European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4376

9.9.2025

P10_TA(2025)0045

Ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, creat faireacháin agus ionchais a bhunú do cheimiceán

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena leagtar síos rialacha chun a áirithiú go bhfuil na sonraí atá ann inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte agus lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais do cheimiceán (COM(2023)0779 – C9-0449/2023 – 2023/0453(COD))  (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2025/4376)

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Leagtar síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip (1) uaillmhian ard chun an t-aistriú i dtreo timpeallacht saor ó thocsainí agus truailliú nialasach a chumasú. An Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (2), is beart ríthábhachtach í chun an uaillmhian seo maidir le truailliú nialasach a bhaint amach agus tugtar isteach léi an cur chuige ‘substaint amháin, measúnú amháin’ arb é is aidhm dó feabhas a chur ar éifeachtúlacht, éifeachtacht, comhleanúnachas, agus trédhearcacht measúnuithe sábháilteachta ar cheimiceáin ar fud reachtaíocht an Aontais. De réir na Straitéise sin, ba cheart critéir atá ‘sábháilte agus inbhuanaithe de réir dearadh’ a fhorbairt chun táirgeadh agus úsáid ceimiceán atá sábháilte agus inbhuanaithe a chumasú i rith a saolré iomláine. Leagtar amach sa Straitéis freisin gur cheart an idirghníomhaíocht idir forbairtí eolaíocha agus ceapadh beartais a neartú trí bhíthin córas luathrabhaidh le haghaidh ceimiceán chun a áirithiú go dtugtar aghaidh le beartais an Aontais ar rioscaí ceimiceacha atá ag teacht chun cinn a luaithe a shainaithnítear iad trí fhaireachán agus taighde, agus gur cheart creat táscairí a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar spreagthaí agus tionchair an truaillithe cheimicigh agus chun éifeachtacht na reachtaíochta maidir le ceimiceáin a thomhas. Is é is aidhm don Rialachán seo na cuspóirí sin a chur chun feidhme.

(1)

Leagtar síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip (1) uaillmhian ard chun an t-aistriú i dtreo timpeallacht saor ó thocsainí agus truailliú nialasach a chumasú. An Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (2), is beart ríthábhachtach í chun an uaillmhian seo maidir le truailliú nialasach a bhaint amach agus tugtar isteach léi an cur chuige ‘substaint amháin, measúnú amháin’ arb é is aidhm dó feabhas a chur ar éifeachtúlacht, éifeachtacht, comhleanúnachas, agus trédhearcacht measúnuithe sábháilteachta ar cheimiceáin ar fud reachtaíocht an Aontais. De réir na Straitéise sin, ba cheart critéir atá ‘sábháilte agus inbhuanaithe de réir dearadh’ a fhorbairt chun táirgeadh agus úsáid ceimiceán atá sábháilte agus inbhuanaithe a chumasú i rith a saolré iomláine. Leagtar amach sa Straitéis freisin gur cheart an idirghníomhaíocht idir forbairtí eolaíocha agus ceapadh beartais a neartú trí bhíthin córas luathrabhaidh le haghaidh ceimiceán agus grúpaí ceimiceán chun a áirithiú go dtugtar aghaidh le beartais an Aontais ar rioscaí ceimiceacha atá ag teacht chun cinn a luaithe a shainaithnítear iad trí fhaireachán agus taighde, agus gur cheart creat táscairí a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar spreagthaí agus tionchair an truaillithe cheimicigh agus chun éifeachtacht na reachtaíochta maidir le ceimiceáin a thomhas. Is é is aidhm don Rialachán seo na cuspóirí sin a chur chun feidhme.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Is é is príomhchuspóir don Rialachán seo an leibhéal cosanta a mhéadú don chomhshaol agus do shláinte an duine ar na rioscaí a thagann chun cinn de bharr ceimiceáin ghuaiseacha, maille le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a éascú le haghaidh ceimiceán. Chun na críche sin, ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo ardán sonraí comhchoiteann ina mbeadh sonraí maidir le ceimiceáin (‘an t-ardán sonraí comhchoiteann’), a bheadh faoi bhainistíocht na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘ECHA’). Is éard atá san ardán sonraí comhchoiteann bonneagar digiteach ina dtugtar le chéile sonraí agus faisnéis faoi cheimiceáin arna giniúint faoi acquis an Aontais maidir le ceimiceáin. Ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo seirbhísí tiomnaithe laistigh den ardán sonraí comhchoiteann agus ba cheart rialacha a leagan síos maidir le hinrochtaineacht agus inúsáidteacht na sonraí ar an ardán sin. Is é is aidhm don Rialachán seo bonn eolais comhchoiteann faoi cheimiceáin a chruthú, a bheidh ar fáil do na húdaráis chun measúnuithe eolaíocha níos fearr, níos iomláine, níos comhleanúnaí agus níos stóinsí ar cheimiceáin agus a dtionchair a chumasú agus chun a áirithiú go mbaintear an úsáid is fearr as an bhfaisnéis atá ar fáil chun reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin a chur chun feidhme agus a fhorbairt. Thairis sin, is é is aidhm don Rialachán ionad ilfhreastail maidir le sonraí agus faisnéis faoi cheimiceáin a sholáthar san Aontas, a bheidh inrochtana ag an bpobal i gcoitinne agus, dá réir sin, intuarthacht agus trédhearcacht próiseas rialála ar cheimiceáin a mhéadú, chomh maith le muinín an phobail a neartú i stóinseacht na cinnteoireachta eolaíche.

(2)

Is é is príomhchuspóir don Rialachán seo an leibhéal cosanta a mhéadú don chomhshaol agus do shláinte an duine ar na rioscaí a thagann chun cinn de bharr ceimiceáin ghuaiseacha, maille le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a éascú le haghaidh ceimiceán. Trí fheabhas a chur ar chomhtháthú faisnéise ó fhoinsí éagsúla, agus trí bhonneagar digiteach costéifeachtach a bhunú, feabhsófar intuarthacht agus trédhearcacht na bpróiseas rialála agus beidh laghdú ar an ualach riaracháin agus ar fhorluí mar thoradh air sin. Chun na críche sin, ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo ardán sonraí comhchoiteann ina mbeadh sonraí maidir le ceimiceáin (‘an t-ardán sonraí comhchoiteann’), a bheadh faoi bhainistíocht na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘ECHA’). Is éard atá san ardán sonraí comhchoiteann bonneagar digiteach ina dtugtar le chéile sonraí agus faisnéis faoi cheimiceáin arna giniúint faoi acquis an Aontais maidir le ceimiceáin. Ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo seirbhísí tiomnaithe laistigh den ardán sonraí comhchoiteann agus ba cheart rialacha a leagan síos maidir le trédhearcacht, inrochtaineacht agus inúsáidteacht na sonraí ar an ardán sin. Is é is aidhm don Rialachán seo bonn eolais comhchoiteann faoi cheimiceáin a chruthú, a bheidh ar fáil do na húdaráis chun measúnuithe eolaíocha níos fearr, níos iomláine, níos comhleanúnaí agus níos stóinsí ar cheimiceáin agus a dtionchair a chumasú agus chun a áirithiú go mbaintear an úsáid is fearr as an bhfaisnéis atá ar fáil chun reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorbairt agus ar an gcaoi sin rannchuidiú a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar tástáil ar ainmhithe mar rogha dheireanach amháin. Thairis sin, is é is aidhm don Rialachán ionad ilfhreastail maidir le sonraí agus faisnéis faoi cheimiceáin a sholáthar san Aontas, a bheidh inrochtana ag an bpobal i gcoitinne agus, dá réir sin, intuarthacht agus trédhearcacht próiseas rialála ar cheimiceáin a mhéadú, chomh maith le muinín an phobail a neartú i stóinseacht na cinnteoireachta eolaíche. Trí na sonraí uile maidir le ceimiceáin atá san Aontas a bhailiú agus a chur ar fáil, cothóidh an bunachar sonraí nuálaíocht freisin agus tacóidh sé le forbairt arduirlisí, modhanna agus samhlacha atá ábhartha ó thaobh na bitheolaíochta de, agus acmhainneachtaí anailíse sonraí.

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)

Ina theachtaireacht an 19 Feabhra 2020 maidir le straitéis Eorpach maidir le sonraí (4), thug an Coimisiún tuairisc ar an bhfís atá aige de spás coiteann sonraí Eorpach agus chuir i dtábhacht an gá le haghaidh fhorbairt na spásanna sonraí earnála i réimsí straitéiseacha, ós rud é nach bhfuil earnálacha uile an gheilleagair agus na sochaí ag gluaiseacht ar an luas céanna. Is é is aidhm don Rialachán seo, dá bhrí sin, spás sonraí a fhorbairt le haghaidh ceimiceán trí bhíthin ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin a bhunú (‘ardán sonraí comhchoiteann’), atá mar chuid de spás sonraí an Chomhaontaithe Ghlais freisin, dá dtagraítear sa straitéis Eorpach maidir le sonraí. Thairis sin, sa straitéis sin chuir an Coimisiún i dtábhacht roinnt saincheisteanna a bhaineann le hinfhaighteacht sonraí chun leas an phobail, lena n-áirítear infhaighteacht sonraí, bonneagair sonraí agus rialachas, idir-inoibritheacht, chomh maith leis an easpa comhroinnt leordhóthanach sonraí idir údaráis phoiblí. Is é is aidhm don Rialachán seo infhaighteacht sonraí maidir le ceimiceáin a mhéadú trína éileamh ar ghníomhaireachtaí ábhartha den Aontas sonraí a chur ar fáil lena gcomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, chun idir-inoibritheacht na sonraí sin a chur chun cinn trí fhoráil a dhéanamh maidir le bunú formáidí caighdeánacha agus foclóirí rialaithe, chomh maith le malartú sonraí agus úsáid na n-údarás poiblí as sonraí a éascú chun é a chur ar a gcumas dóibh a gcúraimí rialála agus forbartha beartais a dhéanamh go héifeachtach.

(4)

Ina theachtaireacht an 19 Feabhra 2020 maidir le straitéis Eorpach maidir le sonraí (4), thug an Coimisiún tuairisc ar an bhfís atá aige de spás coiteann sonraí Eorpach agus chuir i dtábhacht an gá le haghaidh fhorbairt na spásanna sonraí earnála i réimsí straitéiseacha, ós rud é nach bhfuil earnálacha uile an gheilleagair agus na sochaí ag gluaiseacht ar an luas céanna. Is é is aidhm don Rialachán seo, dá bhrí sin, spás sonraí a fhorbairt le haghaidh ceimiceán trí bhíthin ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin a bhunú (‘ardán sonraí comhchoiteann’), atá mar chuid de spás sonraí an Chomhaontaithe Ghlais freisin, dá dtagraítear sa straitéis Eorpach maidir le sonraí. Thairis sin, sa straitéis sin chuir an Coimisiún i dtábhacht roinnt saincheisteanna a bhaineann le hinfhaighteacht sonraí chun leas an phobail, lena n-áirítear infhaighteacht sonraí, bonneagair sonraí agus rialachas, idir-inoibritheacht, chomh maith leis an easpa comhroinnt leordhóthanach sonraí idir údaráis phoiblí. Is é is aidhm don Rialachán seo infhaighteacht sonraí maidir le ceimiceáin a mhéadú trína éileamh ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí ábhartha den Aontas sonraí a chur ar fáil lena gcomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, chun idir-inoibritheacht na sonraí sin a chur chun cinn trí fhoráil a dhéanamh maidir le bunú formáidí caighdeánacha agus stóir focal rialaithe, chomh maith le malartú sonraí agus úsáid na n-údarás poiblí as sonraí a éascú chun é a chur ar a gcumas dóibh a gcúraimí rialála agus forbartha beartais a dhéanamh go héifeachtach.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Le gníomhartha éagsúla de chuid an Aontais, ceanglaítear ar oibreoirí gnó agus údaráis inniúla na mBallstát sonraí agus faisnéis a chur faoi bhráid iliomad gníomhaireachtaí an Aontais, agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcásanna sonracha chomh maith. Gintear leis sin ilroinnt sonraí agus faisnéise ar cheimiceáin, a choinnítear faoi choinníollacha éagsúla comhroinnte agus úsáide sonraí agus i bhformáidí difriúla. De réir na hilroinnte sin, cuirtear cosc ar údaráis phoiblí, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne, forbhreathnú soiléir a bheith acu ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoi cheimiceáin aonair nó grúpaí ceimiceán, agus ar an áit inar féidir rochtain a fháil ar an bhfaisnéis, conas is féidir rochtain a fháil ar an bhfaisnéis agus an féidir í a úsáid nó nach féidir. Méadaítear leis an dóchúlacht go mbeadh neamhréir ann idir na measúnuithe éagsúla ar an gceimiceán céanna a cheanglaítear le gníomhartha éagsúla de chuid an Aontais maidir le ceimiceáin agus d’fhéadfaí muinín an phobail i gcoitinne san fhoras eolaíoch le haghaidh chinntí an Aontais i ndáil le ceimiceáin. Chun a áirithiú go mbíonn sonraí maidir le ceimiceáin so-aimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus inúsáidte, ba cheart do ECHA ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin a bhunú. Ba cheart an t-ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin a bheith ina phointe tagartha aonair agus ina bhonn eolais leathnaithe agus comhroinnte chun soláthar éifeachtúil measúnuithe comhleanúnacha guaise agus riosca ar cheimiceáin a chumasú ar fud gníomhartha éagsúla de chuid an Aontais maidir le ceimiceáin, chomh maith le sainaithint tráthúil rioscaí ceimiceacha atá ag teacht chun cinn a chumasú, in éineacht le spreagthaí agus tionchair an truaillithe cheimicigh.

(6)

Le gníomhartha éagsúla de chuid an Aontais, ceanglaítear ar oibreoirí gnó agus údaráis inniúla na mBallstát sonraí agus faisnéis a chur faoi bhráid iliomad gníomhaireachtaí an Aontais, agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcásanna sonracha chomh maith. Gintear leis sin ilroinnt sonraí agus faisnéise ar cheimiceáin, a choinnítear faoi choinníollacha éagsúla comhroinnte agus úsáide sonraí agus i bhformáidí difriúla. De réir na hilroinnte sin, cuirtear cosc ar údaráis phoiblí, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne, forbhreathnú soiléir a bheith acu ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoi cheimiceáin aonair nó grúpaí ceimiceán, agus ar an áit inar féidir rochtain a fháil ar an bhfaisnéis, conas is féidir rochtain a fháil ar an bhfaisnéis agus an féidir í a úsáid nó nach féidir. Méadaítear leis an dóchúlacht go mbeadh neamhréir ann idir na measúnuithe éagsúla ar an gceimiceán céanna a cheanglaítear le gníomhartha éagsúla de chuid an Aontais maidir le ceimiceáin agus d’fhéadfaí muinín an phobail i gcoitinne san fhoras eolaíoch le haghaidh chinntí an Aontais i ndáil le ceimiceáin. Chun a áirithiú go mbíonn sonraí maidir le ceimiceáin so-aimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus inúsáidte, ba cheart do ECHA ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin a bhunú. Ba cheart an t-ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin a bheith ina phointe tagartha aonair agus ina bhonn eolais leathnaithe agus comhroinnte chun soláthar éifeachtúil measúnuithe comhleanúnacha guaise agus riosca ar cheimiceáin a chumasú ar fud gníomhartha éagsúla de chuid an Aontais maidir le ceimiceáin, chomh maith le sainaithint tráthúil rioscaí ceimiceacha atá ag teacht chun cinn a chumasú, in éineacht le spreagthaí agus tionchair an truaillithe cheimicigh. Ba cheart do na húdaráis na bearta is gá a dhéanamh chun rúndacht sonraí a chosaint, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, trí bhearta fisiciúla agus cibearshlándála.

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

Ba cheart sonraí agus faisnéis a bhaineann le ceimiceáin a bheith ar an ardán sonraí comhchoiteann, is é sin sonraí agus faisnéis atá i seilbh gníomhaireachta ábhartha den Aontas nó i seilbh an Choimisiúin, iad arna nginiúint nó arna gcur isteach mar chuid de chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn I. Áirítear air sin, mar shampla, na sainchomhaid nó iarratais rialála uile arna gcur faoi bhráid na ngníomhaireachtaí ábhartha den Aontas, agus sonraí ceimiceán faoi tharlú na gceimiceán arna gcur faoi bhráid gníomhaireachtaí den Aontas nó faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit i gcomhréir lena n-oibleagáidí tuairiscithe. Maidir leis an ardán sonraí comhchoiteann, ba cheart a áireamh ann freisin sonraí agus faisnéis faoi cheimiceáin, iad arna nginiúint mar chuid de chláir nó gníomhaíochtaí taighde an Aontais, nó cláir nó gníomhaíochtaí taighde náisiúnta nó idirnáisiúnta a bhaineann le ceimiceáin, i gcás ina mbíonn na sonraí nó an fhaisnéis sin i seilbh an Choimisiúin nó ceann de na gníomhaireachtaí ábhartha.

(7)

Ba cheart na sonraí agus an fhaisnéis uile a bhaineann le ceimiceáin, ach gan iad a bheith teoranta dóibh, a bheith ar an ardán sonraí comhchoiteann, is é sin sonraí agus faisnéis atá i seilbh gníomhaireacht ábhartha den Aontas nó i seilbh an Choimisiúin, iad arna nginiúint agus arna gcur faoina mbráid mar chuid de chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn I, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo . Áirítear air sin, mar shampla, na sainchomhaid nó iarratais rialála uile arna gcur faoi bhráid na ngníomhaireachtaí ábhartha den Aontas, agus sonraí ceimiceán faoi cheimiceán a bheith ann arna gcur faoi bhráid gníomhaireachtaí den Aontas nó faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit i gcomhréir lena n-oibleagáidí tuairiscithe agus lena gníomhaíochtaí coisctheacha . Maidir leis an ardán sonraí comhchoiteann, ba cheart a áireamh ann freisin sonraí agus faisnéis faoi cheimiceáin, iad arna nginiúint mar chuid de chláir nó gníomhaíochtaí taighde an Aontais, nó cláir nó gníomhaíochtaí taighde náisiúnta nó idirnáisiúnta a bhaineann le ceimiceáin, i gcás ina mbíonn na sonraí nó an fhaisnéis sin i seilbh an Choimisiúin nó ceann de na gníomhaireachtaí ábhartha.

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

Toisc go bhfuil na measúnuithe riosca agus guaise a dhéantar ar tháirgí íocshláinte faoi ghníomhartha an Aontais difriúil, i gcomparáid leo siúd a dhéantar ar cheimiceáin faoi phríomhghníomhartha an Aontais, i gcás táirgí íocshláinte, níor cheart ach sonraí ceimiceán a bhaineann le measúnuithe riosca comhshaoil ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus ar tháirgí íocshláinte tréidliachta, staidéir neamh-chliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus luachanna uasteorann iarmhar i seilbh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘EMA’), chomh maith le luachanna tagartha sonracha, a áireamh san ardán sonraí comhchoiteann. Maidir le substaintí gníomhacha íocshláinte, níor cheart ach sonraí faoi shubstaintí ábhartha a áireamh. Baineann siad seo le substaintí gníomhacha a chumhdaítear faoin reachtaíocht maidir le leigheas agus a úsáidtear le haghaidh cur i bhfeidhm eile a rialaítear le reachtaíocht eile den Aontas a shainaithnítear sa Rialachán seo, chomh maith le substaintí gníomhacha eile ag a bhfuil airíonna marthanacha, bithcharnacha agus tocsaineacha nó lena ngabhann leibhéal ard aitheanta iarmhar sa chomhshaol.

