An Bhruiséil,26.4.2023

COM(2023) 242 final

2023/0136(NLE)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar Threoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát 1 (an Treoir anseo feasta) tá siad ina gcuid de phacáiste lena n‑áirítear freisin togra le haghaidh Rialachán lena n‑ionadaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 2 (an chuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis) agus leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 3 (an chuid cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis). Tá an Treoir agus na codanna coisctheacha agus ceartaitheacha den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis ina gcuid de chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais.

Cúiseanna leis an togra

Bhí creat rialachais eacnamaíoch an Aontais ina chuidiú chun dálaí a chruthú le haghaidh inbhuanaitheacht eacnamaíoch, fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach agus fostaíocht níos airde. Is é atá sa chreat sin faoi láthair creat fioscach an Aontais (an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus an Treoir), an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha, an Seimeastar Eorpach le haghaidh comhordú beartais eacnamaíoch agus fostaíochta agus an creat le haghaidh cláir cúnaimh airgeadais mhaicreacnamaíocha.

In 2011, chun ceachtanna na géarchéime airgeadais domhanda agus ghéarchéim fiachais cheannasaigh an limistéir euro a chur san áireamh, agus mar chuid den phacáiste ar a dtugtar an ‘Sé‑phaca’, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 le Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 4 , leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 le Rialachán (AE) Uimh. 1177/2011 5 , agus glacadh Treoir 2011/85/AE.

Bhí siad ina gcuidiú chun a áirithiú go ndéanfar faireachas dlúth ar bhuiséid náisiúnta agus aird níos mó á tabhairt ar leibhéil fiachais. Le linn a bheith ag féachaint le bunchúiseanna na géarchéime a leigheas, rinneadh an creat fioscach ar leibhéal an Aontais a chomhlánú le forálacha ceangailteacha ag an leibhéal náisiúnta chun beartais bhuiséadacha fhónta a chothú sna Ballstáit uile. Chun na críche sin, leis an Treoir ceanglaíodh ar na Ballstáit, i measc nithe eile, rialacha fioscacha náisiúnta a chur i bhfeidhm, faireachán neamhspleách a dhéanamh ar chomhlíontacht le rialacha fioscacha ar an leibhéal náisiúnta agus creataí buiséadacha ilbhliantúla a thabhairt isteach. Tháinig na forálacha náisiúnta sin i bhfeidhm chun an Treoir a chomhlíonadh.

In 2019, d’fhoilsigh an Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) tuarascáil maidir le EU requirements on national budgetary frameworks: need to further strengthen them and to better monitor their application [Ceanglais an Aontais maidir le creataí buiséadacha náisiúnta: an gá lena neartú a thuilleadh agus le faireachán níos fearr a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm] 6 . Sa tuarascáil, thug CIE laigí faoi deara maidir le héifeachtúlacht an bhuiséadaithe mheántéarmaigh agus institiúidí fioscacha neamhspleácha (IFInna) agus mhol sé don Choimisiún na ceanglais maidir le creataí buiséadacha meántéarmacha agus IFInna a dhaingniú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.

In 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht lena ndéantar athbhreithniú ar inbhuanaitheacht na Treorach (an t‑athbhreithniú oiriúnachta anseo feasta) 7 , agus an dul chun cinn agus an spás le haghaidh feabhsúcháin i leagan amach reatha na gcreataí buiséadacha náisiúnta á gcur i dtábhacht. Leis an athbhreithniú oiriúnachta tagraíodh d’fheabhsúcháin shuntasacha i líon agus neart na rialacha fioscacha náisiúnta, glacadh forleathan na pleanála fioscaí meántéarmaí, réamhaisnéisí níos iontaofa agus trédhearcacht fhioscach níos airde, agus dliteanais theagmhasacha á gcuimsiú freisin. Mar sin féin, leis an athbhreithniú tugadh faoi deara freisin gur lean an phleanáil mheántéarmach de bheith faoi réir buiséadú bliantúil den chuid is mó, ceistíodh an úsáideacht a bhain le sonraí fioscacha bunaithe ar airgead a thuairisciú go míosúil agus cuireadh i dtábhacht an ilchineálacht ard sa léirmhíniú ar fhorálacha maidir le meastóireacht réamhaisnéise, caiteachas cánach agus comhlachtaí seachbhuiséadacha. Ina theannta sin, fuarthas go raibh úsáid cuntasaíochta poiblí srianta leis an easpa creata chomhchoitinn fhoirmiúil de chuid an Aontais.

Ar deireadh, ina Theachtaireacht an 9 Samhain 2022 chuir an Coimisiún a threoirlínte ar aghaidh le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais 8 ag a bhfuil sé d’aidhm inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile. Leis na treoirlínte beartaíodh úinéireacht náisiúnta níos láidre, creat simplithe agus aistriú i dtreo fócas níos meántéarmaí, in éineacht le forfheidhmiú níos láidre agus níos comhleanúnaí. Beartaíodh leo freisin feabhas a chur ar leagan amach agus feidhmíocht IFInna. Leis na treoirlínte sin léiríodh freisin barúlacha a tháinig chun cinn ón gcomhairliúchán poiblí a seoladh i nDeireadh Fómhair 2021, lenar tugadh cuireadh d’institiúidí eile de chuid an Aontais agus do na príomhpháirtithe leasmhara uile dul i mbun plé ar an ábhar 9 .

