29.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 31/1


RIALACHÁN (AE) 2021/90 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Eanáir 2021

lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 43(3) den Chonradh go bhfuil an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, le bearta maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a leithdháileadh.

(2)

Ceanglaítear, le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), go nglacfar bearta caomhnaithe agus comhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch atá ar fáil á gcur san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI).

(3)

Tá sé de dhualgas ar an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí, coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin. I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 tá deiseanna iascaireachta le socrú i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) arna mbunú in Airteagal 2(2) den Rialachán sin. Foráiltear le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go ndéanfar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit ar dhóigh lena n-áirithítear cobhsaíocht choibhneasta gníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic éisc nó iascaigh.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcás stoic atá faoi réir pleananna ilbhliantúla sonracha, go bhfuil na deiseanna iascaireachta le bunú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna pleananna sin.

(5)

Maidir leis an bplean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar, bunaíodh an plean le Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Iúil 2019. I gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán sin, ba cheart deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a liostaítear in Airteagal 1 den Rialachán sin a shocrú chun go mbainfear amach uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) maidir le básmhaireacht iascaireachta ar bhonn forchéimneach incriminteach faoi 2020 i gcás inar féidir, agus faoin 1 Eanáir 2025. Ba cheart deiseanna iascaireachta a shloinneadh i dtéarmaí uasiarrachta iascaireachta incheadaithe agus a shocrú i gcomhréir le córas iarrachta iascaireachta a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán sin.

(6)

Ba é conclúid STECF go dteastaíonn mearghníomhaíocht agus fíorlaghduithe i ráta básmhaireachta iascaigh chun spriocanna uastáirgeachta inbhuanaithe a bhaint amach i gcás stoic éisc na Meánmhara Thiar. Maidir le 2021 ba cheart an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a laghdú 7,5 % i gcomparáid leis an mbunlíne, a bheidh le baint den uasiarracht iascaireachta incheadaithe iascaireachta a socraíodh le haghaidh 2020 le Rialachán (AE) 2019/2236 ón gComhairle (3).

(7)

Ag an 42ú cruinniú a bhí ag an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) in 2018, ghlac sé Moladh GFCM/42/2018/1 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil d'eascann Eorpach sa Mheánmhuir, lenar bunaíodh bearta bainistíochta le haghaidh na heascainne Eorpaí (Anguilla anguilla) sa Mheánmhuir (folimistéir gheografacha GFCM 1 go 27). Áirítear leis na bearta sin teorainneacha gabhála nó iarrachta agus tréimhse choiscthe bhliantúil ar feadh 3 mhí as a chéile atá le sainiú ag gach Ballstát i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe Rialacháin (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle (4), plean nó pleananna náisiúnta bainistíochta le haghaidh na heascainne Eorpaí agus patrúin imirce aimseartha na eascainne Eorpaí sa Bhallstát sin. I gcás ina raibh pleananna bainistíochta náisiúnta lena mbaineann laghduithe iarrachta nó gabhála de 30 % ar a laghad i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Mholta sin, níor cheart na teorainneacha gabhála nó iarrachta iascaireachta a bunaíodh agus a cuireadh chun feidhme cheana a shárú. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcosc maidir le huiscí muirí uile na Meánmhara agus le huiscí goirt amhail inbhir, murlaigh chósta agus uiscí trasdultacha, i gcomhréir leis an Moladh. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(8)

Ag an 42ú cruinniú bliantúil a bhí ag GFCM in 2018, ghlac sé Moladh GFCM/42/2018/8 maidir le tuilleadh beart éigeandála in 2019-2021 le haghaidh stoic pheiligeacha bheaga i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha GFCM 17 agus 18 ). Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Socraítear na huasteorainneacha gabhála go heisiach do bhliain amháin agus ní dochar iad d'aon bhearta eile a ghlacfar sa todhchaí agus d'aon scéim cionroinnte féideartha idir na Ballstáit.

