|
21.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 53/101 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/396 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Feabhra 2023
lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Sainréigiún Riaracháin Hong Cong leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Rannchuidítear freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2021/953, déantar foráil maidir le glacadh le deimhnithe COVID-19 a eisíonn tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinneann an Coimisiún go n-eisítear na deimhnithe COVID-19 sin i gcomhréir le caighdeáin ar cheart a mheas go bhfuil siad coibhéiseach leis na caighdeáin a bhunaítear de bhun an Rialacháin sin. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Sainréigiún Riaracháin Hong Cong do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, tá feidhm ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Sainréigiún Riaracháin Hong Cong do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin. |
|
(3) |
An 5 Iúil 2022, chuir Sainréigiún Riaracháin Hong Cong faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh faoin gcóras darb ainm “COVID-19 Electronic Vaccination and Testing Record System (eVT) [Córas Taifeadta Leictreonach i ndáil le Vacsaíniú agus Tástáil COVID-19]”. Chuir Sainréigiún Riaracháin Hong Cong an Coimisiún ar an eolas go measann sé go bhfuil a dheimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/953, caighdeán agus córas teicneolaíochta lena bhféadfar barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Sainréigiún Riaracháin Hong Cong an Coimisiún ar an eolas go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Sainréigiún Riaracháin Hong Cong i gcomhréir le “COVID-19 Electronic Vaccination and Testing Record System (eVT) [Córas Taifeadta Leictreonach i ndáil le Vacsaíniú agus Tástáil COVID-19]”. |
|
(4) |
Chuir Sainréigiún Riaracháin Hong Cong in iúl don Choimisiún freisin go nglacann sé le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tíortha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(5) |
An 23 Samhain 2022, i ndiaidh iarraidh a fháil ó Shainréigiún Riaracháin Hong Cong, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Sainréigiún Riaracháin Hong Cong i gcomhréir le “COVID-19 Electronic Vaccination and Testing Record System (eVT)[Córas Taifeadta Leictreonach i ndáil le Vacsaíniú agus Tástáil COVID-19]”, go bhfuil na deimhnithe sin idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Sainréigiún Riaracháin Hong Cong i gcomhréir le “COVID-19 Electronic Vaccination and Testing Record System (eVT) [Córas Taifeadta Leictreonach i ndáil le Vacsaíniú agus Tástáil COVID-19]”. |
|
(6) |
Ina theannta sin, chuir Sainréigiún Riaracháin Hong Cong an Coimisiún ar an eolas go n-eisíonn sé deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha faoi láthair i ndáil le vacsaíní COVID-19 Comirnaty agus Corona Vac. |
|
(7) |
Chuir Sainréigiún Riaracháin Hong Cong an Coimisiún ar an eolas freisin go n-eisíonn sé deimhnithe tástála idir-inoibritheacha i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh. |
|
(8) |
Thairis sin, chuir Sainréigiún Riaracháin Hong Cong an Coimisiún ar an eolas go n-eisíonn sé deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh. |
|
(9) |
Ina theannta sin, chuir Sainréigiún Riaracháin Hong Cong an Coimisiún ar an eolas nach bpróiseálfar na sonraí pearsanta a áirítear sna deimhnithe nuair a dhéanfaidh fíoraitheoirí i Sainréigiún Riaracháin Hong Cong na deimhnithe a fhíorú ach amháin chun stádas vacsaínithe, toradh tástála nó stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú, agus nach gcoinneofar na sonraí ina dhiaidh sin, cé is moite de shonraí sláinte daoine a fhaigheann toradh dearfach ar theacht isteach dóibh, rud a dhéanfaí a thaifeadadh mar chuid den imscrúdú eipidéimeolaíoch. |
|
(10) |
Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Sainréigiún Riaracháin Hong Cong i gcomhréir le “COVID-19 Electronic Vaccination and Testing Record System (eVT) [Córas Taifeadta Leictreonach i ndáil le Vacsaíniú agus Tástáil COVID-19]” coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Sainréigiún Riaracháin Hong Cong i gcomhréir le “COVID-19 Electronic Vaccination and Testing Record System (eVT)”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagail 5(5), 6(5) agus 7(8) de Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(12) |
Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Sainréigiún Riaracháin Hong Cong a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(13) |
Chun leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur ar fionraí nó é a aisghairm, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh. |
|
(14) |
Chun Sainréigiún Riaracháin Hong Cong a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a luaithe is féidir a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart an Cinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(15) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Sainréigiún Riaracháin Hong Cong i gcomhréir le “COVID-19 Electronic Vaccination and Testing Record System (eVT) [Córas Taifeadta Leictreonach i ndáil le Vacsaíniú agus Tástáil COVID-19]” coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.
Airteagal 2
Déanfar Sainréigiún Riaracháin Hong Cong a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/953.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).