24.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 109/40


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2023/849 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Aibreán 2023

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES.

(2)

An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go géar úsáid fhorleathan agus dhíréireach fornirt ag fórsaí slándála na hIaráine ina gcoinne siúd a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach, ag tabhairt dá aire go raibh básanna mar aon le líon mór gortuithe mar thoradh air. Sonraíodh freisin sa dearbhú nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais, agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach duine a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini, agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine ar na léirsithe ina dhiaidh sin.

(3)

Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, mar a deimhníodh sna Conclúidí ón gComhairle an 12 Nollaig 2022, ba cheart ochtar agus aon eintiteas amháin a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an t-ochtar seo a leanas agus aon eintiteas amháin le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“214.

NOBAVEH VATAN Bijan

بیژن نوباوه وطن

Dáta breithe: 1959/1960

Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Comhalta de Pharlaimint na hIaráine; an Chéad Leas-Chathaoirleach ar Choimisiún Cultúir Pharlaimint na hIaráine

Is reachtóir agus dochtaire é Bijan Nobaveh Vatan, agus is é Céad Leas-Chathaoirleach ar Choimisiún Cultúir Pharlaimint na hIaráine.

Tá sé ar dhuine den 227 Comhalta Parlaiminte a shínigh ráiteas an 6 Samhain 2022 inar moladh fórsaí slándála as agóideoirí a mharú agus inar áitíodh ar na breithiúna dlús a chur leis na trialacha agus pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí trína dhearbhú gur ‘Muharebeh’ iad nó ‘naimhdeas i gcoinne Dé’.

Thairis sin, tá sé ar dhuine de na daoine atá taobh thiar de reachtaíocht lena ndéantar rialacha sriantacha i dtaobh éadaí ar mhná a fhorfheidhmiú trí phionóis a ghearradh ar institiúidí, ar ghnólachtaí agus ar dhaoine aonair a bhíonn ag idirghníomhú le mná neamhchomhlíontacha, rud a fhágann go n-imrítear baghcat orthu ar an gcaoi sin.

Mar Chomhalta de Pharlaimint na hIaráine, thacaigh Nobaveh Vatan le marú, coinneáil agus céasadh daoine le linn na n-agóidí a bhí ann fud fad na hIaráine in 2022/2023. Tacaíonn sé freisin le reachtaíocht lena ndéantar cearta sóisialta agus eacnamaíocha na mban a chúlghairm go mór san Iaráin.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

24.4.2023

215.

YAZDIKHAH Ali

علی یزدی خواه

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Comhalta de Pharlaimint na hIaráine; Comhalta de Choimisiún Cultúir Pharlaimint na hIaráine

Is reachtóir agus dochtaire é Ali Yazdikhah, agus comhalta de Choimisiún Cultúir Pharlaimint na hIaráine.

Tá sé ar dhuine den 227 comhalta den pharlaimint a shínigh ráiteas an 6 Samhain 2022 inar moladh fórsaí slándála as agóideoirí a mharú agus inar áitíodh ar na breithiúna dlús a chur leis na trialacha agus pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí trína dhearbhú gur ‘Muharebeh’ iad nó ‘naimhdeas i gcoinne Dé’.

Thairis sin, tá sé ar dhuine de na daoine atá taobh thiar de reachtaíocht lena ndéantar rialacha sriantacha i dtaobh éadaí ar mhná a fhorfheidhmiú trí phionóis a ghearradh ar institiúidí, ar ghnólachtaí agus ar dhaoine aonair a bhíonn ag idirghníomhú le mná neamhchomhlíontacha, rud a fhágann go n-imrítear baghcat orthu ar an gcaoi sin.

Mar Chomhalta de Pharlaimint na hIaráine, thacaigh Ali Yazdikhah le marú, coinneáil agus céasadh daoine le linn na n-agóidí a bhí ann fud fad na hIaráine in 2022/2023. Tacaíonn sé freisin le reachtaíocht lena ndéantar cearta sóisialta agus eacnamaíocha na mban a chúlghairm go mór san Iaráin.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

24.4.2023

216.