(9)

Ag an 42ú cruinniú bliantúil a bhí ag GFCM in 2018, ghlac sé Moladh GFCM/42/2018/3 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil d'iascaigh tráil inbhuanaithe a dhíríonn ar an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus ar an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i Muir na Leiveainte (folimistéir gheografacha GFCM 24, 25, 26 agus 27), moladh lenar tugadh isteach líon uasta soithí iascaireachta. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(10)

Ag an 42ú cruinniú bliantúil a bhí ag GFCM in 2018, ghlac sé Moladh GFCM/42/2018/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil d'iascaigh tráil inbhuanaithe a dhíríonn ar an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus ar an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) sa Mhuir Iónach (folimistéir gheografacha GFCM 19, 20 agus 21), moladh lenar tugadh isteach líon uasta soithí iascaireachta. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(11)

Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag GFCM in 2019, ghlac sé Moladh GFCM/43/2019/6 maidir le bearta bainistíochta d'iascaigh tráil inbhuanaithe a dhíríonn ar an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus ar an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile (folimistéir gheografacha GFCM 12, 13, 14, 15 agus 16), moladh lenar tugadh isteach líon uasta soithí iascaireachta. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(12)

Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag GFCM in 2019, ghlac sé Moladh GFCM/43/2019/5 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le hiascaigh ghrinnill inbhuanaithe i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha GFCM 17 agus 18), moladh lenar tugadh isteach córas iarrachta iascaireachta agus uasteorainn acmhainneachta cabhlaigh maidir le stoic ghrinnill áirithe. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(13)

Agus saintréithe chabhlach na Slóivéine agus a thionchar beag ar stoic pheiligeacha bheaga agus stoic ghrinnill, is iomchuí na patrúin iascaireachta atá ann cheana a chaomhnú agus rochtain chabhlach na Slóivéine a áirithiú ar íosmhéid peiligigh bheaga agus cuóta íosta iarrachta le haghaidh stoic ghrinnill.

(14)

Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag GFCM in 2019, ghlac sé Moladh GFCM/43/2019/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil le haghaidh saothrú inbhuanaithe an choiréalaigh dheirg (Corallium rubrum) i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha GFCM 1 go 27), moladh lenar tugadh isteach líon uasta údaruithe iascaireachta agus teorainneacha saothraithe maidir leis an gcoiréalach dearg. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(15)

Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag GFCM in 2019, ghlac sé Moladh GFCM/43/2019/2 maidir le plean bainistíochta le haghaidh saothrú inbhuanaithe an deargáin (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran (folimistéir gheografacha GFCM 1 go 3), moladh lenar tugadh isteach teorainn gabhála agus iarrachta bunaithe ar an meánleibhéal a údaraíodh agus a cuireadh i bhfeidhm thar na tréimhse 2010-2015. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(16)

Ag an 43ú cruinniú de chuid GFCM n 2019, ghlac sé Moladh GFCM/43/2019/1 maidir le sraith de bhearta bainistíochta le haghaidh úsáid feiste comhthiomsaithe éisc ar ancaire in iascaigh dorád coiteann (Coryphaena hippurus) sa Mheánmhuir (folimistéir gheografacha GFCM 1 go 27), moladh lenar tugadh isteach líon uasta soithí iascaireachta a dhíríonn ar an dorád coiteann. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(17)

Ag an 43ú cruinniú de chuid GFCM in 2019, ghlac sé Moladh GFCM/43/2019/3 lena leasaítear Moladh GFCM/41/2017/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil le haghaidh iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh (folimistéar geografach GFCM 29). Tugadh isteach leis an Moladh sin gabháil iomlán incheadaithe (TAC) réigiúnach uasdátaithe agus scéim cionroinnte cuótaí maidir leis an turbard agus bearta caomhnaithe breise le haghaidh an stoic sin, go háirithe tréimhse choiscthe 2 mhí agus teorainn 180 lá sa bhliain leis an líon laethanta iascaireachta. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(18)

I gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch a chuir GFCM ar fáil, is gá an leibhéal básmhaireachta iascaireachta atá ann faoi láthair a choinneáil chun inbhuaine an stoic salán sa Mhuir Dhubh. Is iomchuí mar sin leanúint de chuóta uathrialach a shocrú maidir leis an stoc sin.

(19)

Ba cheart na deiseanna iascaireachta a bhunú ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil agus aird á tabhairt ar ghnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú, agus i bhfianaise na tuairimí a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara.