Cuspóirí an togra

Leis an togra seo cuirtear i láthair roinnt leasuithe ar an Treoir. I gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin an 9 Samhain 2022 le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, is é is aidhm do na leasuithe úinéireacht náisiúnta agus treoirlíne mheántéarmach na pleanála buiséadaí a neartú. Ar bhealach níos sonraí, tá sé d’aidhm acu an méid seo a leanas a dhéanamh:

·An reachtaíocht atá ann cheana a shimpliú: forálacha maidir le cur isteach sonraí fioscacha míosúla bunaithe ar airgead (Airteagal 3(2)) 10 níl siad úsáideach chun creataí buiséadacha náisiúnta a neartú mar a chuirtear i dtábhacht san athbhreithniú oiriúnachta. Níl gá le hAirteagal 8 maidir leis an Ríocht Aontaithe a thuilleadh. Ní bheidh gá le forálacha in Airteagal 4(4) ná 4(5) a thuilleadh má tá na ceanglais sin go láidir sa togra le haghaidh Rialachán XXX (an chuid choisctheach).

·Forálacha a shoiléiriú: beartaítear go dtagraítear go sonrach anois le hAirteagal 4(6) do chomhlachtaí neamhspleácha mar na comhlachtaí sin atá i gceannas ar mheastóireacht ex post a dhéanamh ar réamhaisnéisí, chun aon débhríocht a braitheadh san athbhreithniú oiriúnachta a chur as an áireamh. Beartaítear freisin go sonrófar le hAirteagal 14(1), 14(2) agus 14(3) ceanglais tuairiscithe ar bhealach níos fearr, ar ceanglais iad maidir le comhlachtaí agus cistí rialtais ghinearálta nach bhfuil ina gcuid de na buiséid náisiúnta thráthrialta, ceanglais maidir le caiteachas cánach agus dliteanais theagmhasacha. Léirmhínigh na Ballstáit na ceanglais sin ar bhealaí an‑éagsúil agus is amhlaidh nár léiríodh réasúnaíocht bhunaidh na Treorach le cuid de na léirmhínithe sin.

·Úinéireacht náisiúnta a neartú: beartaítear cur le ceanglais maidir le IFInna nó iad a shoiléiriú. I gcásanna áirithe, bhí feidhm cheana ag na forálacha nua beartaithe maidir le Ballstáit an limistéir euro agus leis an Danmhairg, leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, mar pháirtithe conarthacha sa Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (TSCG anseo feasta) 11 (Airteagal 8 nua). Is é is aidhm d’fhorálacha beartaithe eile cúraimí a chur isteach lena bhfágfaí go mbeadh IFInna in ann ról a imirt san fhaireachas ar chreat fioscach an Aontais ar an leibhéal náisiúnta mar a bheartaítear sa togra le haghaidh Rialachán XXX (an chuid choisctheach) agus freisin sa togra maidir le Rialachán 1467/97 a leasú (an chuid cheartaitheach). Orthu sin áirítear ullmhú nó formhuiniú réamhaisnéisí buiséadacha chomh maith le measúnú a dhéanamh ar anailísí inbhuanaitheachta agus tionchar beartas. Ar deireadh, le forálacha beartaithe áirithe áirithítear neamhspleáchas agus cuntasacht IFInna chun na caighdeáin arna sainaithint ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a léiriú, mar a mholtar i dtuarascáil 2019 ó CIE.

·Treoirlíne mheántéarmach a chur chun cinn: beartaítear go sonrófar an ghné bhuiséadach ilbhliantúil sna réamhaisnéisí ar bhealach níos córasaí (Airteagal 4) agus mar sin gur nasc a bheadh inti idir an buiséad bliantúil agus an phleanáil mheántéarmach (Airteagal 10), rud a fuarthas a bheith lag i dtuarascáil 2019 ó CIE agus san athbhreithniú oiriúnachta.

·Feabhas a chur ar cháilíocht an airgeadais phoiblí: beartaítear cúpla foráil chun cuntasacht na mbuiséad poiblí a chur chun cinn agus trédhearcacht rioscaí fioscacha a mhéadú i leith an athraithe aeráide. Le hAirteagal 9(2), pointe (d) cheanglófaí anois measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a dhíorthaíonn ón athrú aeráide agus ar impleachtaí beartas aeráide ar airgeadas poiblí. Mar an gcéanna, le hAirteagal 14(3) cheanglófaí ar na Ballstáit sonraí a fhoilsiú a mhéid is féidir maidir le dliteanais theagmhasacha maidir le tubaistí agus leis an aeráid agus maidir le caillteanais eacnamaíocha chomh maith leis sin, ar caillteanais iad a tabhaíodh ó thubaistí nádúrtha agus suaití a bhaineann leis an aeráid. Le haghaidh na suaití sin, thuairisceofaí freisin na costais fhioscacha arna seasamh ag an earnáil phoiblí agus na hionstraimí arna n‑úsáid chun na suaití a mhaolú nó a chumhdach.

• Comhsheasmhacht le forálacha atá sa réimse beartais cheana

Is cuid de phacáiste tograí níos leithne é an togra i ndiaidh threoirlínte an Choimisiúin an 9 Samhain 2022 le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Leis an bpacáiste sin áirítear freisin togra le haghaidh Rialachán lena n‑ionadaítear an chuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) agus leasuithe ar an gcuid cheartaitheach de CCF arb é is aidhm dó creat athchóirithe a bhunú lena mbraitear ar threoirlíne mheántéarmach agus úinéireacht náisiúnta arb é is aidhm dó leibhéil arda fiachais a laghdú go hinchreidte agus go substaintiúil agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn. Leis an gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe coinnítear, dá bhrí sin, na cuspóirí bunúsacha maidir le smacht buiséadach agus cur chun cinn fáis CCF agus a fhorálacha fothaithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

