|
28.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 437/108 |
CINNEADH (AE) 2020/2228 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Nollaig 2020
maidir le Bliain Eorpach an Iarnróid (2021)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sa teachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019, dar teideal “Comhaontú Glas don Eoraip” (“Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip”), leag an Coimisiún amach Comhaontú Glas don Eoraip le haghaidh an Aontais agus a chuid saoránach. Is straitéis nua fáis é an Comhaontú Glas don Eoraip arb é is aidhm leis an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. |
|
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 12 Nollaig 2019, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an cuspóir Aontas atá neodrach ó thaobh aeráide de a bhaint amach faoi 2050. |
|
(3) |
Sa rún uaithi an 15 Eanáir 2020, chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus d’iarr sí go ndéanfaí an t-aistriú riachtanach chuig sochaí atá neodrach ó thaobh aeráide de faoi 2050. |
|
(4) |
I gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, tá gá le geilleagar an Aontais a chlaochlú agus athsmaoineamh a dhéanamh ar bheartais, go háirithe i réimse an iompair agus na soghluaisteachta. Is é an t-iompar is cúis le ceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais, sciar atá ag fás go fóill. Chun neodracht ó thaobh aeráide de a bhaint amach, tá gá le laghdú 90 % ar astaíochtaí iompair faoi 2050. Le hiompar inbhuanaithe agus idirmhódúil a bhaint amach, ní mór tús áite a thabhairt d’úsáideoirí agus roghanna malartacha atá níos inacmhainne, inrochtana, níos sláintiúla, níos glaine agus níos fuinneamhéifeachtúla a chur ar fáil dóibh ná na nósanna soghluaisteachta atá acu faoi láthair agus ag an am céanna, spreagadh a thabhairt dóibh siúd a úsáideann modhanna iompair inbhuanaithe cheana féin, amhail siúl, rothaíocht agus iompar poiblí. |
|
(5) |
Tugtar le tuiscint sa Chomhaontú Glas don Eoraip go gcuirfear dlús leis an aistriú chuig soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste chun dul i ngleic leis na dúshláin sin. Go háirithe, ba cheart sciar mór den 75 % de lasta intíre a iompraítear ar bhóithre inniu a aistriú chuig na hiarnróid agus chuig uiscebhealaí intíre. Tá gá le hinfheistíochtaí suntasacha don aistriú sin, lena n-áirítear infheistíochtaí arna ndéanamh i gcomhthéacs an téarnaimh, agus bainfidh cuid bhunriachtanach díobh leis an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) a chur chun feidhme agus le hiarrachtaí éifeachtúlacht na gConairí Lasta Iarnróid a mhéadú. |
|
(6) |
Tá ról tábhachtach le himirt ag iompar ar iarnróid chun an tsochaí a chur ar mhalairt slí maidir le cuspóir na neodrachta ó thaobh aeráide de a bhaint amach faoi 2050. Tá sé ar cheann de na modhanna iompair is neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus is fuinneamhéifeachtúla. Tá na hiarnróid leictrithe den chuid is mó agus astaíonn siad i bhfad níos lú CO2 ná taisteal coibhéiseach de bhóthar nó ar eitleán. Is é an t-aon mhodh iompair inar laghdaíodh na hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus na hastaíochtaí CO2 uaidh ar bhonn comhsheasmhach ó bhí 1990 ann. Ina theannta sin, tháinig laghdú ar an tomhaltas fuinnimh ón iompar ar iarnród idir 1990 agus 2016 agus tá ag méadú ar an úsáid a bhaintear as foinsí inathnuaite fuinnimh. |
|
(7) |