(20)

Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle (5), tugadh coinníollacha breise isteach chun TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n-áirítear, faoi Airteagail 3 agus 4 den Rialachán sin, forálacha solúbthachta le haghaidh TACanna réamhchúraim agus anailíseacha. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus TACanna á socrú aici, cé na stoic nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 nó 4 den Rialachán sin maidir leo, go háirithe ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. Níos déanaí, tugadh sásra solúbthachta bliain go bliain isteach le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gach stoc atá faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, d'fhonn solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach na n-acmhainní bitheolaíocha muirí, a chuirfeadh bac ar ghnóthú chuspóirí CBI agus a bheadh ina chúis le meath ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a leagan síos nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le TACanna anailíseacha ach amháin i gcás nach mbaintear leas as an tsolúbthacht bliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(21)

Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta atá ar fáil ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagail 33 agus 34 den Rialachán sin, maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus maidir le fógra a thabhairt faoi shonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta. Is gá, dá bhrí sin, na cóid atá le húsáid ag na Ballstáit a shonrú agus sonraí á gcur chuig an gCoimisiún acu maidir le stoic éisc a thabhairt i dtír atá faoi réir an Rialacháin seo.

(22)

Ionas nach gcuirfear isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus chun slí bheatha iascairí an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021. Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe.

(23)

Ba cheart deiseanna iascaireachta a úsáid agus dlí an Aontais á chomhlíonadh go hiomlán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Socraítear leis an Rialachán seo deiseanna iascaireachta a bheidh infheidhme le haghaidh 2021 sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais ag saothrú na stoc éisc seo a leanas:

(a)

an eascann Eorpach (Anguilla anguilla), an coiréalach dearg (Corallium rubrum) agus an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) sa Mheánmhuir, mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 4;

(b)

an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea), an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus an milléad dearg (Mullus barbatus) mar a shainmhínítear i bpointe (c)c d'Airteagal 4;

(c)

An t-ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) agus an sairdín (Sardina pilchardus) i Muir Aidriad, mar a shainmhínítear i bpointe d'Airteagal 4;

(d)

an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an milléad dearg (Mullus barbatus) i Muir Aidriad, mar a shainmhínítear i bpointe (d) Airteagal 4;

(e)

an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile mar a shainmhínítear i bpointe (e) d'Airteagal 4, sa Mhuir Iónach mar a shainmhínítear i bpointe d'Airteagal 4 agus i Muir na Leiveainte mar a shainmhínítear i bpointe (g) d'Airteagal 4;

(f)

an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran, mar a shainmhínítear i bpointe (h) d'Airteagal 4;

(g)

an salán (Sprattus sprattus) agus an turbard (Psetta maxima) sa Mhuir Dhubh, mar a shainmhínítear i bpointe (i) d'Airteagal 4.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hiascaigh áineasa i gcás ina dtagraítear go sainráite do na hiascaigh sin sna forálacha ábhartha.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ina dteannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “uiscí idirnáisiúnta” uiscí atá lasmuigh de cheannasacht nó de dhlínse aon Stáit;

(b)

ciallaíonn “iascaigh áineasa”” gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála, lena saothraítear beo-acmhainní uisceacha muirí, le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(c)

ciallaíonn “gabháil iomlán incheadaithe” (TAC):

(i)

in iascaigh atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadtar a thabhairt i dtír as gach stoc gach bliain;

(ii)

i ngach iascach eile, an chainníocht éisc a fhéadtar a ghabháil as gach stoc thar thréimhse bliana;

(d)

ciallaíonn “cuóta” cion de TAC a chionroinntear ar an Aontas nó ar Bhallstát;

(e)

ciallaíonn “cuóta uathrialach de chuid an Aontais” teorainn ghabhála a chionroinntear go huathrialach ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in éagmais TAC chomhaontaithe;

(f)

ciallaíonn “cuóta anailíseach” cuóta uathrialach de chuid an Aontais ar ina leith atá measúnú anailíseach ar fáil;

(g)

ciallaíonn “measúnú anailíseach” meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i gcás stoc ar leith, bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, a sonraíodh le hathbhreithniú eolaíoch na sonraí sin go raibh siad de cháilíocht leordhóthanach chun comhairle eolaíoch a sholáthar i ndáil le roghanna maidir le gabhálacha amach anseo;

(h)

ciallaíonn “feiste um chomhbhailiú éisc” aon trealamh ar ancaire atá ar snámh ar dhromchla na farraige arb é is aidhm dó éisc a mhealladh.