An tráth céanna, ós rud é go bhfuil sé d’aidhm aige airgeadas poiblí fónta agus inbhuanaithe a áirithiú chomh maith le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn, leis an gcreat athchóirithe comhlíontar freisin príomhchuspóirí an Chomhshocraithe Fhioscaigh ar cuid de Theideal III de TSCG é 12 . Ina theannta sin, le heilimintí eile den reachtaíocht bheartaithe coinnítear substaint an Chomhaontaithe Fhioscaigh. Agus treoirlíne mheántéarmach fréamhaithe ar dhúshláin fiachais thírshonracha, leis an togra le haghaidh Rialachán lena n‑ionadaítear an chuid choisctheach de CCF léirítear go páirteach ceanglas an Chomhshocraithe Fhioscaigh maidir le cóineasú chuig suíomhanna meántéarmacha agus go bhfuil tráthchlár an chóineasaithe sin le beartú agus rioscaí inbhuanaitheachta tírshonracha á gcur san áireamh (Airteagal 3(1), pointe (b), de TSCG). Le linn an comhardú struchtúrach a chur i dtábhacht, leis an gComhshocrú Fioscach ceanglaítear freisin anailís ar chaiteachas glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim le haghaidh an mheasúnaithe fhoriomláin ar chomhlíontacht (Airteagal 3(1), pointe (b), de TSCG), agus seastar leis an anailís sin sa togra le haghaidh Rialachán lena n‑ionadaítear an chuid choisctheach de CCF. Leis an gComhshocrú Fioscach ní dhéantar foráil maidir le dialltaí sealadacha ón gcuspóir meántéarmach ná ó chonair an choigeartaithe ina threo ach amháin in imthosca eisceachtúla (Airteagal 3(1), pointe (c), de TSCG), mar a bheartaítear sa togra le haghaidh Rialachán lena n‑ionadaítear an chuid choisctheach de CCF. Sonraítear leis an gComhshocrú Fioscach gurb amhlaidh, i gcás ina mbreathnaítear go bhfuil dialltaí suntasacha ann ón gcuspóir meántéarmach nó ó chonair an choigeartaithe ina threo, is gá bearta a chur chun feidhme chun na dialltaí a cheartú ar feadh tréimhse shainithe (Airteagal 3(1), pointe (e), de TSCG). Ar an mbealach céanna, leis an gcreat athchóirithe ceanglaítear ceartúcháin a dhéanamh ar dhialltaí ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle. Thairis sin, nuair is é a thagann as dialltaí easnamh de bhreis ar 3 % de OTI, d’fhéadfaí an Ballstát a chur faoin nós imeachta um easnamh iomarcach (EDP). I gcás Ballstát ag a bhfuil fiachas os cionn 60 % de OTI, neartófaí an EDP fiachasbhunaithe: bheadh sé dírithe ar imeachtaí ón gconair ghlanchaiteachais, agus an tagarmharc um laghdú fiachais atá ann faoi láthair (an riail ‘1/20ú’ mar a ghairtear di) á ionadú, rud a d’fhorchuir iarracht fhioscach ró‑éilitheach le haghaidh Ballstáit áirithe. Leis an gComhshocrú Fioscach sanntar ról faireacháin ar IFInna maidir le comhlíonadh a rialacha, agus tá na forálacha maidir le ról agus neamhspleáchas na n‑institiúidí faireacháin sin, ar forálacha iad a bhí le mionsonrú i bprionsabail choiteanna arna mbeartú ag an gCoimisiún 13 i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de TSCG, comhtháite go hiomlán anois sa togra lena leasaítear an Treoir. Leis an gComhshocrú Fioscach foráiltear go mbeidh ról ag an gCoimisiún agus an gComhairle sa phróiseas forfheidhmithe (Airteagal 5 de TSCG), mar a shonraítear sna leasuithe atá beartaithe ar an gcuid cheartaitheach de CCF.

Comóntachtaí idir an Comhshocrú Fioscach agus an creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe, eascraíonn siad freisin as cur chun feidhme an Chomhshocraithe Fhioscaigh sna dlíchórais náisiúnta. Thrasuigh formhór na bPáirtithe Conarthacha forálacha TSCG i ndlíthe náisiúnta agus nasc díreach le dlíthe comhfhreagracha an Aontais á chur isteach 14 . Tá feidhm aige sin maidir leis an gcuspóir meántéarmach agus leis an gconair chóineasaithe agus leis an measúnú ar dhiall suntasach chomh maith leis sin nó forálacha lena gceanglaítear na moltaí arna nglacadh ag an gComhairle a leanúint (agus iad uile tarraingthe ó Rialachán Uimh. 1466/97).

I bhfianaise na gcomóntachtaí sin, is féidir a mheas maidir leis an gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe go ndéantar substaint fhorálacha fioscacha TSCG a ionchorprú leis i gcreat dlíthiúil an Aontais, de réir Airteagal 16 de TSCG. 

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Trí na ceanglais a chur isteach maidir le himpleachtaí an athraithe aeráide ar bheartais bhuiséadacha náisiúnta agus rioscaí fioscacha, áirithítear leis an togra comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais lena dtacaítear le gníomhaíochtaí le haghaidh maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide i gcomhréir leis an gcuspóir aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú. Le haghaidh Ballstáit áirithe, mar chuid dá bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, tá roinnt athchóirithe á gcur chun feidhme a bheidh fabhrach d’fheabhas a chur ar na creataí buiséadacha, mar shampla trí fheabhas a chur ar neamhspleáchas institiúidí fioscacha áirithe, i gcomhréir leis na leasuithe atá beartaithe.

