European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4017

17.7.2024

P9_TA(2023)0252

Bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Iúil 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile (COM(2023)0245 – C9-0166/2023 – 2023/0144(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2024/4017)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0245),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0166/2023),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Meitheamh 2023 chun seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0219/2023),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

P9_TC1-COD(2023)0144

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 11 Iúil 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/1524.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4017/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)