An Bhruiséil,14.7.2020

COM(2020) 308 final

2020/0139(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta bainistithe, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme maidir le limistéar an Choinbhinsiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 520/2007 (AE) ón gComhairle


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Is é cuspóir an togra na bearta maidir le rialú, caomhnú agus bainistiú arna nglacadh ag an gCoimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha (IATTC), ar páirtí conarthach é an tAontas Eorpach ann ó 2006 i leith, a thrasuí i ndlí an Aontais. Is é IATTC an eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh (ERBI) atá freagrach as acmhainní iascaigh tuinníní nó acmhainní iascaigh atá cosúil le hacmhainní iascaigh tuinníní san Aigéan Ciúin Oirthearach a bhainistiú mar a leagtar amach sa Choinbhinsiún chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha a neartú, a bunaíodh le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce (Coinbhinsiún IATTC). Tá trí shoitheach peas-saighne agus thart ar thríocha bád spiléireachta de Bhallstáit an Aontais ag iascaireacht, ar an meán, i limistéar Choinbhinsiún IATTC). Is iad na tuinníní teochreasacha agus na colgáin na príomhstoic a spriocdhíríonn cabhlach an Aontais orthu.

Is baill de IATTC iad Páirtithe Conarthacha Choinbhinsiún IATTC uile. Glacann IATTC bearta caomhnaithe agus bainistithe (“Rúin”) de chomhthoil, i gcomhréir le hAirteagal IX.7 de Choinbhinsiún IATTC. Dréachtóidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, treoirlínte caibidlíochta bunaithe ar shainordú cúig bliana a leagtar amach le Cinneadh ón gComhairle agus é bunaithe ar chomhairle eolaíoch. I gcomhréir leis an sainordú, cuirtear na treoirlínte sin i láthair, déantar iad a phlé agus a fhormhuiniú ag Meitheal na Comhairle, agus a choigeartú a thuilleadh, chun forbairtí fíor-ama a chur san áireamh, ag cruinnithe comhordaithe leis na Ballstáit arna reáchtáil i gcruinnithe bliantúla IATTC.

Luaitear i gCoinbhinsiún IATTC gur ceangailteach atá na Rúin arna nglacadh ag IATTC (Airteagail IX.7) agus go ndéanfaidh na páirtithe conarthacha na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar an Coinbhinsiún a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh agus go ndéanfar amhlaidh i gcás aon bheart caomhnaithe agus bainistithe arna nglacadh dá bhun, lena n‑áirítear na dlíthe agus rialacháin is gá a ghlacadh (Airteagal XVIII.1). Maidir leis na rúin ó IATTC, cé go bhfuil siad dírithe go príomha ar Pháirtithe Conarthacha IATTC, cuirtear oibleagáidí ar oibreoirí freisin (e.g. máistir an tsoithigh).

Ag na cruinnithe bliantúla, glacann IATTC bearta nua nó déanann sé leasú ar bhearta atá ann cheana. Tagann siad i bhfeidhm mar Rúin ó IATTC cúig lá is daichead tar éis é a ghlacadh agus tar éis do Rúnaí Feidhmiúcháin IATTC fógra a thabhairt ina leith do na Páirtithe Conarthacha. Tar éis an chruinnithe bhliantúil, cuireann an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas maidir leis na bearta atá glactha ag IATTC mar aon leis an dáta atá beartaithe lena dteacht i bhfeidhm. Ordaítear le hAirteagal 3(5) den Chonradh nach mór don Aontas cloí go docht leis an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear cloí le Rúin ó IATTC.

Baineann an togra seo leis na bearta arna nglacadh ag IATTC ó 2008 i leith. Is féidir Rúin ó IATTC a leasú go bliantúil ag cruinnithe bliantúla IATTC. Mar aon le Rúin nua a ghlacadh, léirítear le forbhreathnú stairiúil gur féidir aon chuid de na Rúin ó IATTC a leasú ag na cruinnithe sin. Tá sé de dhualgas ar an Aontas comhlíonadh na mbeart sin, mar oibleagáidí idirnáisiúnta, a áirithiú chomh luath is a thagann siad i bhfeidhm. Tá an togra deartha, dá bhrí sin, chun Rúin ó IATTC atá ann cheana a thrasuí; áirítear ann freisin sásra chun cur chun feidhme bhearta IATTC a éascú san am atá romhainn.

I dtaca leis an nós imeachta reachtach is gá chun bearta caomhnaithe agus bainistithe arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh a thrasuí i ndlí an Aontais, teastaíonn ar an meán 18 mí ón gcéad dréachtú a dhéantar ar an togra ón gCoimisiún go dtí go nglacann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an gníomh deireanach. Áirítear le cumhachtaí tarmligthe, i ndáil le treoracha arna dtabhairt ag an gComhreachtóir, gur féidir leis an Aontas bearta caomhnaithe arna nglacadh ag an Aontas a thrasuí go tapa i ndlí an Aontais, bearta a rachadh chun sochair do chabhlach an Aontais, a dhéanfadh an cothrom iomaíochta a atreisiú agus a thacódh a thuilleadh le bainistiú fadtéarmach inbhuanaithe na stoc. Déantar foráil leis an togra seo maidir le cumhachtaí tarmligthe a dheonaítear don Choimisiún faoi Airteagal 290 den Chonradh i ndáil leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), chun leasuithe ar bhearta a chur san áireamh, a mheastar a bheidh ann go minic, agus chun a áirithiú go gcuirfear soithí iascaireachta ar bhonn cothrom le soithí eile de chuid Páirtithe Conarthacha eile i IATTC: na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh doruithe siorcanna, foirm dearbhaithe trasloingsithe, tréimhsí coiscthe, amlínte tuairiscithe maidir le feistí um chomhbhailiú éisc (FAD), forálacha i dtaca le dearadh agus imscaradh FADanna, spriocdhátaí i dtaca le bailiú sonraí, limistéir agus bearta maolaithe chun éanlaith mhara a chosaint, cumhdach breathnóra eolaíoch, faisnéis i ndáil le Clár na Soithí Réigiúnacha, tagairt don tábla maidir le soláthar sonraí le haghaidh na logleabhar agus na dtaifead díluchtúcháin, an Doiciméad Staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha, spriocdhátaí tuairiscithe, treoirlínte i dtaca le ráta básmhaireachta na dturtar.

Cinneadh na spriocdhátaí a leagtar amach sa togra seo bunaithe ar na spriocdhátaí a leagtar amach le na Rúin ó IATTC. Is é an aidhm a áirithiú go gcuireann an tAontas a thuarascálacha faoi bhráid IATTC in am tráth.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Rinneadh forálacha roinnte Rún ó IATTC a thrasuí trí Theideal IV de Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2007 lena leagtar síos bearta teicniúla chun stoic áirithe de speicis mhór-imirceacha a chaomhnú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001.

Ar mhaithe leis an tsoiléireacht, an simpliú agus an deimhneacht dhlíthiúil, is fearr, dá bhrí sin, an Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle a leasú trína Theideal IV a scriosadh agus na hathruithe a rinneadh ó glacadh é ach nach gcumhdaítear le dlí an Aontais go fóill a chur san áireamh. Déantar na Rúin ó IATTC maidir le tréimhsí iascaireachta le haghaidh soithí peas-saighne agus maidir le teorainneacha FADanna a thrasuí i Rialachán (AE) 2019/124 ón gComhairle 1 .

Tá an togra ailínithe go hiomlán le Cuid VI (Beartas Seachtrach) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI) ina luaitear go ndéanfaidh an tAontas a chuid iascaigh sheachtraigh i gcomhréir lena chuid oibleagáidí idirnáisiúnta, lena mbunaítear gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais ar chomhar iascaigh réigiúnaigh, agus ina mbeifear ag obair leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach chun comhlíonadh a áirithiú.

Déantar Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le bainistiú a dhéanamh ar chabhlaigh sheachtracha a chomhlánú leis an togra, ina luaitear go bhfuil soithí iascaireachta an Aontais faoi réir shraith údaruithe iascaireachta Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBI) faoi choinníollacha agus rialacha ERBIanna sonracha agus Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe.

Ní chumhdaítear leis an togra seo deiseanna iascaireachta an Aontais a chinneann IATTC. De réir Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá sé de shaincheart ag an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le praghsanna, tobhaigh, cúnamh agus teorainneacha cainníochtúla a shocrú agus maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a leithdháileadh.

•Comhsheasmhacht le beartais eile an Aontais

Neamhbhainteach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar a leagtar amach na forálacha is gá chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach.

•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais (Airteagal 3(1)(d) CFAE). Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

•Comhréireacht

Áiritheofar leis an togra go mbeidh dlí an Aontais i gcomhréir lena chuid oibleagáidí idirnáisiúnta arna nglacadh ag IATTC agus go mbeidh an tAontas ag comhlíonadh na gcinntí a dhéanann ERBIanna ina bhfuil an tAontas ina Pháirtí Conarthach. Leis an togra déantar trasuí ar na hoibleagáidí gan níos mó ná mar is gá chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach.