Airteagal 4

Limistéir iascaireachta

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe limistéir seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “folimistéir gheografacha GFCM” na limistéir a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

(b)

ciallaíonn “an Mheánmhuir” uiscí i bhfolimistéir gheografacha GFCM 1 go 27 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(c)

ciallaíonn “an Mheánmhuir thiar” uiscí i bhfolimistéir gheografacha GFCM 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(d)

ciallaíonn “Muir Aidriad” uiscí i bhfolimistéir gheografacha GFCM 17 agus 18 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(e)

ciallaíonn “Caolas na Sicile” uiscí i bhfolimistéir gheografacha GFCM 12, 13, 14, 15, agus 16 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(f)

ciallaíonn “An Mhuir Iónach” uiscí i bhfolimistéir gheografacha GFCM 19, 20 agus 21 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(g)

ciallaíonn “Muir na Leiveainte” uiscí i bhfolimistéir gheografacha GFCM 24, 25, 26 agus 27 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(h)

ciallaíonn “Muir Albora”’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha GFCM 1 go 3 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(i)

ciallaíonn “an Mhuir Dhubh” uiscí i bhfolimistéar geografach GFCM 29 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.

TEIDEAL II

DEISEANNA IASCAIREACHTA

CAIBIDIL I

An Mheánmhuir

Airteagal 5

An eascann Eorpach

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar an eascann Eorpach (Anguilla anguilla), eadhon iascaigh spriocdhírithe, theagmhasacha agus áineasa, in uiscí muirí uile na Meánmhara, lena n-áirítear fionnuiscí agus uiscí goirt trasdultacha, murlaigh agus inbhir, mar shampla.

2.   Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh ar an eascann Eorpach in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara ar feadh tréimhse 3 mhí as a chéile a chinnfidh gach Ballstát. Beidh an tréimhse choiscthe iascaireachta comhsheasmhach leis na cuspóirí caomhnaithe a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007, leis na pleananna náisiúnta bainistíochta agus le patrúin imirce aimseartha na heascainne Eorpaí sna Ballstáit lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit an tréimhse a cinneadh a chur in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná mí amháin roimh theacht i bhfeidhm na tréimhse coiscthe agus roimh an 31 Eanáir 2021 in aon chás.

3.   Ní sháróidh na Ballstáit na huasteorainneacha gabhála nó iarrachta iascaireachta le haghaidh na heascainne Eorpaí a bhunaítear agus a chuirtear i bhfeidhm trí bhíthin a bpleananna náisiúnta bainistíochta, agus a ghlactar i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 4 de Rialachán Uimh. 1100/2007.

Airteagal 6

An coiréalach dearg

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais i ndáil le saothrú an choiréalaigh dheirg (Corallium rubrum), eadhon iascaigh spriocdhírithe agus áineasa sa Mheánmhuir.

2.   Le haghaidh iascaigh spriocdhírithe, maidir leis an líon uasta údaruithe iascaireachta agus uaschainníochtaí stoc coiréalach dearg a bhaineann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus a bhaintear trí ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais, ní rachaidh an líon sin thar na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

3.   Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais atá faoi réir mhír 2 an coiréalach dearg a thrasloingsiú ar muir.

4.   Maidir le hiascaigh áineasa, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an coiréalach dearg a ghabháil agus a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.

Airteagal 7

An dorád coiteann

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena n-úsáidtear feiste um chomhbhailiú éisc chun an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) a ghabháil in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo líon uasta soithí iascaireachta an Aontais a údarófar iascaireacht a dhéanamh ar an dorád coiteann.

CAIBIDIL II

An Mheánmhuir Thiar

Airteagal 8

Stoic ghrinnill

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar stoic ghrinnill dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1022, sa Mheánmhuir thiar.

2.   Leagtar amach an uasiarracht iascaireachta incheadaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo lena ndéanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1022.

Airteagal 9

Tarchur sonraí

Déanfaidh na Ballstáit an iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1022.

Nuair a chuirfidh an Ballstáit sonraí iarrachta iascaireachta faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun an Airteagail seo, úsáidfidh siad cóid na ngrúpaí iarrachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

CAIBIDIL III

Muir Aidriad

Airteagal 10

Stoic peiligeach beag

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar an sairdín (Sardina pilchardus) agus an t-ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i Muir Aidriad.

