AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.4.2023
COM(2023) 216 final
2023/0119(NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta faoin bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ábhartha, chuaigh an Coimisiún i mbun caibidlíochta le Madagascar chun comhaontú comhpháirtíochta nua maidir le hiascaigh inbhuanaithe (SFPA) idir an tAontas Eorpach agus Madagascar a thabhairt i gcrích chomh maith le Prótacal nua lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta sin. Is é an cuspóir atá ann ceadú do shoithí an Aontais rochtain a fháil ar limistéar iascaireachta agus tuinníní agus speicis ghaolmhara a iascach ansin, faoi shainordú bainistíochta ón gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh. De thoradh na caibidlíochta sin, cuireadh inisealacha le téacs nua den Chomhaontú agus le téacs nua den Phrótacal Cur Chun Feidhme an 28 Deireadh Fómhair 2022.
Leis an gComhaontú nua déantar an Comhaontú a bhí ann cheana a aisghairm agus a ionadú; cumhdaítear tréimhse 4 bliana ón dáta a chuirtear i bhfeidhm é go sealadach arna leagan síos in Airteagal 19, is é an 1 Iúil 2023, faoi réir a shínithe ag na Páirtithe, nó ar dháta a shínithe má tharlaíonn sé sin tar éis an 1 Iúil. Leis an bPrótacal nua, cumhdaítear tréimhse 4 bliana ó dháta an iarratais shealadaigh atá leagtha síos in Airteagal 19 de réir na bhforálacha céanna a bheadh le an Chomhaontaithe.
Déantar foráil sa Phrótacal nua maidir leis na deiseanna iascaireachta seo a leanas:
–
32 bhád saighne tuinníní;
–
13 bhád spiléireachta dromchla ar mó ná 100 a n‑olltonnáiste;
–
20 bád spiléireachta dromchla nach mó ná 100 a n‑olltonnáiste,
chomh maith le soithí tacaíochta de réir na rún ábhartha IOTC.
Ba cheart an modh le haghaidh leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta ar na Ballstáit a bhunú.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Is é príomhaidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe nua creat cothrom le dáta a sholáthar lena gcuirtear san áireamh tosaíochtaí an Chomhbheartais Iascaigh athchóirithe agus a ghné sheachtrach. Cuideoidh sé sin le leanúint den chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus Madagascar agus í a neartú. Leis an SFPA nua, beifear in ann oibriú níos dlúithe chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn, i gcomhréir leis an gcuspóir acmhainní bitheolaíocha na mara a aithnítear i ndlí an Aontais a chaomhnú, acmhainní iascaigh a shaothrú ar bhealach fónta in uiscí Madagascar, agus a iarrachtaí a gheilleagar inbhuanaithe muirí a fhorbairt, chun leas an dá pháirtí. Cuideoidh an comhar sin freisin le dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn in earnáil an iascaigh.
Leis an bPrótacal nua, déantar foráil maidir le deiseanna iascaireachta do shoithí an Aontais in uiscí Mhadagascar), laistigh de theorainneacha an bharrachais atá ar fáil i gcás inarb iomchuí. Tá sé bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch agus ar na moltaí eolaíocha is fearr atá ar fáil a rinne IOTC, an eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh a bhainistíonn stoic éisc mhórimirceacha. Na bearta bainistíochta a ghlac IOTC, tá siad san áireamh freisin sna forálacha ábhartha den Chomhbheartas Iascaigh is infheidhme maidir le Limistéar IOTC, go háirithe iad siúd sa Rialachán lena socraítear na deiseanna iascaireachta. Bhunaigh an Coimisiún a sheasamh i bpáirt ar thorthaí meastóireachta a rinneadh ar an bPrótacal roimhe seo (2015-2018), agus ar mheastóireacht réamhbhreathnaitheach maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart Prótacal nua a thabhairt chun críche. Is saineolaithe seachtracha a thug faoin bpéire acu.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is cuid de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin é caibidliú Prótacail nua agus cuirtear san áireamh ann, go háirithe, cuspóirí an Aontais maidir le prionsabail dhaonlathacha agus cearta an duine a urramú.