•An rogha ionstraime

Is Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle í an ionstraim atá beartaithe.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bhaineann le hábhar

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Is é cuspóir an togra seo bearta NAFO atá ann cheana, agus atá ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha, a thrasuí agus a chur chun feidhme. Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit mar aon le lucht tionscail agus leis an tsochaí shibhialta ó gach cearn den Aontas sa tréimhse roimh chruinnithe IATTC ar lena linn a glacadh na Rúin sin agus le linn na caibidlíochta a bhí ar siúl ag cruinniú bliantúil IATTC. Dá bharr sin, níor measadh go raibh sé riachtanach comhairliúchán le páirtithe leasmhara a reáchtáil maidir leis an rialachán seo.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

•Measúnú tionchair

Ní bhaineann le hábhar. Is éard atá ann seo moladh a chur chun feidhme atá infheidhme go díreach maidir leis na Ballstáit.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl aon bhaint ag an togra seo le REFIT.

•Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí ag an togra seo maidir le cosaint chearta bunúsacha na saoránach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach.

•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach.

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá forálacha ginearálta i gcaibidil I maidir le hábhar, raon feidhme agus cuspóir an togra. Tá sainmhínithe ann chomh maith. Tá an Rialachán seo infheidhme maidir le soithí an Aontais a bhíonn ag iascaireacht sa limistéar a chumhdaítear le Coinbhinsiún IATTC.

Baineann Caibidil II le bearta caomhnaithe agus bainistithe, lena n‑áirítear forálacha atá ábhartha i ndáil le soithí peas-saighne a bhíonn ag iascaireacht tuinníní teochreasacha, toirmeasc ar iascaireacht le húsáid baoithe sonraí, forálacha maidir le hiascaireacht i ngiorracht do FADanna, iad a imscaradh, agus sraith rialacha a dhearadh agus a shocrú i ndáil le trasloingsiú i gcalafort.

Leagtar amach i gCaibidil III bearta atá ceaptha chun cosaint a thabhairt do speicis mhuirí áirithe atá i láthair sa limistéar a chumhdaítear le Coinbhinsiún IATTC, amhail siorcanna bána aigéanacha, síodsiorcanna agus siorcanna ceann casúir agus roic de chineál Mobulidae. Áirítear ar na bearta sin soláthar sonraí agus dualgais scaoilte, mar aon le bearta a bhaineann le turtair mhara agus éanlaith mhara a chosaint.

Tá forálacha i gCaibidil IV maidir le scéim breathnóirí IATTC, lena n‑áirítear rialacha maidir leis an méid a chumhdaítear le clár breathnóirí agus le dualgais agus oibleagáidí tuairiscithe na mbreathnóirí.

Leagtar amach i gCaibidil V ceanglais ar shoithí, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le Clár Soithí Réigiúnacha IATTC, le dualgais tuairiscithe agus leis an bprótacal chun tobair a shéalú.

Tá faisnéis i gCaibidil VI maidir le dualgais tuairiscithe a bhaineann leis an gclár staidrimh sonraí, agus ceanglais maidir leis an gclár doiciméadaithe tuinníní mórshúileacha.

Tá forálacha deiridh i gCaibidil VII, lena n‑áirítear forálacha maidir le rúndacht teachtaireachtaí leictreonacha agus tuarascálacha leictreonacha agus maidir leis an nós imeachta chun leasuithe, cumhachtaí tarmligthe agus leasuithe a chur síos ar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana.

2020/0139 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta bainistithe, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme maidir le limistéar an Choinbhinsiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 520/2007 (AE) ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 2 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , a áirithiú go ndéanfar beo-acmhainní uisceacha a shaothrú ar bhealach ina soláthrófar dálaí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta atá inbhuanaithe.

(2)D'fhormheas an Comhphobal Eorpach le Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle 4 Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le dlí na mara an 10 Nollaig 1982 agus an Comhaontú maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin sin i ndáil le caomhnú agus bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mórimirceach 5 , ina bhfuil prionsabail agus rialacha a bhaineann le caomhnú agus bainistiú beo-acmhainní uisceacha. I gcomhréir leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta chun stoic éisc a chaomhnú.

(3)Le Cinneadh ón gComhairle 2006/539/CE 6 , d'fhormheas an Comhphobal Eorpach an Coinbhinsiún chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha a neartú, a bunaíodh le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce.

(4)Tá an t‑údarás ag IATTC chun cinntí (Rúin) a ghlacadh chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún IATTC a áirithiú. Tá na Rúin ó IATTC ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha. Is ar na páirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún IATTC go háirithe a bhíonn na Rúin sin dírithe, ach cuireann siad oibleagáidí ar oibreoirí príobháideacha (e.g. máistrí soithí) chomh maith. Tagann na Rúin ó IATTC i bhfeidhm cúig lá is daichead tar éis a nglactha agus, i gcás an Aontais, ní mór iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais a luaithe is féidir.

(5)Le Cinneadh 2005/938/CE ón gComhairle 7  d’fhormheas an tAontas an Comhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (an Comhaontú), lenar bunaíodh an Clár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (IDCP).

(6)Faoi Airteagal XIV den Chomhaontú, beidh ról lárnach ag IATTC i dtaca le cur chun feidhme an Chomhaontaithe a chomhordú agus i dtaca le cur chun feidhme na mbeart a ghlacfar laistigh de chreat IATTC.

(7)Laistigh de IDCP, tá Cruinniú na bPáirtithe freagrach as bearta a ghlacadh atá ceaptha laghdú a dhéanamh de réir a chéile ar rátaí básmhaireachta deilfeanna de thaisme in iascach tuinníní le heangach peas-saighne i Limistéar an Chomhaontaithe go dtí leibhéil atá ag déanamh ar náid, trí theorainneacha bliantúla a leagan síos. Beidh bearta den sórt sin ina gceangal ar an Aontas.

(8)Is le Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 8 ón gComhairle a chuir IATTC na moltaí caomhnaithe agus forfheidhmithe chun feidhme.chun feidhme.

(9)Ag cur san áireamh gurb é is dóichí go leasófar na Rúin ó IATTC ag na cruinnithe bliantúla a bhíonn aige, agus chun iad a ionchorprú go tapa i ndlí an Aontais, chun an cothrom iomaíochta a atreisiú agus tacú a thuilleadh le bainistiú fadtéarmach inbhuanaithe na stoc; ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh um Fheidhmiú an Aontais a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na ngnéithe seo a leanas: na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh doruithe siorca, tréimhsí coiscthe, amlínte tuairiscithe maidir le feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna), forálacha maidir le dearadh agus imscaradh FADanna, spriocdhátaí maidir le bailiú sonraí, limistéir agus bearta maolaithe chun éanlaith mhara a chosaint, cumhdach breathnóirí eolaíochta, faisnéis i ndáil le Clár na Soithí Réigiúnacha, tagairt don tábla maidir le soláthar sonraí agus i dtaca leis na logleabhair agus leis na cuntais díluchtúcháin, an doiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha, spriocdhátaí tuairiscithe agus treoirlínte i dtaca le ráta básmhaireachta na dturtar.

(10)Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 9 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(11)Ba cheart tarmligean na gcumhachtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith gan dochar do Rúin ó IATTC a chur chun feidhme i ndlí an Aontais amach anseo tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.

(12)Ba cheart Airteagal 3(3), Airteagal 4(3) agus Teideal IV Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 520/2007 a scriosadh, toisc go gcuirtear chun feidhme bearta uile IATTC le forálacha ón Rialachán sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta bainistithe, caomhnaithe agus rialaithe a bhaineann le hiascaireacht sa limistéar a chumhdaítear faoin gCoinbhinsiún chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha a neartú 10 agus i ndáil le stoic tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinnín, speicis éisc eile a ghlacann soithí a bhíonn ag iascach tuinníní agus speicis eile cosúil le tuinnín agus speicis ar leis an éiceachóras céanna iad.

Airteagal 2
Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta an Aontais a úsáidtear nó atá ceaptha lena n‑úsáid chuniascaireacht a dhéanamh sa limistéar a chumhdaítear faoin gCoinbhinsiún.

2.Mura gcuirtear a mhalairt in iúl sa Rialachán seo, tá feidhm aige gan dochar do na Rialacháin atá ann cheana san earnáil iascaigh, go háirithe Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 agus Rialacháin ón gComhairle (CE) Uimh. 1005/2008 12 , (CE) Uimh. 1224/2009 13 agus (CE) Uimh. 1185/2003 14 .

