An Bhruiséil,10.9.2026

COM(2026) 457 final

2026/0253(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1641 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an údarú don Rómáin bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 26(1), pointe (a) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

De bhun Airteagal 395(1) de Threoir 2006/112/CE an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (‘an Treoir maidir le CBL’) 1 , féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’aon Bhallstát bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach sin, chun an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc.

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 19 Bealtaine 2026, d’iarr an Rómáin go gcuirfí síneadh leis an maolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), agus ar Airteagal 168 den Treoir maidir le CBL chun leanúint de theorainn 50 % a chur leis an gceart asbhainte CBL ar ionchur i gcás CBL arna mhuirearú ar chaiteachas a bhaineann le mótarfheithiclí bóthair áirithe nach chun críoch gnó amháin a úsáidtear iad agus gan caitheamh le húsáid phríobháideach duine inchánach nó a fhoirne mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch eile seachas críocha a ghnó, i gcás ina raibh na feithiclí sin faoi réir an tsriain thuasluaite ar an gceart asbhainte.

I gcomhréir le hAirteagal 395(2) den Treoir maidir le CBL, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 22 Bealtaine 2026 maidir leis an iarraidh a rinne an Rómáin. Le litir dar dáta 26 Bealtaine 2026, thug an Coimisiún fógra don Rómáin go raibh an fhaisnéis ar fad aige a mheas sé a bheith riachtanach chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Foráiltear le hAirteagal 168 den Treoir maidir le CBL go bhfuil duine inchánach i dteideal asbhaint a dhéanamh ar CBL a ghearrtar ar cheannacháin a dhéantar chun críche idirbheart cáinmhuirearaithe. Tá sé de cheanglas in Airteagal 26(1)(a) den Treoir chéanna i ndáil le húsáid earraí ar cuid iad de shócmhainní gnólachta chun críoch príobháideach an duine inchánach nó a fhoirne nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch eile seachas chun críocha a ghnó, go gcaithfear leis an úsáid sin mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin má bhí an CBL ar na hearraí sin in-asbhainte go hiomlán nó go páirteach. Leis an gcóras sin is féidir CBL a asbhaineadh ar dtús a aisghabháil i ndáil leis an úsáid phríobháideach.

I gcás mótarfheithiclí bóthair nach chun críoch gnó amháin a úsáidtear iad, tá sé deacair an deighilt idir úsáid phríobháideach agus úsáid ghnó a shainaithint. I gcás ina gcoimeádtar taifid, cuireann siad ualach breise riaracháin agus costais ar an ngnólacht agus ar an riarachán araon iad a choinneáil ar bun agus a sheiceáil. Go deimhin, d’fhéadfadh sé go mbeadh díospóidí ann dá bharr a bheadh costasach agus a d’ídeodh an-chuid ama. Sa chleachtas, bíonn sé dodhéanta in amanna a fhíorú cén úsáid iarbhír a bhaintear as feithiclí, úsáid a mbeadh de thoradh uirthi (go bhféachfaí le) calaois CBL a dhéanamh (trí coimeád taifead neamh-iontaofa, mar shampla) agus a dtiocfadh mar iarmhairt uirthi laghdú ar an ioncam CBL. Mar gheall ar an líon feithiclí a úsáidtear chun críoch measctha, d’fhéadfadh imghabháil cánach a bheith suntasach.

De réir na tuarascála a chuir an Rómáin isteach mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(3) de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2024/1641 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2024 2 , is ard atá sciar na bhfiontar beag sa Rómáin ina bhfuil níos lú ná naonúr fostaithe: fiontair bheaga nó mheánmhéide a bhí in 99,8 % de na fiontair ghníomhacha uile in earnáil na tionsclaíochta, in earnáil na tógála nó in earnáil na seirbhísí in 2023; agus fiontair ghníomhacha a raibh suas le naonúr fostaithe iontu a bhí in 91,7 % de na hoibreoirí eacnamaíocha agus sóisialta gníomhacha uile sna hearnálacha sin. Is minic gur gnólachtaí teaghlaigh iad sin. I bhfiontair bheaga den chineál sin, is minic nach ndéantar sócmhainní cuideachta a scaradh go soiléir ó shócmhainní príobháideacha daoine atá i mbun na gníomhaíochta gnó. I gcásanna den sórt sin, bíonn sé thar a bheith deacair idirdhealú a dhéanamh idir úsáid phríobháideach agus úsáid ghnó mótarfheithiclí agus bheadh eisíocaíochtaí móra díréireacha ag teastáil ina leith, lena n‑áirítear iad siúd a eascraíonn as an ngá atá ann doiciméadacht mhionsonraithe a choimeád.