(8)

Toisc go bhfuil na measúnuithe riosca agus guaise a dhéantar ar tháirgí íocshláinte faoi ghníomhartha an Aontais difriúil, i gcomparáid leo siúd a dhéantar ar cheimiceáin faoi phríomhghníomhartha an Aontais, i gcás táirgí íocshláinte, níor cheart ach sonraí ceimiceán a bhaineann le measúnuithe riosca comhshaoil ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus ar tháirgí íocshláinte tréidliachta, staidéir neamh-chliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus luachanna uasteorann iarmhar i seilbh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘EMA’), chomh maith le luachanna tagartha sonracha, a áireamh san ardán sonraí comhchoiteann. Maidir le substaintí gníomhacha íocshláinte, níor cheart ach sonraí faoi shubstaintí ábhartha a áireamh. Baineann siad seo le substaintí gníomhacha a chumhdaítear faoin reachtaíocht maidir le leigheas agus a úsáidtear le haghaidh cur i bhfeidhm eile a rialaítear le reachtaíocht eile den Aontas a shainaithnítear sa Rialachán seo, chomh maith le substaintí gníomhacha eile ag a bhfuil airíonna marthanacha, bithcharnacha agus tocsaineacha nó lena ngabhann leibhéal ard aitheanta iarmhar sa chomhshaol. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an leathnú chuig catagóirí sonraí breise nó chuig substaintí gníomhacha íocshláinte breise i gcomhthéacs athbhreithnithe.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

Ba cheart na sonraí sin a bheith teoranta do na sonraí a chuirtear faoi bhráid EMA i gcomhthéacs na nósanna imeachta ábhartha a thugtar chun críche nó a chuirtear isteach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart a bheith in ann , tráth níos déanaí, sonraí atá i seilbh EMA faoi nósanna imeachta arna dtabhairt chun críche roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur san áireamh san ardán sonraí comhchoiteann, i gcás inarb ábhartha .

(9)

Agus aird chuí á tabhairt ar an obair riaracháin do EMA a thagann ó oiriúnú na sonraí sin go formáid iomchuí lena n-áireamh ar an ardán sonraí comhchoiteann, is iomchuí cur chuige céim ar chéim a ghlacadh, agus gan a áireamh le linn na chéad chéime ach sonraí ceimiceacha le haghaidh substaintí gníomhacha a chuirtear faoi bhráid EMA i gcomhthéacs na nósanna imeachta ábhartha a thugtar chun críche tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tráth nach déanaí ná ocht mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart do EMA na sonraí ceimiceán maidir le substaintí gníomhacha ó nósanna imeachta a tugadh chun críche roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a áireamh freisin.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a)

Cumhdaítear substaintí gníomhacha atá i dtáirgí íocshláinte le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, ach féadfar iad a rialáil freisin sa reachtaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ós rud é gur féidir substaintí gníomhacha atá i dtáirgí íocshláinte a úsáid freisin i bhfeidhmeanna a thagann faoi reachtaíocht an Aontais a liostaítear faoi Iarscríbhinn I. Chun rúndacht sonraí áirithe a chosaint, tá feidhm ag na forálacha maidir le rúndacht faoi ghníomh tionscnaimh an Aontais.

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

Chun freagairt do riachtanais an gheilleagair dhigitigh agus chun leibhéal ard cosanta den chomhshaol agus sláinte an duine a áirithiú, is gá creat comhchuibhithe a leag síos lena sonraítear cé atá i dteideal rochtain a fháil ar na sonraí ceimiceán, agus iad a úsáid, ar an ardán sonraí comhchoiteann, na coinníollacha faoinar féidir rochtain a fháil orthu agus iad a úsáid, an bonn ar ar féidir rochtain a fháil orthu agus iad a úsáid agus na críocha ar féidir rochtain a fháil orthu agus iad a úsáid lena n-aghaidh. Ba cheart cead a thabhairt do na hÚdaráis, a bhfuil cúraimí rialála curtha ar a n-iontaoibh i ndáil le ceimiceáin, agus ba cheart iad a spreagadh, chun na sonraí agus an fhaisnéis faoi cheimiceáin a choinnítear ar an ardán sonraí comhchoiteann a úsáid chun a gcuid dualgas agus cúraimí rialála a chomhlíonadh go héifeachtach, chun feabhas a chur ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas measúnuithe a bhaineann le ceimiceáin chomh maith le forbairt bheartais an Aontais maidir le ceimiceáin.

(12)

Chun freagairt do riachtanais an gheilleagair dhigitigh agus chun leibhéal ard cosanta den chomhshaol agus sláinte an duine a áirithiú, is gá creat comhchuibhithe a leagan síos lena ndeonaítear, mar phrionsabal ginearálta, an rochtain is leithne is féidir ar shonraí ceimiceán, agus i gcás inarb iomchuí, lena sonraítear cé atá i dteideal rochtain a fháil ar na sonraí ceimiceán, agus iad a úsáid, ar an ardán sonraí comhchoiteann, na coinníollacha faoinar féidir rochtain a fháil orthu agus iad a úsáid, an bonn ar ar féidir rochtain a fháil orthu agus iad a úsáid agus na críocha ar féidir rochtain a fháil orthu agus iad a úsáid lena n-aghaidh. Ba cheart cead a thabhairt do na hÚdaráis, a bhfuil cúraimí rialála curtha ar a n-iontaoibh i ndáil le ceimiceáin, agus ba cheart iad a spreagadh, chun na sonraí agus an fhaisnéis faoi cheimiceáin a choinnítear ar an ardán sonraí comhchoiteann a úsáid chun a gcuid dualgas agus cúraimí rialála a chomhlíonadh go héifeachtach, chun feabhas a chur ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas measúnuithe a bhaineann le ceimiceáin chomh maith le forbairt bheartais an Aontais maidir le ceimiceáin. Ba cheart rochtain ar shonraí pearsanta a theorannú don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéanann na hÚdaráis na sonraí sin a phróiseáil.

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Ba cheart do na hÚdaráis an prionsabal tionscnóra a urramú agus sonraí ar an ardán sonraí comhchoiteann á n-úsáid. Faoin bprionsabal sin, marcáil rúndachta sonraí ceimiceán, arna déanamh ag an tionscnóir agus arna tabhairt le fios go comhfhreagrach ag an nGníomhaireacht agus na sonraí sin á soláthar aici don ardán sonraí comhchoiteann, ba cheart do na hÚdaráis an mharcáil sin a urramú agus na sonraí nó an fhaisnéis sin á n-úsáid acu chun a bhfeidhmeanna rialála a dhéanamh nó a gcúraimí a dhéanamh.

(14)

Ba cheart do na hÚdaráis an prionsabal tionscnóra a urramú agus sonraí ar an ardán sonraí comhchoiteann á n-úsáid. Faoin bprionsabal sin, marcáil rúndachta sonraí ceimiceán, arna déanamh ag an tionscnóir agus arna tabhairt le fios go comhfhreagrach ag an nGníomhaireacht agus na sonraí sin á soláthar aici don ardán sonraí comhchoiteann, ba cheart do na hÚdaráis an mharcáil sin a urramú agus na sonraí nó an fhaisnéis sin á n-úsáid acu chun a bhfeidhmeanna rialála a dhéanamh nó a gcúraimí a dhéanamh. Ba cheart téarmaí agus coinníollacha a áireamh san ardán sonraí comhchoiteann freisin, go háirithe téarmaí agus coinníollacha maidir le cearta maoine intleachtúla agus cearta gaolmhara eile.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Cé gur cheart do ECHA feidhmiúlachtaí teicniúla an ardáin sonraí chomhchoitinn a shainaithint agus a fhorbairt de réir a chéile, ba cheart seirbhísí tiomnaithe áirithe a shainmhíniú sa Rialachán seo. Dá bharr sin, ba cheart don ardán sonraí comhchoiteann rochtain a sholáthar do na sonraí agus an fhaisnéis faoi cheimiceáin arna gcur ar fáil tríd a sheirbhísí tiomnaithe, in éineacht le rochtain a sholáthar ar shonraí a bhaineann le ceimiceáin arna gcur ar fáil ag na Gníomhaireachtaí agus ag an gCoimisiún. Ba cheart na seirbhísí tiomnaithe sin a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann agus ba cheart a áireamh ar na seirbhísí sin an tArdán Faisnéise maidir le Faireachán ar Cheimiceáin (‘IPCHEM’) atá ann cheana, stór luachanna tagartha, bunachar sonraí d’fhógraí staidéir, bunachar sonraí ina bhfuil faisnéis maidir le próisis rialála, bunachar sonraí ina bhfuil faisnéis maidir leis na hoibleagáidí dlíthiúla is infheidhme, stór formáidí caighdeánacha agus foclóirí rialaithe, bunachar sonraí d’fhaisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil, chomh maith le deais táscairí ar cheimiceáin.

(17)

Cé gur cheart do ECHA feidhmiúlachtaí teicniúla an ardáin sonraí chomhchoitinn a shainaithint agus a fhorbairt de réir a chéile, ba cheart seirbhísí tiomnaithe áirithe a shainmhíniú sa Rialachán seo. Dá bharr sin, ba cheart don ardán sonraí comhchoiteann rochtain a sholáthar do na sonraí agus an fhaisnéis faoi cheimiceáin arna gcur ar fáil tríd a sheirbhísí tiomnaithe, in éineacht le rochtain a sholáthar ar shonraí a bhaineann le ceimiceáin arna gcur ar fáil ag na Gníomhaireachtaí agus ag an gCoimisiún. Ba cheart na seirbhísí tiomnaithe sin a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann agus ba cheart a áireamh ar na seirbhísí sin an tArdán Faisnéise maidir le Faireachán ar Cheimiceáin (‘IPCHEM’) atá ann cheana, stór luachanna tagartha, bunachar sonraí d’fhógraí staidéir, bunachar sonraí ina bhfuil faisnéis maidir le próisis rialála, bunachar sonraí ina bhfuil faisnéis maidir leis na hoibleagáidí dlíthiúla is infheidhme, stór formáidí caighdeánacha agus stóir focal rialaithe, bunachar sonraí d’fhaisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil, bunachar sonraí maidir le ceimiceáin in earraí, bunachar sonraí maidir le roghanna malartacha níos sábháilte ar shubstaintí ar cúis imní iad, chomh maith le deais táscairí ar cheimiceáin.

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Ba cheart don Choimisiún plean cur chun feidhme a ghlacadh lena sainaithneofaí tacair sonraí tosaigh a bheidh le cur ar fáil tríd an ardán agus an amlíne dá gcomhtháthú, agus réamhobair an Choimisiúin agus na nGníomhaireachtaí mar bhonn fúithi (10). Ba cheart don Choimisiún scéim rialachais a chur ar bun chun tacú le hoibriú agus fás an ardáin sonraí chomhchoitinn, agus é a stiúradh, scéim lena gcumhdófaí eagrúchán struchtúr oibre agus comhordú idir ECHA agus soláthraithe seirbhíse, rialacha, formáidí agus foclóirí a bhfuil gá leo le haghaidh chomhtháthú na sonraí, agus plean cur chun feidhme leanúnach a choinneáil ar bun chun an dul chun cinn a áirithiú i ndáil le sainaithint agus comhtháthú tacar sonraí agus seirbhísí nua lena gcur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún an scéim rialachais a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá, tar éis dul i gcomhairle le coiste stiúrtha nuabhunaithe an ardáin ina mbeidh ionadaithe ó ghníomhaireachtaí an Aontais agus ón gCoimisiún. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí chun plean cur chun feidhme agus scéim rialachais a bhunú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(18)

Ba cheart don Choimisiún plean cur chun feidhme a ghlacadh lena sainaithneofaí tacair sonraí de shonraí ceimiceán a bheidh le cur ar fáil tríd an ardán agus an amlíne dá gcomhtháthú, agus réamhobair an Choimisiúin agus na nGníomhaireachtaí mar bhonn fúithi (10). Ba cheart don Choimisiún scéim rialachais a chur ar bun chun tacú le hoibriú agus fás an ardáin sonraí chomhchoitinn, agus é a stiúradh, scéim lena gcumhdófaí eagrúchán struchtúr oibre agus comhordú idir ECHA agus soláthraithe seirbhíse, rialacha, formáidí agus foclóirí a bhfuil gá leo le haghaidh chomhtháthú na sonraí, agus plean cur chun feidhme leanúnach a choinneáil ar bun chun an dul chun cinn a áirithiú i ndáil le sainaithint agus comhtháthú tacar sonraí de shonraí ceimiceán agus seirbhísí nua lena gcur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún an scéim rialachais a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá, tar éis dul i gcomhairle le coiste stiúrtha nuabhunaithe an ardáin ina mbeidh ionadaithe ó ghníomhaireachtaí an Aontais agus ón gCoimisiún. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí chun plean cur chun feidhme agus scéim rialachais a bhunú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)

Ba cheart an t-ardán sonraí comhchoiteann a bheith ag freastal ar an bpobal is leithne is féidir, agus ba cheart an cumas a bheith aige aghaidh a thabhairt ar chásanna úsáide nua, tacair sonraí ábhartha nua a chuimsiú, feidhmiúlachtaí nua a fhorbairt, agus freagairt d’fhorbairt uirlisí agus feidhmchlár.

(19)

Ba cheart an t-ardán sonraí comhchoiteann a bheith ag freastal ar an bpobal is leithne is féidir, agus ba cheart an cumas a bheith aige aghaidh a thabhairt ar chásanna úsáide nua, tacair sonraí ábhartha nua de shonraí ceimiceán a chuimsiú, feidhmiúlachtaí nua a fhorbairt, agus freagairt d’fhorbairt uirlisí agus feidhmchlár.

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

Chun a áirithiú go mbíonn bonn eolais leordhóthanach ar cheimiceáin le fáil tríd an ardán sonraí comhchoiteann, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a iarraidh ar na Gníomhaireachtaí sonraí arna nginiúint mar chuid de chláir nó gníomhaíochtaí taighde an Aontais, nó cláir nó gníomhaíochtaí taighde náisiúnta nó idirnáisiúnta a óstáil, a chothabháil agus a chur ar fáil, tríd an ardán sonraí comhchoiteann, seachas na sonraí a théann chuig na Gníomhaireachtaí ar aon nós mar chuid de na hoibleagáidí faoi ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I. Ba cheart don Choimisiún iarrataí den sórt sin ar na Gníomhaireachtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na sainordaithe agus na cúraimí leithdháilte atá acu.

(21)

Chun a áirithiú go mbíonn bonn eolais leordhóthanach ar cheimiceáin le fáil tríd an ardán sonraí comhchoiteann, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a iarraidh ar na Gníomhaireachtaí sonraí ceimiceán arna nginiúint mar chuid de chláir nó gníomhaíochtaí taighde an Aontais, nó cláir nó gníomhaíochtaí taighde náisiúnta nó idirnáisiúnta a óstáil, a chothabháil agus a chur ar fáil, tríd an ardán sonraí comhchoiteann, seachas na sonraí a théann chuig na Gníomhaireachtaí ar aon nós mar chuid de na hoibleagáidí faoi ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I nó oibleagáidí eile a leagtar síos sa Rialachán seo . Ba cheart don Choimisiún iarrataí den sórt sin ar na Gníomhaireachtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na sainordaithe agus na cúraimí leithdháilte atá acu. Ba cheart go mbeadh páirtithe eile, amhail Ballstáit, gníomhaireachtaí náisiúnta, comhlachtaí eolaíocha na mBallstát, údaráis náisiúnta nó taighdeoirí nó cuibhreannais taighde in ann sonraí ceimiceán a chur faoi bhráid na nGníomhaireachtaí nó an Choimisiúin ar bhonn deonach. I gcás ina gcuirtear sonraí den sórt sin isteach, ba cheart úsáid a bhaint as formáid chaighdeánach is iomchuí lena n-áireamh ar an ardán sonraí comhchoiteann, i gcás ina bhfuil sí ar fáil.

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)

Níl roinnt cineálacha sonraí faoi shainordú aon cheann de na Gníomhaireachtaí faoi láthair. Chun soiléireacht fhreagrachtaí na nGníomhaireachtaí agus bainistíocht éifeachtúil sonraí ceimiceán a áirithiú, ba cheart a cheangal ar na Gníomhaireachtaí cineálacha sonraí sonracha a óstáil, a chothabháil agus a sholáthar don ardán sonraí comhchoiteann. Chuige sin, ba cheart do ECHA an t-ardán sonraí comhchoiteann a óstáil agus a bheith ina sholáthraí sonraí dó i gcás sonraí faireacháin ar áiteanna oibre, agus ba cheart do EEA an t-ardán sonraí comhchoiteann a óstáil agus a bheith ina sholáthraí sonraí dó i gcás sonraí faoi cháilíocht an aeir laistigh agus sonraí faireacháin ar an gcomhshaol, chomh maith le sonraí faoi chomhchruinnithe ceimiceán i maitrísí daonna amhail an fhuil nó an fual (‘sonraí bithmhonatóireachta daonna’).

(22)

Níl roinnt cineálacha sonraí faoi shainordú aon cheann de na Gníomhaireachtaí faoi láthair. Chun soiléireacht fhreagrachtaí na nGníomhaireachtaí agus bainistíocht éifeachtúil sonraí ceimiceán a áirithiú, ba cheart a cheangal ar na Gníomhaireachtaí cineálacha sonraí sonracha a óstáil, a chothabháil agus a sholáthar don ardán sonraí comhchoiteann. Chuige sin, ba cheart do ECHA an t-ardán sonraí comhchoiteann a óstáil agus a bheith ina sholáthraí sonraí dó i gcás sonraí faireacháin ar áiteanna oibre, lena n-áirítear sonraí bithmhonatóireachta dhaonna a bhaineann leis an obair agus ba cheart do EEA an t-ardán sonraí comhchoiteann a óstáil agus a bheith ina sholáthraí sonraí dó i gcás sonraí faoi cháilíocht an aeir laistigh agus sonraí faireacháin ar an gcomhshaol, chomh maith le sonraí faoi chomhchruinnithe ceimiceán i maitrísí daonna amhail an fhuil nó an fual (‘sonraí bithmhonatóireachta daonna’).

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)

Chun feabhas a chur ar ghlacadh sonraí acadúla agus chun an bonn eolais le haghaidh measúnuithe sábháilteachta ceimiceán agus tionchair ceimiceán ar inbhuanaitheacht comhshaoil a leathnú, ba cheart do thaighdeoirí nó cuibhreannais taighde a chistítear le cláir réime an Aontais aon sonraí bithmhonatóireachta daonna a bhailíonn nó a ghineann siad mar chuid de chláir thaighde agus forbartha a chur ar fáil, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘a oscailte is féidir, a iata is gá’, do EEA agus aon sonraí inbhuanaitheachta comhshaoil faoi cheimiceáin nó ábhair a bhailíonn nó ghineann siad a chur ar fáil do ECHA.

(23)

Chun feabhas a chur ar ghlacadh sonraí acadúla agus chun an bonn eolais le haghaidh measúnuithe sábháilteachta ceimiceán agus tionchair ceimiceán ar inbhuanaitheacht comhshaoil a leathnú, ba cheart do thaighdeoirí nó cuibhreannais taighde a chistítear le cláir náisiúnta nó cláir réime an Aontais aon sonraí bithmhonatóireachta daonna a bhailíonn nó a ghineann siad mar chuid de chláir thaighde agus forbartha a chur ar fáil, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘a oscailte is féidir, a iata is gá’, do EEA agus aon sonraí inbhuanaitheachta comhshaoil faoi cheimiceáin nó ábhair a bhailíonn nó ghineann siad a chur ar fáil do ECHA.