2.   Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

3.   Maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais; lena ndírítear ar an sairdín agus ar an ainseabhaí, ní rachaidh siad thar 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana. Laistigh de na 180 lá iascaireachta ina n-iomláine, beidh feidhm ag uasmhéid 144 lá iascaireachta dírithe ar an sairdín agus uasmhéid 144 lá iascaireachta dírithe ar an ainseabhaí.

4.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IV líon uasta soithí iascaireachta an Aontais a údarófar iascaireacht a dhéanamh ar pheiligigh bheaga.

Airteagal 11

Stoic ghrinnirll

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar na héisc seo a leanas; an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) agus an milléad dearg (Mullus barbatus) i Muir Aidriad.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IV an uasiarracht iascaireachta incheadaithe agus an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta le haghaidh stoic ghrinnill faoi raon feidhme an Airteagail.

3.   Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 12

Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír na gcainníochtaí stoc arna ngabháil, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

CAIBIDIL IV

An Mhuir Iónach, Muir na Leiveainte agus Caolas na Sicile

Airteagal 13

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), sa Mhuir Iónach, i Muir na Leiveainte agus i gCaolas na Sicile.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn V an líon uasta soithí tráil ghrinnill a údarófar iascaireacht a dhéanamh ar na stoic ghrinnill.

CAIBIDIL V

Muir Alboran

Airteagal 14

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le hiascaireacht tráchtála le spiléir agus le línte láimhe a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais lena ngabhtar an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran.

2.   Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

CAIBIDIL VI

An Mhuir Dhubh

Airteagal 15

Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tsaláin a chionroinnt

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar an salán (Sprattus sprattus) sa Mhuir Dhubh.

2.   Leagtar amach iad in Iarscríbhinn VII cuóta uathrialach an Aontais i dtaca leis an salán, cionroinnt an chuóta sin i measc na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin.

Airteagal 16

Deiseanna iascaireachta le haghaidh an turbaird a chionroinnt

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VII an ghabháil iomlán incheadaithe is infheidhme le haghaidh an turbaird in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh agus cionroinnt na gabhála iomláine incheadaithe sin i measc na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin.

Airteagal 17

Bainistíocht iarrachta iascaireachta le haghaidh an turbaird

Soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar iascaireacht a dhéanamh ar an turbard faoi raon feidhme Airteagal 16, gan beann ar a bhfad foriomlán, ní rachaidh siad thar 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana.

Airteagal 18

Tréimhse choiscthe le haghaidh an turbaird

Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh, lena n-áirítear an turbard a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a thabhairt i dtír agus a dhíol den chéad uair, in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh.

Airteagal 19

Forálacha speisialta maidir le cionrannta deiseanna iascaireachta sa Mhuir Dhubh

1.   Ní dochar cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta ar na Ballstáit, mar a leagtar amach í in Airteagail 15 agus 16 den Rialachán seo, do na nithe seo a leanas:

(a)

malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

asbhaintí agus ath-chionroinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009; agus

(c)

asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 20

Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír chainníochtaí stoc saláin agus stoc turbaird arna ngabháil in Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Eanáir 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(2)  Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le (IO L 172, 26.6.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2019/2236 ón gComhairle an 16 Nollaig 2019 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2020 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 336, 30.12.2019, lch. 14).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear bearta chun an stoc eascann Eorpach a athshlánú (IO L 248, 22.9.2007, lch. 17).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise le haghaidh bhainistiú bliantúil TACanna agus na gcuótaí (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais d'fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú GFCM (an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistithe do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).


IARSCRÍBHINN I

NA DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS PHLEAN BAINISTÍOCHTA ILBHLIANTÚIL CGIM MAIDIR LEIS AN gCOIRÉALACH DEARG SA MHEÁNMHUIR

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta údaruithe iascaireachta agus gabhálacha le haghaidh an coiréalaigh dheirg sa Mheánmhuir.

Is tagairtí d'fholimistéir gheografacha (“FLGanna”) CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Corallium rubrum

COL

An coiréalach dearg


Tábla 1.