Ar na cúiseanna sin, údaraíodh don Rómáin maolú ar Airteagal 168 den Treoir maidir le CBL tríd an gceart asbhainte CBL a ghearrtar a theorannú go 50 % ar mhótarfheithiclí bóthair a cheannach, a fháil taobh istigh den Chomhphobal, a allmhairiú, a fháil ar cíos nó a léasú agus le caiteachas a bhaineann leis an méid sin, lena n‑áirítear ceannach breosla, i gcás nach n‑úsáidtear na feithiclí sin go heisiach chun críocha gnó. Ina theannta sin, i gcás mótarfheithiclí bóthair atá faoi réir na teorann 50 % sin, chun cánachas dúbailte a sheachaint, údaraíodh don Rómáin faoiseamh a thabhairt do dhaoine inchánach ón ngá atá le caitheamh le húsáid na bhfeithiclí sin chun críoch eile seachas críocha a ngnó mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin de bhun Airteagal 26(1), pointe (a), den Treoir maidir le CBL. Níl feidhm ag an mbeart speisialta maidir le mótarfheithiclí bóthair ag a bhfuil uasmhais ualaithe incheadaithe níos mó ná 3 500 kg nó ag a bhfuil níos mó ná naoi suíochán lena n‑áirítear suíochán an tiománaí. Ina theannta sin, rinneadh roinnt catagóirí feithiclí a eisiamh go sonrach ón srian sin ar an gceart asbhainte, amhail feithiclí a úsáidtear go heisiach le haghaidh seirbhísí éigeandála, slándála, cosanta nó cúiréireachta, feithiclí a úsáideann gníomhairí díolacháin agus ceannaithe, feithiclí a úsáidtear chun paisinéirí agus tacsaithe a iompar, feithiclí a úsáidtear le haghaidh teagaisc ag scoileanna tiomána, feithiclí a úsáidtear le haghaidh fruilithe nó léasaithe nó feithiclí a úsáidtear mar thráchtearraí chun críocha trádála.

Is í an Chomhairle a dheonaigh údarú na mbeart speisialta thuasluaite den chéad uair trí bhíthin Chinneadh 2012/232/AE an 26 Aibreán 2012, ar údarú é a mhair go dtí an 31 Nollaig 2014. Ina dhiaidh sin, cuireadh síneadh leis na bearta speisialta sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/156 ón gComhairle an 27 Eanáir 2015 3 go dtí an 31 Nollaig 2017, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2012 ón gComhairle an 7 Samhain 2017 4 go dtí an 31 Nollaig 2020, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1262 ón gComhairle an 4 Meán Fómhair 2020 5 go dtí an 31 Nollaig 2023. Trí mhaolú nua ach, maidir leis an ábhar, maolú comhionann, cuireadh síneadh leis na bearta speisialta arís le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1641 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2024 go dtí an 31 Nollaig 2026.

