Dá bhrí sin, is iomchuí teorainn um nochtadh ceirde 6 μg NCO/m3 agus teorainn nochta ghearrthéarmaigh 12 μg NCO/m3 a bhunú do na dé-isicianáití go léir, ina dtagraíonn NCO d’fheidhmghrúpaí isicianáití de chuid comhdhúile na ndé-isicianáití, agus nodaireacht íograithe craicinn, deirmigh agus riospráide a shannadh dó. Tá an faireachas sláinte a dhéantar de bhun Airteagail 6(3) agus 10 de Threoir 98/24/CE tábhachtach chun luathchomharthaí agus luathshiomptóim íograithe riospráide a shainaithint.

(20)

Maidir le dé-isicianáití, d’fhéadfadh sé a bheith deacair teorainn um nochtadh ceirde 6 μg NCO/m3 a chomhlíonadh, agus teorainn nochta ghearrthéarmaigh ghaolmhar 12 μg NCO/m3 ag gabháil léi. Is é is cúis leis sin saincheisteanna maidir le hindéantacht theicniúil an tomhais agus an t-am is gá chun bearta bainistithe riosca a chur chun feidhme, go háirithe sna hearnálacha iartheachtacha amhail foirgníocht, deisiú feithiclí, deisiú ginearálta, nó monarú teicstílí, troscáin, mótarfheithiclí agus modhanna eile iompair, mar aon le monarú fearais tí, innealra agus ríomhairí. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag teorainn um nochta ceirde 10 μg NCO/m3 lena ngabhann teorainn nochta ghearrthéarmaigh ghaolmhar 20 μg NCO/m3 ar feadh idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2028.

(21)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le RAC a thug tuairimí ar luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach, agus ar dhé-isicianáití araon. Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá-chéim leis an lucht bainistíochta agus an lucht saothair ar leibhéal an Aontais freisin i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Chuaigh sé i gcomhairle freisin le ACSH, a ghlac, an 24 Samhain 2021, tuairim maidir le luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach agus tuairim maidir le dé-isicianáití, ina raibh moltaí le haghaidh nodaireachtaí iomchuí agus athbhreithniú ar na teorainnluachanna le haghaidh dé-isicianáití ag tosú in 2029. Is faoin gCoimisiún atá sé, tar éis dó dul i gcomhairle le ACSH, meastóireacht a dhéanamh an gá na teorainnluachanna ceangailteacha le haghaidh dé-isicianáití a mhodhnú.

(22)

Na teorainnluachanna a bhunaítear sa Treoir seo, ba cheart grinnscrúdú agus athbhreithniú a dhéanamh orthu go rialta chun an chomhsheasmhacht le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a áirithiú.

(23)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an teorainnluach um nochta ceirde agus ar na teorainnluachanna bitheolaíocha le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh i gcomhthéacs na chéad meastóireachta eile de bhun Airteagal 17a(4) de Threoir 89/391/CEE. Ar bhonn forbairtí san eolas, sa teicneolaíocht agus ar bhonn sonraí eolaíocha atá cothrom le dáta, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, a mholadh na teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach a leasú chun cosaint níos fearr a thabhairt do shláinte agus do shábháilteacht oibrithe.

(24)

Tá sé tábhachtach go leanfadh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta seanbhunaithe i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ceirde, dá chuid oibre ó thaobh nuashonruithe ábhartha a dhéanamh ar Threoir 2004/37/CE, agus an fhaisnéis eolaíoch atá ar fáil á cur san áireamh, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla a fhaightear de réir a chéile, chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint.

(25)

Tá sé cruthaithe gur féidir le suaitheadh inchríneach a bheith ina chúis le héifeachtaí díobhálacha sláinte áirithe i ndaoine, mar shampla fabhtanna breithe, neamhoird forbraíochta, atáirgthe nó néarfhorbartha, ailse, diaibéiteas agus murtall. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Chemicals Strategy for Sustainability — Towards a Toxic-Free Environment’ [Straitéis Ceimiceán don inbhuanaitheacht. I dtreo comhshaol atá saor ó thocsainí], leagtar béim ar a riachtanaí atá sé creat dlíthiúil cuimsitheach a bhunú chun a áirithiú go ndéanfar suaiteoirí inchríneacha a aithint go tráthúil agus go ndéanfar an nochtadh dóibh a íoslaghdú. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/707 ón gCoimisiún (9), leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 trí aicmí guaise agus ceanglais lipéadaithe a thabhairt isteach le haghaidh suaiteoirí inchríneacha agus na critéir eolaíocha chomhfhreagracha lena sainaithint, rud a rinne sainaithint na substaintí sin a éascú agus a chuidigh le bainistiú iomchuí riosca a dhéanamh ar nochtadh oibrithe do shuaiteoirí inchríneacha. I bhfianaise an mhéid sin, agus ar bhonn measúnú eolaíoch, inter alia, ba cheart don Choimisiún a mheas ar cheart suaiteoirí breise inchríneacha a mbíonn tionchar acu ar shláinte agus ar shábháilteacht oibrithe a áireamh i dTreoir 2004/37/CE.

