|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1067 |
15.12.2023 |
P9_TA(2023)0195
Acmhainní dílse: tús nua d'airgeadas an Aontais, tús nua don Eoraip
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ar acmhainní dílse: tús nua d’airgeadas an Aontais Eorpaigh, tús nua don Eoraip (2022/2172(INI))
(C/2023/1067)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 311 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 29 Márta 2007 maidir le todhchaí acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (1), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (2), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach agus moltaí an Ghrúpa Ardleibhéil um Acmhainní Dílse maidir leis an Aontas Eorpach a mhaoiniú amach anseo, arna n-eisiúint i mí na Nollag 2016, |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (3), |
|
— |
ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IIA) (4), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 a uas-scálú: buiséad athléimneach AE a bheidh oiriúnach do dhúshláin nua (5), |
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (COM(2021)0570), |
|
— |
ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘An chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse le haghaidh bhuiséad an Aontais’ (COM(2021)0566), |
|
— |
ag féachaint do sheasamh uaithi an 16 Meán Fómhair 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (6), |
|
— |
ag féachaint dá rún an 12 Bealtaine 1965 maidir le tograí ón gCoimisiún Eorpach a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) a mhaoiniú agus le hacmhainní dílse a chruthú do CEE (7), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh ón gComhairle an 21 Aibreán 1970 maidir le hacmhainní dílse na gComhphobal a chur in ionad ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit (8), |
|
— |
ag féachaint don Chonradh lena leasaítear forálacha buiséadacha áirithe de na Conarthaí lena mbunaítear na Comhphobail Eorpacha agus den Chonradh lena mbunaítear Comhairle Aonair agus Coimisiúin Aonair de na Comhphobail Eorpacha an 22 Aibreán 1970 (9) (Conradh Lucsamburg), |
|
— |
ag féachaint do na leasuithe uaithi arna nglacadh an 22 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear córas um liúntas astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757 (10), |
|
— |
ag féachaint do na leasuithe uaithi arna nglacadh an 22 Meitheamh 2022 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) (11), |
|
— |
ag féachaint dá seasamh an 16 Nollaig 2020 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (12), |
|
— |
ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach a glacadh an 21 Iúil 2020, |
|
— |
ag féachaint don scéim phíolótach dar teideal ‘Staidéar Indéantachta maidir le hathúsáid shóisialta na sócmhainní a calcadh agus a coigistíodh mar thoradh ar smachtbhannaí AE a glacadh tar éis fhogha míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine’ (13), |
|
— |
ag féachaint do Riail 54 de na Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0155/2023), |
|
A. |
de bhrí, de bhun Airteagal 311 CFAE, nach mór don Aontas na hacmhainní is gá a sholáthar dó féin chun a chuspóirí a bhaint amach agus a chuid beartas a chur i gcrích, agus gur cheart an buiséad a mhaoiniú go hiomlán, gan dochar d’ioncam eile, trí acmhainní dílse; de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 311 CFAE freisin nach mór don Chomhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa sula nglacfar le cinneadh maidir le hacmhainní dílse; |
|
B. |
de bhrí go bhfuil leibhéal ard ranníocaíochtaí atá bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN) ann a fhágann go mbíonn cinntí buiséadacha róspleách ar na Ballstáit; de bhrí go maoinítear buiséad an Aontais freisin le fíoracmhainní dílse trí dhleachtanna custaim agus cáin bhreisluacha (CBL), ar gnách leis na Ballstáit a mheas gur ranníocaíochtaí náisiúnta iad le buiséad an Aontais; |
|
C. |
de bhrí gur rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur 'ócáid thábhachtach i saol daonlathach an Aontais Eorpaigh é feidhmiú a cumhachtaí buiséadacha ag an bParlaimint sa suí iomlánach’ (14); |
|
D. |
de bhrí go ndéantar na hinstitiúidí a spreagadh tríd an treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach san IIA, atá ceangailteach ó thaobh dlí, chun an tsaincheist maidir le maoiniú bhuiséad an Aontais Eorpaigh a choinneáil ard ar an gclár oibre polaitiúil d’fhonn bealach inmharthana a áirithiú maidir leis na fiachais arna dtabhú i gcomhthéacs NextGenerationEU (NGEU) a athmhaoiniú agus go sonraítear go bhféadfadh an Coimisiún cáin ar idirbhearta airgeadais agus ranníocaíocht airgeadais atá nasctha leis an earnáil chorparáideach nó comhbhonn nua don cháin chorparáideach a áireamh sa dara ciseán d’acmhainní dílse nua; |
