|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2255 |
7.10.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/2255 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meán Fómhair 2026
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE (Cód Gréasáin maidir le Cothromú Gáis ar Líonraí Tarchuir)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, is féidir le Comhchoiste LEE Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú. |
|
(3) |
Is iomchuí Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 ón gCoimisiún (3) a ionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir. |
|
(5) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE a bhunú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meán Fómhair 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. BURKE
(1) IO L 305, 30.11.1994, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1994/2894/oj.
(2) IO L 1, 3.1.1994, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1994/1/oj.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 ón gCoimisiún an 26 Márta 2014 lena mbunaítear Cód Gréasáin maidir le Cothromú Gáis ar Líonraí Tarchuir (IO L 91, 27.3.2014, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/312/oj).
DRÉACHT
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. …/…
an …
lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 ón gCoimisiún (1) a ionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
De bhun Chinneadh Uimh. 93/2017 ó Chomhchoiste LEE (2), tá maolú ag an Íoslainn ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), arb é bunús dlí Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 é. Dá bhrí sin níor cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 maidir leis an Íoslainn. |
|
(3) |
Déantar foráil in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 nach bhfuil feidhm le bheith ag an Rialachán sin maidir le criosanna cothromúcháin sna Ballstáit ag a bhfuil maolú ar bhonn Airteagal 49 de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). I gcomhréir le Treoir 2009/73/CE, de réir mar atá sí ionchorpraithe i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 93/2017 ó Chomhchoiste LEE, tá feidhm le bheith ag maolú den sórt sin maidir le Lichtinstéin. Dá bhrí sin níor cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 maidir le Lichtinstéin. |
|
(4) |
Níl aon líonra tarchuir gáis nádúrtha san Iorua faoi réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 . Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 a ionchorprú i gComhaontú LEE agus a thrasuí sa dlí náisiúnta, ach ba cheart a chur i bhfeidhm a chur ar fionraí go dtí go mbeidh líonra tarchuir gáis oibríochtúil ar bun san Iorua. Nuair a bheidh líonra tarchuir gáis oibríochtúil ar bun, ba cheart don Iorua fógra a thabhairt d' Údarás Faireacháin CSTE dá réir. |
|
(5) |
Ós rud é gur glacadh Rialachán (AE) 312/2014 ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 715/2009, na téacsanna oiriúnúcháin arna mionsaothrú agus arna nglacadh faoi Chinneadh Uimh. 93/2017 ó Chomhchoiste LEE, lena n-ionchorpraítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 i gComhchoiste LEE, tá siad ábhartha i leith chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 312/2014. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 53 (Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘54. |
32014 R 0312: Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 ón gCoimisiún an 26 Márta 2014 lena mbunaítear Cód Gréasáin maidir le Cothromú Gáis ar Líonraí Tarchuir (IO L 91, 27.3.2014, lch. 15). Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas: Féadfaidh an Iorua cur chun feidhme an Rialacháin a chur ar fionraí go dtí go gcuirfear tús le hoibriú líonra tarchuir gáis ina críoch. Tabharfaidh an Iorua fógra d'Údarás Faireacháin CSTE nuair a bheidh líonra tarchuir gáis ar bun. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an Íoslainn ná le Lichtinstéin.’. |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 ón gCoimisiún san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an …, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i bhForlíonadh LEE a ghabhann léi.
Arna dhéanamh in/sa …, …
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rúnaithe
Chomhchoiste LEE
(1) Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 ón gCoimisiún an 26 Márta 2014 lena mbunaítear Cód Gréasáin maidir le Cothromú Gáis ar Líonraí Tarchuir (IO L 91, 27.3.2014, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/312/oj).
(2) Cinneadh Uimh. 93/2017 ó Chomhchoiste LEE an 5 Bealtaine 2017 lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2019/205] (IO L 36, 7.2.2019, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/205/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/715/oj).
(4) Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/73/oj).
(*1) [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2255/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)