An iarraidh seo ón Rómáin ar shíneadh breise a chur leis na bearta speisialta, tá sí bunaithe ar na forais chéanna a cuireadh i láthair sna hiarrataí roimhe seo. Tá tuarascáil ag gabháil leis an iarraidh ina bhfuil athbhreithniú ar an teorainn chéatadáin a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an gceart asbhainte, mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(3) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1641 ón gComhairle. Tá an Rómáin den tuairim go bhfuil ról na mbeart speisialta comhlíonta acu: is simpliú é an maolú lena gcuirtear deireadh leis an ngá atá ann don duine inchánach taifid a choimeád ar mhíleáiste a bhaineann le húsáid ghnó agus míleáiste a bhaineann le húsáid phríobháideach na feithicle, agus lena gcruthaítear na dálaí chun imghabháil cánach a chosc, rud a d’fhéadfaí a ghiniúint trí níos lú ná úsáid phearsanta iarbhír a thaifeadadh. Measann an Rómáin go bhfuil feidhm fós ag na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na mbeart speisialta agus go bhfuil an teorainn 50 % leis an gceart asbhainte CBL ar ionchur fós iomchuí agus gur léiriú í ar na dálaí eacnamaíocha atá ann faoi láthair.

I bhfianaise thionchar dearfach na mbeart speisialta ar an ualach riaracháin atá ar cháiníocóirí agus ar údaráis chánach araon, moltar síneadh leis na bearta speisialta atá ann faoi láthair a údarú. Ba cheart an t‑údarú a bheith bailí go ceann tréimhse theoranta eile , i.e. go dtí an 31 Nollaig 2029, chun gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanas agus ar éifeachtacht na mbeart speisialta agus ar cé atá nó nach bhfuil an teorainn 50 % ina léiriú ceart fós ar an gcionroinnt fhoriomlán idir úsáid ghnó agus úsáid phríobháideach. Ba cheart tuarascáil a bheith ag gabháil le haon iarraidh ar shíneadh breise ina mbeidh athbhreithniú ar an gcéatadán a chuirtear i bhfeidhm agus ba cheart í a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta 2029.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Deonaíodh maoluithe den chineál céanna maidir leis an gceart asbhainte do Bhallstáit eile (an Iodáil 6 , an Pholainn 7 , an Eastóin 8 , an Ungáir 9 , an Chróit 10 , agus an Laitvia 11 ).

Sonraítear in Airteagal 176 den Treoir maidir le CBL go gcinnfidh an Chomhairle an caiteachas nach bhfuil CBL in-asbhainte ina leith. Go dtí go ndéanfaidh sí sin, is féidir do na Ballstáit eisiaimh a bhí i bhfeidhm faoi dhlíthe náisiúnta an 1 Eanáir 1979 a choinneáil ar bun. Ar an mbonn sin, tá roinnt forálacha ‘neamhghníomhaíochta’ ann lena gcuirtear srian leis an gceart asbhainte CBL i ndáil le mótarfheithiclí bóthair nach chun críoch gnó amháin a úsáidtear iad.

Theip ar thionscnaimh roimhe seo chun rialacha a bhunú maidir leis na catagóirí caiteachais a d’fhéadfadh a bheith faoi réir srian ar an gceart asbhainte 12 . Go dtí go ndéanfar na rialacha sin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, meastar gurb iomchuí bearta speisialta amhail na cinn atá ann faoi láthair.

Dá bhrí sin, tá na bearta speisialta atá beartaithe comhsheasmhach le forálacha na Treorach maidir le CBL.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an beart sin comhsheasmhach le Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú 13 chun tacú le cuideachtaí óga agus nuálacha agus tá sé comhoiriúnach freisin le clár oibre 2025 an Choimisiúin 14 ina leagtar béim ar an gclár oibre cur chun feidhme agus simplithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

I bhfianaise na forála sa Treoir maidir le CBL ar a bhfuil an togra bunaithe, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

•Comhréireacht

Baineann an Cinneadh le húdarú arna dheonú do Bhallstát arna iarraidh sin dó féin agus níl aon oibleagáid ann.

I bhfianaise raon feidhme teoranta an mhaolaithe, tá na bearta speisialta comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, i.e. an bailiú cánach a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc. Go háirithe, ós rud é go bhféadfadh gnólachtaí gan a ndliteanais uile a dhearbhú agus i bhfianaise na seiceála troime ar shonraí maidir le míleáiste d’údaráis chánach, shimpleodh an srian 50 % an nós imeachta um bailiú CBL agus chuirfeadh sé cosc ar imghabháil cánach inter alia trí choimeád taifead mícheart.