An líon uasta údaruithe iascaireachta (1)

An Ballstát

An coiréalach dearg

COL

an Ghréig

12

an Spáinn

0 (*1)

an Fhrainc

32

an Chróit

28

an Iodáil

40


Tábla 2.

Uasleibhéal cainníochtaí saothraithe arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain.

Speiceas:

An coiréalach dearg

Corallium rubrum

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mheánmhuir - na FLGanna 1-27

COL/GF1-27

an Ghréig

 

1,844

 

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Spáinn

 

0

 (*2)

an Fhrainc

 

1,400

 

an Chróit

 

1,226

 

an Iodáil

 

1,378

 

an tAontas

 

5,848

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar/Níl aon chomhaontú ann ina leith

 


(1)  Líon na soithí agus/nó tumairí, nó péire is tumaire amháin ag a bhfuil soitheach amháin, a údarófar coiréalach dearg a shaothrú.

(*1)  De réir an toirmisc ama d'iascaigh an choiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne.

(*2)  De réir an toirmisc ama d'iascaigh an choiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne.


IARSCRÍBHINN II

IARRACHT IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS AN DORÁID CHOITINN SA MHEÁNMHUIR A BHAINISTIÚ

Leagtar amach sa tábla san Iarscríbhinn seo líon uasta soithí iascaireachta an Aontais a údarófar iascaireacht a dhéanamh ar an dorád coiteann in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara.

Is tagairtí d'uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Coryphaena hippurus

DOL

An dorád coiteann

An líon uasta údaruithe iascaireachta le haghaidh soithí a bhíonn ag iascaireacht in uiscí idirnáisiúnta

An Ballstát

An dorád coiteann

DOL

an Iodáil

797

Málta

130


IARSCRÍBHINN III

IARRACHT IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS NA STOIC GHRINNIlLL SA MHEÁNMHUIR THIAR A BHAINISTIÚ

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an uasiarracht iascaireachta incheadaithe (i laethanta iascaireachta) de réir stocghrúpaí, mar a shainítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2019/1022, agus fad foriomlán na soithí le haghaidh gach sórt cineál tráil (*1) lena ndéantar iascaireacht ar na stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar.

Beidh na huasiarrachtaí iascaireachta incheadaithe uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 2019/1022 agus in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí d'fholimistéir gheografacha (FLGanna) CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Aristaeomorpha foliacea

ARS

an séacla mór dearg

Aristeus antennatus

ARA

an séacla gorm agus dearg

Merluccius merluccius

HKE

an colmóir Eorpach

Mullus barbatus

MUT

an milléad dearg

Nephrops norvegicus

NEP

gliomach na hIorua

Parapenaeus longirostris

DPS

an rós-séacla domhainmhara

An uasiarracht iascaireachta incheadaithe in aghaidh laethanta iascaireachta

(a)

Muir Alboran, na hOileáin Bhailéaracha, Tuaisceart na Spáinne agus Murascaill an Leoin (na FLGanna 1-2-5-6-7)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

an milléad dearg sna FLGanna 1, 5, 6 agus 7; an colmóir sna FLGanna 1, 5, 6 agus 7; an rós-séacla domhainmhara sna FLGanna 1, 5 agus 6; gliomach na hIorua sna FLGanna 5 agus 6.

< 12 m

2 072

0

0

EFF1/MED1_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

22 260

0

0

EFF1/MED1_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

41 766

4 715

0

EFF1/MED1_TR3

≥ 24 m

14 710

5 737

0

EFF1/MED1_TR4

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

an séacla gorm agus dearg sna FLGanna 1, 5, 6 agus 7.

< 12 m

0

0

0

EFF2/MED1_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

1 044

0

0

EFF2/MED1_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

10 574

0

0

EFF2/MED1_TR3

≥ 24 m

8 488

0

0

EFF2/MED1_TR4

(b)

Oileán na Corsaice, an Mhuir Liogúrach, Muir Thoirian agus Oileán na Sairdíne (na FLGanna 8-9-10-11)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

an milléad dearg sna FLGanna 9, 10 agus 11; an colmóir sna FLGanna 9, 10 agus 11; an rós-séacla domhainmhara sna FLGanna 9, 10 agus 11; gliomach na hIorua sna FLGanna 9 agus 10.