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24)

Ba cheart EEA, toisc gurb é an ghníomhaireacht atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar shonraí agus faisnéis faoi cheimiceáin sa chomhshaol, a bheith freagrach as sonraí bithmhonatóireachta daonna a bhailiú, a óstáil agus a chothabháil. A mhéid a bhaineann sonraí bithmhonatóireachta daonna le catagóir speisialta sonraí pearsanta, is é sin, sonraí sláinte, níor cheart do EEA na sonraí sin a phróiseáil ach amháin nuair a bhíonn gá leis an bpróiseáil ar chúiseanna a bhaineann le leas poiblí substaintiúil, mar a cheanglaítear le hAirteagal 10(2)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Leagtar síos leis an Rialachán seo na cásanna lena ngabhann leas poiblí substaintiúil den sórt sin agus sonraí bithmhonatóireachta daonna á bpróiseáil: is é sin, i gcás ina bpróiseálann EEA na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na gceimiceán ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí ama agus spásúla i ndáil le nochtadh, chun táscairí riosca agus tionchair i ndáil le sláinte a fhorbairt, faireachán a dhéanamh ar thionchar idirghabhála rialála, agus chun tacú le measúnuithe riosca rialála.

(24)

Ba cheart EEA, toisc gurb é an ghníomhaireacht atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar shonraí agus faisnéis faoi cheimiceáin sa chomhshaol, a bheith freagrach as sonraí bithmhonatóireachta daonna a bhailiú, a óstáil agus a chothabháil, cé is moite de shonraí bithmhonatóireachta dhaonna a bhaineann leis an obair, ar cheart do ECHA iad a bhailiú, a óstáil agus a chothabháil.

 

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(24a)

Ba cheart go mbeadh EEA, ECHA, EFSA, EMA, EU-OSHA agus an Coimisiún in ann sonraí bithmhonatóireachta dhaonna ar sonraí pearsanta iad a phróiseáil. Ós rud é gur catagóir speisialta sonraí pearsanta atá i gceist le bithmhonatóireachta dhaonna, eadhon, sonraí sláinte, níor cheart do EEA, don Choimisiún, do ECHA, do EFSA, do EU-OSHA agus do EMA na sonraí sin a phróiseáil ach amháin i gcás inar gá an phróiseáil a dhéanamh ar chúiseanna a bhaineann go mór le leas an phobail, mar a leagtar amach in Airteagal 10(2)(g) agus le haghaidh taighde eolaíoch mar a leagtar amach in Airteagal 10(2)(j) de Rialachán (AE) 2018/1725. Leagtar síos leis an Rialachán reatha na cásanna lena ngabhann leas poiblí substaintiúil den sórt sin maidir le sonraí bithmhonatóireachta dhaonna, ar sonraí pearsanta iad, a phróiseáil.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(24b)

Is gá sonraí bithmhonatóireachta dhaonna arna mbailiú roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a áireamh san ardán sonraí comhchoiteann chun iomláine agus cáilíocht na dtacar sonraí bithfhaireacháin dhaonna a áirithiú chun críocha an Rialacháin seo.

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)

Chun úsáid agus comhchuibhiú luachanna tagartha a chur chun cinn i measc measúnóirí riosca agus bainisteoirí riosca ar fud gníomhartha éagsúla de chuid an Aontais agus chun comhlíontacht agus forfheidhmiú luachanna tagartha rialála a éascú, ba cheart do ECHA stór luachanna tagartha a bhunú agus a choinneáil ar bun, ar stór é arna bhunú nó arna ghlacadh faoi ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II. Ba cheart do na Gníomhaireachtaí na luachanna tagartha atá acu nó a bhunaíonn siad mar chuid dá gcuid gníomhaíochtaí a sholáthar do ECHA. Anuas air sin, ba cheart do ECHA scrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha an Aontais go tráthrialta le haghaidh luachanna tagartha arna nglacadh fúthu. Chun rochtain uathoibríoch an phobail i gcoitinne ar luachanna tagartha atá cothrom le dáta a éascú, ba cheart do ECHA an stór luachanna tagartha a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann mar sheirbhís thiomnaithe, na luachanna tagartha uile in éineacht leis na sonraí comhthéacs ábhartha a fuair sé nó a d’aisghabh sé a áireamh sa stór sin agus ba cheart dó a áirithiú go bhfuil na luachanna agus na sonraí comhthéacs sin inléite ag meaisín.

(27)

Chun úsáid agus comhchuibhiú luachanna tagartha a chur chun cinn i measc measúnóirí riosca agus bainisteoirí riosca ar fud gníomhartha éagsúla de chuid an Aontais agus chun comhlíontacht agus forfheidhmiú luachanna tagartha rialála a éascú, ba cheart do ECHA stór luachanna tagartha a bhunú agus a choinneáil ar bun, ar stór é arna bhunú nó arna ghlacadh faoi ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II. Ba cheart do na Gníomhaireachtaí na luachanna tagartha atá acu nó a bhunaíonn siad mar chuid dá gcuid gníomhaíochtaí a sholáthar do ECHA. Anuas air sin, ba cheart do ECHA scrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha an Aontais go tráthrialta le haghaidh luachanna tagartha arna nglacadh fúthu. Chun rochtain uathoibríoch an phobail i gcoitinne ar luachanna tagartha atá cothrom le dáta a éascú, ba cheart do ECHA an stór luachanna tagartha a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann mar sheirbhís thiomnaithe, na luachanna tagartha uile in éineacht leis na sonraí comhthéacs ábhartha a fuair sé nó a d’aisghabh sé a áireamh sa stór sin agus ba cheart dó a áirithiú go bhfuil na luachanna agus na sonraí comhthéacs sin inléite ag meaisín. Ba cheart do ECHA luachanna tagartha a ghintear trí chláir eile nó trí ghníomhaíochtaí taighde eile agus a chuirtear ar fáil dó a áireamh sa stór luachanna tagartha.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)

Chun an trédhearcacht a mhéadú, agus chun é a chur ar a gcumas do Ghníomhaireachtaí eolas iomlán a bheith acu roimh ré ar staidéir arna gcoimisiúnú ag oibreoirí gnó, gan beann ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an t-oibreoir gnó an staidéar é féin nó ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar é a sheachfhoinsiú, ba cheart d’oibreoirí gnó agus do shaotharlanna fógra a thabhairt do bhunachar sonraí faoi fhógraí staidéir arna mbunú agus arna mbainistiú ag ECHA, is é sin fógra faoi na staidéir ar cheimiceáin a choimisiúnaíonn siad chun ceanglais rialála faoi ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh. Chun na críche sin, ba cheart do ECHA bunachar sonraí d’fhógraí staidéir a bhunú agus a bhainistiú, mar sheirbhís thiomnaithe den ardán sonraí comhchoiteann, chun an fhaisnéis a bhaineann leis na staidéir sin a stóráil. Chun am leordhóthanach a thabhairt d’oibreoirí gnó agus do shaotharlanna na fógraí faoi staidéir a ullmhú, beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt faoi staidéir 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(28)

Chun an trédhearcacht a mhéadú, agus chun é a chur ar a gcumas do Ghníomhaireachtaí eolas iomlán a bheith acu roimh ré ar staidéir arna gcoimisiúnú ag oibreoirí gnó, gan beann ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an t-oibreoir gnó an staidéar é féin nó ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar é a sheachfhoinsiú, ba cheart d’oibreoirí gnó agus do shaotharlanna fógra a thabhairt do bhunachar sonraí faoi fhógraí staidéir arna mbunú agus arna mbainistiú ag ECHA, is é sin fógra faoi na staidéir ar cheimiceáin a choimisiúnaíonn siad chun ceanglais rialála faoi ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh. Ní gá fógra a thabhairt maidir le staidéir eolaíocha nach ndearnadh ach amháin chun críocha taighde agus nár coimisiúnaíodh chun tacú le hiarratas, fógra nó sainchomhad rialála arna gcur in iúl nó arna thíolacadh d’Údarás, nó nach cuid iad de mheasúnú riosca nó sábháilteachta faoi ghníomhartha an Aontais arna liostú in Iarscríbhinn I. Ba cheart do ECHA bunachar sonraí d’fhógraí staidéir a bhunú agus a bhainistiú chun an fhaisnéis a bhaineann leis na staidéir sin a stóráil. Ba cheart an bunachar sonraí sin a bheith ina bhunachar sonraí ar leithligh ina gcoimeádtar faoi rún faisnéis maidir le fógra a thabhairt. Ba cheart do ECHA, i gcomhar leis na Gníomhaireachtaí ábhartha, na bearta is gá a dhéanamh chun tarchur sábháilte sonraí ceimiceán a chosaint. Chun am leordhóthanach a thabhairt d’oibreoirí gnó agus do shaotharlanna na fógraí faoi staidéir a ullmhú, beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt faoi staidéir 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart do ECHA sásra a bhunú freisin chun comhoibriú le húdaráis i dtríú tíortha chun faisnéis a mhalartú faoi staidéir a dtugtar fógra ina leith nó a chuirtear isteach chun críocha rialála.

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30)

Chun an comhleanúnachas idir an dá shásra sin maidir le fógraí staidéir a áirithiú, chomh maith leis an gcinnteacht a áirithiú d’oibreoirí gnó a chuireann fógraí isteach, ba cheart na rialacha maidir le scaipeadh poiblí fógraí staidéir a bheith comhfhreagrach, i gcás inarb ábhartha, is é sin le rá nár cheart na fógraí a chur ar fáil tríd an ardán sonraí comhchoiteann go dtí go mbeidh clárú, iarratas, fógra nó sainchomhad rialála ábhartha eile curtha faoi bhráid na hinstitiúide ábhartha Aontais nó náisiúnta agus go dtí go mbeidh cinneadh faoi rúndacht na sonraí atá sa sainchomhad rialála sin déanta ag an institiúid Aontais nó náisiúnta sin. Ina theannta sin, chun comhlíonadh an cheanglais maidir le fógra a thabhairt faoi staidéar a éascú, ba cheart do ECHA agus EFSA obair i gcomhar le chéile chun cur chuige comhchoiteann a áirithiú maidir le sainaithint na faisnéise a dtugtar fógra ina leith chun inrianaitheacht na staidéar a dtugtar fógraí fúthu dá mbunachair sonraí féin a éascú.

(30)

Chun an comhleanúnachas idir an dá shásra sin maidir le fógraí staidéir a áirithiú, chomh maith leis an gcinnteacht a áirithiú d’oibreoirí gnó a chuireann fógraí isteach, ba cheart na rialacha maidir le scaipeadh poiblí fógraí staidéir a bheith comhfhreagrach, i gcás inarb ábhartha, is é sin le rá nár cheart na fógraí a chur ar fáil tríd an ardán sonraí comhchoiteann go dtí go mbeidh clárú, iarratas, fógra nó sainchomhad rialála ábhartha eile curtha faoi bhráid na hinstitiúide ábhartha Aontais nó náisiúnta . Chun rúndacht eilimintí ábhartha d’fhógraí staidéir a urramú nuair a bheidh siad comhtháite san ardán sonraí comhchoiteann, i gcás ina gcuirfidh an Coimisiún nó Gníomhaireacht an clárú, an t-iarratas, an fógra nó sainchomhaid rialála ábhartha eile chomhfhreagracha ar fáil don ECHA, ba cheart dó a léiriú freisin cé na gnéithe d’fhógra an staidéir a bheidh faoi rún nuair a áireofar iad ar an ardán coiteann sonraí. Níor cheart go gcuirfí na gnéithe sin in iúl mar ghnéithe rúnda ach amháin i gcás ina gcuirtear an ghné chéanna in iúl mar ghné rúnda san iarratas comhfhreagrach, san fhógra comhfhreagrach nó sa sainchomhad rialála ábhartha comhfhreagrach eile i gcomhréir leis na forálacha maidir le rúndacht faoin ngníomh tionscnaimh de chuid an Aontais. Ina theannta sin, chun comhlíonadh an cheanglais maidir le fógra a thabhairt faoi staidéar a éascú, ba cheart do ECHA agus EFSA oibriú i gcomhar le chéile chun cur chuige comhchoiteann a áirithiú maidir le sainaithint na faisnéise a dtugtar fógra ina leith chun inrianaitheacht na staidéar a dtugtar fógraí fúthu dá mbunachair sonraí féin a éascú. Chun éiginnteachtaí a sheachaint d’oibreoirí gnó a eascraíonn as dhá bhunachar sonraí d’fhógraí staidéir a bheith ann, arna mbainistiú ag ECHA agus EFSA, faoi seach, ba cheart na socruithe praiticiúla arna leagan síos ag ECHA chun na forálacha maidir le fógra a thabhairt faoi staidéir a chur chun feidhme a ailíniú a mhéid is féidir le socruithe praiticiúla gaolmhara EFSA.

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31)

Cé gur cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid, maidir le fógra a thabhairt faoi staidéar, arna bunú sa Rialachán seo i gcomhthéacs na ngníomhartha uile de chuid an Aontais maidir le ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn I, d’fhéadfadh na próisis bailithe sonraí agus measúnúcháin sábháilteachta ábhartha éagsúla a bheith an-éagsúil le chéile faoi na gníomhartha sin. Is é an aidhm uileghabhálach ba cheart a bheith ag an mbunachar sonraí d’fhógraí staidéir, arna bhunú faoin Rialachán seo, faisnéis faoi staidéir ar cheimiceáin arna gcoimisiúnú ag oibreoirí gnó a thabhairt le chéile, chun forbhreathnú láraithe iomlán ar na staidéir arna ndéanamh chun tacú le comhlíontacht rialála faoi ghníomhartha an Aontais maidir le ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn I a chumasú. Ar bhonn an chuspóra sin agus toisc go bhféadfadh na próisis mheasúnúcháin faoi ghníomhartha an Aontais maidir le ceimiceáin in Iarscríbhinn I a bheith an-éagsúil le chéile, bheadh sé lasmuigh de raon feidhme agus d’aidhm an Rialacháin seo na próisis mheasúnúcháin atá ann cheana agus a shocraítear faoi na gníomhartha sin de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a leasú trí choinníollacha breise a fhorfheidhmiú as a bhféadfadh iarmhairtí, i ndáil le rochtain ar an margadh nach dtuartar sna gníomhartha sin de chuid an Aontais, teacht. Dá dheasca sin, níl sé iomchuí, sa Rialachán seo, na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíontacht leis an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt faoi staidéar, mar a leagtar amach in Airteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(31)

Cé gur cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid, maidir le fógra a thabhairt faoi staidéar, arna bunú sa Rialachán seo i gcomhthéacs na ngníomhartha uile de chuid an Aontais maidir le ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn I, d’fhéadfadh na próisis bailithe sonraí agus measúnúcháin sábháilteachta ábhartha éagsúla a bheith an-éagsúil le chéile faoi na gníomhartha sin. Is é an aidhm uileghabhálach ba cheart a bheith ag an mbunachar sonraí d’fhógraí staidéir, arna bhunú faoin Rialachán seo, faisnéis faoi staidéir ar cheimiceáin arna gcoimisiúnú ag oibreoirí gnó a thabhairt le chéile, chun forbhreathnú láraithe iomlán ar na staidéir arna ndéanamh chun tacú le hiarratas, fógra nó saincomhad rialála a bhfuil sé beartaithe fógra a thabhairt faoi nó é a chur faoi bhráid Údaráis , chomh maith le haon staidéir faoi cheimiceáin ina n-aonar nó i dtáirgí a choimisiúnaíonn siad mar chuid de mheasúnú riosca nó measúnú sábháilteachta, chun comhlíontacht faoi ghníomhartha an Aontais maidir le ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn I a áirithiú . Ar bhonn an chuspóra sin agus toisc go bhféadfadh na próisis mheasúnúcháin faoi ghníomhartha an Aontais maidir le ceimiceáin in Iarscríbhinn I a bheith an-éagsúil le chéile, bheadh sé lasmuigh de raon feidhme agus d’aidhm an Rialacháin seo na próisis mheasúnúcháin atá ann cheana agus a shocraítear faoi na gníomhartha sin de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a leasú trí choinníollacha breise a fhorfheidhmiú as a bhféadfadh iarmhairtí, i ndáil le rochtain ar an margadh nach dtuartar sna gníomhartha sin de chuid an Aontais, teacht. Dá dheasca sin, níl sé iomchuí, sa Rialachán seo, na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíontacht leis an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt faoi staidéar, mar a leagtar amach in Airteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33)

Chun forfheidhmiú a éascú do na Ballstáit, ba cheart do na Gníomhaireachtaí atá freagrach as measúnú agus aschur eolaíoch a sholáthar, lena n-áirítear tuairimí eolaíocha, faoi shainchomhad rialála ina bhfuil na staidéir faoi réir an fhógra do ECHA, obair a dhéanamh i gcomhar le húdaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát agus faisnéis a mhalartú leo maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 22.

(33)

Chun forfheidhmiú a éascú do na Ballstáit, ba cheart do na Gníomhaireachtaí atá freagrach as measúnú agus aschur eolaíoch a sholáthar, lena n-áirítear tuairimí eolaíocha, faoi shainchomhad rialála ina bhfuil na staidéir faoi réir an fhógra do ECHA, i gcás inarb ábhartha, obair a dhéanamh i gcomhar le húdaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát agus faisnéis a mhalartú leo chun cabhrú leo maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 22. Ba cheart faisnéis maidir le forfheidhmiú a chur ar fáil go poiblí chun muinín an phobail i gcur chun feidhme éifeachtach dhlí an Aontais a fheabhsú.

Leasú 25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 36

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36)

Chun an comhordú agus comhar idir na comhlachtaí éagsúla a dhéanann measúnuithe ar cheimiceáin san Aontas a neartú, agus chun trédhearcacht mhéadaithe measúnuithe ceimiceán a chur chun cinn, ba cheart do ECHA bunachar sonraí a bhunú agus a bhainistiú ina mbeadh faisnéis ar na próisis rialála nó gníomhaíochtaí a bheadh beartaithe, ar bun nó críochnaithe ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún agus ag Gníomhaireachtaí dá dtagraítear i ngníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus í a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann chun go mbeadh na húdaráis in ann rochtain a fháil uirthi. Ba cheart a áireamh ar na bhfaisnéis faoi na próisis rialála nó gníomhaíochtaí sin an t-aitheantas substainte ar a laghad agus sainaithint, stádas agus toradh an phróisis rialála nó na gníomhaíochta ar deireadh. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil gan moill mhíchuí agus ba cheart í a choinneáil cothrom le dáta tríd an bpróiseas measúnúcháin freisin. Nuair a bheidh an próiseas nó gníomhaíocht tosaithe go foirmiúil, ba cheart an fhaisnéis sin a chomhroinnt go poiblí ar an ardán sonraí comhchoiteann freisin.

(36)

Chun an comhordú agus comhar idir na comhlachtaí éagsúla a dhéanann measúnuithe ar cheimiceáin san Aontas a neartú, agus chun trédhearcacht mhéadaithe measúnuithe ceimiceán a chur chun cinn, ba cheart do ECHA bunachar sonraí a bhunú agus a bhainistiú ina mbeadh faisnéis ar na próisis rialála nó gníomhaíochtaí a bheadh beartaithe, ar bun nó críochnaithe ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún agus ag Gníomhaireachtaí dá dtagraítear i ngníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus í a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann chun go mbeadh na húdaráis in ann rochtain a fháil uirthi. Ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis faoi na próisis rialála nó gníomhaíochtaí sin an t-aitheantas substainte ar a laghad agus sainaithint, stádas agus toradh an phróisis rialála nó na gníomhaíochta ar deireadh , lena n-áirítear cibé an bhfuil tástáil ar ainmhithe i gceist leis. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil gan moill mhíchuí agus ba cheart í a choinneáil cothrom le dáta tríd an bpróiseas measúnúcháin freisin. Nuair a bheidh an próiseas nó gníomhaíocht tosaithe go foirmiúil, ba cheart an fhaisnéis sin a chomhroinnt go poiblí ar an ardán sonraí comhchoiteann freisin.