Tá earnáil an iompair buailte go han-dona ag géarchéim COVID-19. In ainneoin srianta oibríochtúla agus airgeadais, choinnigh an earnáil naisc ríthábhachtacha chun daoine agus earraí bunriachtanacha araon a iompar. Bhíothas in ann an méid sin a dhéanamh a bhuí leis na fostaithe a lean de bheith ag obair faoi dhálaí deacra agus neamhchinnte. Cuireadh chun suntais leis an ról straitéiseach a bhí ag iompar ar iarnród le linn ghéarchéim COVID-19 go bhfuil gá leis an limistéar Eorpach aonair iarnróid, arna bhunú le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), a bhaint amach chun soláthar earraí riachtanacha amhail bia, cógais agus breoslaí, go háirithe in imthosca eisceachtúla, a éascú, agus chun cuspóirí níos leithne maidir le beartas iompair a bhaint amach. |
|
(8) |
Trí phríomhbhealaí iompair an Aontais a nascadh le réigiúin agus críocha forimeallacha, sléibhtiúla agus iargúlta, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, agus trí naisc easnamhacha den iarnród réigiúnach trasteorann a bhunú agus a athbhunú, rannchuidíonn an earnáil iarnróid le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach ar leibhéal ilchríochach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Sa bhreis air sin, i limistéir iargúlta agus tuaithe, is minic go mbíonn líon níos lú líonraí agus líonraí níos lú forbartha chun soláthar seirbhísí bunúsacha a ráthú don phobal. Is minic a bhíonn dúbailt de dheacrachtaí ag réigiúin fhorimeallacha de bharr a gcineál tuaithe agus toisc go bhfuil lonnaithe ar fhorimeall na líonraí náisiúnta. |
|
(9) |
Cé nár tháinig ach méadú beag ar an sciar de phaisinéirí iarnróid den iompar ar tír san Aontas ó bhí 2007 ann, tháinig laghdú ar an sciar den iompar lasta ar iarnród. Tá roinnt mhaith constaicí fós ann chun fíor-limistéar Eorpach aonair iarnróid a bhaint amach. In amanna cuireann cleachtais oibríochtúla agus gnó atá as dáta, bonneagar agus rothstoc atá ag dul in aois agus vaigíní torannacha, bac ar an earnáil iarnróid. Trí theacht ó na constaicí sin, in éineacht le laghdú costais, staidéar a bheith déanta ar scéimeanna an Aontais chun sásraí náisiúnta a fhorlíonadh maidir le tacaíocht neamh-idirdhealaitheach d’oibreoirí iarnróid, agus dlús a bheith curtha leis an nuálaíocht, beidh iompar ar iarnróid in ann barr a chumais a bhaint amach, agus áiritheofar ag an am céanna feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, méadú tráchta iarnróid, agus tuilleadh feabhais a chur ar na leibhéil sabháilteachta atá ard cheana féin. Dá bhrí sin, ní mór borradh a chur faoi earnáil an iarnróid chun é a dhéanamh níos tarraingtí do thaistealaithe, d’fhostaithe agus do ghnólachtaí araon. |
|
(10) |
Trí ráiteas polaitiúil a chur i láthair ag físchomhdháil neamhfhoirmiúil d’airí iompair AE an 4 Meitheamh 2020, chuir airí iompair ó fhormhór na mBallstát a dtiomantas in iúl chun tacú le clár oibre Eorpach maidir le hiarnród idirnáisiúnta do phaisinéirí. |
|
(11) |
Chun iompar iarnróid a chur chun cinn i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, lena n-áirítear maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste, ba cheart 2021 a ainmniú mar Bhliain Eorpach an Iarnróid (“an Bhliain Eorpach”). Beidh 2021 tábhachtach do bheartas iarnróid an Aontais, an chéad bhliain iomlán a bheidh inti ina gcuirfear na rialacha a comhaontaíodh faoin gCeathrú Pacáiste Iarnróid chun feidhme ar fud an Aontais, eadhon maidir le margadh na seirbhísí iompair intíre do phaisinéirí a oscailt, costais agus an t-ualach riaracháin do ghnóthais iarnróid atá ag feidhmiú ar fud an Aontais Eorpaigh a laghdú agus cúraimí breise arb é is aidhm leo bacainní teicniúla a laghdú a thabhairt do Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA). Tá