•An rogha ionstraime

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim atá beartaithe.

Faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, ní féidir maolú ar fhorálacha coiteanna CBL ach i gcás ina n‑údaróidh an Chomhairle é sin agus í ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún. Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim is oiriúnaí ó tharla gur féidir í a dhíriú chuig Ballstát aonair.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Rómáin agus baineann sé go sonrach leis an mBallstát sin amháin.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

•Measúnú tionchair

Tá sé d’aidhm ag an togra simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le CBL a bhailiú agus cosc a chur ar imghabháil CBL. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag na bearta speisialta atá beartaithe ar ghnólachtaí agus ar an údarás fioscach araon. Tá na bearta speisialta sainaitheanta ag an Rómáin mar an réiteach is iomchuí agus tá siad inchomparáide le maoluithe eile a deonaíodh do Bhallstáit eile roimhe seo agus atá ann faoi láthair.

•Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairt ag gabháil leis an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh drochthionchar ag an togra ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraítear ó CBL.

5.EILIMINTÍ EILE

Tá teorainn ama leis an togra agus áirítear ann clásal éagtha arna shocrú don 31 Nollaig 2029.

I gcás ina bhféachfadh an Rómáin le síneadh breise a chur leis an mbeart speisialta, ar síneadh é a rachadh thar 2029, ba cheart di iarraidh ar shíneadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ina ndéanfaí athbhreithniú ar chéatadán na teorann tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2029.

2026/0253 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1641 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an údarú don Rómáin bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 26(1), pointe (a) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 15 , agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1641 ón gComhairle 16 , údaraíodh don Rómáin bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE, chun teorainn 50 % a chur leis an gceart CBL a asbhaint maidir le mótarfheithiclí bóthair áirithe a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal, a allmhairiú, a fháil ar cíos nó a léasú chomh maith leis an CBL a ghearrtar ar chaiteachas a bhaineann leis na feithiclí sin, i gcás nach n‑úsáidtear iad go hiomlán chun críoch gnó, agus, de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), de Threoir 2006/112/CE, chun faoiseamh a thabhairt do dhaoine inchánach ón ngá atá le caitheamh le húsáid na bhfeithiclí sin chun críoch eile seachas críocha a ngnó mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin. Tá na bearta speisialta sin le dul in éag an 31 Nollaig 2026.

(2)Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 19 Bealtaine 2026, d’iarr an Rómáin údarú i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE chun leanúint de na bearta speisialta a chur i bhfeidhm tar éis an 31 Nollaig 2026.

(3)Le litir dar dáta an 22 Bealtaine 2026, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Rómáin chuig na Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE. Le litir dar dáta an 26 Bealtaine 2026, thug an Coimisiún fógra don Rómáin go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

(4)I gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1641 ón gComhairle, chuir an Rómáin tuarascáil isteach, in éineacht leis an iarraidh, inar áiríodh an t‑athbhreithniú ar chéatadán na teorann a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gceart asbhainte CBL dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh sin. I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil faoi láthair, maíonn an Rómáin go bhfuil an teorainn 50 % fós inchosanta agus go bhfuil sí fós iomchuí.

(5)I bhfianaise thionchar dearfach na mbeart speisialta ar an ualach riaracháin a bhíonn ar cháiníocóirí agus ar údaráis chánach trí bhailiú CBL a shimpliú agus cosc a chur ar imghabháil cánach trí thaifid mhíchearta a choinneáil, measann an Coimisiún go bhfuil sé iomchuí údarú a thabhairt don Rómáin leanúint de na bearta speisialta a chur i bhfeidhm.

(6)Is iomchuí teorainn ama a chur le síneadh na mbeart speisialta ionas go mbeifear in ann meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht agus ar a mhéid is iomchuí céatadán na teorann a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gceart asbhainte CBL. Ba cheart, dá bhrí sin, údarú a thabhairt don Rómáin leanúint de chur i bhfeidhm na mbeart speisialta go dtí an 31 Nollaig 2029.