Airteagal 3 
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha a neartú;

(2)ciallaíonn “limistéar an Choinbhinsiún” an limistéar geografach a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leis mar a thuairiscítear i Mír III den Choinbhinsiún;

(3)ciallaíonn “speiceas IATTC” stoic tuinníní agus speicis cosúil le tuinníní agus speicis éisc eile a ghabhann soithí atá ag iascaireacht tuinníní agus speiceas atá cosúil le tuinníní i Limistéar an Choinbhinsiúin;

(4)ciallaíonn “soitheach iascaireachta an Aontais” aon soitheach a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain air, gan beann ar a mhéid, a úsáidtear, nó a bheartaítear a úsáid, chun acmhainní iascaigh a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena n‑áirítear soithí tacaíochta, soithí próiseála éisc, soithí a ghabhann don trasloingsiú agus soithí iompair atá feistithe chun táirgí iascaigh a iompar, seachas soithí coimeádán;

(5)ciallaíonn “Páirtí Conarthach” páirtithe conarthacha an Choinbhinsiúin;

(6)ciallaíonn “peas saighne” aon líon ciorclaithe a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdín íochtair ag bun na heangaí, agus an braighdín sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill, i dtreo is gur féidir an eangach a fháscadh agus a dhúnadh;

(7)ciallaíonn “tuinníní trópaiceacha” tuinníní mórshúileacha, tuinníní buí agus boiníotónna aigéanacha;

(8)is gairis atá ar snámh iad “baoite sonraí”, agus a ghluaiseann uathu féin nó atá ar ancaire, a ndéanann eagraíochtaí nó eintitis eolaíochta aitheanta nó rialtais iad a imscaradh chun sonraí comhshaoil a bhailiú go leictreonach, agus nach dtacaíonn le gníomhaíochtaí iascaigh, agus ar ina leith a tugadh fógra do Rúnaíocht IATTC;

(9)ciallaíonn “feiste um chomhbhailiú éisc” nó “FAD” nithe ar ancaire, ar snámh nó faoi uisce a ndéanann soithí iad a imscaradh nó a rianú, trí raidió nó trí bhaoite satailíte a úsáid, chun comhbhailiú a dhéanamh ar spriocspeicis tuinníní le haghaidh oibríochtaí peas-saighneoireachta;

(10)Ciallaíonn “idirghníomhaíocht” le baoithe sonraí, ach níl sé teoranta dó, an baoi a chiorclú le trealamh iascaireachta, an soitheach, trealamh iascaireachta, nó aon pháirt nó aon chuid den soitheach a fheistiú le baoi sonraí nó a cheangal leis, nó a líne ancaire a ghearradh;

(11)ciallaíonn “oibreoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn aon ghnóthas atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le haon chéim de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, leithdháilte agus miondíola ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(12)ciallaíonn “CCE” an Coiste Comhairleach Eolaíoch arna bhunú faoi Airteagal XI den Choinbhinsiún;

(13)ciallaíonn “trasloingsiú” na táirgí iascaigh go léir nó aon chuid díobh atá ar bord soithigh a dhíluchtú chuig soitheach eile;

(14)ciallaíonn “Clár na Soithí Réigiúnacha” clár soithí IATTC;

(15)ciallaíonn “Rún” na bearta ceangailteacha arna nglacadh ag Coimisiún IATTC faoi Airteagal VII den Choinbhinsiún;

(16)ciallaíonn “foirm dhearbhaithe trasloingsithe IATTC” an doiciméad atá in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Rún C-12-07;

(17)ciallaíonn “breathnóir” duine atá údaraithe agus deimhnithe ag Ballstát nó Páirtí Conarthach chun breathnóireacht agus faireachán a dhéanamh agus faisnéis a bhailiú ar bord soithí iascaireachta;

(18)ciallaíonn “spiléar” trealamh iascaireachta atá déanta de phríomhdhorú ar a bhfuil cuid mhaith duán ar fhodhoruithe (snúdaí) ar féidir a bhfad agus a spásáil a athrú ag brath ar an spriocspeiceas;

(19)ciallaíonn “doruithe siorca” doruithe aonair atá ceangailte leis an dorú snámháin nó go díreach leis na snámháin, agus a úsáidtear chun siorcanna a spriocdhíriú, mar a léirítear i bhfigiúr 1 de Rún C-16-05;

(20)is é is “duáin mhóra chiorclacha” duán a bhfuil pointe aige atá casta siar go hingearach i gcoinne na lorga chun cruth ciorclach nó ubhchruthach, de ghnáth, a dhéanamh, agus gan frithchúiteamh is mó ná 10 gcéim déanta ar phointe an duáin;

(21)ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (AIDCP) 15 ;

(22)ciallaíonn “tobair shéalaithe” aon spás ar bord soithigh, ceaptha chun iasc a reo, a choinneáil nó a stóráil, a bhfuil rochtain air blocáilte chun cosc a chur ar a n‑úsáid chun na gcríoch sin;

(23)ciallaíonn “WCPFC” an Coimisiún Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir (WCPFC), arna bhunú faoin gCoinbhinsiún maidir le stoic éisc mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a chaomhnú agus a bhainistiú 16 ;

(24)ciallaíonn “limistéar forluí” an limistéar inniúlachta forluiteacha idir IATTC agus WCPFC. Is é an limistéar sin an chuid den Aigéan Ciúin a bhfuil na línte seo a leanas mar theorainn aige: an líne dhomhanleithid 50°D óna pointe trasnaithe le fadlíne 150°I chomh fada leis an bpointe trasnaithe le fadlíne 130°I, agus an líne dhomhanleithid 4°D óna pointe trasnaithe le fadlíne 150°I chomh fada leis an bpointe trasnaithe le fadlíne 130°I.

CAIBIDIL II

BEARTA CAOMHNAITHE AGUS BAINISTITHE

Airteagal 4
Tréimhsí coiscthe le haghaidh soithí peas-saighne le haghaidh tuinníní teochreasacha

1.Chun an cosc iascaireachta le haghaidh soithí peas-saighne a chur chun feidhme, déanfaidh gach Ballstát mar a leanas:

(a)an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 15 Meitheamh gach bliain i dtaca le cé acu den dá thréimhse choiscthe ón 29 Iúil go dtí an 8 Deireadh Fómhair, nó ón 9 Samhain go dtí an 19 Eanáir, a mbeidh feidhm aici maidir lena soithí féin. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht IATTC ar an eolas maidir leis an tréimhse choiscthe is infheidhme faoin 15 Iúil gach bliain;

(b)na páirtithe leasmhara go léir ina thionscal tuinnín a chur ar an eolas faoin gcosc;

(c)an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 15 Meitheamh gach bliain go bhfuil na bearta sin déanta;

(d)a áirithiú, ó thús deireadh na tréimhse coiscthe, nach ndéanann na soithí peas-saighne uile a chuireann a mbratach ar foluain iascaireacht i limistéar an Choinbhinsiúin.

2.I gcás nach féidir le soitheach iascaireachta an Aontais gabháil amach ar an bhfarraige lasmuigh den tréimhse choiscthe is infheidhme dá dtagraítear i mír 1(a), mar gheall ar theagmhas force majeure ina ndéantar soitheach iascaireachta a dhíchumasú le linn oibríochtaí iascaireachta de bharr cliseadh meicniúil nó struchtúrach, tine nó pléascadh, le linn tréimhse nach lú ná 75 lá i ndiaidh a chéile, féadfaidh an Ballstát iarraidh díolúine a sheoladh chuig an gCoimisiún le haghaidh na tréimhse coiscthe, mar aon leis an bhfianaise is gá chun a léiriú nár ghabh an soitheach amach ar an bhfarraige de bharr theagmhas force majeure. Seolfar an iarraidh chuig an gCoimisiún dhá sheachtain ar a dhéanaí tar éis do dheireadh teacht ar an gcúis a bhí leis an force majeure. Déanfaidh an Coimisiún measúnú agus, i gcás inarb infheidhme, an iarraidh a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC lena scrúdú ag IATTC mí amháin ar a dhéanaí tar éis do dheireadh teacht ar an gcúis a bhí leis an force majeure.

3.I gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát maidir le formheas IATTC ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 2:

(a)i gcás nár chloígh an soitheach le tréimhse choiscthe sa bhliain chéanna inar tharla an force majeure, cloífidh an soitheach le tréimhse choiscthe laghdaithe de 40 lá i ndiaidh a chéile i gceann de dhá thréimhse choiscthe den bhliain sin seachas cloí leis an gcosc iomlán a leagtar amach i mír 1(a) agus tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht IATTC maidir leis an tréimhse choiscthe a roghnófar, nó

(b)i gcás inar chloígh an soitheach cheana féin le tréimhse choiscthe sa bhliain chéanna inar tharla cúis an force majeur, cloífidh sé le tréimhse choiscthe laghdaithe de 40 lá as a chéile an bhliain ina dhiaidh sin i gceann den dá thréimhse choiscthe le haghaidh na bliana sin, ar ina leith nach mór fógra a thabhairt don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 15 Iúil.

4.Aon soitheach a thairbhíonn de dhíolúine mhír 3, beidh breathnóir údaraithe aige ar bord.

5.Sa bhreis ar chosc mhír 1, beidh cosc ar iascach le haghaidh tuinníní teochreasacha laistigh de limistéar 96º agus 110ºI agus idir 4ºT agus 3ºD idir an 9 Deireadh Fómhair agus an 8 Samhain gach bliain.

Airteagal 5

Toirmeasc ar iascach ar bhaoite sonraí

1.Áiritheoidh máistrí shoithí an Aontais nach ndéanfaidh a soithí idirghníomhaíocht le baoite sonraí i limistéar an Choinbhinsiúin.