Tá an tAontas agus Madagascar ina bPáirtithe sa Chomhaontú eatramhach freisin, a síníodh an 29 Lúnasa 2009, lena mbunaítear creat le haghaidh Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit Oirthear agus Dheisceart na hAfraice, ar thaobh amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit ar an taobh eile. Tá an chaibidlíocht maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe nua i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, lena ndéantar foráil maidir le comhar idir na Páirtithe i ndáil forbairt earnáil an iascaigh agus trádála táirgí a bhaineann leis an iascaireacht mhuirí, lena gcumhdaítear an iascaireacht mhuirí, an iascaireacht intíre agus an dobharshaothrú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús Dlí
Is é an bunús dlí Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena mbunaítear go nglacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, go nglacfaidh sí bearta maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 3(1)(d) CFAE.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
In 2017, rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar Phrótacal 2015-2018 a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh le Madagascar chomh maith le meastóireacht ex ante ar athnuachan a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an bPrótacal.
Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ex post ar Phrótacal 2015-2018 gur chomhlánaigh sé na socruithe rochtana eile a bunaíodh sa réigiún, socruithe lena gceadaítear do shoithí de chuid an Aontais saothrú na stoc imirceach a bharrfheabhsú laistigh de na rialacha réigiúnacha arna leagan síos ag an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh. Bhí sé ábhartha do riachtanais pháirtithe leasmhara an Aontais toisc gur thug sé rochtain intuartha d’oibreoirí soithigh de chuid an Aontais ar limistéar iascaireachta leasa ina bhfuil na speicis spriocdhírithe flúirseach. Tugann rochtain ar uiscí Mhadagascar deiseanna do chabhlach spiléireachta an Aontais atá lonnaithe in La Réunion limistéir iascaireachta a leathnú chun uiscí comharsanachta an réigiúin an-fhorimeallaigh sin a chumhdach. Mar gheall ar ghníomhaíochtaí chabhlach tuinníní an Aontais in uiscí Mhadagascar agus san Aigéan Indiach i gcoitinne, bhí tionchar substaintiúil dearfach socheacnamaíoch ar Mhadagascar a bhailigh cuid den bhreisluach de thoradh na próiseála áitiúla, agus rinneadh ranníocaíocht airgeadais an Aontais a ailíniú a bheag nó a mhór leis na deiseanna iascaireachta a shaothraítear. Maidir le tacaíocht earnála, tugadh faoi deara sa mheastóireacht go raibh cur chun feidhme an chláir sásúil, go raibh ráta maith eisíocaíochta sa mheántéarma agus gur cheart é a bheith d’aidhm ag clár tacaíochta earnála a bheidh ann amach anseo, mar ábhar tosaíochta, cur leis an acmhainneacht faireacháin, rialaithe agus faireachais, leis na hacmhainneachtaí cigireachta sláinte chun acmhainneacht onnmhairiúcháin a chaomhnú, agus leis an tacaíocht d’oiliúint ghairmiúil maraithe. D’fhéadfadh clár tacaíochta earnála a bheidh ann amach anseo cuidiú freisin leis an earnáil náisiúnta an iascaigh a fhorbairt trí thacaíocht a thabhairt d’iascairí ar mionscála agus trí dhea-chomhordú a choinneáil ar bun le gníomhaíochtaí a mhaoiníonn deontóirí. Moltar sa mheastóireacht freisin go gcuirfí cuid den chistiú atá ar fáil chun cúntóir teicniúil seachtrach a earcú ar leataobh chun cur chun feidhme an chláir tacaíochta earnála a chomhordú agus a éascú.
Ó thaobh an Aontais de, tá sé tábhachtach ionstraim a choinneáil ar bun lena gceadaítear dlúthchomhar earnála le tír atá ina príomh-chomhpháirtí, ina soláthróir táirgí éisc don Aontas, le páirtithe leasmhara ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a bhfuil meánna iascaireachta aici atá chun leas chabhlach an Aontais.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Mar chuid den mheastóireacht thuasluaite, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit, le hionadaithe tionscail agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta, chomh maith le riarachán iascaigh agus sochaí shibhialta Mhadagascar. Reáchtáladh comhairliúcháin freisin laistigh den Chomhairle Chomhairleach um Iascach Fadraoin. Dealraíonn sé ó na comhairliúcháin sin gur chun leasa an Aontais Eorpaigh agus Mhadagascar é ionstraim a choimeád lena gceadaítear comhar domhain earnálach, le deiseanna maoinithe ilbhliantúla do Mhadagascar, agus d’armálacha an Aontais, agus gur chun leas an Aontais é rochtain ar limistéar tábhachtach iascaireachta a choimeád trí chomhaontú in earnáil an iascaigh. Ó rinneadh an mheastóireacht in 2018, dheimhnigh an earnáil ghairmiúil ag cruinnithe na Comhairle Comhairlí um Iascach Fadraoin go gcoinnítear a spéis ar bun.
