European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1315

15.5.2024

CINNEADH (AE) 2024/1315 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Aibreán 2024

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 58ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Fhoscríbhinn C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is trí bhíthin Chinneadh 2013/103/AE ón gComhairle a d’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (‘COTIF’) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999 (1).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 6 de COTIF, tá trácht iarnróid idirnáisiúnta agus cead d’ábhar iarnróid sa trácht idirnáisiúnta le rialú le rialacha a liostaítear laistigh den Airteagal sin, go háirithe an Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), is é sin Foscríbhinn C a ghabhann le COTIF.

(3)

Le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leagtar síos ceanglais le haghaidh iompar earraí contúirteacha de bhóthar, d’iarnród agus ar uiscebhealaí intíre laistigh de na Ballstáit nó eatarthu, le tagairt a dhéanamh do RID.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 18 de COTIF, féadfaidh an Coiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na hEagraíochta um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (d), de COTIF (‘Coiste Saineolaithe RID’) leasuithe a ghlacadh, inter alia, ar an Iarscríbhinn a ghabhann le RID.

(5)

Ag an 58ú seisiún de Choiste Saineolaithe RID an 23 Bealtaine 2024, táthar ag súil go nglacfar leasuithe chun an Iarscríbhinn a ghabhann le RID a chur in oiriúint d’aon dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Saineolaithe RID a bhunú, ós rud é go mbeidh leasuithe ar RID ina gceangail ar an Aontas.

(7)

Na leasuithe atá beartaithe, is é is aidhm dóibh a áirithiú gur go sábháilte éifeachtúil a iomprófar earraí contúirteacha d’iarnród, agus dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil san earnáil, chomh maith le forbairt substaintí agus earraí nua a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol le linn a n-iompartha, á gcur san áireamh.

(8)

Meastar gurb iomchuí na leasuithe atá beartaithe ó thaobh iompar sábháilte earraí contúirteacha ar bhealach atá costéifeachtach de agus féadfar tacú leo dá bhrí sin.

(9)

Féadfar athruithe beaga ar na doiciméid dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chomhaontú ar an leibhéal teicniúil ag an 14ú seisiún de bhuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID an 22 Bealtaine 2024, lena n-áirítear ar bhonn na moltaí ó Chruinniú Comhpháirteach Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip de Choiste Saineolaithe RID agus ón Meitheal um Iompar Earraí Contúirteacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a bheidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 58ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha (‘Coiste Saineolaithe RID’) de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gCoiste Saineolaithe RID mionathruithe ar na doiciméid dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Na cinntí ó Choiste Saineolaithe RID, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart dáta a dteacht i bhfeidhm a bheith luaite leo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 22 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999 (IO L 51, 23.2.2013, lch. 1).

(2)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

Moladh

Doiciméad tagartha

An tSaincheist

Nótaí

Seasamh an Aontais

1.

OTIF/RID/CE/GTP/2023/3

Leasú ar Chaibidil 1.4.2.2.7 RID maidir leis an tagairt do bhileog eolais de chuid Aontas Idirnáisiúnta na nIarnród (UIC) 472 (oibleagáid ar an iompróir faisnéis a thabhairt don tiománaí faoi shuíomh earraí contúirteacha ar an traein)

Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

2.

OTIF/RID/CE/GTP/2023/4

Leasú ar Chaibidil 5.3.4.1 RID maidir leis na forálacha i dtaobh marcanna siúnta

Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

3.

OTIF/RID/CE/GTP/2023/5

Leasú ar RID chun forálacha maidir le hiompar alúmanam leáite uimhir NA 3257 a chur leis

Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

4.

OTIF/RID/CE/GTP/2023/7

Leasú ar Chaibidil 1.11 RID chun tagairt a thabhairt isteach don eagrán nua de UIC IRS 20201

Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

5.

OTIF/RID/CE/GTP/2023/8 agus OTIF/RID/CE/GTP/2023/INF.10

Sainaithint i ndoiciméad iompair an vaigín agus, i gcás inarb iomchuí, an choimeádáin mhóir, an choimeádáin umair nó an umair iniompartha

Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

6.

OTIF/RID/CE/GTP/2023/9

Leasú ar Chaibidil 3.2.2 RID chun tagairt do UIC IRS 20221a thabhairt isteach in ionad tagairt do bhileog UIC 221

Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

7.

OTIF/RID/CE/GTP/2023/10

Téacsanna comhdhlúite a ghlac an Cruinniú Comhpháirteach in 2021 agus in 2022 agus a ghlac Buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID i mí na Samhna 2022

Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

8.

OTIF/RID/CE/GTP/2023/11

Sleachta as dréacht-tuarascáil ón 114ú seisiún de chuid UNECE WP.15 (an Ghinéiv, 6-10 Samhain 2023) (doiciméid ECE/TRANS/WP.15/2023/R.3 agus ADD chomh maith le ECE/TRANS/WP.15/ 2023/R.4 agus ADD)

Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

9.

OTIF/RID/CE/GTP/2023/INF.4

Leasú ar RID chun tagairt a thabhairt isteach don tríú heagrán d’UIC IRS 50592

Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

10.

ECE-TRANS-WP15-114-GE-inf7e

Moladh maidir leis an mbealach RID CW38 a mhodhnú chun iompar i mbulc de chatagóirí sonracha dramhaíola ina bhfuil aispeist a cheadú (Uimhreacha NA 2590 agus 2212)

Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

11.

ECE-TRANS-WP15-114-GE-inf14e

Moltaí maidir leis an mbealach Caibidlí RID 4.1 agus 5.4 a choigeartú chun iompar dramhaíola i bpacáistíocht inmheánach atá pacáilte le chéile i bpacáistíocht sheachtrach a cheadú

Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

12.

ECE-TRANS-WP15-114-GE-inf19e

Leasú ar RID 1.8.3.11 (b), an dara heang, chun ábhair imscrúduithe na gcomhairleoirí sábháilteachta a shonrú

Comhthoil theicniúil ag Buanmheitheal OTIF leis an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

Tá gach doiciméad thuas le fáil ar shuíomh gréasáin OTIF (http://otif.org/en/?page_id=7321 agus http://otif.org/en/?page_id=7322) nó ar shuíomh gréasáin UNECE (https://unece.org/info/Transport/Dangerous-Goods/events/377548) agus tuigfear gurb é a bheidh iontu na leasuithe a pléadh i mbuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID i mí na Samhna 2023 agus a léirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le doiciméad OTIF/RID/CE/GTP/2023-A (Tuarascáil Chríochnaitheach an 16ú seisiún de bhuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID – Londain, an 20 go dtí an 23 Samhain 2023), atá le fáil freisin ar shuíomh gréasáin OTIF (http://otif.org/en/?page_id=254).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1315/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)