|
30.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 147/38 |
CINNEADH (AE) 2022/831 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Bealtaine 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE arna bhunú le Comhaontú LEE (“Comhchoiste LEE”) a chinneadh Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú, iarscríbhinn ina bhfuil forálacha maidir le cúrsaí tréidliachta agus fíteasláintíochta. |
|
(3) |
Tá Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 (3) ón gCoimisiún le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Bealtaine 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 an 19 Feabhra 2019 ón gCoimisiún lena leagtar síos plean ginearálta le haghaidh bainistiú géarchéimeanna i réimse na sábháilteachta bia agus beatha (IO L 50, 21.2.2019, lch. 55).
DRÉACHT
CHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. …
an …
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 an 19 Feabhra 2019 ón gCoimisiún lena mbunaítear plean ginearálta le haghaidh bainistiú géarchéimeanna i réimse na sábháilteachta bia agus beatha (1) le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 aisghairtear Cinneadh 2004/478/CE, Cinneadh atá ionchorpraithe i gcomhaontú LEE agus atá, dá bharr sin, le haisghairm faoi Chomhaontú LEE. |
|
(3) |
Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta agus le hábhair bheatha. Ní bheidh feidhm ag reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta agus le hábhair bheatha maidir le Lichtinstéin fad a bheith cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, de réir mar atá sonraithe sna hoiriúnuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasófar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:
|
1. |
Cuirtear isteach an méid seo a leanas i ndiaidh phointe 59 (Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/503/AE ón gCoimisiún) o gCuid 7.2 de Chaibidil I:
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 47a (Rialachán (AE) 16/2011 ón gCoimisiún) de Chaibidil II:
|
|
3. |
Scriostar téacs phointí 31 (Cinneadh 2004/478/CE ón gCoimisiún) i gCuid 7.2 de Chaibidil I agus 43 (Cinneadh 2004/478/CE ón gCoimisiún) de Chaibidil II. |
Airteagal 2
Is téacs barántúil é Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 san Íoslainnis agus san Ioruais, ar téacs é atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE agus i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […].
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rúnaithe
Chomhchoiste LEE
(1) IO L 50, 21.2.2019, lch. 55.
(*) [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]