2.TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

Mar chuid den athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch, rinne an Coimisiún an iliomad gníomhaíochtaí for‑rochtana inter alia trí chomhdhálacha a eagrú agus gabháil do mhalartú níos spriocdhírithe idir na páirtithe leasmhara. Is é an rud is suntasaí faoi gurb amhlaidh i nDeireadh Fómhair 2021 a sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí 15 agus cuireadh á thabhairt d’institiúidí eile de chuid an Aontais agus do na príomhpháirtithe leasmhara uile gabháil dó sin. Trí fhóraim éagsúla, lena n‑áirítear cruinnithe tiomnaithe, ceardlanna agus suirbhé ar líne, léirigh saoránaigh agus réimse leathan rannpháirtithe, lena n‑áirítear rialtais náisiúnta, parlaimintí, páirtithe sóisialta, an saol acadúil agus institiúidí eile de chuid an Aontais, a dtuairimí maidir le conas rialachas eacnamaíoch an Aontais a athchóiriú. Bhí roinnt mhaith páirtithe leasmhara i bhfabhar creataí buiséadacha náisiúnta a neartú, lena n‑áirítear trí rannpháirtíocht níos mó ó IFInna san fhaireachas ar chreat an Aontais. I gcásanna áirithe, measadh gurb é a bhí i rannpháirtíocht IFInna bealach chun méadú a dhéanamh ar na costais chlú a bhaineann le gan gealltanais bhuiséadacha a chomhlíonadh.

Le cois ról i bhfaireachas an Aontais, thacaigh páirtithe leasmhara áirithe freisin le ról faireacháin níos láidre ar rialacha fioscacha náisiúnta le haghaidh IFInna, a bheadh le forfheidhmiú trí oibleagáid ar rialtais measúnuithe IFInna a chur san áireamh go córasach, i dteannta idirphlé níos struchtúrtha idir IFInna agus institiúidí an Aontais. I gcásanna áirithe beartaíodh cúraimí a leathnú lena gcumhdaítear táirgeadh ionchur le haghaidh anailísí inbhuanaitheachta fiachais, táirgeadh réamhaisnéisí maicreacnamaíocha (lena n‑áirítear iad sin le haghaidh pleananna meántéarmacha) a d’fhéadfadh a bheith mar thúsphointe le haghaidh rialtais náisiúnta chun a mbeartas fioscach a phleanáil, agus táirgeadh nó bailíochtú pleananna buiséadacha. Moladh freisin ról comhairleach maidir le beartas fioscach, i dteannta ról níos tábhachtaí sa díospóireacht phoiblí.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

• Bunús dlí

Is í an tríú fomhír d’Airteagal 126(14) CFAE an bunús dlí le haghaidh na Treorach leasaithe. Is é is aidhm do cheanglais le haghaidh creataí buiséadacha náisiúnta a neartú sna Ballstáit creat beartais an Aontais a chomhlánú agus a dhaingniú chun easnaimh iomarcacha a sheachaint mar a bhunaítear faoi Airteagal 126 CFAE. Tá feidhm ag an togra maidir leis na Ballstáit uile.

• Coimhdeacht agus comhréireacht

Tá an togra i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Maidir lena chuspóir, is é sin comhlíontacht aonfhoirmeach le smacht buiséadach mar a cheanglaítear le CFAE, ní féidir leis na Ballstáit é a bhaint amach go leordhóthanach agus is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil sé de phríomhaidhm ag na leasuithe atá beartaithe aghaidh a thabhairt ar easnaimh áirithe den Treoir nó ar a forálacha a shoiléiriú, nó ar iad a thabhairt cothrom le dáta, agus go háirithe an togra le haghaidh Rialachán lena n‑ionadaítear an chuid choisctheach de CCF agus na leasuithe ar an gcuid cheartaitheach de CCF á gcur san áireamh, is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais seachas leis na tionscnaimh náisiúnta éagsúla.

Ní théann an Treoir leasaithe bheartaithe thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. D’fhonn an t‑ualach riaracháin a laghdú ar na Ballstáit, le leasuithe áirithe beartaítear ceanglais na Treorach a shimpliú, agus déantar comhleanúnachas leis an togra le haghaidh Rialachán lena n‑ionadaítear an chuid choisctheach de CCF agus na leasuithe ar an gcuid cheartaitheach de CCF a áirithiú. Áirithítear comhréireacht freisin trí na leasuithe sin arb é is aidhm dóibh coincheapa agus sainmhínithe a shoiléiriú lena n‑éascaítear cur chun feidhme na Treorach. Mar an gcéanna, is iomaí foráil a bhaineann le IFI a tharraingítear ó na rialacha atá ann cheana a bhfuil feidhm acu maidir le Ballstáit áirithe ach nach bhfuil feidhm acu maidir leis na Ballstáit uile, i.e. TSCG nó Rialachán Uimh. 473/2013. Dá thoradh sin, i roinnt mhaith Ballstát cuirtear na forálacha sin chun feidhme cheana. Ina theannta sin, ceanglaítear rioscaí agus caillteanais a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú agus iarrachtaí náisiúnta leanúnacha agus an gá leis na cleachtais sin a oiriúnú do riachtanais agus tosaíochtaí tírshonracha á gcur san áireamh. Ar deireadh, trína cheadú do na Ballstáit na forálacha sin a thrasuí ina ndlíchóras náisiúnta, is uirlis oiriúnach í an Treoir leasaithe bheartaithe freisin chun a cuspóirí a bhaint amach, ós rud é go gcuirtear ar a gcumas do na Ballstáit léi na ceanglais a oiriúnú dá sainiúlachtaí féin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl impleachtaí ag baint leis an togra seo do bhuiséad an Aontais.

2023/0136 (NLE)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 126(14), an tríú fomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Chun comhlíontacht na mBallstát leis na hoibleagáidí faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a áirithiú i réimse an bheartais bhuiséadaigh, agus go háirithe maidir le heasnaimh rialtais iomarcacha a sheachaint, le Treoir 2011/85/AE ón gComhairle 16 leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le saintréithe chreataí buiséadacha na mBallstát.

