European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1289

13.3.2025

P9_TA(2024)0181

Scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 Maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (COM(2020)0612 – C9-0307/2020 – 2020/0278(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2025/1289)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0612),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0307/2020),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na hUngáire agus Seanad na hIodáile, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

—

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Feabhra 2021  (1),

—

ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 19 Márta 2021  (2),

—

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0149/2023),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C 155, 30.4.2021, lch. 58.

(2)   IO C 175, 7.5.2021, lch. 32.


P9_TC1-COD(2020)0278

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1356.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1289/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)