< 12 m

0

191

2 824

EFF1/MED2_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

0

763

42 487

EFF1/MED2_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

0

191

28 572

EFF1/MED2_TR3

≥ 24 m

0

191

3 813

EFF1/MED2_TR4

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

an séacla mór dearg sna FLGanna 9, 10 agus 11.

< 12 m

0

0

467

EFF2/MED2_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

0

0

3 447

EFF2/MED2_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

0

0

2 776

EFF2/MED2_TR3

≥ 24 m

0

0

371

EFF2/MED2_TR4


(*1)  TBB, OTB, PTB, TBN, TBS, TB, OTM, PTM, TMS, TM, OTT, OT, PT, TX, OTP, TSP.


IARSCRÍBHINN IV

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR AIDRIAD

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, i gcás inarb iomchuí, chomh maith le líon uasta soithí iascaireachta an Aontais a údarófar iascaireacht a dhéanamh ar pheiligigh bheaga.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí d'fholimistéir gheografacha (FLGanna) CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Engraulis encrasicolus

ANE

an t-ainseabhaí

Merluccius merluccius

HKE

an colmóir Eorpach

Mullus barbatus

MUT

an milléad dearg

Nephrops norvegicus

NEP

gliomach na hIorua

Parapenaeus longirostris

DPS

an rós-séacla domhainmhara

Sardina pilchardus

PIL

an sairdín

Solea solea

SOL

an sól coiteann

1.

Stoic pheiligeacha beaga sna FLGanna 17 agus 18

Uasleibhéal gabhálacha arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain.

Speiceas:

Speicis peiligeach beag (an t-ainseabhaí agus an sairdín)

Engraulis encrasicolus agus Sardina pilchardus

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí Idirnáisiúnta folimistéir CGIM 17 agus 18

(SP1/GF1718)

an tAontas

96 625

 (1)  (2)

Uasleibhéal gabhálacha

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

TAC

Ní bhaineann le hábhar

Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na dtrálaer agus na soithí peas-saighne a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach do pheiligigh bheaga

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

OT

an Iodáil

PTM-OTM-PS

685

134 556,7

25852

an Chróit

PS

249

77 145,52

18 537,72

An tSlóivéin (*1)

PS

4

433,7

38,5

2.

Stoic ghrinnill sna FLGanna 17 agus 18

An uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta) de réir cineálacha tráil lena ndéantar iascaireacht ar stoic ghrinnill sna FLGanna 17 agus 18 (Muir Aidriad).

An cineál trealaimh

Stoic

An Ballstát

Iarracht Iascaireachta (laethanta iascaireachta)

Bliain 2021

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Tráil (OTB)

an colmóir Eorpach, an rós-séacla domhainmhara, gliomach na hIorua, an milléad dearg

an Chróit,

na FLGanna 17-18

38 148

EFF/MED3_OTB

an Iodáil,

na FLGanna 17-18

98 898

EFF/MED3_OTB

an tSlóivéin,

FLG 17

 (*2)

EFF/MED3_OTB

Tráil bhíoma (TBB)

an sól coiteann

an Iodáil,

FLG 17

7 910

EFF/MED3_OTB

Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na soithí tráil ghrinnill agus tráil bhíoma a údarófar iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

OT

an Chróit

OTB

495

79 867,99

13 267,99

an Iodáil

OTB-TBB

1 363

260 618,37

47 148

An tSlóivéin (*3)

OTB

11

1 813,00

168,67


(1)  Maidir leis an tSlóivéin, tá na cainníochtaí bunaithe ar leibhéal na ngabhálacha in 2014, suas le méid nár cheart dó dul thar 300 tona.

(2)  Teoranta don Chróit, don Iodáil agus don tSlóivéin.

(*1)  Ní bheidh feidhm ag an bhforáil faoi mhír 15 de CGIM/42/2018/8 maidir le cabhlaigh náisiúnta ina bhfuil níos lú ná deich soitheach idir soithí peas-saighne agus trálaeir pheiligeacha a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach do pheiligigh bheaga. Sa chás sin, féadfaidh méadú nach mó ná 50 faoin gcéad teacht ar acmhainneacht an chabhlaigh ghníomhaigh i dtaca le líon na soithí agus le holltonnáiste (OT) agus/nó olltonnáiste cláraithe (OTC) agus kW.