(2)Ag cur leis an taithí a fuarthas leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta ó tháinig Treoir 2011/85/AE i bhfeidhm, is gá leasú a dhéanamh ar a ceanglais maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta arb iad creataí buiséadacha na mBallstát iad.

(3)In 2019, d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil lena scrúdaítear ceanglais an Aontais maidir le creataí buiséadacha náisiúnta agus lena moltar don Choimisiún na ceanglais sin a athbhreithniú, agus caighdeáin idirnáisiúnta agus dea‑chleachtas á gcur san áireamh. Bheartaigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa gníomhaíochtaí sonracha chun feabhas a chur ar raon feidhme agus éifeachtacht creataí buiséadacha náisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le creataí buiséadacha meántéarmacha agus institiúidí fioscacha neamhspleácha 17 .

(4)Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 18 tarraingíodh aird ar dhul chun cinn substaintiúil ach míchothrom i bhforbairt creataí buiséadacha náisiúnta i bhfianaise nach leagtar síos le dlí an Aontais ach íoscheanglais agus go raibh an cur chun feidhme agus comhlíontacht le forálacha náisiúnta an‑éagsúil. Leis an Teachtaireacht sin ón gCoimisiún measadh freisin a mhéid a thacófaí leis an gcreat le riachtanais beartais eacnamaíoch, comhshaoil agus shóisialta a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar Eorpach atá aeráidneodrach, tíosach ar acmhainní agus digiteach, agus príomhról na timpeallachta rialála agus athchóirithe struchtúrtha á gcomhlánú.

(5)Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip 19 iarradh go mbainfí úsáid níos mó as uirlisí buiséadaithe glasa chun infheistíocht, tomhaltas agus cánachas poiblí a atreorú chuig tosaíochtaí glasa agus ó fhóirdheontais dhíobhálacha. Leis an Dlí Aeráide Eorpach leagtar síos cuspóir aeráidneodrachta uile‑Aontais faoi 2050 agus ceanglaítear ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit dul chun cinn a dhéanamh maidir le hacmhainneacht oiriúnaitheach a fheabhsú. Gheall an Coimisiún go n‑oibreodh sé leis na Ballstáit chun cleachtais bhuiséadaithe ghlasa a scagadh agus a thagarmharcáil. Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 maidir le Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide 20 tarraingíodh aird ar ábharthacht mhacraifhioscach an athraithe aeráide agus cuireadh i dtábhacht an gá le hathléimneacht an Aontais i leith thionchair an athraithe aeráide a mhéadú. Leis an Seimeastar Eorpach soláthraítear creat breise chun tacú leis na hiarrachtaí sin agus leis an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla tairgtear cúnamh praiticiúil le haghaidh a gcur chun feidhme.

(6)Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais 21 cuireadh i dtábhacht an gá le hinbhuanaitheacht fiachais a neartú agus cóimheasa fiachais arda a laghdú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach á chur chun cinn sna Ballstáit uile. Is iad príomhchuspóirí an togra úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, an creat a shimpliú agus bogadh i dtreo fócas lena ndíreofar níos mó ar an meántéarma, mar aon le forfheidhmiú níos láidre agus níos comhleanúnaí.

(7)Chun comhlíontacht le forálacha CFAE a fheabhsú, agus chun an nós imeachta um easnamh rialtais iomarcach a sheachaint go háirithe, rud a leagtar síos in Airteagal 126 CFAE, ba cheart forálacha sonracha a bheith i ndlí na mBallstát chun úinéireacht náisiúnta a neartú, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, de bhreis orthu sin a cheanglaítear faoi láthair le Treoir 2011/85/AE. Ag cur leis an bhfianaise ar chur chun feidhme na Treorach sin, le leasuithe ba cheart forálacha maidir le trédhearcacht agus staidreamh, réamhaisnéisí agus buiséadú meántéarmach a chumhdach freisin chun aghaidh a thabhairt ar laigí arna sainaithint le linn an chur chun feidhme.

(8)Tá an Treoir seo ina cuid de phacáiste i dteannta Rialachán (AE) [XXX] 22 ón bParlaimint agus ón gComhairle lena n‑ionadaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 23 (an chuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis) agus Rialachán [XXX] ón gComhairle 24 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle 25 (an chuid cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis). Le chéile, bunaítear leo creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais lena gcorpraítear i ndlí an Aontais substaint Theideal III ‘Comhshocrú Fioscach’ den Chonradh idir‑rialtasach ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas (TSCG) san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta 26 , i gcomhréir le hAirteagal 16 de. Tá Teideal III ina cheangal ar na Ballstáit arb é an euro an t‑airgeadra iontu agus, ar bhonn deonach, ar an mBulgáir, ar an Danmhairg agus ar an Rómáin. Trí chur le taithí na mBallstát le cur chun feidhme TSCG, coinníonn an pacáiste treoirlíne mheántéarmach an Chomhshocraithe Fhioscaigh mar uirlis chun smacht buiséadach agus cur chun cinn fáis a bhaint amach. Leis an bpacáiste áirítear gné thírshonrach neartaithe arb é is aidhm di úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, lena n‑áirítear trí bhíthin ról níos láidre le haghaidh institiúidí fioscacha neamhspleácha, lena dtarraingítear ar phrionsabail choiteanna an Chomhshocraithe Fhioscaigh arna mbeartú ag an gCoimisiún 27 i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de TSCG. An anailís ar chaiteachas glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim le haghaidh an mheasúnaithe fhoriomláin ar chomhlíontacht a cheanglaítear leis an gComhshocrú Fioscach, leagtar amach i í Rialachán [XXX] lena n‑ionadaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Mar atá i gcás an Chomhshocraithe Fhioscaigh, ní cheadaítear dialltaí sealadacha ón bplean meántéarmach ach in imthosca eisceachtúla i Rialachán [XXX] lena n‑ionadaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Mar an gcéanna, i gcás dialltaí suntasacha ón bplean meántéarmach, ba cheart bearta a chur chun feidhme chun na dialltaí a cheartú thar thréimhse ama shainithe. Leis an bpacáiste neartaítear faireachas fioscach agus nósanna imeachta forfheidhmithe chun an gealltanas a chomhlíonadh maidir le hairgeadas poiblí fónta agus inbhuanaithe agus fás inbhuanaithe a chur chun cinn. Dá réir sin, leis an athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, coinnítear cuspóirí bunúsacha an smachta bhuiséadaigh agus na hinbhuanaitheachta fiachais a leagtar amach in TSCG.