an pobal ag cur níos mó spéise sna hiarnróid, lena n-áirítear traenacha oíche, i líon áirithe Ballstát, mar a léirítear leis an ráchairt atá ar DiscoverEU. Anuas air sin, an fhéile idirnáisiúnta ealaíon “Europalia”, déanfaidh sé eagrán 2021 na féile a thiomnú do thionchar na n-iarnród ar na healaíona agus aird a tharraingt ar an ról atá ag na hiarnróid mar spreagadh cumhachtach le haghaidh athrú sóisialta, eacnamaíoch, tionsclaíoch agus éiceolaíoch. Ba cheart go rannchuideoidh an Bhliain Eorpach le díospóireacht uile-Eorpach ar thodhchaí na n-iarnród. |
|
(12) |
Ar leibhéal an Aontais, beidh cistiú iomchuí i gceist leis an leithdháileadh airgeadais riachtanach le haghaidh cur chun feidhme an Chinnidh seo, ar cistiú é a bheidh le cinneadh i gcomhthéacs an phróisis bhuiséadaigh do 2021 i gcomhréir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027. Gan dochar do chumhachtaí an údaráis bhuiséadaigh, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis cistiú EUR 8 milliún ar a laghad a chur ar fáil chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022. |
|
(13) |
Is ionann comaitéirí agus 80 % go 90 % de phaisinéirí iarnróid uile. Ciallaíonn sé sin go rannchuidíonn ceirtleáin uirbeacha go suntasach le feidhmíocht foriomlán d’iompar paisinéirí iarnróid. Braitheann an tsoghluaisteacht chliste uirbeach ar nua-chóiriú agus athchóiriú a dhéanamh ar línte tearcúsáidte fo-uirbeacha agus réigiúnacha chun tionchar éiceolaíoch íseal agus chun comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch a sholáthar. |
|
(14) |
Le linn na Bliana Eorpaí, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar staidéar a thionscnamh faoin bhféidearthacht lipéad Eorpach a chruthú d’earraí agus do tháirgí a iompraítear ar iarnród ionas go spreagfar gnólachtaí a modhanna iompair a athrú chuig iompar ar iarnród. Ar an mbealach céanna, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar staidéar féidearthachta a thionscnamh a fhéachann le hinnéacs nascachta iarnróid a thabhairt isteach, arb é is aidhm aicmiú a dhéanamh ar an leibhéal comhtháthaithe arna bhaint amach trí úsáid na seirbhísí ar an líonra iarnróid. |
|
(15) |
Ní féidir rómheas a dhéanamh ar ról foirne spreagtha, ós rud é go ráthaíonn siad réidhe na n-oibríochtaí. Chun barr a cumais a bhaint amach, ní mór d’earnáil an iarnróid a lucht saothair a éagsúlú agus, go háirithe, mná agus oibrithe óga a mhealladh. Ba cheart an beartas sin a chur chun cinn ag gach leibhéal institiúideach. |
|
(16) |
Chun mealltacht na n-iarnród a fheabhsú, is gá go mbeadh seirbhísí dírithe ar an úsáideoir agus eagraithe agus go mbeadh siad curtha i gcrích ar bhealach lena soláthraítear luach maith, iontaofacht leanúnach, cáilíocht seirbhíse den scoth agus praghsáil tharraingteach. |
|
(17) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Chinnidh seo, eadhon an t-iarnród a chur chun cinn mar mhodh iompair inbhuanaithe, nuálach, idirnasctha agus idirmhódúil agus mar ghné thábhachtach i ndea-chaidreamh idir an tAontas agus tíortha comharsanacha a chothabháil agus a fhorbairt, mar aon le haird a tharraingt ar an ngné thrasteorann, Eorpach atá ag an iompar ar iarnród, le feabhas a chur ar rannchuidiú an iarnróid i leith geilleagar, tionscal agus sochaí de chuid an Aontais, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr, i ngeall ar an ngá atá le malartú trasnáisiúnta faisnéise agus scaipeadh dea-chleachtas ar fud an Aontais, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Ainmneofar an bhliain 2021 ina “Bliain Eorpach an Iarnróid” (“an Bhliain Eorpach”).
