|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/766 |
11.2.2025 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Beartais thionsclaíocha earnáilsonracha lena dtacaítear le huathriail straitéiseach níos fearr
(tuairim féintionscnaimh)
(C/2025/766)
Rapóirtéir:
Alain COHEURComhrapóirtéir:
Antonello PEZZINI|
Comhairleoir |
Giannino BERNABEI (thar ceann chomhrapóirtéir Chatagóir 1) |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
18.1.2024 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
An rannóg atá freagrach |
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
5.11.2024 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
4.12.2024 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
592 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
189/3/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Dála a rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i dtuairimí eile a d’eisigh sé roimhe seo, leagann sé béim air go bhfuil na rioscaí céanna ag bagairt ar earnálacha tionsclaíocha atá an-éagsúil le chéile. Bíodh is gur minic a thugtar na freagairtí céanna orthu, ba cheart do na freagairtí sin a bheith spriocdhírithe mar sin féin. Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach tosú arís, mar ábhar práinne, ar anailís agus measúnuithe dearcthaí a dhéanamh trí mheán gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta ionas gur féidir leis a bheith iomaíoch arís eile ar an leibhéal domhanda. |
|
1.2. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí spriocdhírithe a chur chun feidhme go pras chun tacú leis na hearnálacha straitéiseacha éagsúla amhail earnáil na gceimiceán agus na hearnálacha lena mbaineann, earnáil na miotalóireachta agus earnáil na cibearshlándála. |
|
1.3. |
Dar le CESE nach mór, agus margadh aonair Eorpach láidir á fhorbairt, neamhspleáchas níos fearr a baint amach a mhéid a bhaineann le spleáchais sheachtracha i slabhraí soláthair, próisis agus táirgí, sin agus an 450 milliún tomhaltóir atá sa mhargadh a stiúradh i dtreo táirgí Eorpacha trí chaighdeáin inbhuanaitheachta, chiorclaíochta agus loirg carbóin a shainiú. Ar an gcaoi sin, neartófaí dlisteanacht an mhargaidh aonair a thuilleadh fós. |
|
1.4. |
D’fhonn an meath tionsclaíoch a chomhrac, creideann CESE go bhfuil gá ag cuideachtaí le hinstitiúidí baincéireachta a thacaíonn leis an mbeartas tionsclaíoch atá fréamhaithe inár réigiúin, le hoibrithe ardoilte agus le hionaid acadúla a chuireann an nuálaíocht agus an taighde chun cinn chun poist na todhchaí a chruthú. |
|
1.5. |
I réimse na gceimiceán, leagann CESE béim ar an ngá atá ann cur le comhpháirtíochtaí chun nuálaíocht agus infheistíocht a spreagadh, chun tionscal na gceimiceán a athlonnú agus ionaid chinnteoireachta a bhunú san Eoraip, chun caighdeáin cháilíochta a chaighdeánú maidir le dramhaíl phlaisteach shórtáilte/réamhchóireáilte agus chun margadh tánaisteach aonair agus oscailte a bhunú chun soláthar leanúnach dramhaíola plaistí a áirithiú d’oibriú gléasraí athchúrsála ceimiceán. |
|
1.6. |
I réimse na cibearshlándála, chun dul i ngleic leis na bagairtí atá ann, molann CESE maoirseacht níos fearr agus leanúnach a chur i bhfeidhm, chomh maith le cláir um chúnamh teicniúil coisctheach a fhorbairt a mbeidh rochtain ag gach cuideachta orthu. |
|
1.7. |