|
E. |
de bhrí gur gá NGEU a aisíoc, an chorraíl shóisialta agus eacnamaíoch atá mar thoradh ar ionradh gan ghríosú agus gan údar na Rúise ar an Úcráin, an tionchar ollmhór atá ag boilsciú ar bhuiséad an Aontais agus an rás domhanda, atá ag dul i dtreis, chun todhchaí mhonaraíocht theicneolaíocht an fhuinnimh ghlain a mhúnlú, arna chothú ag mór-idirghábhálacha poiblí ó chumhachtaí domhanda amhail an Gníomh um Laghdú Boilscithe de chuid na Stát Aontaithe, chomh maith le dúshláin eile atá ag teacht chun cinn, go gcuirtear i bhfios go láidir nach mór athmheasúnú a dhéanamh ar chóras acmhainní dílse an Aontais trí leas iomlán a bhaint as fíoracmhainní dílse nua chun maoiniú inbhuanaithe bhuiséad an Aontais a ráthú san fhadtéarma; |
|
F. |
de bhrí go raibh iarmhairtí mór ag paindéim COVID-19 ar chreatlach shóisialta agus ar gheilleagar AE, agus go bhfuil dúshláin i gceist fós sa bhfadtéarma dár dtéarnamh eacnamaíoch agus sóisialta; de bhrí gur nochtadh leis an bpaindéim na riachtanais chistiúcháin thábhachtacha laistigh den Eoraip, ar trí chomhghníomhaíocht maidir le príomhbheartais an bealach is fearr le haghaidh a thabhairt orthu; |
|
G. |
de bhrí go n-áirítear sa Tuarascáil ar Thoradh Deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa an 9 Bealtaine 2022 togra ón seisiún iomlánach ‘nach mór don Aontas tionchar sóisialta agus eacnamaíoch an chogaidh i gcoinne na hÚcráine agus an nasc idir rialachas eacnamaíoch AE agus an comhthéacs nua geopholaitiúil a chur san áireamh agus trína bhuiséad féin a neartú trí acmhainní dílse nua’; de bhrí, ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (CoFoE), gur mhol saoránaigh AE buiséad an Aontais a neartú trí acmhainní dílse nua (15) agus gur cheart do Pharlaimint na hEorpa cinneadh a dhéanamh maidir le buiséad an Aontais de bharr gurb é ceart na bparlaimintí é ar leibhéal náisiúnta (16); |
|
H. |
de bhrí go bhfuil a seasamh curtha in iúl cheana féin ag an bParlaimint i bhfabhar deireadh a chur le gach lacáiste agus ceartúchán, a hacmhainn dhílis atá bunaithe ar CBL a shimpliú, buiséad an Aontais a aontú agus fíneálacha agus táillí a úsáid mar ioncam breise do bhuiséad an Aontais; |
|
I. |
de bhrí gur chuir an Coimisiún togra reachtach i láthair i mí na Nollag 2021 lena dtabharfar isteach trí chatagóir nua acmhainní dílse, bunaithe, faoi seach, ar an gcóras trádála astaíochtaí (CTA), an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) agus ar Cholún a hAon de choinbhinsiún na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le cánachas corparáideach idirnáisiúnta; |
|
J. |
de bhrí gur formhuiníodh go ginearálta an togra seo mar chéim thábhachtach, ach mar chéim neamh-leordhóthanach, le seasamh Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2022 maidir leis an Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (17); de bhrí go bhfuil an Chomhairle ag leanúint den togra a scrúdú; |
|
K. |
de bhrí go bhfuiltear ar tí reachtaíocht earnála maidir le CTA agus SCCT a ghlacadh sa dara ráithe de 2023; de bhrí go bhfuil an coinbhinsiún iltaobhach maidir le Colún a hAon de chomhaontú ECFE agus a chur chun feidhme go comhchuibhiúil ar leibhéal an Aontais fós ar feitheamh; |
|
L. |
de bhrí go bhfuil na chéad chomharthaí maidir leis an dea-éifeacht beartais atá ag an acmhainn dhílis bunaithe ar phlaisteach á dtabhairt ar aird; |
An cás le haghaidh beartas ioncaim bhuiséad AE a athchóiriú
|
1. |
á dhearbhú go bhfuil airgeadas AE ag dul trí thréimhse ríthábhachtach ina mbeadh éifeachtaí díobhálacha ag easpa athchóirithe ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh, ar a bheartais, a chuspóirí agus ar mhuinín saoránach agus infheisteoirí san Aontas; |
|
2. |
á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht mhór, agus sin ag dul i méid, le buiséad an Aontais maidir le príomhchuspóirí beartais, a chláir shuaitheanta agus freagrúlacht i gcás géarchéime a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir na dúshláin iomadúla atá le sárú ag AE amhail a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a neartú, go háirithe sna réimsí beartas tionsclaíoch, sláinte, spás, bia, amhábhar, ceimiceáin, athléimneacht, deireadh a chur lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur chun cinn, gan aon duine a fhágáil ar lár, athrú aeráide agus an ghéarchéim bithéagsúlachta a chomhrac, Colún Eorpach na gCreat Sóisialta a bhaint amach, comhionannas inscne a áirithiú, an t-aontas sláinte agus an t-aontas fuinnimh a thabhairt i gcrích agus tionscadail choiteanna thábhachtacha a mhaoiniú amhail an comhar cosanta, an chosaint shibhialta agus an spás. á mheabhrú go bhfuil sé ráite ag an gCoimisiún go bhfuil na riachtanais gan choinne a eascraíonn as cogadh san Eoraip i bhfad chun tosaigh ar na hacmhainní atá ar fáil sa gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha (CAI); á mheas nach mór acmhainní nua airgeadais agus acmhainní úra breise a bheith i gceist le beartais agus le dúshláin nua uile an Aontais; |