(9)Tá cleachtais chuntasaíochta iomlána agus iontaofa de chuid na hearnála poiblí le haghaidh na bhfo‑earnálacha uile den rialtas ginearálta ina réamhchoinníoll le haghaidh staidreamh ardcháilíochta atá inchomparáide ar fud na mBallstát a tháirgeadh. Tá infhaighteacht agus cáilíocht an staidrimh bunaithe ar an gCóras Cuntas Eorpach (CCE 2010) ríthábhachtach chun feidhmiú cuí an chreata um fhaireachas fioscach de chuid an Aontais a áirithiú. Braitheann CCE 2010 ar fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn fabhrúcháin. Dá bhrí sin is gá feabhas a chur ar bhailiú sonraí fabhrúcháin agus faisnéise is gá chun staidreamh bunaithe ar fhabhrú a ghiniúint ar bhealach atá comhtháite, cuimsitheach agus comhchuibhithe ar fud na bhfo‑earnálacha uile den rialtas ginearálta.

(10)Le hinfhaighteacht sonraí ardmhinicíochta is féidir patrúin a nochtadh lena n‑éilítear faireachas níos dlúithe agus feabhas a chur ar cháilíocht réamhaisnéisí buiséadacha. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún (Eurostat) foilsiú a dhéanamh ar shonraí bunaithe ar airgead, sonraí easnaimh agus fiachais ráithiúla agus na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 den Phrótacal (Uimh. 12) á gcur i bhfeidhm maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE. Foilsiú sonraí buiséadacha ag a bhfuil minicíocht níos airde agus atá saincheaptha do shainmhínithe buiséadacha náisiúnta, ba cheart é a chinneadh ar bhonn ceanglais trédhearcachta náisiúnta agus riachtanais úsáideora, chun feabhas a chur ar úinéireacht náisiúnta.

(11)Le réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha atá laofa agus neamhréalaíoch le haghaidh na reachtaíochtaí buiséid bliantúla agus ilbhliantúla is féidir cur isteach go mór ar éifeachtacht na pleanála fioscaí agus tiomantas do smacht buiséadach a lagú dá dheasca sin. Chun feabhas a chur ar thoimhdí bunlíne agus measúnuithe neamhlaofa ar thionchar fioscach beart beartais éagsúil a sholáthar, ba cheart d’institiúid fhioscach neamhspleách réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha na mBallstát a fhormhuiniú nó a tháirgeadh .

(12)Ba cheart réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha a bheith faoi réir meastóireachtaí tráthrialta, oibiachtúla agus cuimsitheacha arna ndéanamh ag comhlacht neamhspleách chun a gcáilíocht a fheabhsú. Ar na meastóireachtaí sin ba cheart a áireamh grinnscrúdú ar na toimhdí eacnamaíocha, comparáid le réamhaisnéisí arna n‑ullmhú ag institiúidí eile agus meastóireacht ar fheidhmíocht réamhaisnéise roimhe sin.

(13)Comhlachtaí neamhspleácha ar a gcuirtear de chúram faireachán a dhéanamh ar airgeadas poiblí sna Ballstáit, is bloc tógála fíor‑riachtanach iad de chreataí buiséadacha éifeachtacha. Le Rialachán (AE) Uimh 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 ceanglaítear ar na Ballstáit arb é an euro an t‑airgeadra iontu institiúidí fioscacha neamhspleácha a bheith acu ar a gcuirtear de chúram réamhaisnéisí maicreacnamaíocha a fhormhuiniú nó a tháirgeadh agus bunaítear coimircí sonracha maidir lena neamhspleáchas agus lena n‑acmhainneacht theicniúil. I bhfianaise rannchuidiú dearfach comhlachtaí neamhspleácha le hairgeadas poiblí, ba cheart na ceanglais sin a leathnú chuig na Ballstáit uile. Chun smacht fioscach a chothú agus inchreidteacht an bheartais fhioscaigh a neartú, ba cheart do na comhlachtaí sin rannchuidiú freisin leis an bpleanáil bhuiséadach trí na réamhaisnéisí agus na hanailísí fiachais arna n‑úsáid ag an rialtas a tháirgeadh nó a fhormhuiniú, agus trí mheasúnuithe neamhspleácha a dhéanamh ar bheartais fhioscacha agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an gcreat fioscach.

(14)Chun freagracht neartaithe a bhaint amach sa bheartas fioscach, ba cheart ardleibhéal neamhspleáchais oibríochtúil a bheith ag institiúidí fioscacha chomh maith leis na hacmhainní is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus ba cheart rochtain fhairsing agus thráthúil a bheith acu ar an bhfaisnéis is gá.

(15)Chun feabhas a chur ar phleanáil bhuiséadach, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na rioscaí macraifhioscacha ón athrú aeráide agus ar na himpleachtaí atá ag beartais a bhaineann leis an aeráid ar airgeadas poiblí sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Maidir le tuiscint a fháil ar na cainéil trína ndéantar difear le suaití a bhaineann leis an aeráid don gheilleagar agus d’airgeadas poiblí, tá ríthábhacht leis sin le haghaidh straitéisí náisiúnta chun an riosca fioscach a eascraíonn as an athrú aeráide agus as tubaistí gaolmhara a theorannú agus a bhainistiú.