Airteagal 2
Cuspóirí
Is é cuspóir ginearálta na Bliana Eorpaí spreagadh a thabhairt d’iarrachtaí an Aontais, iarrachtaí na mBallstát, iarrachtaí na n-údarás réigiúnacha agus áitiúla, agus iarrachtaí eagraíochtaí eile agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun an sciar de phaisinéirí agus de lasta a iompraítear ar iarnród a mhéadú. Is iad cuspóirí sonracha na Bliana Eorpaí:
|
(a) |
an t-iarnród a chur chun cinn mar mhodh iompair inbhuanaithe, nuálach, idirnasctha agus idirmhódúil, sábháilte agus inacmhainne, go háirithe trí bhéim a leagan ar ról an iarnróid:
|
|
(b) |
aird a tharraingt ar an ngné thrasteorann Eorpach atá ag an iompar ar iarnród, gné a thugann saoránaigh le chéile ar bhonn níos dlúithe, a thugann deis dóibh an tAontas a thaiscéaladh agus a éagsúlacht a bhlaiseadh, gné a chothaíonn comhtháthú socheacnamaíoch agus críochach agus a rannchuidíonn le margadh inmheánach an Aontais a chomhtháthú, go háirithe trí nascacht níos fearr lena dteorannacha geografacha agus laistigh díobh a áirithiú, lena n-áirítear trí naisc thrasteorann réigiúnacha; |
|
(c) |
feabhas a chur ar rannchuidiú an iarnróid i leith geilleagar an Aontais, i leith a thionscail, lena n-áirítear a iomaíochas domhanda, i leith a tráchtála agus i leith a shochaí, go háirithe, na gnéithe a bhaineann le forbairt réigiúnach agus áitiúil, turasóireacht inbhuanaithe, oideachas, an t-aos óg agus cultúr, agus i leith feabhas a chur ar inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus go háirithe aird á díriú ar riachtanais dhaoine scothaosta; |
|
(d) |
rannchuidiú le cur chun cinn an iarnróid mar ghné thábhachtach sa chaidreamh idir an tAontas agus a thíortha comharsanacha, agus an rannchuidiú sin ag tógáil b ar an spéis agus ar na riachtanais i dtíortha comhpháirtíochta agus ar shaineolais maidir le hiompar ar iarnród laistigh agus lasmuigh den Aontas araon; |
|
(e) |
cur le cumhacht an iarnróid maidir leis an gcomhshamhlaíocht a spreagadh, go háirithe trí stair na n-iarnród agus a ngnéithe cultúrtha, á mheabhrú rannchuidiú na n-iarnród i gcruthú rathúnas na hEorpa agus ról na n-iarnród i bhforbairt teicneolaíochtaí ceannródaíocha; |
|
(f) |
mealltacht gairmeacha iarnróid a chur chun cinn, go háirithe tríd an éileamh ar scileanna nua, agus an tábhacht maidir le dálaí córa agus sábháilte oibre agus maidir le dul i ngleic leis an ngá le héagsúlacht sa lucht saothair a mhéadú, a chur chun suntais; |
|
(g) |
príomhról na n-iarnród maidir le hiompar paisinéirí idirnáisiúnta laistigh den Aontas a chur chun cinn; |
|
(h) |
líonra traenacha oíche a chur chun cinn agus tionscnaimh a spreagadh a chuireann an nádúr trasteorann i bhfios trí shiombailí lena léirítear an tAontas a úsáid; |
|
(i) |
feasacht phoiblí a chruthú maidir le ról ionchasach na n-iarnród i dtaobh turasóireacht inbhuanaithe a fhorbairt san Eoraip; |
|
(j) |
príomhról na n-iarnród a chur chun cinn maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe ó cheann go ceann, maidir le moil a nascadh agus maidir le haistriú tarraingteach agus cliste a cheadú idir modhanna iompair; |
|
(k) |
rannchuidiú leis an gCeathrú Pacáiste Iarnróid a chur chun feidhme agus le feasacht a ardú faoi na bearta is gá chun limistéar Eorpach aonair iarnróid a bhunú, bunaithe ar TEN-T a fheidhmíonn go maith; |