|
3. |
á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil gá le tacar acmhainní dílse éagsúlaithe agus méadaithe chun buiséad an Aontais a mhaoiniú ar bhealach stóinsithe, iontaofa agus athléimneach; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhfuil acmhainneacht ollmhór ag baint le hathchóiriú dea-cheaptha ar acmhainní dílse an Aontais ní hamháin chun maoiniú a riachtanais bhuiséadacha a neartú ach freisin chun borradh a chur faoina thorthaí beartais, chun an chothromaíocht fhioscach idir an tAontas agus a Bhallstáit a fheabhsú agus chun breisluach a chur leis an airgeadas poiblí foriomlán; |
|
4. |
á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar an Aontas príomhshuim agus ús na gcistí a fuarthas ar iasacht faoi Phlean Téarnaimh an Aontais a aisíoc; á mheabhrú, i ndáil leis sin, gur ghlac institiúidí an Aontais le ‘plean aisíocaíochta’ i bhfoirm comhaontú idirinstitiúideach atá ceangailteach ó thaobh dlí lena mbunaítear treochlár maidir le hacmhainní dílse nua a thabhairt isteach chun na costais iasachtaíochta a chlúdach ina n-iomláine; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, go mbraitheann rátáil AAA an Aontais mar iasachtaí garcheannasach, inter alia, ar iontaofacht agus inchreideacht na n-institiúidí maidir le hobair leantach a dhéanamh ar an tiomantas polaitiúil atá acu chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, á mheabhrú go bhfuil tionchar diúltach cheana féin ag costais aisíocaíochta Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) agus ag luaineachtaí sna costais sin ar bhuiséad an Aontais agus á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar shaincheist EURI san athbhreithniú meántéarma ar CAI agus líne buiséid EURI a chur os cionn uasteorainneacha CAI; |
|
5. |
á mheabhrú a seasamh thuasluaite an 23 Samhain 2022 maidir leis an togra le haghaidh leasú ar an gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse; á mheabhrú gur thacaigh sí go ginearálta leis an tionscnamh chun trí fhoinse ioncaim nua a thabhairt isteach bunaithe ar CTA, SCCT agus ar fháltais Cholún a hAon ECFE; |
|
6. |
á chur in iúl go bhfuil sí ag súil go mór, mar thoradh ar na hacmhainní dílse bunaithe ar CTA agus SCCT go mbeidh an t-éileamh atá ann le fada an lá ar nascadh níos fearr idir taobh ioncaim bhuiséad an Aontais le beartais chomhshaoil agus an réasúnaíocht a bhaineann le príomhshruthú aeráide ar fud na mbeartas caiteachais agus ioncaim oibríochtúil faoi dheireadh; á thabhairt dá haire gur tháinig comhaontú as an gcaibidlíocht earnála maidir le SCCT agus CTA; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil na téacsanna dlí sa Treoir CTA agus sa Rialachán SCCT a d’eascair as sin fós go hiomlán comhoiriúnach leis an togra maidir le hacmhainní dílse; á iarraidh ar institiúidí an Aontais measúnú críochnúil a dhéanamh ar na himpleachtaí maidir leis na meastacháin ioncaim; á áitiú nach n-úsáidfí anailísí den sórt sin mar leithscéal chun bac a chur ar an gcinnteoireacht agus á iarraidh ar an gComhairle gluaiseacht chomh tapa is féidir agus na téacsanna dlí ábhartha a ghlacadh; á aithint, ina theannta sin, san fhadtéarma, agus an próiseas dícharbónaithe fós ag dul ar aghaidh mar atá beartaithe, go laghdófar táirgeacht ó acmhainní dílse glasa; |
|
7. |
á thabhairt dá haire go gcaithfí an tagairt atá ann faoi láthair sa togra maidir le hacmhainní dílse a fhaightear ó fháltais Cholún a hAon de Chomhaontú ECFE/G20 a uasdátú i gcomhréir leis an gcoinbhinsiún iltaobhach agus an treoir ghaolmhar de chuid an Aontais chun na forálacha a chur chun feidhme sna Ballstáit ar bhealach comhchuibhithe; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, áfach, go bhfuil an chaibidlíocht maidir le hathchóiriú Cholún a hAon ag gluaiseacht ró-mhall ar an leibhéal domhanda; |
|
8. |
á mheas go bhfuil gá leis na hacmhainní dílse sin chun nach mbeadh ar an gcéad ghlúin eile d’Eorpaigh íoc as aisíocaíocht na príomhshuime agus ús na gcistí a fhaightear ar iasacht faoi NGEU, trí ualach níos mó a chur ar cháiníocóirí nó trí chiorruithe i ngnáthchláir de chuid an Aontais a dhéanann difear díreach do thairbhithe agus do shealbhóirí tionscadail; á chreidiúint go láidir gur cheart d’institiúidí agus do ghníomhaithe polaitiúla an Aontais tuillteanais bhuiséad an Aontais agus a thaobh ioncaim a chur in iúl ar bhealach níos soiléire do na saoránaigh; á thabhairt dá haire an t-éileamh dlisteanach ó mhuintir na hEorpa ar níos mó ceartas sóisialta agus cánach; ag tabhairt rabhadh i gcoinne aon iarracht chun cistiú a laghdú do ghnáthbheartais an Aontais chun spás a dhéanamh chun fiacha an Aontais a aisíoc, toisc go gcuirfeadh sin spriocanna fadtéarmacha an Aontais i mbaol, amhail cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, taighde agus nuálaíocht nó na haistrithe glasa agus digiteacha; |