2.Tá toirmeasc ar threalamh iascaireachta a imscaradh laistigh de mhuirmhíle amháin ó bhaoi sonraí ar ancaire i limistéar an Choinbhinsiúin.

3.Tá toirmeasc ar bhaoi sonraí a thabhairt ar bord, mura n‑údaraíonn Ballstát, Páirtí Conarthach nó an t‑úinéir atá freagrach as an mbaoi é sin go sonrach nó mura n‑iarrann sé é.

4.Má théann an trealamh iascaireachta i bhfostú sa bhaoi sonraí, bainfear an trealamh atá i bhfostú ar bhealach a ndéanfar a laghad díobháil is féidir don bhaoi sonraí.

5.Cláir taighde eolaíochta ar ina leith a thugtar fógra foirmiúil do IATTC, féadfaidh siad soithí iascaireachta an Aontais a oibriú laistigh de mhuirmhíle amháin ón mbaoi sonraí, ar choinníoll nach ndéanann an soitheach idirghníomhaíocht leis an mbaoi sonraí nó trealamh iascaireachta a imscaradh, mar a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 6
Feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna)

1.Déanfar FADanna a ghníomhachtú go heisiach ar bord shoithí peas-saighne an Aontais.

2.Meastar FAD a bheith gníomhach nuair a dhéantar é a imscaradh san fharraige, nuair a thosaíonn sé ag tarchur a shuímh, agus nuair atá sé á rianú ag an soitheach, ag a úinéir nó ag a oibreoir.

3.Tuairisceoidh soithí iascaireachta an Aontais faisnéis laethúil maidir le FADanna gníomhacha chuig an gCoimisiún ag eatraimh a chuirfear isteach le tréimhse mhoille de 60 lá ar a laghad, ach le tréimhse mhoille nach mó na 90 lá idir na tuarascálacha. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh láithreach chuig Rúnaíocht IATTC.

4.Baileoidh oibreoirí shoithí an Aontais aon idirghníomhaíocht le FADanna agus tuairisceoidh siad é sin chuig na Ballstáit. I gcás gach idirghníomhaíochta, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh:

(a)suíomh an FAD;

(b)dáta agus uair imscartha an FAD;

(c)Sainaithint FAD IATTC (i.e. marcáil nó sainaithint rabhcháin FAD; cineál baoi; nó aon fhaisnéis lena bhféadfaí an t‑úinéir a shainaithint);

(d)an cineál FAD (amhail FAD ar ancaire, FAD nádúrtha le sruth, FAD saorga le sruth);

(e)Tréithe deartha an FAD (toisí agus ábhar na páirte a bhíonn ar snámh agus an struchtúir a bhíonn ar crochadh faoi uisce);

(f)cineál gníomhaíochta (socrú eangaí, imscaradh, tarlú, aisghabháil, cailliúint, idirghabháil maidir le trealamh leictreonach, etc.);

(g)más socrú eangaí í an ghníomhaíocht, torthaí shocraithe na lín i dtéarmaí gabhála agus foghabhála; agus

(h)tréithe aon bhaoi ceangailte nó trealamh ionadaithe (córas ionadaithe, cé acu atá sé feistithe le sonóir nó nach bhfuil, etc.).

5.Cuirfidh na Ballstáit na sonraí a bailíodh le haghaidh na bliana féilire roimhe sin isteach chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 75 lá roimh gach cruinniú rialta de chuid CCE. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh tráth nach déanaí ná 60 lá roimh chruinniú CCE.

6.6.Maidir le sainaithint agus dearadh agus imscaradh FADanna ag soithí an Aontais, comhlíonfaidh siad Iarscríbhinn I agus II faoi seach de Rún C-19-01.

Airteagal 7

Trasloingsithe i gcalafort

Is i gcalafort a dhéanfar gach trasloingsiú i limistéar an Choinbhinsiún de chuid speicis IATTC.

CAIBIDIL III

SPEICIS MHUIRÍ A CHOSAINT

ROINN 1

SPEICIS ELASMOBRANCHII

Airteagal 8

Siorcanna bána aigéanacha

1.Tá toirmeasc ar aon pháirt de chonablach nó conablach iomlán siorcanna bána aigéanacha a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol, nó a thairiscint lena ndíol (Carcharhinus longimanus).

2.Déanfar siorcanna bána a scaoileadh go pras gan ghortú, a mhéid is féidir tráth a tugadh isteach go taobh an tsoithigh iad.

3.Déanfaidh na Ballstáit, inter alia trí na cláir bhreathnóirí, líon na n‑iasc aischurtha agus scaoiltí na siorcanna bána a thaifeadadh, an stádas á léiriú (beo nó marbh), lena n‑áirítear iad siúd a scaoileadh faoi mhír 2.

Airteagal 9

Roic de chineál Mobulidae

1.Tá toirmeasc ar aon pháirt de chonablach nó conablach iomlán de roic de chineál Mobulidae (ar a n‑áirítear roic Manta agus roic Mobula) a ghabhtar i limistéar an Choinbhinsiúin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol, nó a thairiscint lena ndíol.

2.Má dhéantar roic de chineál Mobulidae a ghabháil go neamhintinneach agus a reo mar chuid d’oibríocht soithí peas-saighne, tabharfaidh an soitheach an roc de chineál Mobulidae ina iomláine suas do na húdaráis fhreagracha ag an bpointe tabhairt i dtír. Roic de chineál Mobulidae a thugtar suas ar an mbealach sin, ní féidir iad a dhíol ná a mhalartú ach is féidir iad a bhronnadh lena chaitheamh ag an duine sa bhaile.

3.Roic de chineál Mobulidae a ghabhtar go neamhintinneach, scaoilfear iad go pras gan ghortú, a mhéid is féidir, a luaithe a fheicfear san eangach, ar an duán, nó ar an deic iad. Déanfar an scaoileadh ar bhealach a ndéanfar a laghad díobháil is féidir do na roic de chineál Mobulidae a ghabhtar gan sábháilteacht aon duine a chur i mbaol, de réir na dtreoirlínte a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rún IATTC C-15-04.

4.Déanfaidh na Ballstáit, inter alia trí na cláir bhreathnóirí, líon na n‑iasc aischurtha agus scaoiltí na roc de chineál Mobulidae a thaifeadadh, an stádas á léiriú (beo nó marbh), lena n‑áirítear iad siúd a tugadh suas faoi mhír 2.

Airteagal 10

Síodsiorcanna

1.Tá toirmeasc ar aon pháirt de chonablach nó conablach iomlán siorcanna bána (Carcharhinus falciformis) a ghabhann soithí peas-saighne i limistéar an Choinbhinsiúin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol, nó a thairiscint lena ndíol.

2.Má dhéantar na síodsiorcanna a ghabháil go neamhintinneach agus a reo mar chuid d’oibríochtaí an tsoithigh peas-saighne, ní mór an síodsiorc iomlán a thabhairt suas do na húdaráis rialtais ag an bpointe tabhairt i dtír má tá siad i láthair. Mura bhfuil na húdaráis rialtais ar fáil, ní féidir an síodsiorc iomlán a dhíol nó a mhalartú ach is féidir é a bhronnadh lena chaitheamh ag an duine sa bhaile. Síodsiorcanna a thugtar suas ar an mbealach sin, tuairisceofar iad chuig Rúnaíocht IATTC.

3.Maidir le soithí spiléireachta a ghabhann siorcanna go teagmhasach, cuirfidh siad teorainn le foghabháil síodsiorcanna le haghaidh méid nach mó ná 20 % den ghabháil iomlán in aghaidh an turais iascaireachta de réir meáchain.

4.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon iascaireacht i limistéir phórbhreithe na síodsiorcanna arna sainaithint ag IATTC.

Airteagal 11

Míolsiorcanna

1.Ní chuirfidh soithí an Aontais peas-saighean ar scoil tuinníní a bhfuil míolsiorc ina measc (Rhincodon typus), má fheictear an t‑ainmhí sula dtosaíonn an socrú eangaí.

2.I gcás nach ndéanfar an míolsiorc a chiorclú sa pheas-saighean d’aon ghnó, déanfaidh captaen an tsoithigh mar a leanas:

(a)    áiritheoidh sé go ndéanfar gach beart réasúnach chun a áirithiú go scaoilfear go sábháilte é; agus

(b)    tuairisceoidh sé an teagmhas don Bhallstát, lena n‑áirítear líon na ndaoine lena mbaineann, sonraí maidir le conas agus cathain a tharla an ciorclú, cén áit inar tharla sé, na bearta a rinneadh chun a áirithiú go scaoilfí é, agus measúnú i dtaca le stádas saoil an ainmhí/ na n‑ainmhithe nuair a scaoiltear iad (lena n‑áirítear má scaoileadh aon cheann acu beo ach a fuair bás ina dhiaidh sin).

3.Ní dhéanfar míolsiorcanna a tharraingt amach as peas-saighean.