|
(l) |
plé a spreagadh maidir le conas is féidir rothstoc a nuachóiriú agus conas tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhonneagar iarnróid agus a thoilleadh a mhéadú chun úsáid níos leithne d’iompar paisinéirí agus lasta ar iarnród a éascú, agus a chur chun suntais sa chomhthéacs sin a thábhachtaí atá comhar idir bainisteoirí bonneagair, taighde agus nuálaíocht agus ról Chomhghnóthas Shift2Rail arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 642/2014 ón gComhairle (5); |
|
(m) |
imeachtaí agus tionscnaimh a chur chun cinn chun faisnéis ar chearta paisinéirí iarnróid a scaipeadh agus chun comhar idir na gníomhaithe uile a spreagadh chun feabhas a chur ar fhaisnéis do chustaiméirí agus ar thicéadú, lena n-áirítear tréthicéid a thairiscint agus ticéid ilmhódúla dhigiteacha nuálacha a fhorbairt, mar aon le faisnéis a thabhairt faoi na dúshláin reatha i ndáil leis sin, mar shampla an gá le sonraí a roinnt idir na gníomhaithe. |
Airteagal 3
Inneachar na mbeart
1. Na bearta a ghlacfar chun na cuspóirí arna leagan amach in Airteagal 2 a bhaint amach, déanfar iad a chomhordú go dlúth leis na himeachtaí a bheidh ar siúl chun iompar ar iarnród a chur chun cinn. Áireofar sna bearta sin na gníomhaíochtaí seo a leanas ar leibhéal an Aontais, an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach nó an leibhéal áitiúil, a eagrófar i gcomhpháirtíochtaí nó go leithleach agus a bheidh nasctha le cuspóirí na Bliana Eorpaí:
|
(a) |
tionscnaimh agus imeachtaí chun díospóireacht a spreagadh, dea-íomhá a chruthú, feasacht a ardú agus rannpháirtíocht saoránach, gnólachtaí agus údarás poiblí a éascú chun an iontaoibh sna hiarnróid a mhéadú, go háirithe i ndiaidh ghéarchéim COVID-19, agus chun tarraingteacht an iarnróid a chur chun cinn maidir le tuilleadh daoine agus earraí a iompar mar mhodh chun an t-athrú aeráide a chomhrac, trí iliomad bealaí agus uirlisí, lena n-áirítear imeachtaí sna Ballstáit, agus freisin an tsábhailteacht agus compord a bhaineann le taisteal ar iarnród a chur chun suntais ag an am céanna; |
|
(b) |
tionscnaimh sna Ballstáit chun pátrúin chomaitéireachta iarnróid agus taisteal ar ghnó ar iarnród a spreagadh san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon; |
|
(c) |
taispeántais fhaisnéiseacha, feachtais spreagtha oideachais agus múscailte feasachta, mar aon le húsáid traenacha taispeána agus faisnéise, chun athrú iompraíochta a spreagadh i measc paisinéirí, tomhaltóirí agus gnólachtaí agus an pobal i gcoitinne a spreagadh chun rannpháirtíocht ghníomhach a ghlacadh chun cuspóirí iompair atá níos inbhuanaithe a bhaint amach; |
|
(d) |
taithí agus dea-chleachtais na n-údarás náisiúnta, réigiúnach, agus áitiúil, na sochaí sibhialta, gnólachtaí agus scoileanna a roinnt a mhéid a bhaineann le húsáid a bhaint as an iarnród a chur chun cinn agus conas athrú iompraíochta ar gach leibhéal a chur chun feidhme; |
|
(e) |
tabhairt faoi staidéir agus gníomhaíochtaí nuálacha agus na torthaí a bhaineann leo a scaipeadh ar scála Eorpach nó ar scála náisiúnta; |
|
(f) |
tionscadail agus líonraí a bhaineann leis an mBliain Eorpach a chur chun cinn, lena n-áirítear trí na meáin chumarsáide, líonraí sóisialta agus trí ríomhphobail eile; |
|
(g) |