•Saineolas a bhailiú agus a úsáid
D'úsáid an Coimisiún comhairleoir neamhspleách le haghaidh na meastóireachtaí ex post agus ex ante, i gcomhréir le forálacha Airteagal 31 (10) den Rialachán lena mbunaítear an comhbheartas iascaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon tionchar ag an dréacht-Rialachán ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Tá an nós imeachta seo á thionscnamh i gcomhthráth leis na nósanna imeachta a bhaineann leis an gCinneadh ón gComhairle ar Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le Iascaigh Inbhuanaithe agus a Phrótacal Cur Chun Feidhme idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar a shíniú, thar ceann an Aontais, agus leis an gCinneadh ón gComhairle, ar a dtabhairt i gcrích. Beidh feidhm ag an Rialachán seo a luaithe a bheidh gníomhaíochtaí iascaireachta á ndéanamh faoin gComhaontú, i.e. ar dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail.
2023/0119 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta faoin bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rinne an Chomhairle idirbheartú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun Comhaontú Comhpháirtíochta nua maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar (‘Comhaontú Comhpháirtíochta’) a bhunú, mar aon le Prótacal nua Chur Chun Feidhme (‘an Prótacal’).
(2)Chuir na hidirbheartaithe a n‑inisealacha ar an gComhaontú agus an Prótacal (2020-2026) an 28 Deireadh Fómhair 2022 nuair a bhí deireadh leis an gcaibidlíocht.
(3)Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta aisghairtear an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh a bhí ann roimhe seo idir na páirtithe céanna, a bhfuil feidhm aige ón 19 Nollaig 2007.
(4)I gcomhréir le Cinneadh ón gComhairle (AE) 2023/..., síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus a Phrótacal an [dáta a sínithe le cur isteach], faoi réir a dtabhairt i gcrích tráth níos déanaí.
(5)Na deiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le stoic éisc mhórimirceacha, arna mbunú i gcomhréir leis na moltaí agus na rúin a ghlac an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, déantar iad a leithdháileadh ar na Ballstáit ar feadh thréimhse iomlán a chur i bhfeidhm.
(6)Tá práinn leis na bearta sin mar gheall ar thábhacht eacnamaíoch ghníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta Mhadagascar agus an gá atá ann an cur isteach ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a laghdú a oiread is féidir. Dá bhrí sin, beidh feidhm shealadach ag an bPrótacal ón 1 Iúil 2023, faoi réir a shínithe, nó ó dháta a shínithe má tharlaíonn sé sin tar éis an 1 Iúil 2023, chun gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí an Aontais a cheadú a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna amach,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na deiseanna iascaireachta a bhunaítear faoin bPrótacal a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar (‘an Prótacal’ anseo feasta), déanfar na deiseanna iascaireachta sin a leithdháileadh ar na Ballstáit mar seo a leanas, ar feadh thréimhse iomlán chur i bhfeidhm an Phrótacail sin.
a)Báid saighneoireachta tuinníní:
An Spáinn:
16
soithí
An Fhrainc:
15
soithí
An Iodáil:
1
soitheach
Iomlán
32 shoitheach;
b)Báid spiléireachta ar mó ná 100 a n‑olltonnáiste ;
An Spáinn:
7
soithí
An Fhrainc:
5
soithí
An Phortaingéil:
1
soitheach
Iomlán
13 shoitheach;
c)Báid spiléireachta nach mó ná 100 a n‑olltonnáiste;
An Fhrainc:
20
soithí
Iomlán
20 soitheach.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón dáta a chuirfear i bhfeidhm an Prótacal go sealadach.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán