|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2475 |
4.11.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/2475 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Deireadh Fómhair 2026
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor (3), ar dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) de (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh chun na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor a leasú trí ghníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis, ar gníomhartha iad nach ndéanann gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Creat Windsor a leasú ná a ionadú. |
|
(3) |
Rialachán (AE) 2025/2455 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), is gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais é a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor ar cheart é a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor. Mar sin féin, ní thagann na forálacha seo a leanas de Rialachán (AE) 2025/2455 faoi raon feidhme Chreat Windsor agus, dá bhrí sin, níor cheart iad a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor: Airteagal 25; pointí 1, 2, 5, 6, 8, 20, 22, 23, 27-31, 38, 43-45, 52, 53, 59, 66 agus 67 d’Iarscríbhinn I; pointí 3, 8, 10, 12, 14, 25, 29 agus 32 d’Iarscríbhinn III; réimsí sonraí in Iarscríbhinn IV a bhaineann leis na pointí roimhe sin a liostaítear i leith Iarscríbhinní I agus III; agus pointe 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2025/2455. |
|
(4) |
Tá sé beartaithe ag an gComhchoiste, ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige, cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor maidir le Rialachán (AE) 2025/2455 a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor. |
|
(5) |
Má ghlactar an cinneadh atá beartaithe ón gComhchoiste, beidh éifeachtaí dlíthiúla aige don Aontas. Dá bhrí sin, is gá an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú maidir le cinneadh a ghlacadh lena gcuirtear gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhchoiste’), leagtar amach é sa dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 26 Deireadh Fómhair 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. HEYDON
(1) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign.
(2) Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/135/oj).
(3) Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 ( IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).
(4) Rialachán (AE) 2025/2455 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2025 lena mbunaítear ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena leagtar síos rialacha chun a áirithiú go bhfuil na sonraí atá ann inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte agus lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais do cheimiceáin (IO L, 2025/2455, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2455/oj).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. …/2026 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
an …
lena gcuirtear gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus go háirithe Airteagal 13(4) de Chreat Windsor (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 13(4) de Chreat Windsor, tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena ndéanfar gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe leis na cinntí sin a chur chun feidhme agus tá na héifeachtaí dlíthiúla céanna ag na cinntí sin agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar. |
|
(3) |
Rialachán (AE) 2025/2455 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), is gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais é a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor ar cheart é a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor. Mar sin féin, ní thagann na forálacha seo a leanas de Rialachán (AE) 2025/2455 faoi raon feidhme Chreat Windsor agus dá bhrí sin níor cheart iad a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor: Airteagal 25; pointí 1, 2, 5, 6, 8, 20, 22, 23, 27-31, 38, 43-45, 52, 53, 59, 66 agus 67 d’Iarscríbhinn I; pointí 3, 8, 10, 12, 14, 25, 29 agus 32 d’Iarscríbhinn III; réimsí sonraí in Iarscríbhinn IV a bhaineann leis na pointí roimhe sin a liostaítear i leith Iarscríbhinní I agus III; agus pointe 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2025/2455, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Rialachán (AE) 2025/2455 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2025 lena mbunaítear ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena leagtar síos rialacha chun a áirithiú go bhfuil na sonraí atá ann inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte agus lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais do cheimiceáin, cé is moite d’Airteagal 25, pointí 1, 2, 5, 6, 8, 20, 22, 23, 27-31, 38, 43-45, 52, 53, 59, 66 agus 67 d’Iarscríbhinn I, pointí 3, 8, 10, 12, 14, 25, 29 agus 32 d’Iarscríbhinn III, cuirfear réimsí sonraí in Iarscríbhinn IV a bhaineann leis na pointí roimhe sin a liostaítear i leith Iarscríbhinní I agus III, agus pointe 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor faoi phointe 23 ‘Ceimiceáin agus ábhair ghaolmhara’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh in/sa …, …
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
(1) IO AE L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign.
(2) Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 ( IO AE L 102, 17.4.2023, lch. 87).
(3) Rialachán (AE) 2025/2455 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2025 lena mbunaítear ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena leagtar síos rialacha chun a áirithiú go bhfuil na sonraí atá ann inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte agus lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais do cheimiceáin (IO AE L, 2025/2455, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2455/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2475/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)