(16)Le peirspictíocht bhliana aonair le haghaidh pleanáil bhuiséadach soláthraítear bunús teoranta le haghaidh beartais fhioscacha fhónta, ós rud é go bhfuil impleachtaí ag an gcuid is mó de bhearta a théann i bhfad thar an timthriall buiséadach bliantúil. Dá réir sin, le pleanáil fhioscach ilbhliantúil éifeachtach neartaítear inchreidteacht an bheartais fhioscaigh agus inbhuanaitheacht fiachais á cur san áireamh. Luíonn pleanáil mheántéarmach éifeachtach ar shainmhíniú soiléir agus comhsheasmhach ar chuspóirí buiséadacha náisiúnta sa mheántéarma, ar cuspóirí iad a chuirtear i láthair i bpleananna meántéarmacha náisiúnta. Chun peirspictíocht bhuiséadach ilbhliantúil a fheabhsú, ba cheart an phleanáil ar reachtaíocht bhuiséid bhliantúil a bheith comhsheasmhach leis na cuspóirí ilbhliantúla a bhunaítear i gcreataí buiséadacha meántéarmacha.

(17)Chun bheith éifeachtach maidir leis an smacht buiséadach agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chur chun cinn, ba cheart airgeadas poiblí a chumhdach go cuimsitheach le creataí buiséadacha. Ar an gcúis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar oibríochtaí na gcomhlachtaí agus na gcistí rialtais ghinearálta sin nach bhfuil ina gcuid de na buiséid thráthrialta ar an leibhéal fo‑earnála agus ag a bhfuil tionchar láithreach nó meántéarmach ar riochtaí buiséadacha na mBallstát. Luachanna an tionchair chomhcheangailte ar iarmhéideanna agus fiachais rialtais ghinearálta na n‑oibríochtaí sin ba cheart iad a chur i láthair faoi chuimsiú na bpróiseas buiséadach bliantúil agus sna pleananna buiséadacha meántéarmacha, agus na tionchair a eascraíonn as oibríochtaí amach anseo agus dliteanais nua gan íoc agus lena bhfuil coinne á ngabháil.

(18)Mar an gcéanna, tá gá le trédhearcacht maidir le cineál agus méid na gcaiteachas cánach agus na gcaillteanas ioncaim a thagann as sin chun tuiscint níos doimhne a sholáthar ar an méid atá beartas fioscach agus pleanáil bhuiséadach ailínithe le tosaíochtaí rialtais.

(19)Is féidir le huirlisí buiséadaithe glasa a bheith ina gcuidiú chun ioncam agus caiteachas poiblí a atreorú chuig tosaíochtaí glasa. Maidir leis sin, le tuairisciú iontaofa agus tráthrialta ar fhaisnéis chuimsitheach, úsáideach agus inrochtana cuirtear feabhas ar phléití buiséid. Ciallaíonn sin sonraí a thuairisciú maidir le conas a léirítear le hioncaim an gá chun a áirithiú go léireofar an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, agus dá réir sin maidir le conas a léirítear leis an gcaiteachas tosaíochtaí glasa go fabhrach agus go neamhfhabhrach. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis a fhoilsiú maidir le conas atá na heilimintí ábhartha dá mbuiséid ina rannchuidiú le gealltanais aeráide agus chomhshaoil náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach agus leis an modheolaíocht a úsáidtear. Ba cheart do na Ballstáit sonraí agus faisnéis thuairisciúil a fhoilsiú ar leithligh le haghaidh míreanna caiteachais, caiteachais cánach agus ioncaim. Iarrtar ar na Ballstáit faisnéis maidir leis an tionchar dáileacháin atá ag beartais bhuiséadacha a fhoilsiú agus gnéithe fostaíochta, sóisialta agus dáileacháin a chur san áireamh i bhforbairt an bhuiséadaithe ghlais 29 .

(20)Ba cheart aird chuí a thabhairt ar dhliteanais theagmhasacha a bheith ann. Ar bhealach níos sonraí, le dliteanais theagmhasacha cuimsítear oibleagáidí féideartha de réir tarlú teagmhais neamhchinnte amach anseo, nó cuirtear oibleagáidí i láthair i gcás nach bhfuil íocaíocht dóchúil nó nach féidir méid na híocaíochta dóchúla a thomhas go hiontaofa. Cuimsítear leo, mar shampla, ráthaíochtaí rialtais, iasachtaí neamhthuillmheacha, dliteanais a eascraíonn as oibríocht corparáidí poiblí, agus costais agus oibleagáidí ionchasacha a eascraíonn as cásanna cúirte agus dliteanais theagmhasacha a bhaineann le tubaistí.

(21)Le tubaistí nádúrtha agus teagmhais adhaimsire rinneadh difear don chuid is mó de na Ballstáit agus tá coinne leis go n‑aimpleofar leis an athrú aeráide minicíocht agus déine na dteagmhas sin. Infheistíonn rialtais i mbearta oiriúnaithe don aeráid agus déanann siad idirghabháil chun costais tubaiste a chumhdach le haghaidh fóirithint, téarnamh agus atógáil éigeandála agus chun gníomhú mar árachóir na dála deiridh i gcásanna áirithe. I bhfianaise na ndúshlán atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo le haghaidh inbhuanaitheacht airgeadais phoiblí, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar oibleagáidí rialtais agus rioscaí maidir le hairgeadas rialtais a eascraíonn as tubaistí nádúrtha agus teagmhais a bhaineann leis an aeráid, ag tosú le faisnéis a bhailiú agus a fhoilsiú ar chaillteanais eacnamaíocha agus costas fioscach na dteagmhas roimhe sin chomh maith le faisnéis maidir leis na socruithe buiséadacha agus leis na hionstraimí airgeadais a úsáideadh maidir leis sin.

