7.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 47/280


P9_TA(2022)0294

Ionradh na Rúise ar an Úcráin: Bearta sealadacha a bhaineann le doiciméid tiománaí arna n-eisiúint ag an Úcráin ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha sealadacha, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, a bhaineann le doiciméid tiománaithe arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht (COM(2022)0313 – C9-0201/2022 – 2022/0204(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 47/31)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0313),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0201/2022),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

—

tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

—

ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

P9_TC1-COD(2022)0204

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 7 Iúil 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha sealadacha, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, a bhaineann le doiciméid tiománaí arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1280.)