comhpháirtíochtaí agus imeachtaí amhail mar na cinn a leagtar amach san Iarscríbhinn; |
|
(h) |
dea-chleachtais a aithint agus a chur chun cinn chun cothroime iomaíochta le haghaidh modhanna éagsúla iompair a chruthú; |
|
(i) |
tionscadail agus gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun feasacht a ardú maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe ó cheann go ceann lena soláthraítear réitigh taistil réidh “ó dhoras go doras” i dteannta le modhanna eile iompair, lena n-áirítear taisteal gníomhach, agus lóistíocht inbhuanaithe agus chliste; |
|
(j) |
tionscadail agus imeachtaí a chur chun cinn lena gcothaítear feasacht maidir leis an limistéar Eorpach iarnróid aonair agus an tábhacht a bhaineann leis, go háirithe sa mhéid a bhaineann lena cur chun feidhme leanúnach, gníomhaíochtaí lena n-éascaítear turais idirnáisiúnta iarnróid agus gníomhaíochtaí maidir le faisnéis dhigiteach do phaisinéirí, amhail na gníomhaíochtaí sin a dhéanann faisnéis fíor-ama a sholáthar faoi thairiscintí turais, táillí agus tráthchláir, lena n-áirítear ó sholáthraithe neamhspleácha, ionas gur éasca é comparáid a dhéanamh; agus |
|
(k) |
tionscadail agus gníomhaíochtaí chur chun cinn d’fhonn bonneagar leathnaithe, nuachóirithe agus idir-inoibritheach iarnróid a bhaint amach, lena n-áirítear Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS), críochfoirt lena dtáirgtear roghanna aistrithe mhódúil, mar aon le rothstoc nuachóirithe. |
2. Breithneoidh an Coimisiún an méid seo a leanas a thionscnamh, le linn na Bliana Eorpaí:
|
(a) |
staidéar faoina indéanta atá sé lipéad Eorpach a chruthú chun earraí agus táirgí a iompraítear ar iarnród a chur chun cinn ionas go spreagfar gnólachtaí a modhanna iompair a athrú chuig iompar ar iarnród; agus |
|
(b) |
staidéar féidearthachta d’fhonn innéacs nascachta iarnróid a thabhairt isteach agus é mar aidhm aige an leibhéal comhtháthaithe arna bhaint amach trí úsáid sheirbhísí ar an líonra iarnróid a aicmiú agus acmhainneacht na n-iarnród chun dul in iomaíocht le modhanna eile iompair a léiriú. |
Faoin 31 Márta 2021, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoina phleananna.
3. Féadfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, mar aon le Ballstáit, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta faoi seach, tagairt a dhéanamh don Bhliain Eorpach agus úsáid a bhaint as an sainaitheantas físeach a bhaineann léi maidir le cur chun cinn na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 4
Comhordú ar leibhéal na mBallstát
Is freagracht de chuid na mBallstát é rannpháirtíocht sa Bhliain Eorpach ar an leibhéal náisiúnta a eagrú. Áiritheoidh siad comhordú gníomhaíochtaí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ceapfaidh siad teagmhálaithe náisiúnta chun comhordú ar leibhéal an Aontais a áirithiú.
Airteagal 5
Comhordú ar leibhéal an Aontais
1. Tionólfaidh an Coimisiún cruinnithe na dteagmhálaithe náisiúnta go tráthrialta chun comhordú a dhéanamh ar reáchtáil na Bliana Eorpaí. Feidhmeoidh na cruinnithe sin mar dheis malartaithe faisnéise chomh maith maidir le cur chun feidhme na Bliana Eorpaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Féadfaidh ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa a bheith rannpháirteach sna cruinnithe sin mar bhreathnóirí.