ALIBABAEI Mehdi

محدی علی بابایی

(a.k.a. ALI BABAEI Mehdi, BABAEI Ali Mehdi)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Grád: Maor

Feidhm: ionadaí cúigeach an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in Qom

Is é ionadaí cúigeach an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in Qom é an Maor Mehdi Alibabaei. Tá fórsaí IRGC agus Basij i gcathair Qom faoina stiúir.

Ba i gcathair Qom a bhí cuid de na hagóidí ba dhéine, tar éis bhás Mahsa Amini i mí Mheán Fómhair 2022. Imscaradh fórsaí slándála, lena n-áirítear IRGC agus mílíste Basij chun cniogbheartaíocht fhoréigneach a dhéanamh ar na hagóidí sin. Ó mhí an Mhárta 2023 i leith, tugadh treoir freisin do IRGC agus do mhílíste Basij dlí an hijab éigeantaigh a fhorfheidhmiú ar mhodhanna nua ansmachta.

Nocht Mehdi Alibabaei scéim nua faoina ndéanfaí baill de mhílíste Basij a imscaradh i ngach comharsanacht de chathair Qom chun dlí an hijab a fhorfheidhmiú. Áirítear leis an scéim nua cláir a chur ar bun, mar shampla ‘Be a famous leader in our neighbourhood’, ordú d’fhórsaí IRGC/Basij patróil chomharsanachta a dhéanamh, faisnéis a úsáid, dul i mbun imeaglaithe, agus féachaint chuige go mbeadh gnáthshaoránaigh cuntasach (mar shampla, trí achainí ar an bhfreagracht atá ar bhainisteoirí foirgnimh agus áitribh cónaithe sa chás ‘nach mbeadh an chaill i gceart’ ar chónaitheoirí). Is leibhéal nua séanta agus bailithe faisnéise ag an bpobal i gcoitinne é an scéim sin le mná a chur faoi chois.

Faoi cheannas Mehdi Alibabaei, ordaítear d’fhórsaí áitiúla IRGC agus Basij in Qom dlíthe áirithe roghnaithe a fhorfheidhmiú, trí mhodhanna agus ar bhealaí lena ndéantar imeaglú ar shaoránaigh agus lena sáraítear a gcearta bunúsacha.

Ina cháil mar ionadaí cúigeach IRGC in Qom, tá an Maor Mehdi Alibabaei freagrach as an gcos ar bolg a rinne fórsaí áitiúla IRGC agus Basij agus as an sárú a rinne siad ar an gceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun príobháideachta.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

24.4.2023

217.

NOUROUZI Ali Asghar

(a.k.a. NOROUZI Ali Asghar)

Dáta breithe: 11.11.1962

Áit bhreithe: Dashtestan, Bushehr province, an Iaráin

Seoladh: Unit 29, 5th Floor, Talaieh Block- B1, Elahiyeh Complex 1, Number 0, Alley 2-Shahid Sajjad Rushanai, Rabbaninejad Street, Zein Aldin Municipality, Qom 3739144673, Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimh. Pas: Y53914915 (an Iaráin), dáta éaga 11.5.2026

Uimhir aitheantais náisiúnta na hIaráine: 4591967573

Feidhm: cathaoirleach bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation

Daoine aonair comhlachaithe: Seyyed Aminollah; Emami Tabatabai; Yahya Alaoddini; Jamal Babamoradi; Ahmad Karimi

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation/Bonyad Taavon Sepah

IRGC

Is é Ali Asghar Nourouzi cathaoirleach bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation atá liostaithe ag an Aontas Eorpach.

Ba é IRGC ba mhó a chuir agóidí 2022/2023 san Iaráin faoi chois, agóidí inar maraíodh níos mó ná 520 duine, ar mionaoisigh iad os cionn 70 díobh, agus inar gabhadh/cuireadh príosún ar níos mó ná 22 000 duine.