Airteagal 12

Soithí peas-saighne ag scaoileadh siorcanna go sábháilte

1.Scaoilfidh soithí an Aontais go pras siorcanna (beo nó marbh) a ghabhtar agus nach gcoinnítear gan ghortú, a mhéid is féidir, a luaithe a fheicfear iad san eangach nó ar an deic, gan sábháilteacht aon duine a chur i mbaol.

2.Más beo atá siorc nuair a ghabhann soithí peas-saighne é agus mura gcoinnítear é, scaoilfear an siorc trí leas a bhaint as na nósanna imeachta seo a leanas, nó trí mheán atá chomh héifeachtach céanna:

(a)scaoiltear siorcanna as eangach trína scaoileadh go díreach ón mbrailéir isteach san aigéan. Siorcanna nach féidir a scaoileadh gan sábháilteacht na ndaoine a chur i mbaol sula dtugtar i dtír iad ar an deic, cuirfear ar ais san uisce iad a luaithe is féidir, trí leas a bhaint as rampa ón deic atá ceangailte le hoscailt ar thaobh an tsoithigh, nó trí haistí éalaithe. Mura mbíonn rampaí nó haistí éalaithe ar fáil, íslítear na siorcanna le crochán nó le heangach lasta, agus crann tógála nó trealamh comhchosúil á úsáid, má tá sé ar fáil;

(b)tá toirmeasc ar gheafanna, dhuáin, nó uirlisí comhchosúla a úsáid chun siorcanna a láimhsiú. Ní cheadaítear aon siorc a ardú leis an gceann, eireaball, scoilteanna geolbhaigh, nó poill anála, nó trí leas a bhaint as sreang ceangail i gcoinne an choirp nó atá curtha tríd an gcorp, agus ní cheadaítear aon pholl a tholladh trí choirp na siorcanna (e.g. chun cábla a chur tríd chun siorc a ardú);

Airteagal 13

Toirmeasc ar leas a bhaint as soithí spiléireachta doruithe siorca

Ní bhainfidh soithí iascaireachta spiléireachta an Aontais úsáid as doruithe siorca.

Airteagal 14

Bailiú sonraí maidir le speicis siorcanna

1.Baileoidh máistrí shoithí iascaireachta an Aontais sonraí le haghaidh síodsiorcanna agus siorcanna ceann casúir agus cuirfidh siad iad faoi bhráid na mBallstát, a sheolfaidh na sonraí chuig an gCoimisiún agus a chuirfidh iad faoina bhráid faoin 31 Márta gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC.

2.Déanfaidh breathnóirí ar shoithí an Aontais taifead ar líon agus ar stádas (beo/marbh) na síodsiorcanna agus ar na siorcanna ceann casúir a ghabhtar agus a scaoiltear.

ROINN 2

SPEICIS EILE

Airteagal 15

Éanlaith mhara

1.Soithí spiléireachta a bhaineann leas as córais hiodrálacha, mheicniúla nó leictreacha agus a bhíonn ag iascaireacht speiceas a chumhdaítear le limistéar an Choinbhinsiúin lastuaidh de 23°T agus laisteas de 30°D, maille leis an limistéar a bhfuil teorainn aige leis an imeallbhord ag 2°T, siar go 2°T-95°I, agus ó dheas go 15°D-95°I, agus soir go 15°-85°I, agus ó dheas go 30°D, cuirfidh siad i bhfeidhm ar a laghad dhá cheann de na bearta maolaithe atá sa tábla in Iarscríbhinn leis an Rialachán seo lena n‑áirítear ar a laghad ceann amháin ó Cholún A. Ní bhainfidh soithí leas as an mbeart céanna ó Cholún A agus ó Cholún B.

2.D’ainneoin mhír 1, ní dhéanfar duáin a chur go cliathánach le cuirtíní éanlaithe agus fodhoruithe meáite ach amháin sa limistéar lastuaidh de 23°T go dtí go mbunófar le taighde go bhfuil an beart sin fóinteach in uiscí laisteas de 30°D. Measfar gur dhá bheart mhaolaithe a bheidh i gceist le duáin a chur go cliathánach le cuirtíní éanlaithe agus fodhoruithe meáite ó cholún A.

3.Má roghnaítear an líne scanraithe éan ó Cholún A agus ó Cholún B, is ionann sin agus dhá líne scanraithe éan (i.e. línte péireáilte) a úsáid go comhuaineach.

Airteagal 16

Turtair mhara

1.Déanfaidh soithí an Aontais, ar bhealach a ndéanann a laghad díobháil is féidir, gach turtar mara a scaoileadh go pras, gan sábháilteacht aon duine a chur i mbaol, agus beidh comhalta amháin den chriú, ar a laghad, oilte i dteicnící chun turtair mhara a láimhsiú agus a scaoileadh chun gur mó an deis a bheidh acu teacht slán tar éis a scaoilte.

2.Leanfaidh na Ballstáit de bheith ag glacadh páirte i dtaighde chun teicnící a shainaithint chun foghabháil na dturtar mara a laghdú tuilleadh i ngach cineál trealaimh a úsáideann OEP.

3.Déanfaidh máistir soithigh peas-saighne mar a leanas:

(a)ciorclú na dturtar mara a sheachaint a mhéid is féidir agus, i gcás inarb iomchuí, uirlisí láimhsithe sábháilte a iompar ar bord agus a úsáid chun turtair mhara a scaoileadh, agus gach beart iomchuí a ghlacadh, má fheictear turtar mara i bpeas-saighean, chun a áirithiú go scaoiltear go sábháilte é;

(b)na bearta iomchuí is gá a ghlacadh chun faireachán a dhéanamh ar FADanna maidir le turtair mhara dul i bhfostú iontu, agus a áirithiú go scaoiltear na turtair mhara go léir atá i bhfostú in FADanna;

(c)taifead a dhéanamh ar gach idirghníomhaíochta breathnaithe le turtair mhara le linn oibríochtaí peas-saighneoireachta agus an fhaisnéis sin a thuairisciú do na húdaráis náisiúnta.

4.Déanfaidh máistir na soithí spiléireachta mar a leanas:

(a)an trealamh is gá a iompar ar bord (e.g. uirlisí bainte duáin, gearrthóirí dorú, agus eangacha scúip) chun turtair mhara a ghabhtar go teagmhasach a scaoileadh go pras, nuair a tharlaíonn idirghníomhaíochtaí le turtair mhara, an trealamh sin a úsáid;

(b)nuair a dhéantar iascaireacht le tromlach na nduán i ndoimhneacht is éadoimhne ná 100 méadar, bainfear leas as ceann amháin den dá bheart mhaolaithe a leanas: duáin mhóra chiorclacha nó iasc eite amháin a úsáid mar bhaoite;

(c)aon idirghníomhaíocht a thuairisciú do na húdaráis náisiúnta.

5.Tacóidh na Ballstáit le taighde agus le forbairt ar dhearaí FAD modhnuithe chun dul i bhfostú na dturtar mara a laghdú mar aon le bearta a dhéanamh d’fhonn úsáid dearaí a chur chun cinn ar dearaí iad a n‑éiríonn leo laghdú den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 17

Deilfeanna a chosaint

Is soithí iascaireachta an Aontais a oibríonn faoi na coinníollacha sa Chomhaontú, agus a bhfuil Teorainn Básmhaireachta Deilfeanna (DML) sannta dóibh, agus iad sin amháin, a bheidh údaraithe le scoileanna nó grúpaí deilfeanna a chiorclú le peas-saighne agus iascaireacht le haghaidh tuinníní buí i limistéar an Choinbhinsiúin.

CAIBIDIL IV

BREATHNÓIRÍ EAOLÍOCHA

Airteagal 18

Breathnóirí eolaíocha ar shoithí spiléireachta

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh breathnóir eolaíoch ar bord ar a laghad 5 % den iarracht iascaireachta a dhéanann a soithí ar mó ná 20 méadar ar a bhfad iomlán iad.

2.Déanfaidh breathnóirí eolaíocha taifead ar ghabhálacha na spriocspeiceas éisc, ar chomhdhéanamh na speiceas agus ar aon fhaisnéis bhitheolaíoch eile atá ar fáil mar aon le haon idirghníomhaíocht eile le speicis nach spriocspeicis iad amhail turtair mhara, éanlaith mhara agus siorcanna.

3.Breathnóirí eolaíocha ar bord shoithí an Aontais, cuirfidh siad tuarascáil faoi bhráid údaráis an Bhallstáit maidir leis na barúlacha sin tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis dheireadh gach turais iascaireachta. Seolfar an tuarascáil chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 25(5) den Rialachán seo.

Airteagal 19

Sábháilteacht na mbreathnóirí eolaíocha ar muir

1.Tá forálacha an Airteagail seo gan dochar d’oibleagáidí na mbreathnóirí agus freagrachtaí mháistir an tsoithigh iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú.