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 36 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(36a)

Tá bearnaí sonraí ann maidir le ceimiceáin ghuaiseacha agus ceimiceáin dhíobhálacha eile a bheith in earraí ar mhargadh an Aontais. Chun feabhas a chur ar infheictheacht maidir le hinfhaighteacht sonraí, agus chun gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le roghanna malartacha níos sábháilte, chomh maith le glacadh na roghanna malartacha sin, ba cheart do ECHA stór faisnéise maidir le ceimiceáin in earraí a ghintear nó a chuirtear isteach faoi ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhunú agus a bhainistiú. Ba cheart an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 9(1)(i) de Threoir 2008/98/CE agus an tairseach ghréasáin faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1781 a chomhtháthú sa bhunachar sonraí sin. Ba cheart do ECHA bunachar sonraí a bhunú agus a bhainistiú ina mbailítear faisnéis atá ar fáil ó ghníomhaireachtaí, Ballstáit agus oibreoirí gnó faoi roghanna malartacha atá níos sábháilte ná substaintí ar ábhair imní iad mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(27) de Rialachán (AE) 2024/1781 chomh maith le substaintí a chomhlíonann na critéir le bheith aicmithe in aicmí guaise dá dtagraítear in Airteagal 2(27)(b) de Rialachán (AE) 2024/1781.

Leasú 27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38)

Chun idir-inoibritheacht agus inchomparáideacht na sonraí ceimiceán a áirithiú agus chun a malartú uathoibríoch agus leictreonach a éascú, ba cheart do na Gníomhaireachtaí agus don Choimisiún na sonraí ceimiceán a stóráil i bhformáidí leordhóthanacha agus comhleanúnacha agus idir-inoibritheacha agus foclóirí rialaithe atá comhleanúnach agus idir-inoibritheach a úsáid. Maidir le roinnt gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II, leagtar síos iontu nósanna imeachta chun formáidí sonraí a bhunú nó a chur ar fáil, go háirithe i ndáil le sonraí ceimiceán arna gcur isteach ag oibreoirí gnó nó na Ballstáit. I gcás nach ann do na nósanna imeachta sin i ngníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II, ba cheart do na Gníomhaireachtaí nó don Choimisiún, i gcás inarb ábhartha, formáidí iomchuí a shonrú le haghaidh na sonraí ceimiceán a fhaigheann siad agus a stórálann siad, lena seachnaítear úsáid caighdeán dílsithe fad, de réir mar is iomchuí, a úsáidtear ECFE nó formáidí eile a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta, ag baint úsáid as formáidí atá ann cheana agus ag áirithiú idir-inoibritheacht le cuir chuige atá ann cheana maidir le sonraí a chur isteach.

(38)

Chun a áirithiú go mbeidh sonraí ceimiceán so-aimsithe laistigh den bhunachar sonraí agus chun dúblaigh a sheachaint, ba cheart gach ceimiceán atá san ardán sonraí comhchoiteann a shainaithint le haitheantóir uathúil ceimiceach agus le nodaireacht cheimiceach ina sonrófar a struchtúr móilíneach. Chun idir-inoibritheacht agus inchomparáideacht na sonraí ceimiceán a áirithiú agus chun a malartú uathoibríoch agus leictreonach a éascú, ba cheart do na Gníomhaireachtaí agus don Choimisiún na sonraí ceimiceán a stóráil i bhformáidí leordhóthanacha agus comhleanúnacha agus idir-inoibritheacha agus stóir focal rialaithe atá comhleanúnach agus idir-inoibritheach a úsáid. Maidir le roinnt gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II, leagtar síos iontu nósanna imeachta chun formáidí sonraí a bhunú nó a chur ar fáil, go háirithe i ndáil le sonraí ceimiceán arna gcur isteach ag oibreoirí gnó nó na Ballstáit. I gcás nach ann do na nósanna imeachta sin i ngníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II, ba cheart do na Gníomhaireachtaí nó don Choimisiún, i gcás inarb ábhartha, formáidí iomchuí a shonrú le haghaidh na sonraí ceimiceán a fhaigheann siad agus a stórálann siad, lena seachnaítear úsáid caighdeán dílsithe fad, de réir mar is iomchuí, a úsáidtear ECFE nó formáidí eile a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta, ag baint úsáid as formáidí atá ann cheana agus ag áirithiú idir-inoibritheacht le cuir chuige atá ann cheana maidir le sonraí a chur isteach. Agus formáidí agus foclóirí rialaithe den sórt sin á sonrú, ba cheart do na Gníomhaireachtaí agus don Choimisiún, i gcás inarb ábhartha, ionchur agus rannchuidithe ó na Ballstáit agus ó gheallsealbhóirí a chur san áireamh.

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 41 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(41a)

Is minic a thugtar ualach réasúnta íseal do staidéir neamhspleácha taighde mar fhianaise i measúnú guaise agus riosca ar cheimiceáin, rud a chruthaíonn bearna idir taighde neamhspleách agus rialáil ceimiceán agus beartas ceimiceán. Is gá struchtúr agus trédhearcacht a sholáthar maidir le meastóireacht a dhéanamh ar shonraí taighde chun a n-úsáid i measúnú rialála ar cheimiceáin a mhéadú. Ba cheart don Choimisiún treoir a fhoilsiú lena leagtar síos íoscheanglais cháilíochta agus tuairiscithe chun feabhas a chur ar ghlacadh sonraí taighde.

Leasú 29

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 42

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(42)

Chun infhaighteacht na faisnéise faoi fheidhmíocht chomhshaoil na gceimiceán i rith a saolré a mhéadú, agus chun úsáid na faisnéise sin a éascú, agus chun measúnú cuimsitheach ar thionchar na gceimiceán ar an gcomhshaol a chumasú, ba cheart don Choimisiún sonraí agus faisnéis ábhartha a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil ceimiceán a shainaithint, lena n-áirítear, i gcás inar gá, faisnéis faoina dtionchar ar an athrú aeráide, chun iad a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann. Nuair a bheidh na tacair sonraí ábhartha atá ann cheana maidir le sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil sainaitheanta ag an gCoimisiún agus nuair a bheidh feidhmiúlachtaí ábhartha gaolmhara na mbunachar sonraí deartha ag an gCoimisiún, ba cheart do ECHA bunachar sonraí a bhunú maidir le sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil, na sonraí, a chuireann an Coimisiún, na Gníomhaireachtaí agus, i gcás inarb ábhartha, na taighdeoirí agus cuibhreannais taighde a chistítear faoi chláir réime an Aontais, a bhailiú, agus inneachar an bhunachair sonraí sin a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann mar sheirbhís thiomnaithe. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide chun tacair sonraí inbhuanaitheachta comhshaoil ábhartha a shainaithint, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(42)

Chun infhaighteacht na faisnéise faoi fheidhmíocht chomhshaoil na gceimiceán i rith a saolré a mhéadú, agus chun úsáid na faisnéise sin a éascú, agus chun measúnú cuimsitheach ar thionchar na gceimiceán ar an gcomhshaol a chumasú, ba cheart don Choimisiún sonraí agus faisnéis ábhartha a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil ceimiceán a shainaithint, lena n-áirítear, i gcás inar gá, faisnéis faoina dtionchar ar an athrú aeráide, chun iad a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann. Nuair a bheidh na tacair sonraí ábhartha atá ann cheana de shonraí ceimiceán a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil sainaitheanta ag an gCoimisiún agus nuair a bheidh feidhmiúlachtaí ábhartha gaolmhara na mbunachar sonraí deartha ag an gCoimisiún, ba cheart do ECHA bunachar sonraí a bhunú maidir le sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil, na sonraí, a chuireann an Coimisiún, na Gníomhaireachtaí , gníomhaireachtaí náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, na taighdeoirí agus cuibhreannais taighde a chistítear faoi chláir réime an Aontais agus faoi chláir réime náisiúnta , a bhailiú, agus inneachar an bhunachair sonraí sin a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann mar sheirbhís thiomnaithe. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide chun tacair sonraí inbhuanaitheachta comhshaoil ábhartha a shainaithint, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 43

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43)

Chun faireachán a dhéanamh ar na tionchair ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear ar an aeráid, ar tionchair iad a bhaineann le nochtadh do cheimiceáin, agus chun bonn eolais a bhunú chun éifeachtacht na reachtaíochta maidir le ceimiceáin, i ndáil le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, a thomhas, ba cheart do EEA agus do ECHA , i gcomhpháirt le chéile, tacar táscairí a fhorbairt agus iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, gach 2 bhliain ar a laghad, agus an tacar táscairí sin a chur i láthair i bhfoirm deaise. Soláthróidh EFSA, EMA, EU-OSHA agus an Coimisiún aon sonraí atá ar fáil agus a thagann faoina sainordú agus atá ábhartha le haghaidh bhunú na dtáscairí, soláthróidh siad na sonraí sin do EEA go tráthrialta. Ba cheart do EEA agus ECHA an deais táscairí sin a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann.

(43)

Chun faireachán a dhéanamh ar na tionchair ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear ar an aeráid, ar tionchair iad a bhaineann le nochtadh do cheimiceáin, agus chun bonn eolais a bhunú chun éifeachtacht na reachtaíochta maidir le ceimiceáin, i ndáil le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, a thomhas, ba cheart do EEA , i gcomhar leis na Gníomhaireachtaí, i gcomhpháirt le chéile, tacar táscairí a fhorbairt agus iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, gach 2 bhliain ar a laghad, agus an tacar táscairí sin a chur i láthair i bhfoirm deaise. Chun faireachán a dhéanamh ar an riosca comhiomlánaithe do chríocha a bhaineann leis na tionchair a bhíonn ag nochtadh do cheimiceáin agus do thruailleáin ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear ar an aeráid, ba cheart go mbeadh táscaire comhiomlánaithe san áireamh sa tacar táscairí le haghaidh leibhéil chríochacha éagsúla, arna fhorbairt i gcomhar leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde agus inspioráid á fáil aige óna chreat leochaileachta uile-Eorpach. Ba cheart do EEA crostagairt a dhéanamh idir torthaí an táscaire sin agus tacair sonraí sláinte agus comhshaoil eile, amhail sonraí eipidéimeolaíocha maidir le sláinte cheirde, tosca stíle maireachtála, agus tosca socheacnamaíocha, chun measúnú a dhéanamh ar thionchair agus rioscaí na dtosca riosca carntha ar an daonra ar an leibhéal críochach. Ba cheart do na Gníomhaireachtaí agus don Choimisiún aon sonraí atá ar fáil agus a thagann faoina sainordú agus atá ábhartha le haghaidh bhunú na dtáscairí a sholáthar do EEA go tráthrialta. Ba cheart do EEA agus ECHA an deais táscairí sin a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann.

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 44

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(44)

Chun sainaithint na rioscaí ceimiceacha atá ag teacht chun cinn a chumasú, chomh maith leis an meastóireacht orthu, ba cheart do EEA comharthaí luathrabhaidh a fhorbairt agus faisnéis fúthu a chomhthiomsú agus tuarascáil achomair bhliantúil a tharraingt suas chun bonn eolais a chur faoi ghníomhaíochtaí rialála leantacha. Ba cheart do EEA a chuid foinsí féin agus cuardaigh litríochta spriocdhírithe a áireamh ina chuid oibre, agus ba cheart dó úsáid a bhaint as faisnéis ó chórais luathrabhaidh náisiúnta. Ba cheart dó a áireamh ann freisin faisnéis ábhartha arna gcur ar fáil in obair bhainteach ECHA, EFSA, EU-OSHA, EMA agus a líonraí, amhail cúraimí EFSA i ndáil le faisnéis a shainaithint agus a bhailiú faoi rioscaí atá ag teacht chun cinn faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Ba cheart do EEA an tuarascáil achomair agus na sonraí foluiteacha a chur ar fáil tríd an ardán sonraí comhchoiteann, lena n-áirithítear rochtain phoiblí agus a úsáid le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta maidir le rioscaí atá ann cheana agus rioscaí atá ag teacht chun cinn. Chun am leordhóthanach a thabhairt do EEA bailiú comharthaí luathrabhaidh a eagrú agus an fhaisnéis tosaigh a chomhthiomsú agus anailís a dhéanamh uirthi, ba cheart do EEA an chéad tuarascáil a sheachadadh sé mhí tar éis dheireadh na chéad bliana féilire tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Socraítear sprioc-am don chéad tuarascáil agus do na sonraí comhlachaithe sa Rialachán seo.

(44)

Leis an rialachán seo, ba cheart go mbunófaí córas luathrabhaidh agus gníomhaíochta le haghaidh rioscaí ceimiceacha atá ann cheana agus rioscaí ceimiceacha atá ag teacht chun cinn. Chun sainaithint na rioscaí ceimiceacha atá ag teacht chun cinn a chumasú, chomh maith leis an meastóireacht orthu, ba cheart do EEA comharthaí luathrabhaidh a fhorbairt agus faisnéis fúthu a chomhthiomsú agus tuarascáil achomair bhliantúil a tharraingt suas chun bonn eolais a chur faoi ghníomhaíochtaí leantacha rialála agus beartais arna ndéanamh ag údaráis . Ba cheart do EEA a chuid foinsí féin agus cuardaigh litríochta spriocdhírithe a áireamh ina chuid oibre, agus ba cheart dó úsáid a bhaint as faisnéis ó chórais luathrabhaidh náisiúnta. Ba cheart dó a áireamh ann freisin faisnéis ábhartha arna gcur ar fáil in obair bhainteach ECHA, EFSA, EU-OSHA, EMA agus a líonraí, amhail cúraimí EFSA i ndáil le faisnéis a shainaithint agus a bhailiú faoi rioscaí atá ag teacht chun cinn faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Ba cheart do EEA an tuarascáil achomair agus na sonraí foluiteacha a chur ar fáil tríd an ardán sonraí comhchoiteann, lena n-áirithítear rochtain phoiblí agus a úsáid le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta maidir le rioscaí atá ann cheana agus rioscaí atá ag teacht chun cinn i ndáil le ceimiceáin, grúpaí ceimiceán agus nochtadh carnach do cheimiceáin. Chun am leordhóthanach a thabhairt do EEA bailiú comharthaí luathrabhaidh a eagrú agus an fhaisnéis tosaigh a chomhthiomsú agus anailís a dhéanamh uirthi, ba cheart do EEA an chéad tuarascáil a sheachadadh sé mhí tar éis dheireadh na chéad bliana féilire tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Socraítear sprioc-am don chéad tuarascáil agus do na sonraí comhlachaithe sa Rialachán seo. I gcás aon chomhartha riosca agus rabhaidh a shainaithnítear sa tuarascáil, ba cheart do na húdaráis breithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí rialála, beartais nó forfheidhmiúcháin a dhéanamh agus údar a thabhairt má chinneann siad gan dul ar aghaidh le haon ghníomhaíocht. Ba cheart rioscaí ceimiceacha atá ag teacht chun cinn agus a shainaithnítear sa chóras luathrabhaidh agus gníomhaíochta a chur san áireamh freisin agus tosaíochtaí á leagan síos do phleanáil straitéiseach Fís Eorpach.

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 46

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46)

Ba cheart do ECHA EUON a oibriú fós agus é a chlaochlú ina fhaireachlann le haghaidh ceimiceáin shonracha a d’fhéadfadh cur le rioscaí ceimiceacha atá ag teacht chun cinn (‘an fhaireachlann’), lena gcumhdófaí ceimiceáin eile agus ábhair nuálacha (arna ndearadh go stuama agus atá casta ‘ardábhair’) arna roghnú ag an gCoimisiún freisin, agus úsáid á baint, de réir mar is iomchuí, as comharthaí ón gcóras luathrabhaidh agus gníomhaíochta. Maidir le ceann de na critéir chun ceimiceáin a roghnú don fhaireachlann, ba cheart a áireamh ar cheann de na critéir sin úrnuacht agus acmhainneacht bhunathraitheach na gceimiceán, a d’fhéadfadh cur le riosca ceimiceach a thiocfadh chun cinn. Ba cheart a áireamh ar cheann de na critéir eile le haghaidh an roghnaithe sin ná an chéim ard éiginnteachta fúthu agus, de bharr taithí rialála níos lú maidir leis na ceimiceáin sin, an gá a thiocfadh aisti sin le haghaidh grinnscrúdú breise agus trédhearcacht bhreise. Ba cheart don fhaireachlann cur chun feidhme rialála agus úsáid fhreagrach na gceimiceán sin a éascú trí fhaisnéis iontaofa faoi airíonna, úsáidí agus láithreacht ceimiceán roghnaithe ar an margadh a bhailiú, a ghiniúint agus a scaipeadh i measc an phobail i gcoitinne.

(46)

Ba cheart do ECHA EUON a oibriú fós agus é a chlaochlú ina fhaireachlann le haghaidh ceimiceáin shonracha agus grúpaí ceimiceán a d’fhéadfadh cur le rioscaí ceimiceacha atá ag teacht chun cinn (‘an fhaireachlann’), lena gcumhdófaí ceimiceáin eile agus ábhair nuálacha (arna ndearadh go stuama agus atá casta ‘ardábhair’) arna roghnú ag an gCoimisiún freisin, agus úsáid á baint, de réir mar is iomchuí, as comharthaí ón gcóras luathrabhaidh agus gníomhaíochta. Maidir le ceann de na critéir chun ceimiceáin a roghnú don fhaireachlann, ba cheart a áireamh ar cheann de na critéir sin úrnuacht agus acmhainneacht bhunathraitheach na gceimiceán, a d’fhéadfadh cur le riosca ceimiceach a thiocfadh chun cinn. Ba cheart a áireamh ar cheann de na critéir eile le haghaidh an roghnaithe sin ná an chéim ard éiginnteachta fúthu agus, de bharr taithí rialála níos lú maidir leis na ceimiceáin sin, an gá a thiocfadh aisti sin le haghaidh grinnscrúdú breise agus trédhearcacht bhreise. Ba cheart don fhaireachlann cur chun feidhme rialála agus úsáid fhreagrach na gceimiceán sin a éascú trí fhaisnéis iontaofa faoi airíonna, úsáidí agus láithreacht ceimiceán roghnaithe ar an margadh a bhailiú, a ghiniúint agus a scaipeadh i measc an phobail i gcoitinne.

Leasú 33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 48

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(48)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, is féidir le EFSA na staidéir eolaíocha, a theastaíonn uaidh chun a mhisean a chur i gcrích, a choimisiúnú ar bhealach oscailte agus trédhearcach, fad a fhéachtar le hobair dhúbailte a sheachaint i ndáil le cláir thaighde na mBallstát nó an Aontais. Ba cheart go mbeadh ECHA in ann staidéir a choimisiúnú chun sonraí leordhóthanacha agus faisnéis leordhóthanach faoi cheimiceáin a fháil faoina mhisean, fad a chloítear leis an bprionsabal go bhfuil an t-ualach chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin a chruthú ar an sealbhóir dualgais. Thairis sin, ba cheart do ECHA staidéir den sórt sin a choimisiúnú as a stuaim féin nó ar iarraidh ón gCoimisiún, agus é de chuspóir acu tacú le cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil agus meastóireacht éifeachtach agus éifeachtúil ar ghníomhartha an Aontais maidir le ceimiceáin atá faoina shainordú agus cur le forbairt bheartas an Aontais maidir le ceimiceáin.

(48)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, is féidir le EFSA na staidéir eolaíocha, a theastaíonn uaidh chun a mhisean a chur i gcrích, a choimisiúnú ar bhealach oscailte agus trédhearcach, fad a fhéachtar le hobair dhúbailte a sheachaint i ndáil le cláir thaighde na mBallstát nó an Aontais. Ba cheart go mbeadh ECHA in ann staidéir a choimisiúnú chun sonraí leordhóthanacha agus faisnéis leordhóthanach faoi cheimiceáin agus grúpaí ceimiceán a fháil faoina mhisean, fad a chloítear leis an bprionsabal go bhfuil an t-ualach chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin a chruthú ar an sealbhóir dualgais. Thairis sin, ba cheart do ECHA staidéir den sórt sin a choimisiúnú as a stuaim féin nó ar iarraidh ón gCoimisiún, agus é de chuspóir acu tacú le cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil agus meastóireacht éifeachtach agus éifeachtúil ar ghníomhartha an Aontais maidir le ceimiceáin atá faoina shainordú agus cur le forbairt bheartas an Aontais maidir le ceimiceáin. Agus sampla de shubstaint á fháil mar réamhchoinníoll chun na staidéir eolaíocha a dhéanamh, ba cheart don oibreoir gnó an sampla is gá a thabhairt do ECHA, arna iarraidh sin, agus ar choinníoll go n-áiritheofar an rúndacht agus an chosaint sonraí is infheidhme faoi dhlí an Aontais. Aon uair is féidir, ba cheart faisnéis a ghintear trí staidéir arna gcoimisiúnú ag ECHA a ghiniúint ar bhealaí eile seachas trí thástálacha ar ainmhithe.