Dar le CESE nach féidir glacadh le haon mheath eile ar an tionscal miotalóireachta, ós rud é go bhfuil an baol ann, dá dtarlódh a leithéid, go mbainfí an bonn go mór d’uathriail straitéiseach an Aontais, de na hearnálacha tionsclaíocha uile (iarnród, núicléach, muirí, spás, gluaisteáin, cosaint, etc.) agus, dá bhrí sin, de thodhchaí thionsclaíoch an Aontais. Níos mó ná riamh, tá Comhaontú Tionsclaíochta de dhíth ar an Eoraip chun tacú lena Comhaontú Glas agus lena Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach. Ní mór di freisin a comhghuaillíochtaí tionsclaíocha i dtionscal na miotalóireachta a neartú trí bhíthin tionscadail thábhachtacha ar mhaithe leis an leas coiteann agus trí ationsclú a dhéanamh ar chuid mhaith críoch atá tréigthe ar mhaithe le poist ardcháilíochta atá sáinnithe chun poist ardcháilíochta áitiúla a chruthú arís eile. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
I bhfianaise na mbuan-ghéarchéimeanna atá romhainn, tá sé tagtha chun solais nach mór don Eoraip dul i ngleic lena spleáchais straitéiseacha mar aon lena laigí struchtúracha. Ní bheifear in ann uathriail straitéiseach a bhaint amach ach amháin má fhanann agus má infheistíonn na príomhthionscail agus na tionscail straitéiseacha san Eoraip, lena n-áirítear iad siúd atá dian ar fhuinneamh agus ar uisce. |
|
2.2. |
Tá riachtanas nua eacnamaíoch agus oibríochtúil ag teacht chun cinn: an gá atá le dul i ngleic le neamhiontaofacht na líonraí domhandaithe agus le slabhraí soláthair a dhaingniú tuilleadh. D’éirigh le roinnt tríú tíortha teacht i dtír ar an gcomhthéacs geopholaitiúil agus slándála atá ag dul ó mhaith trí bhearta a thabhairt isteach chun monaplacht, nó gar di, a bhaint amach ó thaobh amhábhar de, agus sin trí fhóirdheontais ollmhóra ar an táirgeadh a thabhairt isteach a shaobhann an trádáil agus a chruthaíonn iomaíocht éagórach. |
|
2.3. |
Níos mó ná riamh, tá tomhaltóirí ag roghnú táirgí atá sláintiúil, inbhuanaithe agus áitiúil. Dá réir sin, is mó tóir atá ar an ngné áitiúil agus ar an inrianaitheacht, rud a thabharfadh cúis leis an táirgeadh a athlonnú go dtí an Eoraip. Tá príomhról ag earnálacha tionsclaíocha na hEorpa maidir le haistriú an gheilleagair. |
|
2.4. |
Leagtar béim sa tuairim féintionscnaimh seo ar a thábhachtaí atá earnálacha áirithe maidir leis an uathriail straitéiseach a bhaint amach agus tugtar léiriú ar an gcaoi ar féidir le beartais thionsclaíocha earnála tacú leis an iarracht sin. Tá an-chuid earnálacha ann a mbaineann an-tábhacht leo má tá an Eoraip chun bheith uathrialach. Chun cur leis an gcur chuige a leagadh amach sa tuairim I dtreo Eoraip níos athléimní, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe (1), dírítear sa tuairim seo ar earnálacha na gceimiceán, na cibearshlándála agus na miotalóireachta de réir an chur chuige iomlánaíoch a leagadh amach in Versailles agus in Granada, agus a pléadh arís i gcomhthéacs Dhearbhú Antuairp an 4 Márta 2024 (2). |
|
2.5. |
Is gá go mbeadh an deis againn, le plean gníomhaíochta tionsclaíoch, athmhachnamh a dhéanamh ar ár straitéisí tionsclaíocha earnála chun aghaidh a thabhairt ar na haistrithe atá le déanamh agus na dúshláin ar fad atá le sárú. Tá sé riachtanach an méid seo a dhéanamh dár dtionscail:
|
|
2.6. |