(26)

Chun leibhéal cuimsitheach cosanta a áirithiú, is gá na héifeachtaí a bhaineann le nochtadh do theaglaim substaintí a chur san áireamh. San ionad oibre, is minic oibrithe a bheith á nochtadh do mhanglam substaintí guaiseacha, rud lenar féidir na rioscaí a mhéadú agus éifeachtaí díobhálacha sláinte a bheith mar thoradh air. I gcás nochtadh do theaglaim substaintí a bhfuil an modh gníomhaíochta céanna acu nó a dhíríonn ar na spriocorgáin, spriocfhíocháin nó sprioc-chealla céanna, ba cheart an riosca a mheasúnú ar bhonn na teaglama substaintí sin.

(27)

Maidir le táirgí íocshláinte guaiseacha áirithe, d’fhéadfadh substaint amháin nó níos mó a bheith iontu a chomhlíonann na critéir lena n-aicmiú mar charcanaigin de chatagóir 1A nó 1B, mar shó-ghineach de chatagóir 1A nó 1B) nó mar thocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1A nó 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus a thagann, dá bhrí sin, faoi raon feidhme Threoir 2004/37/CE. Tá sé tábhachtach áfach a áirithiú go mbeadh rochtain éasca ag oibrithe, fostaithe agus údaráis forfheidhmithe ar fhaisnéis shoiléir nuashonraithe faoi na critéir sin a bheith á gcomhlíonadh nó a mhalairt ag táirge íocshláinte. Chun aghaidh a thabhairt ar an saincheist sin, tá sainmhíniú agus liosta táscach de tháirgí íocshláinte guaiseacha nó de na substaintí atá iontu á bhforbairt agus á mbunú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 18a de Threoir 2004/37/CE. Chomh maith leis sin, an 28 Aibreán 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Treoraíocht maidir le bainistiú sábháilte táirgí íocshláinte guaiseacha ag an obair. Aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais maidir le táirgí íocshláinte guaiseacha sonracha, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar í tar éis dul i gcomhairle le ACSH agus tar éis an chomhairle eolaíoch atá ann cheana a chur san áireamh.

(28)

Tá baol ann go nochtfaí lucht múchta dóiteán agus pearsanra seirbhísí éigeandála do charcanaigin, do shó-ghineacha agus do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh le linn a gcuid oibre. Rinne an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nochtadh ceirde lucht múchta dóiteán a aicmiú mar nochtadh carcanaigineach. Le nochtadh ceirde lucht múchta dóiteán, áirítear réimse guaiseacha éagsúla ó dhóiteáin agus ó eachtraí eile nach iad. Féadann lucht múchta dóiteán a bheith á nochtadh do réimse an-leathan substaintí ceimiceacha aerbheirthe. Braitheann comhdhéanamh ceimiceach agus tiúchan aerbheirthe táirgí dócháin ar na cineálacha ábhair a bhíonn á ndó, fad an dóiteáin, agus na dálaí aerála. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfadh fostóirí lucht múchta dóiteán agus pearsanra seirbhísí éigeandála measúnú, i gcomhréir le Treoir 2004/37/CE, ar an riosca nochta do charcanaiginí, do shó-ghineacha agus do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, agus go ndéanfadh na fostóirí sin na bearta is gá chun sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe sin a chosaint.