Leasú 34

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 48 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(48a)

Chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach agus meastóireacht éifeachtach ar ghníomhartha an Aontais maidir le ceimiceáin agus chun rannchuidiú le beartas cuimsitheach ceimiceán de chuid an Aontais a fhorbairt, tá sé fíor-riachtanach staidéir bhithmhonatóireachta dhaonna uile-Aontais a dhéanamh lena soláthrófar sonraí ionadaíocha ardcháilíochta go tráthrialta. Chun tacú le cur chuige atá tíosach ar acmhainní, ba cheart do ECHA agus do EFSA oibriú i ndlúthchomhar le chéile chun acmhainní agus saineolas a chomhthiomsú le haghaidh staidéir den sórt sin. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú leis na Gníomhaireachtaí chun an bithfhaireachán daonna a eagrú ina gcríocha faoi seach, maidir le samplaí a phleanáil, a chomhordú, a bhailiú agus a tharchur.

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 48 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(48b)

Chun rannchuidiú le cuspóir foriomlán an Rialacháin seo chun measúnuithe eolaíocha níos fearr, níos iomláine, níos comhleanúnaí agus níos stóinsithe ar cheimiceáin agus ar a dtionchair a chumasú, agus chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr as an bhfaisnéis atá ann cheana chun reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin a chur chun feidhme agus a fhorbairt, ba cheart go gceanglófaí leis an Rialachán seo ar an gCoimisiún tuarascáil a tharraingt suas ina ndéanfar anailís ar a leordhóthanaí atá acmhainní na ngníomhaireachtaí i ndáil lena gcúraimí reatha agus lena gcúraimí nua faoin Rialachán seo, agus léargas ionchasach ar na hacmhainní is gá chun aghaidh a thabhairt ar phríomhréimsí dúshlán rialála amach anseo.

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 48 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(48c)

Ós rud é go leathnaítear cúraimí agus ualach oibre na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán leis an Rialachán seo, ba cheart acmhainní iomchuí agus cobhsaí a chur ar fáil di, agus ba cheart rialachas cobhsaí na gcoistí eolaíocha a áirithiú. I ndáil leis sin, is iomchuí go gcuirfidh an Coimisiún aon fhorbairtí san áireamh agus go léireoidh sé riachtanais na Gníomhaireachta chun go bhféadfar a cúraimí agus a hacmhainneacht a chomhlíonadh.

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Is é is aidhm don Rialachán seo soláthar measúnuithe comhleanúnacha guaise agus riosca ar cheimiceáin a áirithiú, i gcás ina gceanglaítear na measúnuithe sin le gníomhartha dlí de chuid an Aontais, chun leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach, chun forbairt agus úsáid ceimiceán inbhuanaithe a chumasú, chun feidhmiú cuí an mhargaidh aonair le haghaidh ceimiceán a áirithiú, agus chun feabhas a chur ar mhuinín shaoránaigh an Aontais sa bhonn eolaíoch le haghaidh cinntí a dhéantar faoi gníomhartha dlí de chuid an Aontais maidir le ceimiceáin.

1.   Is é is aidhm don Rialachán seo soláthar measúnuithe comhleanúnacha guaise agus riosca ar cheimiceáin a áirithiú, i gcás ina gceanglaítear na measúnuithe sin le gníomhartha dlí de chuid an Aontais, chun leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach, chun forbairt agus úsáid ceimiceán sábháilte agus inbhuanaithe a chumasú, chun feidhmiú cuí an mhargaidh aonair le haghaidh ceimiceán a áirithiú, agus chun feabhas a chur ar eolas agus muinín shaoránaigh an Aontais sa bhonn eolaíoch le haghaidh cinntí a dhéantar faoi gníomhartha dlí de chuid an Aontais maidir le ceimiceáin agus rannchuidiú leis an sprioc deireadh a chur le tástáil ainmhithe nuair is féidir.

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 –mír 2 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

taifid a choimeád ar shonraí maidir le staidéir a fhaightear ó thríú tíortha ábhartha tríd an sásra dá dtagraítear in Airteagal 9(1a);

Leasú 39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.

ciallaíonn ‘údaráis’ an Coimisiún Eorpach, údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in aon cheann de ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinní I agus III, agus na Gníomhaireachtaí, seachas a mboird bhainistíochta;

2.

ciallaíonn ‘údaráis’ an Coimisiún Eorpach, údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in aon cheann de ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III, agus na Gníomhaireachtaí, seachas a mboird bhainistíochta;

Leasú 40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10.

ciallaíonn ‘sonraí ceimiceán’ aon léiriú ar fhíoras nó faisnéis a bhaineann le ceimiceáin agus aon tiomsú de na fíoras nó faisnéis sin, lena n-áirítear faisnéis maidir le hairíonna fisiciceimiceacha, airíonna guaiseacha, úsáid, nochtadh, riosca, tarlú, astaíochtaí agus modh monaraíochta na gceimiceán, chomh maith le faisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le hathrú aeráide, ar na ceimiceáin sin, faisnéis a bhaineanna leis an bpróiseas rialála maidir le ceimiceáin, formáidí caighdeánacha, foclóirí rialaithe, nó aon fhaisnéis maidir leis na hoibleagáidí dlíthiúla a bhaineann le ceimiceáin;

10.

ciallaíonn ‘sonraí ceimiceán’ aon léiriú ar fhíoras nó faisnéis a bhaineann le ceimiceáin agus aon tiomsú de na fíoras nó faisnéis sin, lena n-áirítear faisnéis maidir le hairíonna fisiciceimiceacha, airíonna guaiseacha, úsáid, nochtadh, riosca, tarlú, astaíochtaí, cinniúint agus modh monaraíochta na gceimiceán, chomh maith le faisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le hathrú aeráide, ar na ceimiceáin sin, faisnéis a bhaineann leis an bpróiseas rialála maidir le ceimiceáin, faisnéis maidir le hinfhaighteacht agus oiriúnacht na roghanna malartacha, formáidí caighdeánacha, stóir focal rialaithe, nó aon fhaisnéis maidir leis na hoibleagáidí dlíthiúla a bhaineann le ceimiceáin agus a bhforfheidhmiú ;

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

11a.

ciallaíonn ‘sonraí taighde’ aon sonraí maidir le guais, tarlú, nochtadh agus cinniúint a fhaightear ó staidéir eolaíocha a fhoilsítear i litríocht a bhfuil athbhreithniú piaraí déanta uirthi agus nach ndéantar go sonrach chun bonn eolais a chur faoi mheasúnuithe rialála;

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

14a.

ciallaíonn ‘próiseálaí sonraí’‘próiseálaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (8), de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 –mír 2 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

sonraí breise arna soláthar ar bhonn deonach ag Ballstáit, gníomhaireachtaí náisiúnta, institiúidí taighde nó páirtithe eile;

Leasú 44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe b b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb)

a ghintear i gcomhthéacs gníomhaíochtaí taighde acadúla i réimse na gceimiceán nach gcumhdaítear i bpointe (b) agus a chuireann tríú páirtí faoi bhráid ECHA go deonach;

Leasú 45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.

Déanfar gach ceimiceán nó ábhar a óstáiltear ar an ardán sonraí comhchoiteann a shainaithint le haitheantóir uathúil ceimiceach agus le nodaireacht cheimiceach lena sonrófar a struchtúr móilíneach gan dochar d’aon cheanglais rúndachta sa ghníomh bunaidh nó d’oibleagáidí dlíthiúla gaolmhara.

Leasú 46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 5 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)

faisnéis faoi cheimiceáin in earraí amhail dá dtagraítear in Airteagal 10a;

Leasú 47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 5 – pointe d b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db)

faisnéis faoi roghanna malartacha atá níos sábháilte ná substaintí ar ábhair imní iad amhail dá dtagraítear in Airteagal 10b;

Leasú 48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Beidh rochtain ag na hÚdaráis agus ag an bpobal i gcoitinne ar na sonraí atá ar an ardán sonraí comhchoiteann i gcomhréir le hAirteagal 16.

6.   Beidh rochtain éasca agus saor in aisce ag na hÚdaráis agus ag an bpobal i gcoitinne ar na sonraí atá ar an ardán sonraí comhchoiteann i gcomhréir le hAirteagal 16.

Leasú 49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9.   Beidh na sonraí atá ar an ardán sonraí comhchoiteann inrochtana agus inchuardaithe go leictreonach. Déanfaidh ECHA bearta chun ardchaighdeán slándála a áirithiú atá iomchuí do na rioscaí slándála atá i gceist maidir le stóráil sonraí ceimiceán agus tarchur sonraí ceimiceán chuig an ardán sonraí comhchoiteann. Déanfaidh ECHA an t-ardán sonraí comhchoiteann a dhearadh ar bhealach a rathaíonn go bhfuil aon rochtain ar shonraí rúnda éasca le hiniúchadh.

9.   Beidh na sonraí atá ar an ardán sonraí comhchoiteann inrochtana agus inchuardaithe go leictreonach. Déanfaidh ECHA bearta chun ardchaighdeán slándála a áirithiú atá iomchuí do na rioscaí slándála atá i gceist maidir le stóráil sonraí ceimiceán san ardán sonraí comhchoiteann. Glacfaidh na Gníomhaireachtaí ábhartha bearta slándála i gcomhar le ECHA chun a áirithiú go dtarchuirfear sonraí ceimiceacha go sábháilte chuig an ardán coiteann sonraí. Déanfaidh ECHA an t-ardán sonraí comhchoiteann a dhearadh ar bhealach a rathaíonn go bhfuil aon rochtain ar shonraí rúnda éasca le hiniúchadh.

Leasú 50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11.   Bunófar an t-ardán sonraí comhchoiteann agus a sheirbhísí tiomnaithe faoi [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], mura sonraítear a mhalairt. Déanfar tacair sonraí ábhartha eile a chomhtháthú de réir a chéile san ardán coiteann sonraí faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: deich mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] de réir an phlean chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4 (1), an chéad abairt. Tráth na tacair sonraí sin a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann, i gcás ina bhfaigheann ECHA sonraí ceimiceán i gcomhréir le hAirteagal 5, cuirfidh sé na sonraí sin ar fáil tríd an ardán sonraí comhchoiteann gan moill mhíchuí .

11.   Bunófar an t-ardán sonraí comhchoiteann agus a sheirbhísí tiomnaithe faoi... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], mura sonraítear a mhalairt, agus áireofar iontu ar a laghad na tacair sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn IIIa. Déanfar tacair sonraí ábhartha eile a chomhtháthú de réir a chéile san ardán coiteann sonraí faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: ocht mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] de réir an phlean chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4 (1), an chéad abairt. Tráth na tacair sonraí sin a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann, i gcás ina bhfaigheann ECHA sonraí ceimiceán i gcomhréir le hAirteagal 5, cuirfidh sé na sonraí sin ar fáil tríd an ardán sonraí comhchoiteann laistigh de thréimhse 30 lá .

Leasú 51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Faoi [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún agus plean cur chun feidhme a ghlacadh agus a fhoilsiú ina sainaithnítear tacair sonraí lena n-áireamh san ardán sonraí comhchoiteann mar aon le hamlíne chun iad a áireamh trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme. Glacfar pleananna cur chun feidhme rollacha ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an scéim rialachais dá dtagraítear i mír 3.

1.   Faoi [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún plean cur chun feidhme a ghlacadh agus ina sainaithnítear tacair sonraí de shonraí ceimiceán lena n-áireamh san ardán sonraí comhchoiteann mar aon le hamlíne chun iad a áireamh trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme. Glacfar pleananna cur chun feidhme rollacha ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an scéim rialachais dá dtagraítear i mír 3.

Leasú 52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún coiste stiúrtha ardáin a bhunú agus a bhainistiú, ina n-áireofar ionadaí amháin ó ECHA, ionadaí amháin ó EEA, ionadaí amháin ó EFSA, ionadaí amháin ó EMA, ionadaí amháin ó EU-OSHA agus cúigear ionadaithe ón gCoimisiún.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, coiste stiúrtha ardáin a bhunú agus a bhainistiú, ar a mbeidh ionadaí amháin ar a laghad ó gach gníomhaireacht de chuid an Aontais a gceanglaítear uirthi sonraí ceimiceán a chur faoi bhráid an Ardáin , agus an méid céanna ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na gníomhaireachtaí sin uile de chuid Aontais san iomlán .

Leasú 53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Déanfaidh an Coimisiún an scéim rialachais dá dtagraítear i mír 3 agus aon athbhreithniú air sin a ghlacadh agus a fhoilsiú trí bhíthin cinneadh chur chun feidhme

4.   Déanfaidh an Coimisiún an scéim rialachais dá dtagraítear i mír 3 agus aon athbhreithniú air sin a ghlacadh agus a fhoilsiú trí bhíthin gníomhartha cur chur chun feidhme.

 

Agus an scéim rialachais á bunú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Gníomhaireachtaí agus cuirfidh sé san áireamh leibhéal éagsúil freagrachtaí na nÚdarás i mbainistiú agus in oibriú an ardáin sonraí chomhchoitinn.

Leasú 54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 5 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)

eagrú agus oibriú na sásraí le haghaidh comhair agus malartú faisnéise le bunachair sonraí agus ardáin chomhchosúla i dtríú tíortha agus go hidirnáisiúnta;

Leasú 55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 5 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

oibríocht an choiste stiúrtha féin.

(f)

oibríocht , ceanglais tuairiscithe agus oibleagáidí trédhearcachta an choiste stiúrtha féin.

Leasú 56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ar iarratas ón gCoimisiún, déanfaidh na Gníomhaireachtaí sonraí ceimiceán a óstáil agus a choinneáil ar bun, ar sonraí iad arna nginiúint mar chuid de reachtaíocht, cláir nó gníomhaíochtaí taighde an Aontais, nó reachtaíocht, cláir nó gníomhaíochtaí taighde náisiúnta nó idirnáisiúnta, rud a chomhfhreagraíonn dá sainordú agus don chineál sonraí atá acu cheana féin.

1.   Ar iarratas ón gCoimisiún, déanfaidh na Gníomhaireachtaí sonraí ceimiceán a óstáil agus a choinneáil ar bun, ar sonraí iad arna nginiúint mar chuid de reachtaíocht, cláir nó gníomhaíochtaí taighde an Aontais, nó reachtaíocht, cláir nó gníomhaíochtaí taighde náisiúnta nó idirnáisiúnta, rud a chomhfhreagraíonn dá sainordú agus don chineál sonraí atá acu cheana féin. Ina theannta sin, féadfaidh Gníomhaireachtaí sonraí ceimiceán a óstáil agus a chothabháil i gcomhréir lena sainordú agus le sonraí ceimiceán a chuireann Ballstáit, gníomhaireachtaí náisiúnta, institiúidí taighde nó páirtithe eile faoina mbráid.

Leasú 57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   I gcás ina bhfuil sonraí nó faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ag an gCoimisiún nó ag na Gníomhaireachtaí, cuirfidh siad na sonraí sin ar fáil do ECHA i bhformáid chaighdeánach, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, mar aon leis an gcomhthéacs ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 4( 4 ), pointe (c). Tabharfaidh an Coimisiún agus na Gníomhaireachtaí le fios cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear na sonraí nó an fhaisnéis sin ar fáil don phobal faoi ghníomh tionscnaimh an Aontais.

2.   I gcás ina bhfuil sonraí nó faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ag an gCoimisiún nó ag na Gníomhaireachtaí, cuirfidh siad na sonraí sin ar fáil do ECHA i bhformáid chaighdeánach, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, mar aon leis an gcomhthéacs ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 4( 5 ), pointe (c). Tabharfaidh an Coimisiún agus na Gníomhaireachtaí le fios cé acu is féidir nó nach féidir na sonraí nó an fhaisnéis , arna gcur san áireamh san ardán sonraí comhchoiteann, a chur ar fáil don phobal nó má mheasfar iad a bheith rúnda i gcomhréir leis na forálacha maidir le rúndacht faoi ghníomh tionscnaimh an Aontais.

Leasú 58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Déanfaidh ECHA sonraí maidir le teagmhais a bhaineann le faireachán san áit oibre a óstáil agus a choinneáil ar bun.

3.   Déanfaidh ECHA sonraí maidir le teagmhais a bhaineann le faireachán san áit oibre a óstáil agus a choinneáil ar bun , lena n-áirítear sonraí bithmhonatóireachta daonna saothair .

Leasú 59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Maidir le taighdeoirí nó cuibhreannais taighde arna maoiniú ag cláir réime an Aontais cuirfidh siad ar fáil do EEA aon sonraí bithmhonatóireachta daonna a bhailíonn nó a ghineann siad ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

5.   Maidir le taighdeoirí nó cuibhreannais taighde arna maoiniú ag cláir réime náisiúnta nó cláir réime an Aontais, cuirfidh siad ar fáil do EEA aon sonraí bithmhonatóireachta daonna a bhailíonn nó a ghineann siad ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Le haghaidh sonraí bithfhaireacháin daonna arb ionann iad agus sonraí pearsanta, sonróidh EEA an cineál sonraí a bheidh le cur ar fáil dó.

Leasú 60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Maidir le taighdeoirí nó cuibhreannais taighde arna gcistiú ag cláir réime an Aontais, cuirfidh siad ar fáil do ECHA aon sonraí inbhuanaitheachta comhshaoil maidir le ceimiceáin nó ábhair a bhailíonn nó a ghineann siad ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

6.   Maidir le taighdeoirí nó cuibhreannais taighde arna gcistiú ag cláir réime náisiúnta nó cláir réime an Aontais, cuirfidh siad ar fáil do ECHA aon sonraí inbhuanaitheachta comhshaoil maidir le ceimiceáin nó ábhair a bhailíonn nó a ghineann siad ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo + 6 mhí ].

Leasú 61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Soláthróidh an Coimisiún agus na Gníomhaireachtaí an comhar teicniúil is gá do ECHA chun comhtháthú na sonraí ceimiceán a chuirtear ar fáil a chumasú i gcomhréir le mír 2 san ardán sonraí comhchoiteann chomh maith lena fhoilsiú tríd an ardán sin.

7.   Soláthróidh na hÚdaráis agus na Gníomhaireachtaí náisiúnta an comhar teicniúil is gá do ECHA chun comhtháthú na sonraí ceimiceán a chuirtear ar fáil a chumasú i gcomhréir le mír 2 san ardán sonraí comhchoiteann chomh maith lena fhoilsiú tríd an ardán sin. Soláthróidh ECHA tacaíocht do na hÚdaráis agus na Gníomhaireachtaí náisiúnta chun comhtháthú na sonraí ceimiceán, arna gcur ar fáil i gcomhréir le mír 2, a chumasú;

Leasú 62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Chun críche mhír 2, cuirfidh an Coimisiún agus na Gníomhaireachtaí sonraí ceimiceán ar fáil do ECHA gan moill mhíchuí tar éis na sonraí a bhailiú nó a fháil, tar éis measúnuithe bailíochta agus rúndachta a fheidhmiú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme agus nuair a chomhtháthaítear an tacar sonraí comhfhreagrach san ardán sonraí comhchoiteann.