Chun gur féidir le cuideachtaí a bheith iomaíoch i gcónaí i gcomhthéacs nach bhfuil cothrom iomaíochta idir iad agus a n-iomaitheoirí i ndáiríre, b’iomchuí athbheocht a chur sa mhargadh aonair (mar a mholtar i dtuarascáil Letta agus i dtuarascáil Draghi), taighde agus nuálaíocht cheannródaíoch a chothú i réimsí amhail an intleacht shaorga, an teicneolaíocht chandamach, an bhith-theicneolaíocht, ardábhair agus na teicneolaíochtaí glan-nialasachta, sin agus na slabhraí soláthair agus líonraí iompair a fheabhsú agus an rochtain ar chreidmheas á héascú ag an am céanna. |
|
2.7. |
Tá na dúshláin ollmhóra sin ann tráth atá na cuideachtaí ag dul i ngleic leis an moilliú eacnamaíoch is measa a bhí ann le deich mbliana anuas, tráth atá laghdú tagtha ar an éileamh, méadú tagtha ar na costais táirgthe agus infheistíochtaí á n-atreorú chuig réigiúin eile. Níos mó ná riamh, tá géarghá ag cuideachtaí le soiléireacht, le hintuarthacht agus le muinín san Eoraip agus ina beartas tionsclaíoch earnáilsonrach. |
|
2.8. |
Ós ceannródaithe cuideachtaí na hEorpa ó thaobh an ghníomhaithe ar son na haeráide de, lena n-áirítear na cuideachtaí sin atá gníomhach in earnálacha straitéiseacha, d’fhéadfadh sé gur mó míbhuntáiste a bhainfí díobh ó thaobh an iomaíochais de toisc iad a bheith faoi réir caighdeáin chomhshaoil atá níos déine ná na caighdeáin sin atá ann le haghaidh gníomhaithe domhanda eile. Chun dul i ngleic leis sin, d’fhéadfaí cothrom iomaíochta a bhaint amach don earnáil thionsclaíoch in aghaidh a cuid iomaitheoirí ach bearta beartais a chur chun feidhme a d’fhéadfadh an riosca a laghdú go mbeadh sceitheadh carbóin ann agus, san am céanna, an bealach a réiteach i dtreo ceannaireacht theicneolaíoch thionsclaíoch. |
|
2.9. |
Leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, tá an deis ag an Aontas ceannaireacht a bhaint amach i réimse na n-earnálacha teicneolaíochta glaine atá ag teacht chun cinn. Spreagadh atá ann freisin tionscal an Aontais a nuachóiriú. Dhá dheis atá ann ná ceannaireacht theicneolaíoch a lorg i bhfuinneamh in-athnuaite atá tíosach ar uisce agus geilleagar níos ciorclaí a chur chun feidhme. |
3. Earnálacha tionsclaíocha athléimneacha agus iomaíocha
|
3.1. |
Is iad seo a leanas na dúshláin atá roimh earnálacha tionsclaíocha:
|
|
3.2. |
Ionas gur féidir leo an méid sin a dhéanamh, teastaíonn rochtain uathu ar institiúidí airgeadais a thacaíonn le beartais thionsclaíocha na hEorpa. Is ríthábhachtach go gcuirfidh an earnáil phríobháideach agus na bainc maoiniú ar fáil. D’ainneoin na leibhéal ard fiachais atá ann, chomh maith leis an mboilsciú, a chuireann teorainn leis an tsolúbthacht, ní mór don earnáil phoiblí leanúint de ról lárnach a bheith aici maidir leis an rochtain ar mhaoiniú. Lena chois sin, ba cheart leas a bhaint as acmhainní na hearnála príobháidí freisin, agus, i gcás inarb iomchuí, coigilteas teaghlaigh a chur chuig sócmhainní airgeadais níos brabúsaí. |
|
3.3. |
Ba cheart díriú ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ar chistí struchtúracha agus réigiúnacha chun bonneagair Eorpacha den chéad scoth a chomhtháthú agus a thógáil a luaithe is féidir – is é sin bonneagair fuinnimh, bonneagair dhigiteacha, bonneagair gabhála, úsáide agus stórála carbóin mar aon le bonneagair athchúrsála – ós rud é gur tionscadail thábhachtacha iad sin ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne. Ní mór an t-iompar trasteorann a dhíphlódú, forbairt a dhéanamh ar na gréasáin thras-Eorpacha agus deireadh a chur leis na bacainní atá ar cheadanna do thionscadail claochlaithe tionsclaíochta. |