|
9. |
á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil an bealach reatha a ndéantar buiséad an Aontais a mhaoiniú faoi réir srianta buiséadacha náisiúnta, rud a fhágann go gcuirtear brú iomarcach anuas ar a méid iomlán – atá measartha cheana féin – agus loighic ‘juste retour’ nach léiríonn go hiomlán prionsabal na dlúthpháirtíochta atá ag croílár lánpháirtiú an Aontais; á chreidiúint gurb é an struchtúr sin ceann de na príomhchúiseanna atá ag cur cosc ar an Aontas a chuid cúraimí agus gealltanas uile a chomhlíonadh go héifeachtach; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an dul chun cinn mall maidir leis an gcóras acmhainní dílse a nuachóiriú ó bunaíodh na Comhphobail Eorpacha; |
|
10. |
á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil an chéad chiseán d’acmhainní dílse formheasta go fóill ag an gComhairle; á iarraidh ar na Ballstáit sa Chomhairle na hacmhainní dílse nua ón gcéad phacáiste an 14 Nollaig 2021 a ghlacadh gan a thuilleadh moille, ar bhonn práinne; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, áfach, nach mbeidh na suimeanna arna nginiúint ag na hacmhainní dílse nua leordhóthanach chun aisíocaíochtaí agus costais iasachtaíochta uile NGEU a chumhdach (meastar EUR 15 bhilliún ar a laghad in aghaidh na bliana ar an meán go dtí 2058); á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an chéad bhaisc eile tograí a chur ar aghaidh a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an tríú ráithe de 2023; á áitiú go nglactar san áireamh sna tograí sin tosaíochtaí Pharlaimint na hEorpa mar a leagtar amach anseo; |
Foinsí maoiniúcháin AE a éagsúlú agus iarmhéid ioncaim nua a aimsiú
|
11. |
ag tathant ar na gníomhaithe uile leanúint dá n-iarrachtaí acmhainní dílse úra agus nua, agus fíor más féidir, agus foinsí eile ioncaim do bhuiséad an Aontais, a aithint d’fhonn caiteachas ionchasach foriomlán a chumhdach i gcomhair aisíocaíocht na príomhshuime agus ús na gcistí a fhaightear ar iasacht faoi NGEU agus buiséad an Aontais a threisiú i gcás ina dtréigfear ‘1 % de dhogma AE OTI’; á chreidiúint go mbainfí tairbhí marthanacha amach trí acmhainní dílse nua a thabhairt isteach lasmuigh de IIA atá ceangailteach ó thaobh dlí, ní hamháin maidir le beartais an Aontais a chur i gcrích, ach freisin maidir lena áirithiú go mbeidh an tAontas ina eisitheoir fiachais inchreidte agus cliste; |
|
12. |
á chur i bhfios go láidir nach mór do na fáltais ó acmhainní dílse breise an Aontais a bheith leordhóthanach, ní hamháin chun seirbhís fiachais bhannaí an Aontais a chumhdach, lena n-áirítear muirir úis arna dtabhú, ach freisin chun infheistíochtaí riachtanacha Eorpacha a chothú agus a éascú i ndiaidh 2026; |
|
13. |
á chreidiúint gur cheart taobh an ioncaim de bhuiséad an Aontais a úsáid go straitéiseach chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht an Aontais a neartú, agus chun nuálaíocht san AE a chur chun cinn chomh maith le ceartas sóisialta, fioscach agus comhshaoil; á chur i bhfios go láidir gur cheart acmhainní dílse glasa a chomhlánú le hacmhainní dílse bunaithe ar cháin ón earnáil chorparáideach ar chúiseanna leordhóthanachta, ar chúiseanna a bhaineann le coibhéis fioscach (ba chóir dóibh siúd a bhaineann tairbhe as an Aontas agus a margaí oscailte rannchuidiú lena maoiniú) agus ar chúiseanna a bhaineann le cothromaíocht fhoriomlán dáileacháin i measc na mBallstát agus earnálacha; |
|
14. |
á chur i bhfios go láidir de bharr dul i ngleic leis na géarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta gur gá tuilleadh acmhainní a shlógadh agus meastóireacht a dhéanamh ar na beartais dreasachta atá ann faoi láthair san Aontas; á chreidiúint go láidir gur féidir taobh an ioncaim de bhuiséad an Aontais a úsáid chun iompraíochtaí diúltacha áirithe a dhíspreagadh agus chun infheistíochtaí a chumasú chun an t-aistriú glas chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach; á chur i bhfáth an tábhacht atá leis na beartais sin i dtaobh spriocanna 2030 agus 2050 a bhaint amach, go háirithe i dtaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise; |
Cánachas corparáideach (BEFIT)
|
15. |