(7)Tá na bearta speisialta comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú, is iad sin an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála cánach nó seachanta cánach a chosc, ós rud é go bhfuil sé teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis na bearta speisialta an riosca go n‑aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile.

(8)I gcás ina measann an Rómáin gur gá síneadh breise a chur leis na bearta speisialta tar éis 2029, ba cheart di iarraidh ar shíneadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2029, mar aon le tuarascáil ina n‑áirítear athbhreithniú ar chéatadán na teorann a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gceart CBL a asbhaint.

(9)Ní bheidh ach éifeacht suarach ag cur i bhfeidhm na mbeart speisialta tar éis an 31 Nollaig 2026 ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailíonn an Rómáin ag céim an tomhaltais deiridh agus ní dhéanfaidh sé dochar d’acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

(10)Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1641 ón gComhairle a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1641 ón gComhairle, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

2.Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2029.

3.Aon iarraidh ar shíneadh a chur leis na bearta speisialta a leagtar síos in Airteagail 1 agus 3, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin í faoin 31 Márta 2029, agus beidh tuarascáil ag gabháil léi ina n‑áireofar athbhreithniú ar an teorainn chéatadáin a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart CBL a asbhaint ar bhonn an Chinnidh seo.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj .
(2)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1641 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2024 lena n‑údaraítear don Rómáin bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 26(1), pointe (a) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L, 2024/1641, 6.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1641/oj ).
(3)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/156 ón gComhairle an 27 Eanáir 2015 lena gcuirtear síneadh le tréimhse bhailíochta Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/232/AE lena n‑údaraítear don Rómáin bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1)(a) agus Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 26, 31.1.2015, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2015/156/oj ).
(4)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2012 ón gComhairle an 7 Samhain 2017 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/232/AE lena n‑údaraítear don Rómáin bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1)(a) agus Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 292, 10.11.2017, lgh. 57–58, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2017/2012/oj ).
(5)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1262 ón gComhairle an 4 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh 2012/232/AE lena n‑údaraítear don Rómáin bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1)(a) agus Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 296, 10.9.2020, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2020/1262/oj ).
(6)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2529 ón gComhairle an 8 Nollaig 2025 lena leasaítear Cinneadh 2007/441/CE lena n‑údaraítear do Phoblacht na hIodáile bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1)(a) agus 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L, 2025/2529, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2529/oj ).
(7)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1986 ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE lena n‑údaraítear do Phoblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L, 2025/1986, 30.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1986/oj ).
(8)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/539 ón gComhairle an 18 Márta 2025 lena n‑údaraítear an Eastóin beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 2025/539, 21.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/539/oj ).
(9)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3205 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493 lena n‑údaraítear don Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, IO L, 2024/3205, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3205/oj ).
(10)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2884 ón gComhairle an 5 Samhain 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1994 lena n‑údaraítear don Chróit beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, IO L, 2024/2884, 13.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2884/oj ).
(11)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3206 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429 lena n‑údaraítear don Laitvia beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, IO L, 2024/3206, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3206/oj ).
(12)    COM (2004) 728 final - Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 77/388/CEE d’fhonn oibleagáidí cánach breisluacha a shimpliú (IO C 24, 29.1.2005, lch. 10) a tarraingíodh siar an 21 Bealtaine 2014 (IO C 153, 21.5.2014, lch. 3).
(13)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Straitéis an Aontais Eorpaigh um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú - Roghnaigh an Eoraip chun dul i mbun gnó agus méadú (COM(2025) 270 final); féach EUR-Lex - 52025DC0270 - GA - EUR-Lex .
(14)

   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Clár oibre 2025 an Choimisiúin - ‘Dul ar aghaidh le chéile: Aontas Níos Dána, Níos Simplí, Níos Tapúla, (COM(2025) 45 final); féach EUR-Lex - 52025DC0045 - GA - EUR-Lex .

(15)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj .
(16)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1641 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2024 lena n‑údaraítear don Rómáin bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 26(1), pointe (a) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L, 2024/1641, 6.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1641/oj ).