(*2)  Maidir le soithí faoi bhratach na Slóivéine ag a mbíonn trealamh OTB á oibriú in FLG 17, ní rachaidh siad thar teorainn iarrachta 3 000 lá iascaireachta sa bhliain.

(*3)  Ní bheidh feidhm ag forálacha mhíreanna 9(c) agus 28 de CGIM/43/2019/5 maidir le cabhlaigh náisiúnta ag a mbíonn trealamh OTB á oibriú agus ar feadh níos lú ná 1 000 lá le linn na tréimhse tagartha atá luaite i mír 9(c). Ní thiocfaidh méadú níos mó ná 50 faoin gcéad, maidir leis an tréimhse thagartha, ar acmhainneacht iascaireachta an chabhlaigh ghníomhaigh ag a mbíonn trealamh OTB á oibriú.


IARSCRÍBHINN V

NA DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR IÓNACH, I MUIR NA LEIVEAINTE AGUS I gCAOLAS NA SICILE

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo líon uasta soithí iascaireachta an Aontais a údarófar iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill sa Mhuir Iónach, i Muir na Leiveainte agus i gCaolas na Sicile.

Is tagairtí d'fholimistéir gheografacha (“FLGanna”) CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Aristaeomorpha foliacea

ARS

an séacla mór dearg

Aristeus antennatus

ARA

an séacla gorm agus dearg

(a)

An líon uasta soithí tráil ghrinnill a údarófar iascaireacht a dhéanamh sa Mhuir Iónach (na FLGanna 19-20-21)

An Ballstát

An séacla mór dearg in uiscí an Aontas sna FLGanna 19, 20 agus 21

An séacla gorm agus dearg in uiscí an Aontais sna FLGanna 19, 20 agus 21

an Ghréig

263

263

an Iodáil

410

410

Málta

15

15

(b)

An líon uasta soithí a údarófar iascaireacht a dhéanamh i Muir na Leiveainte (na FLGanna 24-25-26-27)

An Ballstát

An séacla mór dearg in uiscí an Aontas sna FLGanna 24-25-26-27

An séacla gorm agus dearg in uiscí an Aontais sna FLGanna 24-25-26-27

an Iodáil

80

80

An Chipir

6

6

(c)

An líon uasta soithí tráil ghrinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i gCaolas na Sicile (na FLGanna 12-13-14-15-16)

An Ballstát

An séacla mór dearg in uiscí an Aontas sna FLGanna 12-13-14-15-16

An séacla gorm agus dearg in uiscí an Aontais sna FLGanna 12-13-14-15-16

an Spáinn

2

2

an Iodáil

320

320

An Chipir

1

1

Málta

15

15


IARSCRÍBHINN VI

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR ALBORAN

Uasleibhéal gabhálacha a dhéanfar le spiléir agus le línte láimhe arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

an deargán

Pagellus bogaraveo

Limistéar:

Uiscí an Aontais i Muir Alboran - na FLGanna 1-3

SBR/GF1-3

an Spáinn

 

225

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an tAontas

 

225

TAC

Ní bhaineann le hábhar/Níl aon chomhaontú ann ina leith


IARSCRÍBHINN VII

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR DHUBH

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo TACanna agus cuótaí arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain de réir stoic agus, i gcás inarb iomchuí, de réir na gcoinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí d'fholimistéir gheografacha (“FLGanna”) CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Sprattus sprattus

SPR

an salán

Scophthalmus maximus

TUR

an turbard


Speiceas:

an salán

Sprattus sprattus

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh - FLG 29

(SPR/F3742C)

an Bhulgáir

 

 

8 032,50

Cuóta anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Rómáin

 

 

3 442,50

an tAontas

 

 

11 475

TAC

Ní bhaineann le hábhar/Níl aon chomhaontú ann ina leith


Speiceas:

An turbard

Scophthalmus maximus

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29

(TUR/F3742C)

an Bhulgáir

75

 

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Rómáin

75

 

an tAontas

150

 (*1)

TAC

857

 


(*1)  Ní cheadófar aon ghníomhaíocht iascaireachta, lena n-áirítear trasloingsiú, coinneáil ar bord, tabhairt i dtír agus céad díol ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh 2021.