á chur in iúl go bhfuil sí ag súil le tionscnamh atá ar na bacáin ag an gCoimisiúin – Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT) – sa tríú ráithe de 2023; ag tathant ar an gCoimisiún leabhar rialacha aonair maidir le cáin chorparáide a mholadh don Aontas, bunaithe ar phríomh-shaintréithe comhbhoinn don cháin agus ar leithdháileadh brabúis idir na Ballstáit trí fhoirmle a úsáid nó trí chionroinnt na cánach ioncaim corparáidí a fhoirmliú bunaithe ar rialacha BEFIT mar acmhainn dhílis nua de mheon an treochláir; ag dréim leis go dtabharfar aghaidh leis an gcur chuige nua i leith na hacmhainne dílse bunaithe ar cháin chorparáide ar shaincheisteanna a bhaineann leis na difríochtaí atá ann ar an leibhéal náisiúnta maidir le cánachas corparáideach, ar difríochtaí iad a bhfuil bac curtha acu ar acmhainn dhílis sa réimse sin agus chun go bhféadfar raon feidhme leathan a bheith ann chun níos mó cuideachtaí atá gníomhach sa mhargadh aonair a chumhdach, seachas líon beag de na cuideachtaí ilnáisiúnta is mó agus is brabúsaí atá faoi réir Chomhaontú Cholún a hAon ECFE; ag tabhairt rabhadh, mura dtugtar an chaibidlíocht maidir le Colún a hAon ECFE i gcrích laistigh de thréimhse ama réasúnach, gur cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar fhoinsí eile ioncaim ó chorparáidí móra atá ag feidhmiú sa mhargadh aonair; |
‘Sásra teorann cothrom AE’
|
16. |
á chur in iúl gur saoth léi an chaoi a mbíonn oibrithe ó thríú tíortha nach bhfaigheann pá réasúnta agus, i gcásanna áirithe, a bhfuil cónaí orthu faoi fhíorbhochtaineacht, páirteach sna slabhraí táirgeachta le haghaidh táirgí áirithe a thagann isteach i margadh aonair an Aontais; á mheabhrú go mbíonn iomaíocht éagórach (dumpáil shóisialta) mar thoradh ar thráchtearraí den chineál sin a allmhairiú isteach san Aontas; |
|
17. |
Á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún leanúint le dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh a bhaineann le togra reachtach a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le ‘sásra teorann cothrom’, lena gceanglaítear ar chuideachtaí a allmhairíonn earraí isteach i margadh aonair an Aontais pá lae a íoc le hoibrithe arna bhfostú i dtíortha nach tíortha AE iad atá ina slabhra soláthair domhanda atá os cionn na líne ábhartha bochtaineachta agus atá leordhóthanach le gur féidir leo éalú ó fhíorbhochtaineacht, arna sainiú ag na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha. a chur i bhfios go láidir i gcás ina n-allmhairíonn cuideachta táirgí isteach ar mhargadh aonair an Aontais, ar táirgí iad arna ndéanamh ag oibrithe i dtíortha nach tíortha AE iad a fhaigheann pá faoi bhun tairseach sheasta de shárú ar an reachtaíocht sin, go mbeadh muirear le híoc aici arb ionann é agus an difríocht idir an tairseach sin agus an luach saothair iarmhír a fhaigheann a cuid oibrithe; á mheas gur cheart fáltais ó mhuirir arna dtabhú ó bheart den chineál sin á fhorfheidhmiú a fhabhrú chuig buiséad an Aontais; ag dréim leis go soláthróidh an Coimisiún meastachán ar an tionchar ar dhálaí oibre i dtíortha nach bhfuil san Aontas, chomh maith le comhoiriúnacht bheart den chineál sin le rialacha ábhartha EDT; á mheas go bhféadfadh beart den sórt sin feabhas a chur ar iomaíochas cuideachtaí a tháirgeann san Aontas agus a chomhlíonann caighdeáin saothair, dálaí oibre agus leibhéil phá áirithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, nuair a bheadh ‘sásra teorann cothrom’ á mheas aige, ceachtanna ó shásraí inchomparáide atá ann cheana san Aontas agus ar fud an domhain a ghlacadh san áireamh, amhail SCCT; |
Cáin ar Idirbhearta Airgeadais (FTT)
|
18. |
á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún seirbhís airgeadais, lena n-áirítear idirbhearta airgeadais, a chumhdach ina dara ciseán d’acmhainní dílse; Á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, machnamh a dhéanamh ar FTT uile-Aontais a bheith ann; ag tathant, sa chomhthéacs sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit atá rannpháirteach sa chaibidlíocht maidir leis an gcomhar fheabhsaithe a ndícheall a dhéanamh teacht ar chomhaontú maidir le FTT roimh dheireadh mhí an Mheithimh 2023; á mholadh don chuid eile de an Ballstáit a bheith páirteach leo; á mheas go bhfuil acmhainneacht ard ó thaobh ioncaim ag an FTT mar acmhainn dhílis, a d’éascódh aisíoc fhiachas NextGenerationEU agus a chuirfeadh acmhainní méadaithe ar fáil chun tosaíochtaí an Aontais a mhaoiniú; á chur i bhfáth gur cheart measúnú tionchair críochnúil a bheith ag gabháil le haon togra, go rannchuideodh sé le cuspóirí bheartais an Aontais agus go leanfadh sé prionsabal coimhdeachta an Aontais; |
|
19. |