8.   Chun críche mhír 2, cuirfidh an Coimisiún agus na Gníomhaireachtaí sonraí ceimiceán a bhailigh siad nó a fuair siad ar fáil do ECHA gan moill mhíchuí tar éis dóibh measúnuithe bailíochta agus rúndachta a dhéanamh ar na sonraí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme agus nuair a chomhtháthaíonn siad an tacar sonraí comhfhreagrach san ardán sonraí comhchoiteann.

Leasú 63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Gníomhaireachtaí go mbeidh sonraí a chuirtear ar fáil do ECHA in-íoslódáilte, inléite ag meaisín agus idir-inoibritheach. Coimeádfaidh agus bailíochtóidh siad go hiomchuí na sonraí sula gcuirtear ar fáil do ECHA iad.

9.   Áiritheoidh na hÚdaráis agus na Gníomhaireachtaí náisiúnta go mbeidh sonraí a chuirtear ar fáil do ECHA in-íoslódáilte, inléite ag meaisín agus idir-inoibritheach. Coimeádfaidh agus bailíochtóidh siad go hiomchuí na sonraí sula gcuirtear ar fáil do ECHA iad.

Leasú 64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9a.     D’ainneoin na bhforálacha a bhaineann le próiseáil sonraí bithmhonatóireachta daonna arb ionann iad agus sonraí pearsanta arna leagan amach in Airteagal 6, fanfaidh an Coimisiún nó an Ghníomhaireacht, ar faoina húdarás a n-áirítear sonraí ceimiceán san ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, mar rialaitheoir sonraí i ndáil leis na sonraí pearsanta arna soláthar aige.

Leasú 65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 9 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9b.     D’ainneoin na bhforálacha a bhaineann le próiseáil sonraí bithmhonatóireachta daonna saothair arb ionann iad agus sonraí pearsanta arna leagan amach in Airteagal 6, gníomhóidh ECHA mar phróiseálaí sonraí le haghaidh aon sonraí pearsanta a áirítear ar an ardán sonraí comhchoiteann a thagann faoi údarás Gníomhaireachta eile nó faoi údarás an Choimisiúin.

Leasú 66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Na sonraí bithmhonatóireachta daonna arna nginiúint laistigh de chríoch bhalltíortha agus thíortha comhair EEA, déanfaidh EEA na sonraí sin a bhailiú, a óstáil agus a choinneáil ar bun.

1.   Na sonraí bithmhonatóireachta daonna arna nginiúint laistigh de chríoch bhalltíortha agus thíortha comhair EEA, déanfaidh EEA na sonraí sin a bhailiú, a óstáil agus a choinneáil ar bun , le heisceacht do shonraí bithmhonatóireachta daonna saothair i gcomhréir le hAirteagal 5(3) .

Leasú 67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.     Féadfaidh EEA sonraí bithmhonatóireachta daonna atá comhdhéanta de shonraí pearsanta a phróiseáil chun tacú leis an gCoimisiún ina dhéanamh beartais nó chun tacú le Gníomhaireachtaí chun a misin a chomhlíonadh.

scriosta

Leasú 68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Féadfaidh EEA sonraí bithmhonatóireachta daonna atá comhdhéanta de shonraí pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

4.   Féadfaidh EEA sonraí bithmhonatóireachta daonna arb ionann iad agus sonraí pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

Leasú 69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

tacú le measúnuithe riosca rialála.

(e)

tacú le measúnuithe agus bainistíocht riosca rialála.

Leasú 70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)

tacú le ceapadh beartais agus próisis reachtacha ar leibhéal an Aontais;

Leasú 71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 – pointe e b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(eb)

‘innéacs nochta do cheimiceáin’ a chruthú do gach réigiún san Aontas, chun forléargas a sholáthar ar nochtadh an daonra ar shubstaintí ceimiceacha agus comparáidí a chumasú idir réigiúin, limistéir gheografacha agus Ballstáit éagsúla;

Leasú 72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 – pointe e c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ec)

an próiseáil ag an gCoimisiún, ECHA, EFSA, EMA agus EU-OSHA a chumasú i gcomhréir le míreanna 4a, 4b, 4c, 4d agus 4e den Airteagal sin.

Leasú 73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Ní fhéadfaidh an Coimisiún sonraí bithmhonatóireachta daonna arb ionann iad agus sonraí pearsanta a phróiseáil ach chun na gcríoch seo a leanas amháin:

 

(a)

taighde eolaíochta atá dírithe ar cheapadh beartais;

 

(b)

measúnú a dhéanamh ar thionchar ceimiceán ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;

 

(c)

faireachán a dhéanamh ar threochtaí ama agus spásúla maidir le nochtadh;

 

(d)

táscairí riosca agus tionchair sláinte a fhorbairt;

 

(e)

faireachán a dhéanamh ar thionchar na hidirghabhála rialála;

 

(f)

measúnú a dhéanamh ar an ngá le tuilleadh gníomhaíocht rialála agus tosaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht sin;

 

(g)

tacú le measúnú riosca agus bainistíocht riosca rialála.

Leasú 74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4b.     Féadfaidh ECHA sonraí bithmhonatóireachta daonna, arna n-áireamh i sonraí maidir le teagmhais a bhaineann le monatóireacht san ionad oibre agus arb ionann iad agus sonraí pearsanta, a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

 

(a)

measúnú a dhéanamh ar thionchar ceimiceán ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;

 

(b)

faireachán a dhéanamh ar threochtaí ama agus spásúla maidir le nochtadh;

 

(c)

táscairí riosca agus tionchair sláinte a fhorbairt;

 

(d)

faireachán a dhéanamh ar thionchar na hidirghabhála rialála;

 

(e)

tacú le measúnú agus bainistíocht riosca rialála.

 

(f)

measúnú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht rialála is gá agus tosaíocht a thabhairt di;

 

(g)

measúnuithe a dhéanamh ar cheimiceáin;

 

(h)

mar chuid den choimisiúnú staidéir faoin sásra um ghiniúint sonraí dtagraítear in Airteagal 21.

Leasú 75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4c.     Ní fhéadfaidh EFSA sonraí bithmhonatóireachta daonna arb ionann iad agus sonraí pearsanta a phróiseáil ach chun na gcríoch seo a leanas amháin:

 

(a)

measúnú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht rialála is gá agus tosaíocht a thabhairt di;

 

(b)

measúnuithe a dhéanamh ar cheimiceáin;

 

(c)

tacú le bainistíocht riosca rialála.

Leasú 76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4d.     Ní fhéadfaidh EMA sonraí bithmhonatóireachta daonna arb ionann iad agus sonraí pearsanta a phróiseáil ach chun na gcríoch seo a leanas amháin:

 

(a)

measúnú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht rialála is gá agus tosaíocht a thabhairt di;

 

(b)

measúnuithe a dhéanamh ar cheimiceáin;

 

(c)

tacú le bainistíocht riosca rialála.

Leasú 77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4e.     Ní fhéadfaidh EU-OSHA sonraí bithmhonatóireachta daonna arb ionann iad agus sonraí pearsanta a phróiseáil ach chun na gcríoch seo a leanas amháin:

 

(a)

taighde eolaíochta atá dírithe ar cheapadh beartais;

 

(b)

measúnú a dhéanamh ar thionchar ceimiceán ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;

 

(c)

faireachán a dhéanamh ar threochtaí ama agus spásúla maidir le nochtadh;

 

(d)

faireachán a dhéanamh ar thionchar na hidirghabhála rialála;

 

(e)

measúnú a dhéanamh ar an ngá le tuilleadh gníomhaíocht rialála agus tosaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht sin;

 

(f)

tacú le bainistíocht riosca rialála.

Leasú 78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Cuirfidh EEA na sonraí bithmhonatóireachta daonna atá acu nó a óstálann siad ar fáil go poiblí i bhfoirm anaithnidithe tríd an Ardán Faisnéise maidir le Faireachán ar Cheimiceáin.

5.   Cuirfidh EEA agus ECHA na sonraí bithmhonatóireachta daonna atá acu nó a óstálann siad ar fáil go poiblí i bhfoirm anaithnidithe tríd an Ardán Faisnéise maidir le Faireachán ar Cheimiceáin.

Leasú 79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.     Ní bhainfidh aon phróiseáil ar shonraí bithmhonatóireachta daonna arb ionann iad agus sonraí pearsanta, arna déanamh ag EEA, ECHA, EFSA, EMA, EU-OSHA, nó an Coimisiún chun na gcríoch dá dtagraítear i míreanna 4, 4a, 4b, 4c, 4d, agus 4e, le comhroinnt na sonraí sin le tríú páirtithe.

Leasú 80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Feidhmeoidh EEA mar rialaitheoir sonraí do na sonraí pearsanta bithmhonatóireachta daonna a choinníonn nó a óstálann sé agus próisis chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 2 .

6.   Feidhmeoidh EEA , ECHA, EFSA, EMA, EU-OSHA agus an Coimisiún mar rialaitheoir sonraí do na sonraí bithmhonatóireachta daonna arb ionann iad agus sonraí pearsanta a choinníonn siad, a óstálann siad nó a phróiseálann siad chun na gcríoch dá dtagraítear i míreanna 4, 4a, 4b, 4c, 4d agus 4e .

Leasú 81

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a.     Déanfaidh EEA, ECHA, EFSA, EMA, EU-OSHA agus an Coimisiún an tréimhse stórála a shainiú, agus déanfaidh siad aon athbhreithniú ina leith, do na sonraí bithmhonatóireachta daonna arb ionann iad agus sonraí pearsanta a choinníonn siad chomh maith leis na critéir a úsáidtear chun an tréimhse stórála a shainiú.

Leasú 82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6b.     Áirítear leis na sonraí bithmhonatóireachta daonna dá dtagraítear san Airteagal sin sonraí pearsanta arna mbailiú go dleathach roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú 83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Áireoidh ECHA sa stór luachanna tagartha, gan moill mhíchuí, aon luach tagartha a ghintear mar chuid de chláir nó de ghníomhaíochtaí taighde de chuid an Aontais, de chláir nó de ghníomhaíochtaí taighde náisiúnta nó de chláir nó de ghníomhaíochtaí taighde idirnáisiúnta, agus a chuirtear ar fáil do ECHA sna formáidí caighdeánacha dá dtagraítear in Airteagal 14, i gcás inar forbraíodh an fhormáid chaighdeánach.

Leasú 84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Bunóidh agus oibreoidh ECHA sásra le haghaidh comhair agus malartú faisnéise le húdaráis um malartú staidéir de chuid tríú tíortha ábhartha arna bhfógairt nó arna dtíolacadh ag oibreoirí gnó do na húdaráis sin chun tacú le hiarratas, fógra nó sainchomhad rialála le haghaidh ceimiceáin faoin... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Leasú 85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Stórálfaidh ECHA sa Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir na sonraí dá dtugtar fógra dó ina leith i gcomhréir le hAirteagal 22.

2.   Stórálfaidh ECHA sa Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir na sonraí a dtugtar fógra dó ina leith i gcomhréir le hAirteagal 22 agus na sonraí a fhaightear tríd an sásra dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal sin .

Leasú 86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.    Comhtháthóidh ECHA na sonraí atá sa Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir ar an ardán sonraí comhchoiteann nuair a bheidh clárú, iarratas, fógra nó sainchomhad rialála ábhartha eile curtha faoi bhráid na hinstitiúide, gníomhaireachta, nó comhlachta ábhartha Aontais nó náisiúnta agus tar éis don institiúid, gníomhaireacht, nó comhlacht Aontais nó náisiúnta sin cinneadh a ghlacadh maidir le nochtadh na staidéar lena ngabhann i gcomhréir leis na rialacha infheidhme maidir le rúndacht .

3.    Measfar na sonraí atá sa Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir a bheith rúnda agus ní chuirfear ar fáil iad don phobal .

Leasú 87

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Gan dochar do mhír 4, i gcás ina gcuirfidh an Coimisiún nó ceann ar bith de na Gníomhaireachtaí clárúchán, iarratas, fógra nó sainchomhad rialála ábhartha eile ar ina chomhthéacs sin a tíolacadh fógra faoi Airteagal 22 ar fáil do ECHA i gcomhréir le hAirteagal 5(2), cuirfidh sé na gnéithe in iúl de na fógraí staidéir atá rúnda nuair a áirítear iad ar an ardán sonraí comhchoiteann. Ní chuirfear na gnéithe sin in iúl mar ghnéithe rúnda ach amháin i gcás ina gcuirtear an ghné chéanna in iúl mar ghné rúnda san iarratas comhfhreagrach, san fhógra comhfhreagrach nó sa sainchomhad rialála ábhartha comhfhreagrach eile i gcomhréir leis na forálacha maidir le rúndacht faoin ngníomh tionscnaimh de chuid an Aontais.

Leasú 88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4b.     Tar éis do ECHA clárúchán, iarratas, fógra nó sainchomhad rialála ábhartha eile a fháil ar ina chomhthéacs sin a tíolacadh fógra faoi Airteagal 22, cuirfidh ECHA an fhaisnéis atá bainteach leis an bhfógra ar fáil tríd an ardán sonraí comhchoiteann, i gcomhréir leis na forálacha maidir le rúndacht faoin ngníomh tionscnaimh de chuid an Aontais.

Leasú 89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4c.

Beidh rochtain ag údaráis agus údaráis náisiúnta forfheidhmithe ar na sonraí atá sa Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir sula ndéanfar na sonraí sin a chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann.

Leasú 90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Mar chuid den ardán sonraí comhchoiteann, déanfaidh ECHA bunachar sonraí nua a bhunú agus a bhainistiú ina mbeidh faisnéis maidir le próisis rialála ar shubstaintí aonair nó grúpaí substaintí atá beartaithe, atá ar bun nó a cuireadh i gcrích ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin ag na Ballstáit nó na hinstitiúidí , gníomhaireachtaí nó coistí Aontais dá dtagraítear i ngníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III.

1.   Mar chuid den ardán sonraí comhchoiteann, déanfaidh ECHA bunachar sonraí nua a bhunú agus a bhainistiú ina mbeidh faisnéis maidir le próisis rialála ar cheimiceáin aonair nó grúpaí ceimiceán atá beartaithe, atá ar bun nó a cuireadh i gcrích ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin ag na Ballstáit nó institiúidí , gníomhaireachtaí nó coistí an Aontais dá dtagraítear i ngníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III.

Leasú 91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   I gcás ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ag údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in aon cheann de ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III, cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don ghníomhaireacht de chuid an Aontais atá freagrach faoin ngníomh ábhartha de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III gan moill mhíchuí.

2.   I gcás ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ag údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in aon cheann de ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III, cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don ghníomhaireacht de chuid an Aontais atá freagrach faoin ngníomh ábhartha de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III gan moill mhíchuí. Maidir le gach próiseas nó gníomhaíocht rialála, áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

Leasú 92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(a)

céannacht cheimiceáin;

Leasú 93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b)

gníomh an Aontais agus an próiseas rialála faoina dtarlaíonn an ghníomhaíocht;

Leasú 94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(c)

an aighnitheoir nó gníomhaire atá freagrach as an bpróiseas nó an ghníomhaíocht rialála;

Leasú 95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(d)

stádas an phróisis nó na gníomhaíochta rialála;

Leasú 96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(e)

toradh an phróisis nó na gníomhaíochta rialála, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na tuarascálacha nó tuairimí a glacadh;

Leasú 97

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe f (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(f)

i gcás inarb infheidhme, an dáta atá beartaithe chun tús a chur leis an bpróiseas nó gníomhaíocht rialála, agus dáta an chur i gcrích agus an nuashonraithe is déanaí;

Leasú 98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe g (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(g)

i gcás inarb infheidhme, an áirítear leis an bpróiseas nó gníomhaíocht úsáid ainmhithe sa tástáil agus na críochphointí dá n-úsáidtear iad.

Leasú 99

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

aitheantas substainte ;

(a)

céannacht cheimiceáin ;

Leasú 100

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa)

i gcás inarb infheidhme, an áirítear leis an bpróiseas nó gníomhaíocht úsáid ainmhithe sa tástáil agus na críochphointí dá n-úsáidtear iad.

Leasú 101

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Cuirfear ar fáil don phobal an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) go (f) , maidir le próiseas nó gníomhaíocht rialála shonrach nuair a chuirtear tús go foirmiúil leis an bpróiseas nó gníomhaíocht sin .

4.   Cuirfear ar fáil don phobal an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) go ( fa) , maidir le próiseas nó gníomhaíocht rialála shonrach gan moill mhíchuí .

Leasú 102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 10a

 

Faisnéis faoi cheimiceáin in airteagail

 

1.     Déanfaidh ECHA, mar chuid den ardán sonraí comhchoiteann, bunachar sonraí a bhunú agus a bhainistiú ina mbeidh faisnéis faoi cheimiceáin in earraí a ghintear nó a thíolactar mar chuid de chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn I.

 

Sa bhunachar sonraí sin, comhtháthófar an fhaisnéis is gá faoi Airteagal 9(1)(i) de Threoir 2008/98/CE agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1781.

 

Dearfaidh an Coimisiún feidhmíochtaí ábhartha bainteacha an bhunachair sonraí.

 

2.     I gcás ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ag údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in aon cheann de ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don ghníomhaireacht de chuid an Aontais atá freagrach faoin ngníomh ábhartha de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I gan moill mhíchuí.

 

3.     I gcás ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ag ECHA, EEA, EFSA, EU-OSHA nó ag an gCoimisiún, cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil do ECHA lena gcomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann sna formáidí caighdeánacha dá ndéantar foráil in Airteagal 14 gan moill mhíchuí agus, i gcás inarb ábhartha, nuair atá an measúnú bailíochta feidhmithe ag an ngníomhaireacht freagrach nó ag an gCoimisiún.

Leasú 103

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 10b

 

Faisnéis faoi roghanna malartacha atá níos sábháilte ná substaintí ar ábhair imní iad

 

1.     Déanfaidh ECHA, mar chuid den ardán sonraí comhchoiteann, bunachar sonraí a bhunú agus a bhainistiú ina bhfuil faisnéis faoi roghanna malartacha atá níos sábháilte ná substaintí ar ábhair imní iad mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(27) de Rialachán (AE) 2024/1781 chomh maith le substaintí a chomhlíonann na critéir le bheith aicmithe in aicmí guaise dá dtagraítear in Airteagal 2(27)(b) de Rialachán (AE) 2024/1781, lena n-áirítear faisnéis faoi ábhair nach bhfuil na substaintí sin de dhíth orthu. Dearfaidh an Coimisiún feidhmíochtaí ábhartha bainteacha an bhunachair sonraí.

 

2.     I gcás ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ag údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in aon cheann de ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don ghníomhaireacht de chuid an Aontais atá freagrach faoin ngníomh ábhartha de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I gan moill mhíchuí.

 

3.     I gcás ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ag ECHA, EEA, EFSA, EU-OSHA nó ag an gCoimisiún, cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil do ECHA lena gcomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann sna formáidí caighdeánacha dá ndéantar foráil in Airteagal 14 gan moill mhíchuí agus, i gcás inarb ábhartha, nuair atá an measúnú bailíochta feidhmithe ag an ngníomhaireacht freagrach nó ag an gCoimisiún.

 

4.     Spreagfaidh ECHA soláthraithe roghanna malartacha atá níos sábháilte ná substaintí ar ábhair imní iad, nó ábhair nach bhfuil na substaintí sin de dhíth orthu, iad a shainaithint agus na sonraí ábhartha uile a sholáthar.

Leasú 104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Tabharfaidh ECHA suas chun dáta an fhaisnéis sa bhunachar sonraí ar bhonn tráthrialta agus i gcomhréir leis an scéim rialachais dá dtagraítear in Airteagal 4(3).

2.   Nuashonróidh ECHA an fhaisnéis sa bhunachar sonraí ar bhonn tráthrialta , gach bliain ar a laghad, agus i gcomhréir leis an scéim rialachais dá dtagraítear in Airteagal 4(3).