2.Déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta mar a leanas:

(a)gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh breathnóirí in ann a ndualgais a chomhlíonadh ar bhealach inniúil agus sábháilte;

(b)iarracht a dhéanamh a áirithiú go gcaithfidh breathnóirí tréimhsí ar shoithí éagsúla le linn a sainchúraimí a chur i gcrích;

(c)a áirithiú go soláthrófar, ar an soitheach ar a gcuirfear an breathnóir, bia agus lóistín oiriúnach le linn imlonnú an bhreathnóra ar an leibhéal céanna leis na hoifigigh, nuair is féidir;

(d)a áirithiú go dtugtar an comhar uile is gá do na breathnóirí chun gur féidir leo a ndualgais a chomhlíonadh go sábháilte, lena n‑áirítear rochtain a sholáthar, de réir mar is gá, don ghabháil a choinnítear agus don ghabháil a bhfuil sé beartaithe é a aschur.

3.Déanfaidh na Ballstáit bearta chun sábháilteacht breathnóirí agus comhaltaí criú a áirithiú i gcomhréir le Rún ó IATTC C-11-08 maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht breathnóirí ar muir, mar aon le caighdeáin saothair ábhartha an Aontais agus idirnáisiúnta 17 .

4.Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na breathnóirí na critéir cháilíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú.

5.I gcás ina bhfaighidh breathnóir bás, nó go mbeidh sé ar iarraidh nó go dtoimhdeofar é bheith tite thar bord, áiritheoidh máistir an tsoithigh iascaireachta go ndéanfaidh an soitheach iascaireachta mar a leanas:

(a)deireadh a chur láithreach le gach oibríocht iascaireachta;

(b)tús a chur láithreach le hoibríocht chuardaigh agus tarrthála má tá an breathnóir ar iarraidh nó má thoimhdítear go bhfuil sé tite thar bord, agus an cuardach a dhéanamh ar feadh ar a laghad 72 uair an chloig, ach amháin má deir an Ballstát brataí leis leanúint leis an gcuardach;

(c)fógra a thabhairt don Bhallstát brataí agus do sholáthraí an bhreathnóra láithreach;

(d)foláireamh a thabhairt láithreach do shoithí eile ar na cóngair trí leas a bhaint as gach meán cumarsáide atá ar fáil;

(e)comhoibriú go hiomlán le haon oibríocht chuardaigh agus tarrthála agus nuair a bheidh deireadh leis an oibríocht chuardaigh agus tarrthála sin, ordú a thabhairt don soitheach dul chuig an gcalafort is cóngaraí le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe, mar a chomhaontaigh an Ballstát brataí agus an soláthraí breathnóra;

(f)an tuarascáil ar an teagmhas a sholáthar don soláthraí breathnóra agus d’údaráis an Bhallstáit brataí; agus

(g)comhoibriú go hiomlán le haon imscrúdú oifigiúil ar an teagmhas, agus aon fhianaise fhéideartha agus maoin phearsanta agus ceathrúna de chuid an duine éagtha nó an duine atá ar iarraidh a chaomhnú.

6.I gcás ina bhfaighidh breathnóir bás, áiritheoidh máistir an tsoithigh iascaireachta go gcoinneofar an corp dea-chaomhnaithe, a mhéid is féidir, chun críocha scrúdú iarbháis agus imscrúdaithe.

7.I gcás ina mbeidh tinneas nó gortú tromchúiseach ar bhreathnóir atá ina bhagairt dá beatha nó dá sláinte nó sábháilteacht fhadtéarmach, áiritheoidh máistir an tsoithigh iascaireachta go ndéanfaidh soitheach iascaireachta mar a leanas:

(a)deireadh a chur láithreach le hoibríochtaí iascaireachta;

(b)fógra a thabhairt don Bhallstát brataí agus don soláthraí breathnóra láithreach;

(c)gach beart réasúnach a dhéanamh chun cúram a dhéanamh den bhreathnóir agus aon chóir leighis atá ar fáil agus indéanta ar bord an tsoithigh a sholáthar, agus i gcás inarb iomchuí, comhairle leighis sheachtrach a chuardach;

(d)nuair a threoraíonn an soláthraí breathnóra é, murar threoraigh an Ballstát cheana é, éascú a dhéanamh ar dhíbhordáil agus ar iompar an bhreathnóra chuig saoráid leighis atá feistithe chun an cúram is gá a sholáthar mar a threoraíonn an Ballstát nó an soláthraí breathnóra é, a luaithe is féidir; agus

(e)comhoibriú go hiomlán le haon imscrúdú oifigiúil ar chúis an tinnis nó an ghortaithe.

8.Gan dochar do na hoibleagáidí is infheidhme maidir le máistir an tsoithigh, chun críocha mhíreanna 5 go 7, áiritheoidh an Ballstát go dtabharfar fógra láithreach don Lárionad Comhordúcháin Tarrthála Muirí iomchuí, don soláthraí breathnóra, agus do Rúnaíocht IATTC agus go soláthrófar tuarascáil dóibh maidir leis na bearta a dhéanfar.

9.I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann lena chreidiúint gur ionsaíodh, imeaglaíodh, bagraíodh, nó gur ciapadh breathnóir sa chaoi go bhfuil a sláinte nó sábháilteacht i mbaol agus go n‑iarrfaidh an breathnóir nó an soláthraí breathnóra ar an mBallstát brataí an breathnóir a bhaint ón soitheach iascaireachta, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta mar a leanas:

(a)beart a dhéanamh láithreach chun sábháilteacht an bhreathnóra a chaomhnú agus an cás ar bord a réiteach;

(b)fógra maidir leis an gcás a thabhairt don Bhallstát brataí agus don soláthraí breathnóra láithreach, lena n‑áirítear stádas agus suíomh an bhreathnóra;

(c)díbhordáil shábháilte an bhreathnóra a éascú ar bhealach agus in áit, mar a chomhaontaigh an Ballstát brataí agus an soláthraí breathnóra, a thabharfaidh rochtain ar aon chóir leighis atá ag teastáil; agus

(d)comhoibriú go hiomlán le haon imscrúdú oifigiúil ar an teagmhas.

10.I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann lena chreidiúint gur ionsaíodh, imeaglaíodh, bagraíodh, nó gur ciapadh breathnóir sa chaoi go bhfuil a sláinte nó sábháilteacht i mbaol ach nach n‑iarrfaidh an breathnóir nó an soláthraí breathnóra an breathnóir a bhaint ón soitheach iascaireachta, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta sin mar a leanas:

(a)beart a dhéanamh láithreach chun sábháilteacht an bhreathnóra a chaomhnú agus an cás ar bord a réiteach a luaithe is féidir;

(b)fógra maidir leis an gcás a thabhairt láithreach don Bhallstát brataí agus don soláthraí breathnóra; agus

(c)comhoibriú go hiomlán le gach imscrúdú oifigiúil ar an teagmhas.

11.I gcás ina ndéanfaidh soláthraí breathnóra, tar éis dó díbhordáil ó shoitheach iascaireachta breathnóra, agus i rith fhaisnéisiú an bhreathnóra, cuir i gcás, teagmhas féideartha a aithint a bhfuil ionsaí nó ciapadh an bhreathnóra i gceist leis agus é ar bord an tsoithigh iascaireachta, tabharfaidh an soláthraí breathnóra fógra i scríbhinn don Bhallstát brataí agus do Rúnaíocht IATTC.

12.Tar éis dó an fógra a fuarthas i mír 10 a fháil, déanfaidh an Ballstát brataí mar a leanas:

(a)imscrúdú a dhéanamh ar an eachtra bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh an soláthraí breathnóra, tuarascáil teagmhais a ullmhú ar an mbonn sin agus aon bheart iomchuí a dhéanamh mar fhreagairt ar thorthaí an imscrúdaithe;

(b)comhoibriú go hiomlán le haon imscrúdú a dhéanfaidh an soláthraí breathnóra, lena n‑áirítear an tuarascáil teagmhais maidir lena imscrúdú a sholáthar don soláthraí breathnóra agus do na húdaráis iomchuí; agus

(c)fógra a thabhairt don soláthraí breathnóra agus do IATTC faoi thorthaí an imscrúdaithe agus aon bheart a dhéanfar.

13.Déanfaidh soláthraithe breathnóra náisiúnta mar a leanas:

(a)fógra a thabhairt láithreach don Bhallstát brataí i gcás ina bhfaighidh breathnóir bás, ina mbeidh sé ar iarraidh nó ina dtoimhdeofar é bheith tite thar bord le linn cúraimí breathnóra;

(b)comhoibriú go hiomlán le haon oibríocht chuardaigh agus tarrthála;

(c)comhoibriú go hiomlán le haon imscrúdú oifigiúil ar aon teagmhas a bhaineann le breathnóir;

(d)é a dhéanamh níos éasca breathnóir a dhíbhordáil agus duine nua a chur ina ionad i gcás ina mbeidh tinneas nó gortú tromchúiseach ar an mbreathnóir sin a luaithe is féidir;

(e)é a dhéanamh níos éasca breathnóir a dhíbhordáil in aon chás a bhaineann le hionsaí, bagairtí nó ciapadh ar an mbreathnóir sin sa mhéid is gur mian leis an mbreathnóir go mbainfear é ón soitheach a luaithe is féidir; agus

(f)cóip de thuarascáil an bhreathnóra maidir le teagmhais líomhnaithe a bhaineann le hionsaí nó ciapadh ar an mbreathnóir a sholáthar don Bhallstát arna hiarraidh sin.