2. Beidh cur chuige trasnaí ann i leith chomhordú na Bliana Eorpaí ar leibhéal an Aontais d’fhonn sineirgí a chruthú idir cláir agus tionscnaimh éagsúla an Aontais lena ndéantar cistiú ar thionscadail i réimse iompair iarnróid nó a bhfuil gné den iompar ar iarnród ag baint leo.
3. Tionólfaidh an Coimisiún cruinnithe go tráthrialta le haghaidh geallsealbhóirí agus ionadaithe eagraíochtaí nó comhlachtaí atá gníomhach i réimse iompair iarnróid, lena n-áirítear líonraí trasnáisiúnta atá ann cheana, na heagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha, ollscoileanna agus ionaid teicneolaíochta, mar aon le hionadaithe ó eagraíochtaí don aos óg agus ó phobail, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún an Bhliain Eorpach a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais.
4. Féadfaidh an Coimisiún, ag brath ar an mbuiséad, glaonna ar thograí agus ar thionscadail a eagrú, ar féidir tacaíocht a thabhairt dóibh mar gheall ar rannchuidiú den scoth le cuspóirí na Bliana Eorpaí.
Airteagal 6
Comhar idirnáisiúnta
Chun críocha na Bliana Eorpaí, comhoibreoidh an Coimisiún, i gcás inar gá, le heagraíochtaí inniúla idirnáisiúnta, agus ag an am céanna déanfaidh sé infheictheacht rannpháirtíocht an Aontais a áirithiú.
Airteagal 7
Faireachán agus meastóireacht
Faoin 31 Nollaig 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme, torthaí agus measúnú foriomlán na dtionscnamh dá bhforáiltear sa Chinneadh seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Do mheastóireacht na dtionscnamh, bunóidh an Coimisiún eochairtháscairí feidhmíochta. Déanfar na heochairtháscairí feidhmíochta a leagan amach sa tuarascáil ón gCoimisiún. Chun críche na tuarascála sin, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil don Choimisiún faoi na gníomhaíochtaí as a raibh siad freagrach.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Nollaig 2020.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) IO C 364, 28.10.2020, lch. 149.
(2) Tuairim an 14 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Nollaig 2020.
(4) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 642/2014 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Shift2Rail (IO L 177, 17.6.2014, lch. 9).
IARSCRÍBHINN
COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ AGUS IMEACHTAÍ
Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an liosta táscach seo a leanas de chomhpháirtíochtaí agus d’imeachtaí atá nasctha leis an mBliain Eorpach:
|
(1) |
comhpháirtíochtaí le féilte scannánaíochta ar fud na hEorpa chun ról suntasach an iarnróid sa scannánaíocht a chur chun suntais; |
|
(2) |
comhar le músaeim Eorpacha iarnróid agus le himeachtaí cultúrtha atá cheana ann amhail féilte scannánaíochta agus taispeántais ealaíne; |
|
(3) |
comhpháirtíochtaí in éineacht le ERA chun béim a chur ar seo a leanas:
|
|
(4) |
traenacha taispeána soghluaiste san Aontas chun an pobal a chur ar an eolas faoi chuspóirí na Bliana Eorpaí agus chun mealltacht a dteachtaireachtaí iomadúla a chur chun suntais; |
|
(5) |
pasanna idir-iarnródaíochta a chur ar fáil do dhaoine óga i gcomhcheangal le tréimhsí staidéir Erasmus nó comórtais chun raon feidhme na Bliana Eorpaí a leathadh; |
|
(6) |
úsáid stáisiún mar dhánlanna, ionaid cruinnithe uirbeacha agus moil eacnamaíocha, chultúrtha agus shibhialta, mar aon le húsáid músaem iarnróid chun teachtaireachtaí faoin mBliain Eorpach a scaipeadh. |