Leasú 105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ar a dhéanaí laistigh de 3 bliana tar éis an chinnidh dá dtagraítear i mír 4 a fhoilsiú , bunóidh agus bainisteoidh ECHA, mar chuid den ardán sonraí comhchoiteann, bunachar sonraí ina mbeidh sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil.

1.   Ar a dhéanaí laistigh de 3 bliana tar éis tacair sonraí a shainaithint agus feidhmíochtaí bunachar sonraí dá dtagraítear i mír 4 a dhearadh , bunóidh agus bainisteoidh ECHA, mar chuid den ardán sonraí comhchoiteann, bunachar sonraí ina mbeidh sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil.

Leasú 106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   I gcás ina n-óstálann nó ina gcoimeádann an Coimisiún nó na Gníomhaireachtaí sonraí maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil anuas ar na sonraí ceimiceán atá ar fáil cheana féin san ardán sonraí comhchoiteann, cuirfidh siad na sonraí sin ar fáil do ECHA gan moill mhíchuí nuair a bhíonn na measúnuithe bailíochta agus rúndachta curtha i gcrích ag an gCoimisiún nó ag an nGníomhaireacht a bhfuil na sonraí á n-óstáil nó á gcoimeád acu, i gcás inarb ábhartha. Soláthróidh an Coimisiún agus na Gníomhaireachtaí an comhar teicniúil is gá do ECHA chun comhtháthú na sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil sa bhunachar sonraí maidir le sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil.

2.   I gcás ina n-óstálann nó ina gcoimeádann Údaráis, nó gníomhaireachtaí náisiúnta, sonraí maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil anuas ar na sonraí ceimiceán atá ar fáil cheana féin san ardán sonraí comhchoiteann, cuirfidh siad na sonraí sin ar fáil do ECHA gan moill mhíchuí nuair a bheidh na measúnuithe bailíochta agus rúndachta curtha i gcrích ag an Údarás nó ag an ngníomhaireacht náisiúnta a bhfuil na sonraí á n-óstáil nó á gcoimeád acu, i gcás inarb ábhartha. Soláthróidh Údaráis, agus gníomhaireachtaí náisiúnta, an comhar teicniúil is gá do ECHA chun comhtháthú na sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil a chumasú sa bhunachar sonraí maidir le sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil. Soláthróidh ECHA an tacaíocht is gá do na hÚdaráis agus na Gníomhaireachtaí náisiúnta chun comhtháthú na sonraí sin a chumasú.

Leasú 107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   I gcás ina gcuireann taighdeoirí nó cuibhreannais ar fáil do ECHA taighde arna gcistiú ag cláir réime an Aontais, faoi Airteagal 5(6), aon sonraí inbhuanaitheachta comhshaoil maidir le ceimiceáin nó ábhair a bhailíonn nó a ghineann siad, comhtháthóidh ECHA na sonraí ábhartha sa bhunachar sonraí maidir le sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil.

3.   I gcás ina gcuireann taighdeoirí nó cuibhreannais ar fáil do ECHA taighde arna gcistiú ag cláir réime an Aontais agus cláir réime náisiúnta , faoi Airteagal 5(6), aon sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil maidir le ceimiceáin nó ábhair a bhailíonn nó a ghineann siad, comhtháthóidh ECHA na sonraí ábhartha sa bhunachar sonraí maidir le sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil.

Leasú 108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Faoi [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún cinneadh ina sainaithnítear tacair sonraí maidir le sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil atá ann cheana, seachas iad sin dá dtagraítear i mír 2, lena n-áireamh san ardán sonraí comhchoiteann agus dearfaidh siad feidhmiúlachtaí ábhartha gaolmhara na mbunachar sonraí.

4.    Faoin... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], sainaithneoidh an Coimisiún , i gcomhairle leis na Ballstáit, tacair sonraí maidir le sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil atá ann cheana, seachas iad sin dá dtagraítear i mír 2, lena n-áireamh san ardán sonraí comhchoiteann , iarrfaidh siad ar ECHA iad a óstáil agus a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus dearfaidh siad feidhmiúlachtaí ábhartha gaolmhara na mbunachar sonraí.

Leasú 109

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Malartóidh an Coimisiún agus na Gníomhaireachtaí na sonraí atá ar an ardán sonraí comhchoiteann san fhormáid chaighdeánach ábhartha.

4.   Malartóidh na hÚdaráis nó na gníomhaireachtaí náisiúnta na sonraí atá ar an ardán sonraí comhchoiteann san fhormáid chaighdeánach ábhartha.

Leasú 110

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 5 – pointe i a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ia)

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1a).

 

Leasú 111

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 5 – pointe i b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ib)

Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1b)

 

Leasú 112

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme chun an dibhéirseacht a leigheas.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun an dibhéirseacht a leigheas

Leasú 113

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 5 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

iad a chur ar fáil saor in aisce tríd an ardán sonraí comhchoiteann agus mar thacair sonraí oscailte;

(a)

iad a chur ar fáil saor in aisce tríd an ardán sonraí comhchoiteann mar thacair sonraí oscailte , lena dtacaítear lena n-athúsáid ;

Leasú 114

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme chun an dibhéirseacht a leigheas.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun an dibhéirseacht a leigheas

Leasú 115

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 15a

 

Glacadh sonraí taighde

 

1.     Beidh taighdeoirí in ann sonraí taighde atá ar fáil go poiblí maidir le ceimiceáin a bhaineann le hiontráil san ardán sonraí comhchoiteann. Déanfar sonraí taighde a thíolacadh i bhformáid arna forordú ag ECHA.

 

2.     Faoin... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], bunóidh agus coinneoidh ECHA ardán ar líne don phróiseas tíolactha dá dtagraítear i mír 1.

 

3.     Déanfaidh ECHA measúnú ar chomhlíonadh sonraí taighde arna dtíolacadh tríd an tairseach dá dtagraítear i mír 2 leis na riachtanas leagtha amach sna treoirlínte dá dtagraítear i mír 4. I gcás ina meastar go gcomhlíonann sonraí taighde a tíolacadh na riachtanais sin, déanfar na sonraí a óstáil ar an ardán sonraí comhchoiteann in éineacht leis an iontráil chomhfhreagrach.

 

4.     Faoin... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], foilseoidh an Coimisiún treoirlínte lena leagtar amach na riachtanais íosta cáilíochta agus tuairiscithe chun glacadh na sonraí taighde a fheabhsú.

 

5.     Chun a áirithiú go dtíolacfar na sonraí taighde i bhformáid aonchineálach, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid chaighdeánach i gcomhair thíolacadh sonraí taighde.

 

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin faoin... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24a(2).

Leasú 116

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Tá rochtain ag na hÚdaráis ar na sonraí ceimiceán uile atá san ardán sonraí comhchoiteann, lena n-áirítear sonraí a mheastar a bheith rúnda faoi Airteagal 5(2), an dara abairt.

1.   Tá rochtain ag na hÚdaráis ar na sonraí ceimiceán uile atá san ardán sonraí comhchoiteann, lena n-áirítear sonraí atá marcáilte mar rúnda faoi Airteagal 5(2), an dara abairt.

Leasú 117

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfaidh na hÚdaráis na bearta is gá chun a áirithiú nach ndéantar poiblí faisnéis atá san ardán sonraí rúnda marcáiltear amhail rúnda i gcomhréir le hAirteagal 5(2).

2.   Déanfaidh na hÚdaráis na bearta is gá , lena n-áirítear bearta slándála, chun a áirithiú nach ndéantar faisnéis atá san ardán sonraí rúnda marcáiltear amhail rúnda i gcomhréir le hAirteagal 5(2) , a chur ar fáil don phobail .

Leasú 118

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Beidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar na sonraí uile atá ar an ardán sonraí comhchoiteann agus meastar iad a bheith ar fáil don phobal i gcomhréir le gníomh an Aontais faoinar gineadh nó faoinar cuireadh isteach na sonraí .

3.   Beidh rochtain ag an bpobal ar na sonraí ceimiceán uile atá ar an ardán sonraí comhchoiteann seachas sonraí a mharcáiltear a bheith rúnda faoi Airteagal 5(2) .

Leasú 119

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Féadfaidh na hÚdaráis na sonraí ceimiceán atá san ardán sonraí comhchoiteann i bhfeidhmiú aon cheann dá ngníomhaíochtaí, i gcás ina dtacaíonn na gníomhaíochtaí sin le forbairt nó cur chun feidhme na reachtaíochta agus an bheartais maidir le ceimiceáin .

1.   Féadfaidh na hÚdaráis na sonraí ceimiceán atá san ardán sonraí comhchoiteann nó sa Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir i bhfeidhmiú aon cheann dá ngníomhaíochtaí, i gcás ina dtacaíonn na gníomhaíochtaí sin le forbairt , cur chun feidhme nó forfheidhmiú na reachtaíochta agus an bheartais.

Leasú 120

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Gan dochar d’fhorálacha atá ann cheana lena gcumasaítear comhroinnt agus úsáid sonraí ceimiceán faoi ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II, ní úsáidfidh na hÚdaráis na sonraí ceimiceán atá san ardán sonraí comhchoiteann chun aon oibleagáidí shealbhóirí dualgais a chomhlíonadh.

2.   Gan dochar d’fhorálacha atá ann cheana lena gcumasaítear comhroinnt agus úsáid sonraí ceimiceán faoi ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II, agus don fhéidearthacht bearnaí sonraí a shainaithint sna hiarratais arna bhfáil ó oibritheoirí gnó, ní úsáidfidh na hÚdaráis na sonraí ceimiceán atá san ardán sonraí comhchoiteann chun aon oibleagáidí ar shealbhóirí dualgais a chomhlíonadh.

Leasú 121

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Áireofar téarmaí agus coinníollacha san ardán sonraí comhchoiteann freisin, go háirithe téarmaí agus coinníollacha maidir le urramú ceart maoine intleachtúla agus ceart gaolmhar eile.

Leasú 122

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   I gcomhar le ECHA, EFSA, EMA, EU-OSHA agus an Coimisiún, déanfaidh EEA creat táscairí a bhunú, a oibriú agus a choinneáil ar bun chun faireachán a dhéanamh ar spreagthaí agus tionchair an nochta do cheimiceáin, chun éifeachtacht na reachtaíochta maidir le ceimiceáin a thomhas agus chun an t-aistriú i dtreo tháirgeadh ceimiceán sábháilte agus inbhuanaithe a thomhas.

1.   I gcomhar le ECHA, EFSA, EMA, EU-OSHA agus an Coimisiún, déanfaidh EEA creat táscairí a bhunú, a oibriú , a choinneáil ar bun agus é a nuashonrú de réir mar is iomchuí i gcomhairle leis na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar an truailliú ceimiceán le linn shaolré an cheimiceáin, lena n-áirítear astaíochtaí, teagmhais agus cinniúint, chun faireachán a dhéanamh ar spreagthaí agus tionchair an nochta do cheimiceáin, chun éifeachtacht na reachtaíochta maidir le ceimiceáin a thomhas agus chun an t-aistriú i dtreo tháirgeadh ceimiceán sábháilte agus inbhuanaithe a thomhas.

Leasú 123

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Áireofar sa chreat táscairí dá dtagraítear i mír 1 táscaire riosca críochbhunaithe carntha ar leibhéil riaracháin éagsúla mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí ama agus spásúla i nochtadh daonraí ar cheimiceáin aonair agus iomaíocha agus ar rioscaí sláinte a bhaineann leis an nochtadh agus an comhnochtadh sin.

Leasú 124

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Beidh an creat táscairí dá dtagraítear i mír 1 inrochtana i bhfoirm deais táscaire, a bhunóidh EEA agus a chuirfidh ECHA ar fáil tríd an ardán sonraí comhchoiteann.

2.   Beidh an creat táscairí dá dtagraítear i mír 1 , agus an táscaire carntha dá dtagraítear i mír 1a, inrochtana i bhfoirm deais táscaire, a bhunóidh EEA agus a chuirfidh ECHA ar fáil tríd an ardán sonraí comhchoiteann.

Leasú 125

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

córais luathrabhaidh náisiúnta atá ann cheana ;

(b)

córais luathrabhaidh náisiúnta;

Leasú 126

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 – fomhír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

sonraí atá ag EEA;

(c)

sonraí atá ag EEA , lena n-áirítear sonraí ó bhithmhonatóireacht dhaonna dá dtagraítear in Airteagal 6, agus sonraí ón gcreat táscairí agus an táscaire carntha dá dtagraítear in Airteagal 18 ;

Leasú 127

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 – fomhír 1 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)

acmhainní ábhartha ó Chatalóg Thacair Sonraí an Aontais arna bhunú le hAirteagal 57 de Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an Spás Eorpach um Shonraí Sláinte... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an uimhir agus an tagairt don fhoilseachán];

Leasú 128

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 – fomhír 1 – pointe e b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(eb)

faisnéis ábhartha ar torthaí de chláir náisiúnta forfheidhmithe iad;

Leasú 129

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 – fomhír 1 – pointe e c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ec)

sonraí nó faisnéis ábhartha arna dtíolacadh ag taighdeoirí.

Leasú 130

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Sainaithneoidh agus baileoidh ECHA, EFSA, EU-OSHA agus EMA sonraí ábhartha atá ar fáil maidir le comharthaí luathrabhaidh ón réimse a thagann faoina sainordú agus na sonraí sin a sholáthar do EEA.

3.   Sainaithneoidh agus baileoidh ECHA, EFSA, EU-OSHA agus EMA sonraí ábhartha atá ar fáil maidir le comharthaí luathrabhaidh arna bhfáil de bhun an Rialacháin seo ón réimse a thagann faoina sainordú agus na sonraí sin a sholáthar do EEA.

Leasú 131

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Tarraingeoidh EEA suas tuarascáil bhliantúil, ina ndéanfar sonraí a chur i dtoll a chéile agus a anailísiú maidir le comharthaí luathrabhaidh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3. [Ullmhófar an chéad tuarascáil faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 6 mhí tar éis na chéad bhliana féilire tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Cuirfidh EEA an tuarascáil sin faoi bhráid an Choimisiúin, na ngníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus údaráis inniúla na mBallstát chun an gá atá le gníomhaíocht rialála nó beartais a bhaineann le comharthaí luathrabhaidh a mheas.

4.   Tarraingeoidh EEA suas tuarascáil bhliantúil, ina ndéanfar sonraí a chur i dtoll a chéile agus a anailísiú maidir le comharthaí luathrabhaidh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3. [Ullmhófar an chéad tuarascáil faoin... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 6 mhí tar éis na chéad bhliana féilire tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Cuirfidh EEA an tuarascáil sin faoi bhráid an Choimisiúin, na ngníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus údaráis inniúla na mBallstát chun an gá atá le gníomhaíocht rialála nó beartais a bhaineann le comharthaí luathrabhaidh a mheas. Laistigh de 6 mhí ó chur i láthair na tuarascála, tabharfaidh na hÚdaráis faoi ghníomhaíochtaí rialála, beartais nó forfheidhmithe dá réir sin nó soláthróidh siad údar leis má chinneann siad gan dul ar aghaidh le haon ghníomhaíocht a bhaineann le ceann ar bith de na comharthaí luathrabhaidh arna sainaithint sa tuarascáil, lena n-áirítear measúnú ar iarmhairtí féideartha na heaspa gníomhaíochta.

Leasú 132

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     I gcás ina léirítear leis an anailís ar na sonraí go bhfuil riosca ann a bhfuil gníomhaíocht phráinneach de dhíth ina leith, cuirfidh EEA na húdaráis ar an eolas gan moill mhíchuí.

Leasú 133

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Cuirfidh EEA na sonraí ábhartha uile maidir le comharthaí luathrabhaidh atá aige nó a óstálann sé chomh maith leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 ar fáil do ECHA lena chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann.

5.   Cuirfidh EEA na sonraí uile maidir le comharthaí luathrabhaidh atá aige nó a óstálann sé chomh maith leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 ar fáil do ECHA lena chomhtháthú san ardán sonraí comhchoiteann.

Leasú 134

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.     Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, i gcás inarb ábhartha, na rioscaí ceimiceáin atá ag teacht chun cinn arna sainaithint, i gcomhréir leis an Airteagal seo, i bpleanáil straitéiseach gníomhaíochtaí T&N Rialachán (AE) 2021/695 (1a).

 

Leasú 135

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfaidh ECHA faireachlann a bhunú, a oibriú agus a choinneáil ar bun maidir le ceimiceáin shonracha a measann an Coimisiún gur gá grinnscrúdú breise a dhéanamh orthu. Áireofar faisnéis iontaofa maidir le hairíonna, gnéithe sábháilteachta, úsáidí agus láithreacht mhargaidh na gceimiceán.

1.   Déanfaidh ECHA faireachlann a bhunú, a oibriú agus a choinneáil ar bun maidir le ceimiceáin shonracha nó grúpaí sonracha ceimiceán a measann an Coimisiún gur gá grinnscrúdú breise a dhéanamh orthu. Áireofar faisnéis iontaofa maidir le hairíonna, gnéithe sábháilteachta, úsáidí agus láithreacht mhargaidh na gceimiceán.

Leasú 136

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Faoi [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún liosta de na ceimiceáin roghnaithe a ghlacadh agus a fhoilsiú trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an liosta ceimiceán roghnaithe go tráthrialta agus aon athbhreithniú díobh a ghlacadh leis an modh céanna.

2.    Faoin... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún liosta de na ceimiceáin roghnaithe a ghlacadh agus a fhoilsiú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an liosta ceimiceán roghnaithe go tráthrialta agus aon athbhreithniú díobh a ghlacadh leis an modh céanna.

Leasú 137

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 4 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

sonraí tiomsaithe a chur ar fáil go poiblí tríd an ardán sonraí comhchoiteann nó uirlisí cumarsáide agus for-rochtana eile de réir mar is iomchuí, chun plé sochaíoch eolasach a éascú agus feasacht phoiblí a mhéadú ar na hairíonna, gnéithe úsáide agus sábháilteachta de cheimiceáin sonracha, agus an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

(c)

sonraí tiomsaithe a chur ar fáil go poiblí tríd an ardán sonraí comhchoiteann nó uirlisí cumarsáide agus for-rochtana eile de réir mar is iomchuí, chun sainaithint riachtanais bhreise fhéideartha taighde nó bearta bainistithe riosca a éascú, chun plé sochaíoch eolasach a éascú agus feasacht phoiblí a mhéadú ar na hairíonna, gnéithe úsáide agus sábháilteachta de cheimiceáin sonracha, agus an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

Leasú 138

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Trí na hacmhainní neamhspleácha is fearr atá ar fáil a úsáid, féadfaidh ECHA staidéir eolaíocha a choimisiúnú chun tacú le cur chun feidhme ghníomhartha an Aontais maidir le ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn I laistigh dá shainordú agus chun rannchuidiú le tacaíocht, meastóireacht nó forbairt bheartas an Aontais maidir le ceimiceáin.

1.   Trí na hacmhainní neamhspleácha is fearr atá ar fáil a úsáid, féadfaidh ECHA staidéir eolaíocha a choimisiúnú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

 

(a)

tacú le cur chun feidhme ghníomhartha an Aontais maidir le ceimiceáin nó grúpaí ceimiceán a liostaítear in Iarscríbhinn I laistigh dá shainordú agus chun rannchuidiú le tacaíocht, meastóireacht nó forbairt bheartas an Aontais maidir le ceimiceáin;

 

(b)

imscrúdú breise a dhéanamh ar rioscaí ceimiceáin arna sainaithint sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 19(4) den Rialachán seo;

 

(c)

suirbhé samplála sonraí uile-Aontais a dhéanamh ar bhithmhonatóireacht dhaonna i gcomhar leis na Ballstáit .

Leasú 139

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ECHA na staidéir eolaíocha dá dtagraítear i mír 1 a choimisiúnú.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ECHA na staidéir eolaíocha dá dtagraítear i mír 1 agus Airteagal 20(4), pointe (b), den Rialachán seo, a choimisiúnú. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go n-iarrfaidh an Coimisiún ar ECHA na staidéir eolaíochta sin a choimisiúnú.