14.Rachaidh soláthraithe breathnóra agus na Ballstáit i gcomhar lena chéile maidir le himscrúduithe a chéile, lena n‑áirítear a dtuarascálacha le haghaidh aon teagmhas a shonraítear i míreanna 5 go 11 chun aon imscrúdú a éascú de réir mar is iomchuí..

CAIBIDIL V

CEANGLAIS AR SHOITHÍ

Airteagal 20

Clár na Soithí Réigiúnacha

1.Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún maidir le gach soitheach faoina dhlínse atá le cur san áireamh i gClár na Soithí Réigiúnacha:

(a)ainm shoitheach iascaireachta an Aontais, uimhir chlárúcháin, ainmneacha roimhe sin (más eol), agus calafort clárúcháin;

(b)grianghraf den soitheach ar a léirítear a uimhir clárúcháin;

(c)bratach roimhe sin (más eol agus más ann dó);

(d)Glao-chomhartha Idirnáisiúnta Raidió (más ann dó);

(e)ainm agus seoladh an úinéara nó na n‑úinéirí;

(f)dáta agus ionad an fhoirgnimh;

(g)fad, léas, agus domhain;

(h)an cineál reoiteora agus an toilleadh reoiteora, ina méadair chiúbacha;

(i)líon agus toilleadh na mbolg éisc, ina mhéadair chiúbacha agus, i gcás soithí peas-saighne, miondealú toillte de réir na boilge éisc más féidir;

(j)Ainm agus seoladh an oibreora/ na n‑oibreoirí agus an bhainisteora/ na mbainisteoirí, más ann dóibh;

(k)cineál soithigh;

(l)cineál modha iascaireachta nó cineál modhanna iascaireachta;

(m)olltonnáiste;

(n)cumhacht an phríomhinnill nó cumhacht na bpríomhinneall;

(o)na príomh-spriocspeicis;

(p)Uimhir na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO).

2.Tabharfaidh gach Ballstát fógra go pras don Choimisiún faoi aon mhodhnú ar an bhfaisnéis maidir le heilimintí a liostaítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC gan mhoill.

3.Tabharfaidh gach Ballstát fógra freisin don Choimisiún faoin méid a leanas:

(a)aon rud breise a chuirtear leis an taifead;

(b)aon rud a scriostar ón taifead mar gheall ar an méid seo a leanas:

‑(i) an túdarú iascaireachta á thabhairt suas nó gan é a bheith á athnuachan ag úinéir nó oibreoir an tsoithigh;

‑(ii) an túdarú iascaireachta a eisíodh don soitheach á aistarraingt;

(iii) an soitheach gan bheith i dteideal an bhratach a chur ar foluain a thuilleadh;

(iv) an soitheach á dhiúscairt, á dhíchoimisiúnú, nó á chailleadh; agus

(v) ar aon chúis eile nach liostaítear thuas is infheidhme.

4.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 30 Bealtaine gach bliain maidir le soithí an Aontais ar Chlár na Soithí Réigiúnacha a bhfuil a mbratach ar foluain acu a bhí ag iascaireacht speiceas a chumhdaítear faoin gCoinbhinsiún ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig ón mbliain roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC gan mhoill.

5.Iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit sonraí iomlána a sholáthar maidir lena soithí i gcomhréir le mír 1 mura soláthraíonn an Ballstát an fhaisnéis go léir atá ag teastáil.

Airteagal 21

Tobair shéalaithe

1.Déanfar tobar atá séalaithe a shéalú go fisiceach ar bhealach crioscaíldíonach, agus sa chaoi nach mbeidh bealach ann idir é agus aon spás eile ar an soitheach agus go gcoiscfear é a úsáid le haghaidh aon stórála eile.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun na tobair atá séalaithe den chéad uair a iniúchadh agus a fhíorú.

3.Aon soitheach a bhfuil ceann amháin nó níos mó dá dtoibreacha séalaithe chun toilleadh an tobair arna thaifeadadh ar chlár na soithí réigiúnacha a laghdú, beidh de cheangal ar an soitheach sin breathnóir ó AIDPC a iompar ar bord.

4.Ní fhéadfar tobar séalaithe a oscailt ach amháin i gcás éigeandála. Má osclaítear tobar séalaithe ar muir, beidh an breathnóir i láthair nuair a osclófar an tobar agus nuair a dhéanfar é a athshéalú.

5.Cuirfear an trealamh cuisnithe go léir sa tobar séalaithe ó mhaith.

6.Tabharfaidh máistir an tsoithigh fógra do na breathnóirí faoi aon tobar séalaithe ar bord. Tuairisceoidh breathnóirí do Rúnaíocht IATTC maidir le haon chásanna de thobair shéalaithe á n‑úsáid chun iasc a stóráil.

CAIBIDIL VI

SONRAÍ AGUS CLÁR STAIDRIMH

Airteagal 22
Soláthar Sonraí

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear gach faisnéis ghabhála ábhartha ar fáil don Choimisiún ar bhonn bliantúil, le haghaidh a soithí go léir atá ag iascaireacht speiceas faoi chúram an Choinbhinsiúin.

2.Cuirfidh na Ballstáit sonraí ar fáil, de réir speicis agus trealamh iascaireachta, más praiticiúil, trí logleabhair shoithigh agus trí thaifid díluchtúcháin, agus seachas sin i bhfoirm chomhbhailithe mar a leagtar amach i Rún C-03-05 ó IATTC, agus sonraí faoi ghabháil agus iarracht ó Leibhéal 3 mar íoscheanglas, agus, aon uair is féidir, sonraí faoi ghabháil agus iarracht agus sonraí ó Leibhéil 2 agus 1 agus sonraí maidir le fad-minicíocht.

3.Cuirfear an tábla sonraí comhbhailithe dá dtagraítear i mír 2 le haghaidh gach bliana ar fáil don Choimisiún faoin 31 Bealtaine an bhliain ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC faoin 30 Meitheamh.

Airteagal 23
Doiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha

1.Gach tuinnín mórshúileach a allmhairítear chuig críoch an Aontais, ba cheart an doiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha nó deimhniú ath-onnmhairiúcháin maidir le tuinníní mórshúileacha IATTC bheith ag gabháil leis, de réir mar is iomchuí, arna bhunú ag IATTC 18 . Tuinníní mórshúileacha a ghabhann soithí peas-saighne agus báid bhaoite, tuinníní atá beartaithe go príomha do thuilleadh próiseála ag monarchana cannadóireachta tuinníní, níl siad faoi réir an cheanglais sin maidir leis an doiciméad staidrimh.

2.I dtaca le doiciméad staidrimh IATTC maidir le tuinníní mórshúileacha, ní mór d’údaráis Bhallstát an tsoithigh a ghabh an tuinnín é sin a bhailíochtú. I dtaca le deimhniú ath-onnmhairiúcháin IATTC maidir le tuinníní mórshúileacha, ní mór d’údaráis an Bhallstáit a d’athonnmhairigh na tuinníní é sin a bhailíochtú.

3.Na Ballstáit a allmhairíonn tuinníní mórshúileacha, tuairisceoidh siad na sonraí trádála don Choimisiún, sonraí a bhailíonn a n‑údaráis gach bliain faoin 1 Aibreán le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin agus faoin 1 Deireadh Fómhair le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh sa bhliain reatha. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC gan mhoill.

4.Na Ballstáit a onnmhairíonn tuinníní mórshúileacha, déanfaidh siad scrúdú ar na sonraí trádála ar fháil na sonraí allmhairiúcháin dóibh dá dtagraítear i mír 3 thuas agus tuairisceoidh siad na torthaí don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC gan mhoill.

5.Bailíochtóidh na Ballstáit doiciméid staidrimh a bhaineann le trasloingsiú ag calafort a dhéanfaidh soithí spiléireachta a bhfuil a mbratacha ar foluain acu i gcás ina ndearnadh an trasloingsiú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ar bhonn na faisnéise a gheofar trí Chlár Breathnóirí IATTC.

6.Na Ballstáit a bhailíochtóidh doiciméad staidrimh a bhaineann le trasloingsithe a dhéanfaidh soitheach spiléireachta a bhfuil a mbratacha ar foluain acu, áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis comhsheasmhach leis na gabhálacha a thuairisceoidh gach soitheach spiléireachta.

7.Na tuinníní agus na speicis go léir cosúil le tuinníní a thabharfar i dtír nó a allmhaireofar chuig an Aontas, bídís neamhphróiseáilte nó tar éis a bheith próiseáilte ar bord, agus a bheidh trasloingsithe, beidh foirm dearbaithe trasloingsithe ag gabháil leo go dtí go mbeidh an chéad díolachán ann.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Limistéar forluí

1.Maidir le soithí iascaireachta an Aontais a liostaítear go heisiach sa chlár IATTC, cuirfidh siad bearta caomhnaithe agus bainistithe IATTC i bhfeidhm nuair a bheidh siad ag iascaireacht sa limistéar forluí.