|
3.4. |
Teastaíonn líon nach beag oibrithe oilte le haghaidh na gclaochluithe atá ar bun, oibrithe a n-éileofar iad a bheith níos oilte fós le himeacht aimsire. Mar sin féin, níl mórán oibrithe san Aontas atá oilte chun oibriú i réimse an fhuinnimh in-athnuaite agus an digitithe, bíonn leisce ar na hoibrithe sin in amanna a bheith soghluaiste agus bíonn ar fhostóirí déileáil le hiomaíocht ard ó earnálacha gníomhaíochta cóngaracha. Meastar go rachaidh an ganntanas saothair sin in olcas i gcás oibrithe agus bainisteoirí araon. Ag an am céanna, baineann idir dheiseanna agus dúshláin le forbairt na hintleachta saorga ar deacair iad a mheas: is fearr an intleacht shaorga ná an duine maidir le sonraí a bhailiú agus maidir le hanailís a dhéanamh orthu, agus fiú maidir le tascanna a bhaineann le dearadh. Tá réabhlóid thionsclaíoch nua buailte linn, réabhlóid a dteastaíonn creat cultúrtha nua agus scileanna nua di. Beidh na scileanna sin ríthábhachtach le haghaidh na bpost nua ardoilte a bheidh ann. |
|
3.5. |
Ba cheart na riachtanais a chuirtear in iúl ar leibhéal na hearnála a chur le chéile ionas gur féidir léargas comhdhlúite a fháil ar a bhfuil ag teastáil ó thaobh cáilíochtaí de, agus inbhéartú na pirimide aoise mar aon le hoibrithe atá ag teacht isteach nó ag imeacht ó mhargadh an tsaothair á gcur san áireamh. |
|
3.6. |
Ní mór don Choimisiún Eorpach staidéir iontaofa a dhéanamh sa chomhthéacs sin. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfaí idirghabhálacha sóisialta a chur i bhfeidhm chun go n-éireoidh leis na haistrithe sin, chun claochluithe dearfacha a bharrfheabhsú agus chun suaitheadh diúltach sa tsochaí a íoslaghdú. Ag an am céanna, ní mór ionaid barr feabhais a fhorbairt chun lucht saothair oilte a chinntiú. |
|
3.7. |
Tá géaraithe ar an iomaíocht ar fud an domhain le teacht chun cinn an gheilleagair nua, rud a thugann an deis dúinn leas níos mó a bhaint as acmhainneacht mhargadh aonair an Aontais, as an speisialú cliste agus as leathnú na nascachta agus na slabhraí luacha domhanda. Mar sin féin, baineann riosca leis an méid sin ar fad, riosca atá ag dul i méid, go n-úsáidfear spleáchais eacnamaíocha chun críoch geopholaitiúil agus go gcruthófar monaplachtaí domhanda an-chumhachtach. |
|
3.8. |
Ina fhianaise sin, ní mór athléimneacht shócmhainní eacnamaíocha straitéiseacha an Aontais a neartú trí chearta maoine intleachtúla agus bonneagar criticiúil a chosaint ar mhaithe le rialú seachtrach a sheachaint agus cumhacht eacnamaíoch a athchothromú agus, ar an gcaoi sin, úinéireacht a fháil an athuair ar shlabhraí soláthair cobhsaí slána. Ní mór don Aontas cur leis an acmhainneacht atá aige chun comhchuspóirí eacnamaíocha a leagan síos agus chun gníomhú ar bhonn uathrialach. |
|
3.9. |
Is gá iarrachtaí taidhleoireachta comhordaithe a dhéanamh chun a áirithiú gur iarracht dhomhanda a bheidh san aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe. Tá deis ollmhór ag an Aontas an talamh a sheasamh agus fanacht ar thús cadhnaíochta sa taidhleoireacht aeráide, ach sin amháin má fhanann sé ina cheann feadhna ar an aistriú inbhuanaithe agus má thacaíonn sé le gluaiseacht dhomhanda i leith athrú freagrach. |