(29)

Le tionscnaimh an Choimisiún, amhail an Comhaontú Glas don Eoraip, a seoladh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, agus tionscnamh na nAmhábhar Criticiúil, a seoladh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 dar teideal ‘Soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil chun tacú leis an dá aistriú’, déantar an fhorbairt inbhuanaithe agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn. Earnálacha amhail bailiú, sórtáil agus athbhunú dramhaíola, agus athnuachan fuinnimh, chomh maith le hearnáil na gceallraí, baineann tábhacht straitéiseach leo ó thaobh chuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach go mbainfí amach cothromaíocht idir cúrsaí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta. Trí theorainneacha ceangailteacha um nochtadh ceirde a achtú do charcanaiginí, do shó-ghineacha agus do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, tugtar cosaint níos fearr d’oibrithe ar dhíobháil agus tá siad in ann oibriú ar an mbealach is sábháilte is féidir, lena n-áirítear i dtionscail atá fíor-riachtanach d’aistriú inbhuanaithe agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais.

(30)

Aithnítear i Moladh Uimh. 204 ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, a glacadh an 12 Meitheamh 2015, gur dúshlán mór é an geilleagar neamhfhoirmiúil do chearta oibrithe, lena n-áirítear an ceart chun timpeallacht oibre shábháilte agus shláintiúil a bheith ag duine. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, dul i ngleic leis an ngeilleagar neamhfhoirmiúil.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht, lena n-áirítear rioscaí den sórt sin a chosc, a eascraíonn as nochtadh do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair, nó ar dócha go n-eascróidh siad as, a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar, agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(32)

Ba cheart, dá bhrí sin Treoracha 98/24/CE agus 2004/37/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 98/24/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo;

(2)

in Iarscríbhinn II, scriostar pointí 1, 1.1, 1.2 agus 1.3.

Airteagal 2

Leasaítear Treoir 2004/37/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

ciallaíonn ‘só-ghineach’:

(i)

substaint nó meascán a chomhlíonann na critéir lena haicmiú nó lena aicmiú mar shó-ghineach gaiméite de chatagóir 1A nó 1B a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;

(ii)

substaint, meascán nó próiseas dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo chomh maith le substaint nó meascán a scaoiltear trí phróiseas dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin;’;

(2)

leasaítear Airteagal 18a mar a leanas:

(a)

cuirtear uimhriú ó 1 go 7 ar na míreanna ón gcéad mhír go dtí an seachtú mír;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘8.   Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2024, tionscnóidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí an nochta do theaglaim substaintí d’fhonn treoirlínte de chuid an Aontais a ullmhú maidir leis i gcás inarb iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí is déanaí san fhaisnéis eolaíoch, tuairim ó Choiste Measúnaithe Riosca na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus an tuairim ó ACSH agus na dea-chleachtais sna Ballstáit, agus rachaidh sé i mbun comhairliúcháin iomchuí leis na páirtithe leasmhara ábhartha. Foilseofar na treoirlínte sin ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte (EU-OSHA) agus scaipfidh na húdaráis inniúla ábhartha iad sna Ballstáit uile.

9.   Tráth nach déanaí ná an 9 Aibreán 2026, cuirfidh an Coimisiún tús leis an nós imeachta chun measúnú eolaíoch a fháil ar shuaiteoirí inchríneacha a bhféadfadh éifeacht a bheith acu ar shláinte agus ar shábháilteacht oibrithe, d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar a iomchuí a bheadh sé iad a áireamh i raon feidhme na Treorach seo chun cosaint níos fearr a thabhairt do shláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ACSH, togra reachtach a thíolacadh.

10.   I gcomhthéacs a mheastóireachta de bhun Airteagal 17a(4) de Threoir 89/391/CEE, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 9 Aibreán 2029, measúnú ar na teorainnluachanna ceirde le haghaidh luaidhe agus a comhdhúil neamhorgánach. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún, agus na forbairtí is déanaí san eolaíocht á gcur san áireamh aige agus tar éis dó dul i gcomhairle le ACSH togra reachtach a thíolacadh chun na teorainnluachanna sin a leasú.

11.   Tráth nach déanaí ná an 9 Aibreán 2026, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle go hiomchuí leis na páirtithe leasmhara, treoirlínte de chuid an Aontais a tharraingt suas maidir le faireachas sláinte, lena n-áirítear faireachán bitheolaíoch. Áireofar sna treoirlínte sin comhairle maidir le cur chun feidhme forálacha maidir le leibhéal luaidhe san fhuil, ag cur san áireamh imeacht mall na luaidhe ón gcorp agus cosaint speisialta d’oibreoirí baineanna atá in aois clainne.

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena gcruthaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE, Treoir 93/67/CEE, Treoir 93/105/CE agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).’;"

(3)

leasaítear Iarscríbhinní I, III agus IIIa a ghabhann le Treoir 2004/37/CE i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 3

Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 9 Aibreán 2026. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar an tagairt sin.

Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 13 Márta 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Tuairim an 22 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Feabhra 2024.

(3)  Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh ag an obair do charcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh (an Séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).

(4)  Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh ag an obair do charcanaiginí nó do shó-ghineacha (IO L 88, 16.3.2022, lch. 1).

(5)  Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).

(6)  Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.)

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/707 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a mhéid a bhaineann le haicmí guaise agus critéir d’aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 93, 31.3.2023, lch. 7).


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/24/CE:

‘IARSCRÍBHINN I

LIOSTA NA dTEORAINNLUACHANNA CEANGAILTEACHA UM NOCHTADH CEIRDE

Ainm an oibreáin

Uimh. CE (1)

Uimh. CAS (2)

Teorainnluachanna

Nodaireacht

Bearta idirthréimhseacha

8 n-uair an chloig (3)

Gearrthéarmach (4)

μg/m3  (5)

ppm (6)

f/ml (7)

μg/m3  (5)

ppm (6)

f/ml (7)

Dé-isicianáití

(arna dtomhas mar NCO (10) )

 

 

6

 

 

12

 

 

Craiceann (8)

Íogrú deirmeach agus riospráide (9)

Beidh feidhm ag teorainnluach 10 μg NCO/m3 i ndáil le tréimhse thagartha 8 n-uair an chloig agus ag teorainnluach nochta ghearrthéarmaigh 20 μg NCO/m3 go dtí an 31 Nollaig 2028.

’.

(1)  Is í an uimhir CE, i.e., Einecs, ELINCS nó NLP, uimhir oifigiúil na substainte laistigh den Aontas Eorpach, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn VI, Cuid 1, Roinn 1.1.1.2, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

(2)  Uimh. CAS: Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán.

(3)  Arna thomhas nó arna ríomh i dtaca le tréimhse thagartha 8 n-uair an chloig am-ualaithe (TWA).

(4)  Teorainnluach nochta ghearrthéarmaigh (STEL). Teorainnluach nár cheart do nochtadh tarlú os a chionn agus a bhaineann le tréimhse 15 nóiméad mura sonrófar a mhalairt.

(5)  μg/m3 = micreagraim in aghaidh an mhéadair chiúbaigh aeir ag 20 °C agus 101,3 kPa (760 mm de bhrú mearcair).

(6)  ppm = codanna sa mhilliún de réir toirt san aer (ml/m3).

(7)  f/ml = snáithíní sa mhillilítear.

(8)  D’fhéadfadh sé go gcuirfí go suntasach le hualach iomlán an choirp trí nochtadh deirmeach.

(9)  D'fhéadfadh íogrú craicinn agus na conaire riospráide teacht as nochtadh don tsubstaint seo.

(10)  Tagraíonn NCO d’fheidhmghrúpaí isicianáití de chuid comhdhúile na ndé-isicianáití.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinní I, III agus IIIa a ghabhann le Treoir 2004/37/CE mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘ An liosta substaintí, meascán agus próiseas (Airteagal 2, pointí (a)(ii) agus (b)(ii)) ’;

(2)

in Iarscríbhinn III, pointe A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró a bhaineann le luaidhe neamhorgánach agus a comhdhúile:

‘Ainm an oibreáin

Uimh. CE (1)

Uimh. CAS (2)

Teorainnluachanna

Nodaireacht

Bearta idirthréimhseacha

8 n-uair an chloig (3)

Gearrthéarmach (4)

mg/m3  (5)

ppm (6)

f/ml (7)

mg/m3  (5)

ppm (6)

f/ml (7)

Luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha

 

 

0,03 (8)

 

 

 

 

 

Substaint neamhthairsí atá tocsaineach don atáirgeadh

 

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IIIa:

‘IARSCRÍBHINN IIIa

TEORAINNLUACHANNA BITHEOLAÍOCHA AGUS BEARTA FAIREACHAIS SLÁINTE (Airteagal 16(4))

Luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha

1.1.

Mar chuid den fhaireachán bitheolaíoch, ní mór an leibhéal luaidhe san fhuil (PbB) a thomhas trí speictriméadracht ionsúcháin nó trí mhodh eile lena dtugtar torthaí coibhéiseacha.