ag tarraingt aird ar athcheannach méadaitheach stoic chorparáidigh (aischeannach scaireanna) san Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún an bhféadfaí féachaint ar dhleacht mháil a chur ar athcheannach scaireanna ag corparáidí, mar go bhfágfadh sin go bhféadfaí acmhainní nua a ghiniúint, agus ag an am céanna go ndéanfaí an cleachtas, atá ag fáil níos forleithne, ina bhfaigheann scairshealbhóirí eachtracha luach saothair ach go bhfuil infheistíochtaí thíos leis. á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag dleacht mháil den sórt sin ar an margadh aonair roimh aon togra a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh, mar rogha eile, ar chreat cánach iarchoimeádta comhchoiteann agus caighdeánaithe; |
Cáin ar chriptea-airgeadraí
|
20. |
á mholadh go dtabharfaí isteach cáin Eorpach ar chriptea-shócmhainní, a rachadh a n-ioncam isteach i mbuiséad an Aontais mar acmhainn dhílis nua; á chur i bhfios gur tháinig fás mear ar an margadh domhanda criptea-shócmhainní ó tharla an ghéarchéim in 2008 (cé go raibh an fás sin míshocair), le caipitliú arbh ionann é agus EUR 2 trilliún i mí na Bealtaine 2001; á thabhairt dá haire go meastar gur fíormhodh íoctha iad criptea-shócmhainní agus gur cuid de straitéisí infheistíochta iad, agus go bhfuil méadú ag teacht ar an tuairim sin de réir a chéile; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé níos éifeachtaí criptea-shócmhainní a rialú agus cáin a ghearradh orthu ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta, mar gheall ar a n-ardsoghluaiseacht agus mar gheall ar an ngné thrasteorann; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, go gcothófaí teacht chun cinn chreata cánach comhchuibhithe do chriptea-shócmhainní le cáin Eorpach ar chriptea-shócmhainní, rud a bheadh níos comhsheasmhaí leis an gcineál trasteorann atá ag an margadh criptea-shócmhainní, agus rud a spreagfadh caighdeáin chánach a ghlacadh ar leibhéal domhanda; |
|
21. |
á chur i bhfáth gur féidir roinnt roghanna cánachais a shamhlú maidir le criptea-shócmhainní, amhail cáin ar ghnóthachain chaipitiúla a eascraíonn as gníomhaíochtaí criptea-shócmhainní (bunaithe ar ráta aonfhoirmeach tobhaigh do Bhallstáit uile), cáin ar idirbhearta criptea-shócmhainní nó cáin ar mhianadóireacht a dhéanamh ar chriptea-shócmhainní agus iad a thrádáil a chinnfí de réir a n-ídiú leictreachais agus a dtionchar ar an gcomhshaol; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag na roghanna sin ar an margadh criptea-shócmhainní Eorpach, chun an t-ioncam a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas agus togra nithiúil a mholadh; |
An geilleagar digiteach
|
22. |
á iarraidh an athuair ón seasamh thuasluaite uaithi an 23 Samhain 2022, nuair a chuir an Pharlaimint in iúl, i gcás ina mbeadh easpa shoiléir dul chun cinn ar leibhéal ECFE i dtreo an Choinbhinsiúin Iltaobhaigh faoi dheireadh 2023, gur cheart togra reachtach a thíolacadh le haghaidh tobhach digiteach nó beart comhchosúil ar féidir é a achtú go haontaobhach agus a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn d’acmhainn dhílis de chuid an Aontais chun ioncam a ghiniúint faoi 2026; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an díospóireacht fós ar bun maidir leis an méid a chuireann soláthraithe móra ábhair dhigitigh leis na costais líonra; |
|
23. |
á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil méadú géar tagtha ar thrácht sonraí, go háirithe le linn na paindéime, agus go bhfuil tairbhí suntasacha eacnamaíocha ann do chuideachtaí móra idirlín agus d’earnáil na teileachumarsáide ina hiomláine mar thoradh ar leathnú an gheilleagair sonraí san Eoraip; á chur in iúl gurb eol di tionchar na sreafaí sonraí ar an gcomhshaol; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu chun an leas is fearr a bhaint as an trácht sonraí sin agus teorainn a chur leis an lorg carbóin a bhaineann leis, lena n-áirítear trí dhreasachtaí airgeadais; |
Acmhainní dílse atá bunaithe ar staidreamh
|
24. |
á mheas go bhféadfadh breisluach ard a bheith ag baint le hacmhainní dílse i bhfoirm ranníocaíochtaí náisiúnta atá bunaithe ar staidreamh a sholáthraíonn dreasacht agus cúiteamh do na Ballstáit as beartas ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme go díograiseach; á iarraidh ar an gCoimisiún an tionchar a bheadh ag ranníocaíochtaí náisiúnta den sórt sin a mheas agus a ionsamhlú a ríomhfaí ar bhonn staidrimh sna réimsí sóisialta agus comhshaoil ina bhfuil sonraí Eurostat atá láidir, iontaofa agus comhchoiteann ar fáil ar bhonn bliantúil; |
|
25. |
á mheas go bhféadfaí raon feidhme beacht agus glaoráta na ranníocaíochtaí náisiúnta sin atá bunaithe ar staidreamh a scálú agus a chalabrú ar bhealach lena n-áiritheofaí cothroime dháileacháin fhoriomlán an chéad chiseáin eile d’acmhainní dílse; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh, dá bhrí sin, ciseán acmhainní dílse cuimsitheach agus dea-chalabraithe den sórt sin teacht in ionad aon laghduithe saorga, lacáistí cnapshuime nó sásraí ceartúcháin ar thaobh an ioncaim agus iad a fhágáil iomarcach, rud a chuirfeadh isteach ar chomhsheasmhacht agus cumhacht spreagúil an bheartais maidir le hacmhainní dílse; |
