5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/499


CINNEADH (AE) 2022/1834 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 4 Bealtaine 2022

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas Shift2Rail (Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa anois) don bhliain airgeadais 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

—

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas Shift2Raildon bhliain airgeadais 2020,

—

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

—

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0112/2022),

—

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 71 de,

—

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 642/2014 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas Shift2Rail (4), agus go háirithe Airteagal 12 de,

—

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

—

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

—

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an eiseamláir de rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7),

—

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0069/2022),

 

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas um Iarnród na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas um Iarnród na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

 

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Klaus WELLE


(1)   IO C 458, 12.11.2021, lch. 20. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59817

(2)   IO C 458, 12.11.2021, lch. 20. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59817

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 177, 17.6.2014, lch. 9.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 38, 7.2.2014, lch. 2.

(7)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.