1.1.1

Go dtí an 31 Nollaig 2028, seo a leanas an teorainnluach bitheolaíoch ceangailteach:

30 μg Pb/100 ml fola

Maidir le hoibrithe a sáraíonn a leibhéal luaidhe san fhuil an teorainnluach bitheolaíoch 30 μg Pb/100 ml fola mar gheall ar nochtadh a tharla roimh an 9 Aibreán 2026, ach atá faoi bhun 70 μg Pb/100 ml fola, déantar faireachas leighis orthu ar bhonn rialta. Má shuitear gurb ann do threocht atá ag dul i laghad i dtreo theorainnluach 30 μg Pb/100 ml fola sna hoibrithe sin, féadfaidh an fostóir cead a thabhairt dóibh leanúint ar aghaidh le hobair lena mbaineann nochtadh do luaidhe.

1.1.2

Ón 1 Eanáir 2029, seo a leanas an teorainnluach bitheolaíoch ceangailteach:

15 μg Pb/100 ml fola (9)

Maidir le hoibrithe a sáraíonn a leibhéal luaidhe san fhuil an teorainnluach bitheolaíoch 15 μg Pb/100 ml fola mar gheall ar nochtadh a tharla roimh an 9 Aibreán 2026, ach atá faoi bhun 30 μg Pb/100 ml fola, déantar faireachas leighis orthu ar bhonn rialta. Má shuitear gurb ann do treocht atá ag dul i laghad i dtreo theorainnluach 15 μg Pb/100 ml fola sna hoibrithe sin, féadfaidh an fostóir cead a thabhairt dóibh leanúint ar aghaidh le hobair lena mbaineann nochtadh do luaidhe.

1.2.

Déantar faireachas leighis más amhlaidh gur airde an nochtadh do thiúchan luaidhe san aer ná 0,015 mg/m3, arna ríomh mar mheán am-ualaithe thar 40 uair an chloig in aghaidh na seachtaine, nó má dhéantar leibhéal luaidhe san fhuil níos airde ná 9 μg Pb/100 ml fola a thomhas in oibrithe aonair. Ba cheart faireachas leighis a dhéanamh freisin maidir le hoibrithe baineanna atá in aois clainne agus a bhfuil a leibhéal luaidhe san fhuil os cionn 4,5 μg Pb/100 ml fola nó luach tagartha náisiúnta an phobail ghinearálta nach mbíonn á nochtadh do luaidhe ar bhonn ceirde, más ann don luach sin.
.

(9)  Moltar nach sáródh an leibhéal luaidhe san fhuil i mná atá in aois clainne luachanna tagartha an phobail i gcoitinne nach nochtar do luaidhe ar bhonn ceirde sa Bhallstát lena mbaineann. Nuair nach mbíonn leibhéil tagartha náisiúnta ar fáil, moltar nach sáródh an leibhéil luaidhe san fhuil i mná atá in aois clainne an Treoirluach Bitheolaíochta 4.5 μg/100 ml."


(9)  Moltar nach sáródh an leibhéal luaidhe san fhuil i mná atá in aois clainne luachanna tagartha an phobail i gcoitinne nach nochtar do luaidhe ar bhonn ceirde sa Bhallstát lena mbaineann. Nuair nach mbíonn leibhéil tagartha náisiúnta ar fáil, moltar nach sáródh an leibhéil luaidhe san fhuil i mná atá in aois clainne an Treoirluach Bitheolaíochta 4.5 μg/100 ml.’


(1)  Is í uimhir CE, i.e., Einecs, ELINCS nó NLP, uimhir oifigiúil na substainte laistigh den Aontas Eorpach, faoi mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn VI, Cuid 1, Roinn 1.1.1.2, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

(2)  Uimh. CAS: Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán.

(3)  Arna thomhas nó arna ríomh i dtaca le tréimhse thagartha 8 n-uair an chloig am-ualaithe (TWA).

(4)  Teorainnluach nochta ghearrthéarmaigh (STEL). Teorainnluach nár cheart nochtadh tarlú os a chionn agus a bhaineann le tréimhse 15 nóiméad mura sonrófar a mhalairt.

(5)  mg/m3 = milleagram sa mhéadar ciúbach d'aer ag 20 °C agus 101,3 kPa (760 mm de bhrú mearcair).

(6)  ppm = codanna sa mhilliún de réir toirt san aer (ml/m3).

(7)  f/ml = snáithíní sa mhillilítear.

(8)  Codán in-ionanálaithe.’;


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/869/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)