Is é IRGC Cooperative Foundation an comhlacht atá freagrach as infheistíochtaí IRGC a bhainistiú agus sa cháil sin tá sé freagrach as airgead a chur i dtreo an chos ar bolg bhrúidiúil atá ar siúl ag an réimeas.

Mar chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí IRGC Cooperative Foundation, tá Ali Asghar Nourouzi freagrach, dá bhrí sin, as na huirlisí lena ndéantar an chos ar bolg bhrúidiúil leanúnach a sholáthar go toilteanach agus go feasach.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

24.4.2023

218.

TABATABAI Seyyed Amin Ala Emami

(a.k.a. TABATBAYI Aminallah Imami)

Dáta breithe: 26.8.1963

Áit bhreithe: Meybod, an Iaráin

Seoladh: Tehran, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais náisiúnta na hIaráine: 4489260229

Feidhm: leas-chathaoirleach bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation; stiúrthóir bainistíochta IRGC Cooperative Foundation

Daoine aonair comhlachaithe: Ali Asghar Nourouzi; Yahya Alaoddini; Jamal Babamoradi; Ahmad Karimi

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation/Bonyad Taavon Sepah

IRGC

Is é Seyyed Amin Ala Emami Tabatabai leas-chathaoirleach bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation atá liostaithe ag an Aontas Eorpach agus is é stiúrthóir bainistíochta na Fondúireachta sin é freisin.

Ba é IRGC ba mhó a chuir agóidí 2022/2023 san Iaráin faoi chois, agóidí inar maraíodh níos mó ná 520 duine, ar mionaoisigh iad os cionn 70 díobh, agus inar gabhadh/cuireadh príosún ar níos mó ná 22 000 duine.

Is é IRGC Cooperative Foundation an comhlacht atá freagrach as infheistíochtaí IRGC a bhainistiú agus sa cháil sin tá sé freagrach as airgead a chur i dtreo an chos ar bolg bhrúidiúil atá ar siúl ag an réimeas.

Mar leas-chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí IRGC Cooperative Foundation agus mar stiúrthóir bainistíochta na Fondúireachta sin, tá Seyyed Amin Ala Emami Tabatabai freagrach, dá bhrí sin, as na huirlisí lena ndéantar an chos ar bolg bhrúidiúil leanúnach a sholáthar go toilteanach agus go feasach.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

24.4.2023

219.

ALAODDINI Yahya

(a.k.a. ALA’ODDINI Yahya; ALAEDDINI Yahya)

Dáta breithe: 21.5.1965

Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimh. Pas: K47201906 (an Iaráin), dáta éaga 19.10.2023

Uimhir aitheantais náisiúnta na hIaráine: 0036732958

Feidhm: comhalta de bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation

Daoine aonair comhlachaithe: Ali Asghar Nourouzi; Jamal Babamoradi; Ahmad Karimi; Seyyed Amin Ala Emami Tabatabai

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation/Bonyad Taavon Sepah

IRGC

Is comhalta de bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation atá liostaithe ag an Aontas Eorpach é Yahya Alaoddini.

Ba é IRGC ba mhó a chuir agóidí 2022/2023 san Iaráin faoi chois, agóidí inar maraíodh níos mó ná 520 duine, ar mionaoisigh iad os cionn 70 díobh, agus inar gabhadh/cuireadh príosún ar níos mó ná 22 000 duine.

Is é IRGC Cooperative Foundation an comhlacht atá freagrach as infheistíochtaí IRGC a bhainistiú agus sa cháil sin tá sé freagrach as airgead a chur i dtreo an chos ar bolg bhrúidiúil atá ar siúl ag an réimeas.

Mar chomhalta de bhord stiúrthóirí IRGC Cooperative Foundation, tá Yahya Alaoddini freagrach, dá bhrí sin, as na huirlisí lena ndéantar an chos ar bolg bhrúidiúil leanúnach a sholáthar go toilteanach agus go feasach.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

24.4.2023

220.

