|
7.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 200/1 |
CINNEADH (CBES) 2021/905 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Nollaig 2020
maidir le síniú agus tabhairt i gcrích, thar cheann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhme na Somáile maidir le stádas mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint a chur ar fhórsaí slándála na Somáile (EUTM Somalia) i bPoblacht Chónaidhme na Somáile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus (6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Feabhra 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/96/CBES (1), lena mbunaítear misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile (EUTM Somalia). |
|
(2) |
An 11 Eanáir 2013, dheimhnigh Príomh-Aire Rialtas Idirthréimhseach Cónaidhme Phoblacht na Somáile, i litir chuig an Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go mbeidh “na cearta agus na hoibleagáidí atá sa chomhaontú maidir le stádas misean Atalanta faoi stiúir AE arna thabhairt i gcrích an 31 Nollaig 2008 infheidhme freisin maidir le EUCAP Nestor, a phearsanra, áitreabh agus sócmhainní” agus thug sé údarás do “pearsanra EUTM an fórsa comhréireach is gá a úsáid”, lena n-áirítear “pearsanra, áitreabh agus sócmhainní an mhisin, mar aon le daoine atá i ngar do phearsanra an mhisin, a chosaint i gcoinne gníomhaíochtaí a chuirfeadh beatha na ndaoine sin i mbaol nó ar dócha go ndéanfadh na gníomhaíochtaí sin mórdhíobháil choirp dóibh.”. |
|
(3) |
An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1787 (2), lena gcuirtear síneadh le EUTM Somalia go dtí an 31 Nollaig 2020. |
|
(4) |
An 11 Samhain 2019, chinn an Chomhairle gur cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Poblacht Chónaidhme na Somáile maidir le stádas EUTM Somalia. |
|
(5) |
An 16 Iúil 2020, i gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéisigh chomhordaithe iomlánaíoch ar rannpháirtíocht an chomhbheartais slándála agus cosanta sa tSomáil agus i gCorn na hAfraice, chomhaontaigh an Coiste Pholaitiúil agus Slándála, go háirithe, gur cheart síneadh a chur le EUTM Somalia go dtí an 31 Nollaig 2022. |
|
(6) |
Tháinig an tAontas agus Poblacht Chónaidhme na Somáile ar chomhaontú, trí chaibidlíocht, maidir le stádas EUTM Somalia i bPoblacht Chónaidhme na Somáile. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i mionsaothrú agus cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí cosanta acu. Níl an Danmhairg rannpháirteach i gcur chun feidhme an Chinnidh seo agus, dá bhrí sin, ní ghlacann sí páirt i maoiniú an mhisin seo. |
|
(8) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhme na Somáile maidir le stádas mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint a chur ar fhórsaí slándála na Somáile (EUTM Somalia) i bPoblacht Chónaidhme na Somáile a fhormheas thar ceann an Aontais (3).
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú d’fhonn an tAontas a cheangal.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh 2010/96/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2010 maidir le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile (IO L 44, 19.2.2010, lch. 16).
(2) Cinneadh (CBES) 2018/1787 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 lena leasaítear agus lena gcuirtear síneadh le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile (IO L 293, 20.11.2018, lch. 9).
(3) Ní ann do théacs an Chomhaontaithe sa Ghaeilge.