Leasú 140

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Ní choimisiúnóidh ECHA staidéir eolaíocha ach amháin i gcás nach féidir torthaí a fháil trí na forálacha dlíthiúla nó próisis dhlíthiúla atá ann cheana faoi reachtaíocht an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I. Ní choimisiúnóidh sé staidéir le cuspóir taighde príomhúil.

3.   Ní choimisiúnóidh ECHA staidéir eolaíocha ach amháin i gcás nach féidir torthaí a fháil trí na forálacha dlíthiúla nó próisis dhlíthiúla atá ann cheana faoi reachtaíocht an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I. Tabharfaidh sé tosaíocht d’úsáid modhanna nach mbaineann le hainmhithe, gan tástáil ar ainmhithe veirteabracha a úsáid ach amháin mar rogha deiridh. Ní choimisiúnóidh sé staidéir le cuspóir taighde príomhúil.

 

Breathnóidh ECHA ar an ardán sonraí comhchoiteann chun dúbailt neamhriachtanach staidéar a sheachaint.

Leasú 141

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Féadfaidh ECHA sampla de shubstaint a iarraidh ar oibreoir gnó, i gcás ina bhfuil an sampla sin ríthábhachtach chun an staidéar eolaíoch dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach. Beidh údar cuí leis an iarratas agus déanfar aon láimhseáil ar an tsubstaint i gcomhréir leis na rialacha rúndachta agus cosanta sonraí is infheidhme faoi dhlí ábhartha an Aontais. Déanfaidh an t-oibreoir gnó ábhartha, arna iarraidh sin dó ag ECHA, an sampla iarrtha a sholáthar do ECHA nó d’aon chomhlacht arna choimisiúnú ag ECHA chun an staidéar eolaíoch a dhéanamh.

Leasú 142

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Coimisiúnóidh ECHA na staidéir eolaíocha sin ar bhealach oscailte agus trédhearcach.

5.   Coimisiúnóidh ECHA na staidéir eolaíocha sin ar bhealach oscailte agus trédhearcach.

 

Foilseoidh ECHA, ar a shuíomh gréasáin, an togra le haghaidh an stáidéir a bhfuil sé i gceist aige a choimisiúnú.

Leasú 143

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a.     Gan dochar don oibleagáid ar iarratasóirí sábháilteacht ábhair arna chur faoi chóras údaraithe a léiriú, féadfaidh an Coimisiún, i gcúinsí eisceachtúla ina mbíonn conspóidí tromchúiseacha nó torthaí a thagann salach ar a chéile, iarraidh ar ECHA staidéir eolaíocha a choimisiúnú a bhfuil sé mar chuspóir leo fianaise arna húsáid ina phróiseas measúnaithe guaise agus riosca a fhíorú. Féadfaidh raon feidhme na staidéar a choimisiúnófar a bheith níos leithne ná an fhianaise atá le fíorú.

Leasú 144

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6b.     Gach cúig bliana, déanfaidh ECHA, i gcomhar le EFSA, staidéar bithmhonatóireachta daonna uile-Aontais a choimisiúnú a chlúdaíonn gach Ballstát.

Leasú 145

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 6 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6c.     Déanfaidh na Ballstáit comhar agus tacóidh siad le ECHA agus EFSA chun aon staidéar bithmhonatóireachta daonna laistigh dá gcríocha a eagrú, chun sampláil agus bailiú na sonraí agus ionadaíochas agus cáilíocht leormhaith na sonraí a áirithiú. Cloífidh na staidéir bithmhonatóireachta daonna le caighdeáin eiticiúla agus rúndachta.

Leasú 146

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Tabharfaidh oibreoirí gnó fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9, gan moill mhíchuí , maidir le haon staidéar ar cheimiceáin a choimisiúnaíonn siad le tacú le hiarratas, fógra nó sainchomhad rialála a fógraíodh nó a cuireadh faoi bhráid Údaráis, chomh maith le haon staidéar maidir le ceimiceáin astu féin nó i dtáirgí a choimisiúnaíonn siad mar chuid de mheasúnú riosca nó sábháilteachta , roimh chur ar an margadh , faoi ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I. Mar sin féin, ní thabharfaidh oibreoirí gnó fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 faoi staidéir a bhfuil fógra le tabhairt ina leith faoi Airteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

1.   Tabharfaidh oibreoirí gnó fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9, gan mhoill, maidir le haon fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a bhaineann le haon staidéar a ghineann sonraí ar cheimiceáin a choimisiúnaíonn siad le tacú le hiarratas, fógra nó sainchomhad rialála a fógraíodh nó a cuireadh faoi bhráid Údaráis, chomh maith le haon staidéar maidir le ceimiceáin astu féin nó i dtáirgí a choimisiúnaíonn siad mar chuid de mheasúnú riosca nó sábháilteachta, faoi ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I.

 

Ní thabharfaidh oibreoirí gnó fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 sna cásanna seo a leanas:

 

(a)

i gcás staidéir a bhfuil fógra le tabhairt ina leith faoi Airteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

 

(b)

staidéir eolaíocha nach ndearnadh ach amháin chun críocha taighde agus nár coimisiúnaíodh chun tacú le hiarratas, fógra nó sainchomhad rialála arna gcur in iúl nó arna thíolacadh d’Údarás, nó nach cuid iad de mheasúnú riosca nó sábháilteachta faoi ghníomhartha an Aontais arna liostú in Iarscríbhinn I.

 

Soláthróidh oibreoirí gnó údar cuí le fógra mall a thabhairt faoi staidéir i gcomhréir leis an mír seo.

Leasú 147

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Chun críocha mhír 1, tabharfaidh oibreoirí gnó fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 teideal, raon feidhme, saotharlann, nó saoráid tástála ina ndéantar an staidéar, dátaí tosaithe agus críochnaithe beartaithe agus, i gcás inarb ábhartha, cé acu atá nó nach bhfuil an staidéar coimisiúnaithe chun cinneadh ECHA a chomhlíonadh de bhun Airteagail 40, 41 nó 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

2.   Chun críocha mhír 1, tabharfaidh oibreoirí gnó fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 faoin bhfaisnéis seo a leanas: céannacht na gceimiceán lena mbaineann, teideal, raon feidhme, saotharlann, nó saoráid tástála ina ndéantar an staidéar, dátaí tosaithe agus críochnaithe beartaithe , agus, i gcás inarb ábhartha, cé acu atá nó nach bhfuil an staidéar coimisiúnaithe chun cinneadh ECHA a chomhlíonadh de bhun Airteagail 40, 41 nó 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

Leasú 148

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Tabharfaidh saotharlanna agus saoráidí tástála fógra freisin, gan moill mhíchuí, maidir le haon staidéar coimisiúnaithe ag oibreoirí gnó chun tacú le sainchomhad rialála ina n-éilítear ar Ghníomhaireacht aschur eolaíoch a sholáthar, lena n-áirítear tuairim eolaíoch , faoi ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I. Mar sin féin, ní thabharfaidh saotharlanna agus saoráidí tástála fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 faoi staidéir a bhfuil fógra le tabhairt ina leith faoi Airteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

3.   Tabharfaidh saotharlanna agus saoráidí tástála fógra freisin, gan moill mhíchuí, maidir le haon fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a bhaineann le staidéir coimisiúnaithe ag oibreoirí gnó chun tacú le hiarratas, fógra nó sainchomhad rialála arna gcur in iúl nó arna dtiolacadh d’Údarás, chomh maith le haon staidéar ar cheimiceáin astu féin nó i dtáirgí a choimisiúnaíonn siad mar chuid de mheasúnú riosca nó sábháilteachta , faoi ghníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I. Mar sin féin, ní thabharfaidh saotharlanna agus saoráidí tástála fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 faoi staidéir a bhfuil fógra le tabhairt ina leith faoi Airteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

Leasú 149

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Chun críocha mhír 3, tabharfaidh saotharlanna agus saoráidí tástála fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 faoi theideal, raon feidhme, dátaí tosaithe agus críochnaithe beartaithe aon tástáil a dhéanann siad, chomh maith le hainm an oibreora gnó a choimisiúnaigh an tástáil.

4.   Chun críocha mhír 3, tabharfaidh saotharlanna agus saoráidí tástála fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 faoin bhfaisnéis seo a leanas: céannacht na gceimiceán lena mbaineann, teideal, raon feidhme, dátaí tosaithe agus críochnaithe beartaithe aon tástáil a dhéanann siad, chomh maith le hainm an oibreora gnó a choimisiúnaigh an tástáil.

Leasú 150

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach faoin airteagal seo ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24  mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

6.   Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach faoin airteagal seo ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 18  mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Leasú 151

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Leagfaidh ECHA síos na socruithe praiticiúla chun forálacha an Airteagail seo a chur chun feidhme.

7.   Leagfaidh ECHA , i ndlúthchomhar le EFSA agus i gcomhairle le geallsealbhóirí, síos na socruithe praiticiúla chun forálacha an Airteagail seo a chur chun feidhme.

Leasú 152

Togra le haghaidh rialacháin

Caibidil VIII – Teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

VIII

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE

VIII

CUMHACHTAÍ THARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE

Leasú 153

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 chun Iarscríbhinn II a leasú trí chatagóirí nua de chineálacha sonraí a chur isteach , i gcás inarb ábhartha .

2.   Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 chun Iarscríbhinn II a leasú trína fhairsingiú ar mhaithe le substaintí gníomhacha breise a chumhdach, agus trí chatagóirí nua de chineálacha sonraí a chur leis , faoi réir thoradh an athbhreithnithe in Airteagal 26a(2) .

Leasú 154

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 24a

 

Nós imeachta coiste

 

1.     Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (1a).

 

2.     I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

 

Leasú 155

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Forfheidhmiú

Forfheidhmiú agus comhar maidir le comhlíonadh

Leasú 156

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 26a

 

Tuarascálacha agus athbhreithniú

 

1.     Tráth nach déanaí ná... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta: 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ualach oibre agus ar riachtanais bhreise na nGníomhaireachtaí, a eascraíonn as na cúraimí breise a bhaineann le háireamh faisnéise ar shubstaintí i dtáirgí agus faisnéis ar roghanna malartacha, agus le háireamh faisnéise ar tháirgí íocshláinte a eascraíonn as nósanna imeachta arna gcur i gcrích roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus, i gás inarb iomchuí, soláthróidh sé acmhainní leormhaithe breise dó.

 

2.     Tráth nach déanaí ná [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta: 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na costais agus buntáistí a bhaineann leis an ardán sonraí comhchoiteann a fhairsingiú chun substaintí gníomhacha íocshláinte breise a chumhdach agus le catagóirí nua de chineálacha sonraí a chur leis.

 

3.     Tráth nach déanaí ná [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta: 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún measúnú, i gcomhar le foilsitheoirí eolaíocha agus acadúla, ar thuairisciú comhchuibhithe agus ar chumasú chomhtháthú an inneachair ábhartha ó irisí agus foilseacháin eolaíochta san ardán sonraí comhchoiteann, chun méadú breise a dhéanamh ar an nglacadh le sonraí taighde sa mheasúnú guaise agus riosca ar cheimiceáin.

 

4.     Tráth nach déanaí ná [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta: 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tuairisceoidh an Coimisiún ar na hacmhainní is gá chun aghaidh a thabhairt ar na príomhréimsí dúshláin rialála. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

 

5.     Faoin... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta: 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar an dul chun cinn déantar ar chur chun feidhme agus feidhmiú an ardáin sonraí chomhchoitinn, ar má rannchuidigh an Rialachán seo go leordhóthanach chun a chuspóirí a bhaint amach, go háirithe chun athúsáid níos fearr sonraí a cheadú feadh ghníomhartha an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

 

Tar éis na tréimhse 5 bliana, tuairisceoidh an Coimisiún go leathbhliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar an dul chun cinn atá déanta ar chur chun feidhme agus feidhmiú an ardáin sonraí chomhchoitinn.

 

6.     Bunaithe ar thorthaí na dtuarascálacha agus na measúnuithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4, cuirfidh an Coimisiún tograí reachtacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil leis sin.

Leasú 157

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 70 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

70a.

Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024)

Leasú 158

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – Cuid 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní bheidh sna sonraí sin ach sonraí a chuirtear faoi bhráid EMA i gcomhthéacs na nósanna imeachta ábhartha a thugtar chun críche tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. I gcás inarb ábhartha , na sonraí atá i seilbh EMA mar thoradh ar nósanna imeachta a thugtar chun críche roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfar iad a mheas freisin lena gcuimsiú san ardán coiteann sonraí.

Ní bheidh sna sonraí sin ach sonraí a bhaineann le ceimiceáin agus ábhair a úsáidtear i dtáirgí íocshláinte agus a chuirtear faoi bhráid EMA i gcomhthéacs na nósanna imeachta ábhartha a thugtar chun críche tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tráth nach déanaí ná... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta: 8 mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] , áireofar na sonraí atá i seilbh EMA mar thoradh ar nósanna imeachta a thugtar chun críche roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo san ardán sonraí comhchoiteann.

Leasú 159

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – Cuid 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní bheidh sna sonraí sin ach sonraí a chuirtear faoi bhráid EMA i gcomhthéacs na nósanna imeachta ábhartha a thugtar chun críche tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. I gcás inarb ábhartha , na sonraí atá i seilbh EMA mar thoradh ar nósanna imeachta a thugtar chun críche roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, measfar iad freisin lena gcuimsiú san ardán coiteann sonraí.

Ní bheidh sna sonraí sin ach sonraí a bhaineann le ceimiceáin agus ábhair a úsáidtear i dtáirgí íocshláinte agus a chuirtear faoi bhráid EMA i gcomhthéacs na nósanna imeachta ábhartha a thugtar chun críche tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tráth nach déanaí ná... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta: 8 mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] , áireofar na sonraí atá i seilbh EMA mar thoradh ar nósanna imeachta a thugtar chun críche roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo san ardán sonraí comhchoiteann.

Leasú 160

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 34 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

34a.

Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024)

Leasú 161

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

IARSCRÍBHINN IIIa

 

Tacair sonraí le háireamh ar dháta bhunú an ardáin sonraí chomhchoitinn dtagraítear in Airteagal 3

 

ECHA REACH: Clárúcháin REACH lena n-áirítear Tuarascálacha ar Shábháilteacht Ceimiceáin.

 

Aicmiú ECHA, Lipéadú agus Pacáistiú: aicmiú agus lipéadú an fhardail.

 

Rialachán na dTáirgí Bithicídeacha de chuid ECHA: sonraí maidir leis an bpróiseas formheasta do shubstaintí gníomhacha bithicídeacha.

 

Toiliú Feasach Roimh Ré (PIC) de chuid ECHA: sonraí maidir le substaintí atá faoi réir Rialachán PIC.

 

Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (POPanna): (1) Liosta POPanna; (2) Liosta na substaintí atá molta le cur ar liosta POPanna Choinbhinsiún Stócólm.

 

Bunachar sonraí ECHA SCIP: faisnéis faoi Shubstaintí ar Ábhar Mór Imní iad in earraí nó i réada casta (Táirgí) arna bunú faoin Treoir Réime Dramhaíola.

 

Sonraí ón gCoimisiún ó Thairseach Gréasáin an Phas Táirge Dhigitigh: faisnéis faoi shubstaintí ar ábhar imní iad atá i dtáirgí

 

EFSA OpenFoodTox: achoimre ar gach measúnú riosca ceimiceán ó EFSA lena n-áirítear aitheantóirí ceimiceán, críochphointí criticiúla, luachanna tagartha tocsaineolaíocha agus meiteashonraí ó aschur EFSA.

 

Sonraí Faireacháin Ceimiceáin de chuid EFSA: sonraí faireacháin ceimiceáin do lotnaidicídí agus iarmhar táirgí íocshláinte tréidliachta agus sonraí maidir le truailleán. Tomhais aonair na gceimiceán i mbia/i mbeatha agus ábhair eile arna sampláil mar chuid de rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí forfheidhmithe. Tomhais na gceimiceán i mbia agus i mbeatha arna bhfáil ón tionscal nó ó fhoinsí eile mar fhreagairt ar iarraidh ar sonraí.

 

EFSA OpenEFSA: an fhaisnéis uile a bhaineann le hobair eolaíoch EFSA. Rianú an phróisis measúnaithe riosca ó fháil an tsainchomhaid go glacadh na tuairime. Áirítear leis an bhfaisnéis atá ar fáil stádas na measúnuithe, na sainchomhad agus na staidéar, cláir oibre agus miontuairiscí, faisnéis faoi shaineolaithe, comhairliúcháin phoiblí. ·

 

Gníomhaireacht IUCLID de chuid EU_PPP EFSA: Sainchomhaid IUCLID arna dtíolacadh ag iarrthóirí (tionscail) faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a bhaineann le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh.

 

Cáilíocht Aeir EEA: sonraí cáilíochta aeir ó réimse leathan foinsí lena n-áirítear stádas reatha cháilíocht aeir na hEorpa trí chúig thruailleán éagsúla (an tInnéacs Eorpach um Cháilíocht an Aeir), na tomhais is déanaí ó ghréasán faireacháin na hEorpa um cháilíocht an aeir agus staidreamh do thruailleáin aeir arna ríomh ó shonraí a fíoraíodh go hoifigiúil le haghaidh blianta go dtí ‘X-2’.

 

EEA Waterbase Water Quality: amshraith tiúchan cothaitheach, ábhar orgánach, substaintí guaiseacha agus ceimiceán eile in aibhneacha, lochanna, screamhuisce, agus uiscí trasdultacha, cósta agus mara. Taifid arna dtuairisciú faoi Liosta Faire na Creat-Treorach maidir le hUisce do cheimiceáin in uiscí dromchla.

 

Astaíochtaí Waterbase EEA: amshraith astaíochtaí cothaitheach agus substaintí guaiseacha d’uisce, arna dtuairisciú ag Ballstáit EEA agus tíortha comhoibríocha. Sonraí maidir le hualaí bliantúla ionchuir abhann chuig uiscí trasdultacha, cósta agus mara.

 

Astaíochtaí tionsclaíocha EEA: sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit faoi raoin feidhme Rialachán E-PRTR agus faoin Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha.

 

Sonraí fhardal astaíochtaí na Treorach um Ghealltanais laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta de chuid EEA: sonraí maidir le hastaíochtaí truailleán aeir.

 

Sonraí EMA maidir le táirgí íocshláinte lena úsáid ag an duine (measúnú riosca comhshaoil agus sonraí sábháilteachta neamhchliniciúla)

 

Táirgí íocshláinte tréidliachta EMA (measúnú riosca comhshaoil agus luachanna uasteorann iarmhair agus sonraí mheasúnú na huasteorann iarmhair)


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 60(4), an ceathrú fomhír (A10-0018/2025).

(1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019)0640.

(1)   1Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019)0640.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht – i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] COM(2020)0667,

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht – i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] COM(2020)0667,

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, COM(2020) 66 final.

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, COM(2020) 66 final.

(10)  Doiciméad Tionscnaimh an Aontais Eorpaigh faoi Thionscadal an Ardáin Sonraí Chomhchoitinn maidir le Ceimiceáin, v1.1 arna fhormhuiniú ag an nGrúpa Idirsheirbhíse ‘Substaint Amháin, Measúnú Amháin’ an 27 Feabhra 2023.

(10)  Doiciméad Tionscnaimh an Aontais Eorpaigh faoi Thionscadal an Ardáin Sonraí Chomhchoitinn maidir le Ceimiceáin, v1.1 arna fhormhuiniú ag an nGrúpa Idirsheirbhíse ‘Substaint Amháin, Measúnú Amháin’ an 27 Feabhra 2023.

(11)   Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(1a)   1a Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(1b)   1b Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).

(1a)   1a Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013.

(1a)   1a Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4376/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)