BABAMORADI Jamal Ali

Dáta breithe: 24.5.1960

Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

Seoladh: Tehran, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais náisiúnta na hIaráine: 0036824240

Feidhm: comhalta de bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation

Daoine aonair comhlachaithe: Ali Asghar Nourouzi; Ahmad Karimi; Yahya Alaoddini; Seyyed Amin Ala Emami Tabatabai

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation/Bonyad Taavon Sepah

IRGC

Is comhalta de bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation atá liostaithe ag an Aontas Eorpach é Jamal Ali Babamoradi.

Ba é IRGC ba mhó a chuir agóidí 2022/2023 san Iaráin faoi chois, agóidí inar maraíodh níos mó ná 520 duine, ar mionaoisigh iad os cionn 70 díobh, agus inar gabhadh/cuireadh príosún ar níos mó ná 22 000 duine.

Is é IRGC Cooperative Foundation an comhlacht atá freagrach as infheistíochtaí IRGC a bhainistiú agus sa cháil sin tá sé freagrach as airgead a chur i dtreo an chos ar bolg bhrúidiúil atá ar siúl ag an réimeas.

Mar chomhalta de bhord stiúrthóirí IRGC Cooperative Foundation, tá Jamal Ali Babamoradi freagrach, dá bhrí sin, as na huirlisí lena ndéantar an chos ar bolg bhrúidiúil leanúnach a sholáthar go toilteanach agus go feasach.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

24.4.2023

221.

KARIMI Ahmad Hasan

Dáta breithe: 11.12.1962

Áit bhreithe: Qom, an Iaráin

Seoladh: Tehran, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais náisiúnta na hIaráine: 0382947983

Feidhm: comhalta de bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation

Daoine aonair comhlachaithe: Ali Asghar Nourouzi; Yahya Alaoddini; Seyyed Amin Ala Emami Tabatabai; Jamal Ali Babamoradi

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation/Bonyad Taavon Sepah

IRGC

Is comhalta de bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation atá liostaithe ag an Aontas Eorpach é Ahmad Hasan Karimi.

Ba é IRGC ba mhó a chuir agóidí 2022/2023 san Iaráin faoi chois, agóidí inar maraíodh níos mó ná 520 duine, ar mionaoisigh iad os cionn 70 díobh, agus inar gabhadh/cuireadh príosún ar níos mó ná 22 000 duine.

Is é IRGC Cooperative Foundation an comhlacht atá freagrach as infheistíochtaí IRGC a bhainistiú agus sa cháil sin tá sé freagrach as airgead a chur i dtreo an chos ar bolg bhrúidiúil atá ar siúl ag an réimeas.

Mar chomhalta de bhord stiúrthóirí IRGC Cooperative Foundation, tá Ahmad Hasan Karimi freagrach, dá bhrí sin, as na huirlisí lena ndéantar an chos ar bolg bhrúidiúil leanúnach a sholáthar go toilteanach agus go feasach.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

24.4.2023”

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“35.

Ariantel

Seoladh: Ariantel Head Office, No. 15, 15th alley, South Gandhi Street, Tehran, Iran

Suíomh gréasáin: http://www.ariantel.ir

Cineál eintitis: cuideachta phríobháideach

Is soláthraí seirbhíse soghluaiste Iaránach é Ariantel a bhí ar thús cadhnaíochta maidir leis an ailtireacht chuimsitheach faireachais teileachumarsáide a bhí leagtha amach ag Rialtas na hIaráine a chur i bhfeidhm chun lucht easaontais agus lucht cáinte san Iaráin a chur faoi chois.

Bhí Ariantel go gníomhach ar thóir cibearearraí lena bhféadfaí monatóireacht a dhéanamh ar ghlaonna agus ar ghníomhaíochtaí eilecumarsáide soghluaiste a úsáideoirí, arna iarraidh sin do Rialtas na hIaráine, agus go deimhin, baineann sé leas as na hearraí sin. Baineadh úsáid ansin as an bhfaisnéis sin a fuarthas chun agóidí a chur faoi chois agus a chur ó mhaith agus chun agóideoirí agus gníomhaithe síochánta a shainaithint, a aimsiú agus a ghabháil.

Tá Ariantel freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.’

24.4.2023”