4. Earnáil na gceimiceán agus na dtáirgí a bhaineann leis an tsláinte
|
4.1. |
Tá earnáil na gceimiceán ar cheann de na hearnálacha atá ríthábhachtach don uathriail straitéiseach agus san am céanna tá sí ar cheann díobh siúd is mó atá thíos leis an meathlú, agus sin toisc go bhfuil moilliú ar an ngeilleagar domhanda, go bhfuil na margaí áitiúla ag éirí níos lú agus go bhfuil cuid den iomaíochas á cailleadh mar gheall ar na praghsanna níos airde fuinnimh agus amhábhar san Eoraip. Níl ann ach na hearnálacha ceimiceán a bhaineann leis an tsláinte agus go háirithe leis an gcógaisíocht a bhfuil beart déanta acu ina leith sin. |
|
4.2. |
Ní foláir do tionscal na gceimiceán oibriú i dtreo na haeráidneodrachta, toisc go bhfuil príomhról aige sin chun gur féidir le roinnt mhaith earnálacha tionsclaíocha athruithe a bhainistiú. Ní mór don Aontas cothromaíocht a choinneáil idir a uaillmhianta comhshaoil agus iomaíochais, trína áirithiú gurb éifeachtach a reachtaíocht maidir le ceimiceáin agus go gcuirtear an nuálaíocht chun cinn léi agus go bhfuil cur chuige rioscabhunaithe á leanúint aige seachas cur chuige atá bunaithe ar thoirmisc leathana ar tháirgí, agus ‘bosca gainimh rialála’ á úsáid i gcás inar gá. |
|
4.3. |
Sa lá atá inniu ann, níl an athchúrsáil cheimiceach forbartha a dóthain, as siocair nach bhfuil creat reachtach iomchuí ann dó sin. Ba cheart leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na hathchúrsála ceimicí trí bhearta a thabhairt isteach a thacaíonn leis an nuálaíocht, trí chothrom iomaíochta a bhunú agus trí bhíthin slabhraí athchúrsála agus conairí soiléire chun plaistigh úsáide ‘a athshlánú’, i.e. plaistigh a dhéanfaí a onnmhairiú, a loscadh, a chur i líonadh talún nó a chur amú murach sin. |
|
4.4. |
Is gá go dtabharfaidh an tAontas rialacha isteach chun tacú leis an athchúrsáil cheimiceach mar réiteach comhlántach ar an athchúrsáil mheicniúil d’fhonn infheistíochtaí sna teicneolaíochtaí sin a mhealladh agus d’fhonn cuidiú le spriocanna an Aontais a bhaint amach maidir le hábhar athchúrsáilte. A bhuí le modh na maischothromaíochta, is féidir céatadán den chion breosla iontaise (neamh-inathnuaite) atá ann a ionadú, de réir a chéile, le táirgí ó acmhainní ciorclacha, rud atá ríthábhachtach. |
|
4.5. |
Chun diansaothrú agus úsáid iomlán na hathchúrsála ceimicí a áirithiú, is gá gníomhú i gcomhréir le treoirphrionsabail amhail na cinn seo a leanas:
|
|
4.6. |
Maidir le táirgí a bhaineann leis an tsláinte, tá ról ríthábhachtach ag an mbith-theicneolaíocht agus ag an mbithmhonaraíocht i dtionscal na gceimiceán agus cruthaíonn siad a lán deiseanna chun táirgí inbhuanaithe ardfheidhmíochta a fhorbairt, agus uathriail straitéiseach á feabhsú ag an am céanna (7). |
|
4.7. |
Ba cheart earnálacha na sláinte agus na cógaisíochta a spreagadh, lena n-áirítear trí Ghníomh uaillmhianach um Chógais Chriticiúla, le dul i ngleic le spleáchais Eorpacha agus lenár gceannasacht, ár n-athléimneacht agus ár n-acmhainneacht nuálaíochta agus táirgthe a neartú (8). |
5. Tionscal na cibearshlándála
|
5.1. |