|
26. |
á iarraidh, go sonrach, go mbunófaí acmhainn dhílis bunaithe ar bhearna phá idir na hinscní; á chur i bhfios go láidir, go gcuirfí, faoin sásra sin, eochair leithdháilte nua lena gceanglófar ar na Ballstáit ina bhfuil bearna phá níos mó idir na hinscní ranníocaíochtaí níos mó a dhéanamh ná na Ballstáit ina bhfuil bearna phá níos lú idir na hinscní in ionad sciar ranníocaíochtaí atá bunaithe ar OIN ar bhealach comhréireach; |
|
27. |
á iarraidh go ndéanfaí scrúdú ar an bhféadfaí acmhainní dílse nua a thabhairt isteach a bheadh nasctha le cineálacha dramhaíola lasmuigh de dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach, rud a dhéanfadh, inter alia, na Ballstáit a dhreasú chun cion na dramhaíola a théann chuig athúsáid agus aisghabháil ábhar a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le cuspóir an gheilleagair chiorclaigh; |
|
28. |
á iarraidh go mbunófaí acmhainn dhílis bunaithe ar bhithdhramhaíl; á chur i bhfios go láidir, faoin sásra sin, go gcuirfí eochair leithdháilte nua in ionad sciar ranníocaíochtaí atá bunaithe ar OIN lena gceanglófaí ar na Ballstáit ina ndéantar níos lú bithdhramhaíola a athchúrsáil ranníocaíochtaí níos mó a dhéanamh ná na Ballstáit ina ndéantar níos mó bithdhramhaíola a athchúrsáil; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh féachaint an bhféadfaí sásra dreasachta a chur chun feidhme chun giniúint dramhaíola guaisí a laghdú agus chun tacú lena dhí-éilliú chun a athchúrsáil a éascú; |
|
29. |
á iarraidh go mbunófaí acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhbhia; á chur i bhfios go láidir, faoin sásra sin, go gcuirfí eochair leithdháilte nua in ionad sciar ranníocaíochtaí atá bunaithe ar OIN lena gceanglófaí ar na Ballstáit ranníocaíochtaí a íoc bunaithe ar an méid dramhbhia a ghintear in aon bhliain ar leith; á mheas go ndéanfadh an acmhainn dhílis sin na Ballstáit a dhreasú chun beartais a chur chun feidhme maidir le bearta chun dramhbhia a laghdú ar fud an tslabhra táirgthe ag céim an tomhaltais; |
Foinsí ioncaim seachas acmhainní dílse
|
30. |
á athdhearbhú gur cheart go bhfabhródh aon ioncam poiblí a ghinfí le cur chun feidhme bheartais an Aontais, le forfheidhmiú rialacháin an Aontais nó le húsáid bonneagair arna maoiniú ag an Aontas, mar réamhshocrú agus chun na tairbhí a fhrithpháirtiú chuig buiséad an Aontais, mar acmhainn dhílis nó mar ioncam eile, go háirithe i gcás ina n-eagraítear tobhach, bailiú agus forfheidhmiú go lárnach ag institiúid de chuid an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, agus tograí á ndréachtú, agus ar an bParlaimint agus ar an gComhairle, mar údaráis reachtacha, an cur chuige trasearnálach sin a chomhlíonadh ina n-obair reachtach; |
|
31. |
á áitiú gur cheart ioncam buiséid i bhfoirm tobhaigh, táillí – amhail iad siúd a ghearrfar ar tharscaoileadh ar víosaí faoin gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) nuair a thiocfaidh sé i bhfeidhm – préimheanna astaíochtaí iomarcacha, fíneálacha iomaíochta, pionóis maidir le sárú nó a pionóis chomhchosúla a bheith ina gcuid dhílis den bhuiséad bliantúil. á aithint, ar chúiseanna a bhaineann leis an gConradh, nach mór go bhfanfadh ioncam eile den sórt sin coimhdeach d’acmhainní dílse faoi Airteagal 311 agus ar gá dóibh fanacht mar phríomhfhoinse maoinithe bhuiséad an Aontais; |
|
32. |
ag tarraingt aird ar chás speisialta na bhfáltas arna nginiúint i gcomhthéacs pianbhreitheanna ceartais coiriúla agus, go sonrach, coigistiú sócmhainní i gcás neamhchomhlíonadh smachtbhannaí an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí fáltais nó pionóis den sórt sin arna mbailiú ag údaráis na mBallstát a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais mar acmhainn dhílis; ag tacú leis an smaoineamh acmhainn dhílis de chuid an Aontais a dhéanamh de na fáltais a thagann as coigistiú sócmhainní mar thoradh ar ghníomhaíochtaí coiriúla agus den luach airgid a dhéanfaí astu; ag tacú leis an smaoineamh go bhféadfaí na fáltais a thagann as coigistiú shócmhainní na Rúise agus luach airgid a dhéanamh astu a chur ar fáil le haghaidh iarrachtaí fóirithinte agus atógála san Úcráin; á mholadh go ndéanfaí fáltais den sórt sin a threorú trí bhuiséad ginearálta an Aontais agus go n-áiritheofar struchtúr rialachais a mbeidh baint ag Parlaimint na hÚcráine agus ag Parlaimint na hEorpa leis; |
Ní mór d’ionadaithe tofa dlisteanacht airgeadaíochta a áirithiú: breithnithe bunreachtúla, nós imeachta agus stairiúla
|
33. |