2.I gcás soithí atá liostaithe i gcláir shoithigh WCPFC agus IATTC araon, sula ndéanfaidh siad iascaireacht sa limistéar forluí, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le cé acu den dá bheart chaomhnaithe agus bhainistithe arna nglacadh ag na heagraíochtaí sin a fheidhmeoidh a soithí nuair a bheidh siad ag iascaireacht sa limistéar forluí. Beidh an fógra bailí go ceann tréimhse nach lú ná trí bliana.

Airteagal 25
Tuairisciú

1.Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Meitheamh gach bliain le haghaidh na bliana roimhe sin, tuarascáil náisiúnta maidir lena scéim comhlíontachta agus maidir leis na bearta a rinneadh chun bearta IATTC a chur chun feidhme, lena n‑áirítear aon rialuithe a d’fhorchuir sé ar a gcabhlaigh agus aon bhearta faireacháin, rialúcháin agus comhlíontachta a bhunaigh sé chun comhlíontacht leis na rialuithe sin a áirithiú.

2.Tuairisceoidh na Ballstáit go bliantúil faoin 15 Aibreán le haghaidh na bliana roimhe sin, sonraí maidir le gabhálacha, iarracht de réir cineál trealaimh, thabhairt i dtír agus thrádáil na siorcanna de réir speicis, sonraí maidir le siorcanna bána mar a thuairiscítear in Airteagal 8(3), roic de chineál Mobulidae in Airteagal 9(4) agus síodsiorcanna in Airteagal 10. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC faoin 1 Bealtaine.

3.Tuairisceoidh na Ballstáit go bliantúil faoin 15 Meitheamh le haghaidh na bliana roimhe sin, maidir le cur chun feidhme Airteagal 15 agus maidir le hidirghníomhaíochtaí le héanlaith mhara le linn gníomhaíochtaí iascaireachta arna mbainistiú faoin gCoinbhinsiún, lena n‑áirítear foghabhálacha na héanlaithe mara, mionsonraí faoi speiceas na héanlaith mara, agus an fhaisnéis ábhartha go léir atá ar fáil ó bhreathnóirí agus ó chláir faireacháin eile. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC faoin 30 Meitheamh.

4.Tuairisceoidh na Ballstáit go bliantúil faoin 15 Meitheamh le haghaidh na bliana roimhe sin, maidir le cur chun feidhme Airteagal 16 agus maidir le Treoirlínte FAO chun ráta básmhaireachta na dturtar mara i dtaca le hoibríochtaí iascaireachta (2009) a laghdú 19 le haghaidh na dturtar, lena n‑áirítear faisnéis a bhaileofar maidir le hidirghníomhaíocht le turtair le linn gníomhaíochtaí iascaireachta arna mbainistiú faoin gCoinbhinsiún. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC faoin 30 Meitheamh.

5.Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil breathnóra eolaíoch isteach faoi shoithí spiléireachta dá dtagraítear in Airteagal 18(3) faoin 15 Márta don bhliain roimhe sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC faoin 30 Márta.

Airteagal 26

Neamhchomhlíontacht líomhnaithe arna tuairisciú ag IATTC

1.Má fhaigheann an Coimisiún aon fhaisnéis ó IATTC ina léireofar amhras nár chomhlíon Ballstát nó soithí iascaireachta an Aontais an Coinbhinsiún nó Rúin ó IATTC, tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an mBallstát lena mbaineann gan mhoill.

2.Seolfaidh an Ballstát imscrúdú i ndáil leis na líomhaintí i dtaca le neamhchomhlíontacht agus déanfaidh sé fionnachtana an imscrúdaithe sin agus aon bheart eile atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar nithe is ábhar imní ó thaobh neamhchomhlíontachta de, a chur in iúl don Choimisiún ar a laghad 75 lá roimh an gcruinniú bliantúil den Choiste um Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme na mBeart (“an Coiste Comhlíontachta”).

3.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC ar a laghad 60 lá roimh chruinniú an Choiste Comhlíontachta.

Airteagal 27 
Rúndacht

I dteannta na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 112 agus 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, áiritheoidh na Ballstáit, máistrí soithí iascaireachta, breathnóirí, gur i modh rúin a dhéileálfar leis na tuarascálacha leictreonacha agus leis na teachtaireachtaí leictreonacha a tharchuirfear chuig Rúnaíocht IATTC agus a gheofar uaidh de bhun Airteagal 10(2), Airteagal 19(5), Airteagal 19(8) agus Airteagal 21(6) den Rialachán seo.

Airteagal 28
Cumhachtú leasuithe a dhéanamh

1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leasaítear an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 29, chun é a chur in oiriúint do bhearta arna nglacadh ag IATTC a chuireann ceangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)foirm dearbhaithe trasloingsithe dá dtagraítear in Airteagal 3(17);

(b)tagairt do léiriú doruithe siorca in Airteagal 3(19);

(c)tréimhsí coiscthe dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(a) agus in Airteagal 4(5);

(d)amlínte tuairiscithe na FADanna dá dtagraítear in Airteagal 6(3);

(e)faisnéis atá le bailiú nuair atáthar ag iascaireacht le FADanna a liostaítear in Airteagal 6(4);

(f)forálacha maidir le dearadh agus imscaradh FAD dá bhforáiltear in Airteagal 6(6);

(g)spriocdháta an bhailiúcháin sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1);

(h)limistéir agus bearta maolaithe chun éanlaith mhara a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 15(1) agus (2);

(i)cumhdach breathnóra eolaíoch i gcomhréir le hAirteagal 18(1);

(j)faisnéis i ndáil le Clár na Soithí Réigiúnacha a liostaítear in Airteagal 20(1);

(k)tagairt don tábla chun sonraí a chur ar fáil do na logleabhair agus chun taifid díluchtúcháin a choinneáil dá bhforáiltear in Airteagal 22(2);

(l)tagairt don doiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha i gcomhréir le hAirteagal 23(1);

(m)spriocdhátaí tuairiscithe dá bhforáiltear in Airteagal 25;

(n)tagairt do threoirlínte básmhaireachta turtar in Airteagal 25(4);

(o)Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.Beidh leasuithe i gcomhréir le mír 1 teoranta go docht do na leasuithe a chur chun feidhme nó do Rúin nua ó IATTC a chur i ndlí an Aontais.

Airteagal 29
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 28 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 28 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 28 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 30
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

Scriostar Airteagal 3(3), Airteagal 4(3) agus Teideal IV Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle.

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO. L 29, 30.01.2019, lch. 1.
(2)    IO. C , , lch. .
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO. L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(4)    Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le dlí na mara an 10 Nollaig 1982 agus Chomhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach (IO. L 179, 23.6.1998, lch. 1).
(5)    Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 maidir leis an gComhaontú maidir le cur chun feidhme fhorálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le dlí na mara an 10 Nollaig 1982 a chur chun feidhme i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mórimirceach a chur chun feidhme arna dhaingniú ag an gComhphobal Eorpach (IO. L 189, 3.7.1998, lch. 14).
(6)    Cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2006 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha a neartú, a bunaíodh le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce (IO. L 224, 16.8.2006, lch. 22).
(7)

   Cinneadh an 8 Nollaig 2005 ón gComhairle maidir le formheas a thabhairt thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Chomhaontú i dtaca leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (2005/938/CE), (IO. L 348, 30.12.2005, lch. 26).

(8)    Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle lena leagtar síos bearta teicniúla chun caomhnú a dhéanamh ar stoic áirithe de speicis mhórimirceacha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 (IO. L 123, 12.5.2007, lch. 3).
(9)

   An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016

maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO. L 123, 12.5.2016, lch. 1).

(10)    Cinneadh an 2005/26/CE an 25 Deireadh Fómhair 2004 ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha a neartú, a bunaíodh le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce (“Coinbhinsiún Antigua”) (IO. L 15, 19.1.2005, lch. 9).
(11)    Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO. L 347, 28.12.2017, lch. 81).
(12)    Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO. L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(13)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO. L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(14)    Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí (IO. L 167, 4.7.2003, lch. 1).
(15)    Cinneadh 2005/938/CE an 8 Nollaig 2005 ón gComhairle maidir le formheas a thabhairt thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Chomhaontú i dtaca leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (IO. L 348, 30.12.2005, lch. 26).
(16)    Cinneadh 2005/75/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún maidir le stoic éisc mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a chaomhnú agus a bhainistiú (IO. L 32, 4.2.2005, lch. 1).
(17)    Go háirithe, an Treoir Réime Eorpach maidir le Sábháilteacht agus Sláinte ar Obair (Treoir 89/391 CEE), Treoir 2017/159/AE an 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú i dtaca le cur chun feidhme an Choinbhinsiún maidir le hObair san Iascaireacht, 2007, na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO), Choinbhinsiún ILO maidir le hObair san Iascaireacht, 2007 (Uimh. 188) agus Choinbhinsiún ILO maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh.190)
(18)    Foscríbhinn a ghabhann le Rún C-03-01.
(19)    http://www.fao.org/docrep/012/i0725e/i0725e.pdf