Is cuid mhór den cheathrú réabhlóid thionsclaíoch (nó ‘Tionsclaíocht 4.0’) é idirlíon tionsclaíoch na rudaí nithiúla, ina n-ionchorpraítear an-chuid coincheap agus teicneolaíochtaí amhail an intleacht shaorga, an néalríomhaireacht agus fiú an réaltacht bhreisithe. Mar sin féin, níl sé sách cosanta agus tá sé fós deacair é a rialú. |
|
5.2. |
Sa réimse digiteach, taobh amuigh de thosaíochtaí caighdeánaithe na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide ar mhaithe leis an margadh aonair digiteach, aithnítear i Straitéis Dhigiteach an Aontais Eorpaigh, sa Straitéis Eorpach maidir le Sonraí agus sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga a thábhachtaí atá sé caighdeáin a chur ar bun le haghaidh na chéad ghlúine teicneolaíochta eile, agus tá straitéis um chaighdeánú curtha i bhfeidhm. |
|
5.3. |
Is féidir le roinnt úsáidí na hintleachta saorga a bheith ina mbagairt ar chearta na saoránach agus ar an daonlathas, cuir i gcás córais catagóirithe bhithmhéadraigh a úsáideann gnéithe íogaire, aisghabháil neamh-spriocdhírithe íomhánna d’aghaidheanna daoine ón idirlíon nó scannánaíocht físfhaireachais chun bunachair sonraí aghaidh-aitheanta a chruthú, mothúcháin a aithint san ionad oibre agus in institiúidí oideachais, an scóráil i dtaobh saoránach, nó córais intleachta saorga lena ndéantar iompraíocht an duine a chúbláil. Ina fhianaise sin ar fad, is gá maoirseacht mhéadaithe a dhéanamh ar bhonn leanúnach. |
|
5.4. |
Maidir leis an gcibearshlándáil, tá rioscaí agus bagairtí casta atá ag dul i méid roimh an Aontas. Chun aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt atá ann faoi láthair agus chun comhar feabhsaithe a chur chun cinn idir na Ballstáit, tá sé ríthábhachtach an comhordú a fhorbairt agus faisnéis a chomhroinnt maidir leis na hionsaithe a dhéantar, in ainneoin íogaireacht na faisnéise slándála náisiúnta. |
|
5.5. |
Ní mór do na Ballstáit measúnú riosca leanúnach a dhéanamh ar bhonneagair agus líonraí cumarsáide Eorpacha. Is gá roinnt mhaith bagairtí ar líonraí agus ar bhonneagair chumarsáide a shainaithint, amhail cuimilteoirí gaothscátha (bogearraí mailíseacha), ionsaithe bogearraí éirice, ionsaithe sa slabhra soláthair, ionsaithe fisiciúla, an tsabaitéireacht, etc. |
|
5.6. |
Tá idir dhúshláin agus rioscaí ag éirí as feidhmiú na sochaí faisnéise ar an leibhéal aonair, stáit agus trasnáisiúnta mar gheall ar an síorathrú, an anaithnideacht agus an easpa teorainneacha sa chibearspás. Bíonn rioscaí tromchúiseacha cibearshlándála roimh FBManna agus is minic nach n-éiríonn leo teacht slán as cibirionsaithe. Dá bhrí sin, ba cheart cláir um chúnamh teicniúil coisctheach a chur chun feidhme, ar féidir le gach cuideachta rochtain a fháil orthu. |
6. An mhiotalóireacht
|
6.1. |
Is sócmhainn í an mhiotalóireacht ar minic beag is fiú á dhéanamh di agus a bhfuil níos mó i gceist léi ná an táirgeadh cruach amháin. Go deimhin, teastaíonn an mhiotalóireacht le haghaidh cóimhiotail speisialta a úsáidtear in an-chuid tionscal, amhail an loingseoireacht, an leictreonaic, an earnáil tógála, an tionscal gluaisteáin, earnáil na dtraenacha ardluais agus an tionscal núicléach, gan trácht ar na húsáidí atá léi sa saol laethúil (cannaí alúmanaim, ríomhairí glúine agus tuilleadh eile). |
|
6.2. |