á mheabhrú go bhfuil stair fhada agus bheoga ag an díospóireacht ar fhoinsí maoinithe na lánpháirtíochta Eorpaí; á mheabhrú gur foráladh le hAirteagal 49 de Chonradh Pháras an 18 Aibreán 1951 lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach go ‘tugtar de chumhacht don Ard-Údarás na cistí atá de dhíth a fháil chun a chuid cúraimí a chur i gcrích trí thobhaigh a fhorchur ar tháirgeadh guail agus cruach; [agus] trí iasachtaí a chonrú’; |
|
34. |
á chur i bhfios go láidir go sonraítear in Airteagal 201 de Chonradh na Róimhe an 25 Márta 1957 lena mbunaítear Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ‘go ndéanfaidh an Coimisiún staidéar ar na coinníollacha faoina bhféadfar acmhainní eile an Chomhphobail féin, go háirithe, ioncam a thabhófaí ón gcomhtharaif chustaim a chur in ionad ranníocaíochtaí airgeadais na mBallstát féin nuair a bheidh an chomhtharaif chustaim tugtha isteach go cinnte’; |
|
35. |
á mheabhrú gur chomhaontaigh Ceannairí Stáit nó Rialtas na Sé, sa ráiteas deiridh ó Chruinniú Mullaigh na Háige an 2 Nollaig 1969‘a n-acmhainní dílse [i.e. na gComhphobal] a chur in ionad ranníocaíochtaí na mBallstát de réir a chéile, agus na leasanna uile lena mbaineann á gcur san áireamh d’fhonn maoiniú lárnach bhuiséid na gComhphobal a bhaint amach in am trátha… agus cumhachtaí buiséadacha Pharlaimint na hEorpa a neartú’; |
|
36. |
á chur in iúl gurb oth léi, in ainneoin na n-oibleagáidí sin maidir le dlí príomha, nár tugadh isteach ach dhá acmhainn dhílse nua ó tháinig Conradh Lucsamburg i bhfeidhm in 1970, eadhon an ranníocaíocht atá bunaithe ar OIN in 1988 agus an acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte in 2021; |
|
37. |
ag aithint fiúntas na hacmhainne dílse bunaithe ar OIN i bhfianaise a feidhme cothromaíochta iontaofa; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an sciar de ranníocaíochtaí náisiúnta sa chóras acmhainní dílse ceannasach, arb ionann é anois agus thart ar 80 %; á chur i bhfios an sciar beag d’acmhainní dílse traidisiúnta agus fíoracmhainní dílse, go háirithe dleachtanna custaim, arb ionann é agus thart ar 13 % sa lá atá inniu ann; |
|
38. |
á mheas go bhfuil an cuspóir a bhí i gceist ag na bunaitheoirí agus spiorad na gConarthaí á sárú ag maoiniú reatha bhuiséad an Aontais; |
|
39. |
ag meabhrú a cumhachtaí comhairleacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse; á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur cheart ról níos suntasaí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa mar an t-údarás reachtach agus buiséadach sa reachtaíocht fholuiteach, agus sa nós imeachta buiséadach bliantúil a bhaineann le taobh an ioncaim agus leibhéil fiachais; á mheas, thairis sin, gur cheart go mbeadh ról feabhsaithe ag Parlaimint na hEorpa sa phróiseas cinnteoireachta maidir le hacmhainní dílse chun infheictheacht, dlisteanacht agus cuntasacht dhaonlathach airgeadas poiblí an Aontais a áirithiú; |
|
40. |
á mheabhrú gur cheart cuspóirí foriomlána na simplíochta, na trédhearcachta agus an chothromais a bheith mar threoir ag na socruithe le haghaidh acmhainní dílse. ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart deireadh a chur le lacáistí agus sásraí ceartúcháin eile; |
|
41. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le dul chun cinn maidir le hacmhainní dílse nua lasmuigh den dara ciseán a áirítear sa IIA; á mheabhrú do na Ballstáit go bhfuil an chaibidlíocht maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil iltaobhach tar éis 2027 nasctha leis an gcaibidlíocht maidir le hacmhainní dílse agus teacht leordhóthanach ar acmhainní dílse; á chur in iúl go bhfuil sí réidh chun úsáid a bhaint as a cumhachtaí buiséadacha uile chun a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn soiléir agus éifeachtach i réimse na n-acmhainní dílse; |
o
o o
|
42. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) IO C 27 E, 31.1.2008, lch. 214.
(2) IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.
(3) IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.
(4) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0450.
(6) IO C 385, 22.9.2021, lch. 256.
(7) https://www.cvce.eu/en/obj/european_parliament_resolution_on_commission_proposals-en-9c67ed5c-af04-4eab-bf89-445996e987f1.html.
(8) IO L 94, 28.4.1970, lch. 19.
(10) IO C 32, 27.1.2023, lch. 108.
(11) IO C 32, 27.1.2023, lch. 320.
(12) IO C 445, 29.10.2021, lch. 240.
(13) PP 07 23 05.
(14) Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2018, Poblacht na Fraince v Parlaimint na hEorpa, C-73/17, ECLI:EU:C:2018:787, mír 35.
(15) CoFoE, togra 16.
(16) CoFoE, togra 39.
(17) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0404.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1067/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)