1.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 192/14


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/879 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Bealtaine 2021

maidir le Cathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) a cheapadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/EC agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/EC ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 48(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Márta 2021, fuair an Chomhairle an gearrliosta de thriúr iarrthóirí rangaithe arna roghnú ag Bord Maoirseoirí ÚEÁPC do phost an Chathaoirligh ar ÚEÁPC.

(2)

An 15 Aibreán 2021, chuir Uachtaránacht na Comhairle an triúr iarrthóirí faoi agallamh thar ceann na mBallstát.

(3)

An 21 Aibreán 2021, sheol Uachtaránacht na Comhairle comhairliúchán neamhfhoirmiúil táscach maidir leis an iarrthóir a rangaigh Bord Maoirseoirí ÚEÁPC sa chéad áit, Petra HIELKEMA.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 48(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá an Chomhairle le cinneadh a ghlacadh chun an Cathaoirleach a cheapadh, tar éis deimhniú ó Pharlaimint na hEorpa.

(5)

An 5 Bealtaine 2021, chuir an Chomhairle litir chuig Parlaimint na hEorpa inar sonraíodh go nglacfadh an Chomhairle cinneadh chun Petra HIELKEMA a cheapadh ina Cathaoirleach ar ÚEÁPC, dá ndearbhódh Parlaimint na hEorpa í do phost an Chathaoirligh ar ÚEÁPC.

(6)

An 18 Bealtaine 2021, dhaingnigh Parlaimint na hEorpa Petra HIELKEMA do phost an Chathaoirligh ar ÚEÁPC,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Petra HIELKEMA ina Cathaoirleach ar an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) go ceann tréimhse 5 bliana ón 1 Meán Fómhair 2021.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. SIZA VIEIRA


(1)   IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.

(2)  Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1).