Maidir le hearnáil na cruach, caithfear a thabhairt faoi deara go bhfuil an-chuid ionaid chinnteoireachta ann nach bhfuil san Eoraip a thuilleadh, agus iad lonnaithe anois in áiteanna amhail an India, cé gur san Eoraip a dhéantar a lán den taighde ceannródaíoch go fóill. Is minic a chailltear scileanna miotalóireachta de bharr an fhaid gheografaigh agus intleachtúil idir ionaid chinnteoireachta, mhonaraíochta agus taighde. |
|
6.3. |
Ní beag an tionchar iarmhartach atá ag an méid sin, mar shampla tá an taighde ollscoile ag dul ar gcúl toisc an mhiotalóireacht a bheith á baint den churaclam, tá teagasc an ábhair á chreimeadh, tá tarraingteacht na ndisciplíní tionsclaíocha á milleadh, níl dóthain taighdeoirí agus innealtóirí ann, tá na poist ag éirí níos teirce, tá an pá ag laghdú agus tá an earnáil ag titim as a chéile, cé go bhfuil na riachtanais fós ann agus iad ag dul i méid i gcónaí. |
|
6.4. |
Dar le CESE nach féidir glacadh le haon mheath eile ar an tionscal miotalóireachta, ós rud é go bhfuil an baol ann, dá dtarlódh a leithéid, go mbainfí an bonn go mór d’uathriail straitéiseach an Aontais, de na hearnálacha tionsclaíocha uile (iarnród, núicléach, muirí, spás, gluaisteáin, cosaint, etc.) agus, dá bhrí sin, de thodhchaí thionsclaíoch an Aontais. |
|
6.5. |
Aithníonn CESE gur réitigh Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 an bealach do bheartas tionsclaíoch. Mar sin féin, cúig bliana níos déanaí, ní hamháin gur ann go fóill do na leochaileachtaí iomadúla a sainaithníodh an t-am sin, ach níl aon fheabhas tagtha orthu ach oiread. Anuas air sin, tá sé ag tógáil an-chuid ama na freagairtí struchtúracha a chur i bhfeidhm. Níos mó ná riamh, tá Comhaontú Tionsclaíochta de dhíth ar an Eoraip chun tacú lena Comhaontú Glas agus lena Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach. Ní mór di freisin a comhghuaillíochtaí tionsclaíocha i dtionscal na miotalóireachta a neartú trí bhíthin tionscadail thábhachtacha ar mhaithe leis an leas coiteann agus trí ationsclú a dhéanamh ar chuid mhaith críoch atá tréigthe ar mhaithe le poist ardcháilíochta áitiúla a chruthú arís eile. |
|
6.6. |
Ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil margaí ann d’earnálacha straitéiseacha na hEorpa, tá sé ríthábhachtach an 450 milliún tomhaltóir a stiúradh i dtreo táirgí Eorpacha trí chaighdeáin inbhuanaitheachta, chiorclaíochta agus loirg carbóin a shainiú a neartódh dlisteanacht an mhargaidh aonair a thuilleadh fós. |
An Bhruiséil, an 4 Nollaig 2024
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) IO C, C/2024/4062, 12.7.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/4062/oj.
(2) https://cms.antwerp-declaration.eu/uploads/declaration.pdf.
(3) IO C 349, 29.9.2023, lch. 142.
(4) IO C, C/2024/4062, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4062/oj, agus tuairim ó CESE, IO C, C/2024/4659, 9.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4659/oj.
(5) IO C, C/2024/4062, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4062/oj.
(6) IO C, C/2024/4659, 9.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4659/oj.
(7) IO C, C/2024/6026, 23.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6026/oj.
(8) IO C, C/2024/1568, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1568/oj, agus IO C, C/2024/3387, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3387/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/766/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)