(22)Ba cheart don Choimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh go tráthrialta ar chur chun feidhme Threoir 2011/85/AE. Dea‑chleachtais maidir le cur chun feidhme fhorálacha na Treorach sin ba cheart iad a shainaithint agus a chomhroinnt.

(23)Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2011/85/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Leasaítear Treoir 2011/85/AE mar a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)sa chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

‘Beidh feidhm ag an sainmhíniú ar fho‑earnálacha den rialtas ginearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.*

___________

*IO L 174, 26.6.2013, lch. 1.’

(b)leasaítear an dara mír mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) córais de chuntasaíocht na hearnála poiblí agus tuairisciú staidrimh;’

(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c) rialacha fioscacha uimhriúla tírshonracha lena rannchuidítear le comhsheasmhacht stiúradh beartais fhioscaigh na mBallstát lena n‑oibleagáidí faoi seachas faoi CFAE, arna sloinneadh ó thaobh táscaire achomair ar fheidhmíocht bhuiséadach, amhail an t‑easnamh ar bhuiséad an rialtais, iasachtaíocht an rialtais, fiachas an rialtais, nó mórchuid de sin;’

(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e) creataí buiséadacha meántéarmacha mar thacar sonrach de nósanna imeachta buiséadacha náisiúnta lena síntear an fhís le haghaidh ceapadh beartais fioscach thar an bhféilire buiséadach bliantúil, lena n‑áirítear tosaíochtaí beartais agus cuspóirí buiséadacha náisiúnta a shocrú sa mheántéarma;’

(iv)cuirtear leis pointe (h) mar a leanas:

‘(h) institiúidí fioscacha neamhspleácha mar chomhlachtaí atá neamhspleách ó thaobh struchtúir nó comhlachtaí ag a bhfuil uathriail fheidhmiúil a mhéid a bhaineann le húdaráis bhuiséadacha na mBallstát a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8.’

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘1. A mhéid a bhaineann le córais náisiúnta de chuntasaíocht phoiblí, faoi 2030, is amhlaidh a bheidh córais chuntasaíochta airgeadais fabhraithe atá comhchuibhithe go náisiúnta, comhtháite agus cuimsitheach ag na Ballstáit lena gcumhdaítear na fo‑earnálacha uile den rialtas ginearálta agus ina bhfuil an fhaisnéis airgid agus fabhraithe is gá chun sonraí a ullmhú bunaithe ar CCE 2010. Beidh córais cuntasaíochta airgeadais sin na hearnála poiblí faoi réir iniúchtaí rialaithe inmheánaigh agus neamhspleácha.

2. Áiritheoidh na Ballstáit infhaighteacht phoiblí thráthúil agus thráthrialta ar shonraí fioscacha le haghaidh na bhfo‑earnálacha uile den rialtas ginearálta mar a leagtar amach le Rialachán (AE) 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. Go háirithe, foilseoidh na Ballstáit sonraí fiachais agus easnaimh ráithiúla ar leithligh le haghaidh an rialtais láir, an státrialtais, an rialtais áitiúil agus cistí slándála sóisialta, roimh dheireadh na ráithe ina dhiaidh sin nó tar éis don Choimisiún (Eurostat) na sonraí ábhartha a fhoilsiú.

3. Foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) sonraí staidreamh airgeadais ráithiúla an rialtais i gcomhréir le táblaí 25, 27 agus 28 d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, gach 3 mhí.

___________

*IO L 174, 26.6.2013, lch. 1.’

(3) Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an phleanáil fhioscach bhliantúil agus ilbhliantúil bunaithe ar réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha réalaíocha ag úsáid na faisnéise is cothroime le dáta. Beidh an phleanáil bhuiséadach bunaithe ar an gcás macraifhioscach is dóchúla nó ar chás níos stuama. Na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha is féidir leis na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8 iad a tháirgeadh nó a fhormhuiniú. Cuirfear iad i gcomparáid leis na réamhaisnéisí is cothroime le dáta de chuid an Choimisiúin. Difríochtaí suntasacha idir réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha an Bhallstáit agus réamhaisnéisí an Choimisiúin míneofar iad, lena n‑áirítear i gcás ina n‑imíonn leibhéal nó fás na n‑athróg i dtoimhdí seachtracha go suntasach ó na luachanna atá i réamhaisnéisí an Choimisiúin.’

(b)scriostar mír 4.

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mír 6:

‘5. Sonróidh na Ballstáit cén institiúid atá freagrach as réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha a tháirgeadh. Ar a laghad go bliantúil, rachaidh na Ballstáit agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil maidir leis na toimhdí atá mar bhonn taca faoi ullmhú réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha. 

6. Na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha le haghaidh pleanáil fhioscach bhliantúil agus ilbhliantúil arna dtáirgeadh ag na hinstitiúidí náisiúnta beidh siad faoi réir meastóireacht thráthrialta, oibiachtúil agus chuimsitheach arna déanamh ag comhlacht neamhspleách, lena n‑áirítear meastóireacht ex post. Foilseofar toradh na meastóireachta sin agus cuirfear san áireamh go hiomchuí é i réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha amach anseo. Má bhraitear leis an meastóireacht laofacht shuntasach lena ndéantar difear do réamhaisnéisí maicreacnamaíocha ar feadh tréimhse 4 bliana as a chéile, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an ghníomhaíocht is gá agus foilseoidh sé í.’

(d)scriostar mír 7.

(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5 

Bunóidh gach Ballstát a rialacha fioscacha uimhriúla sonracha chun comhlíontacht lena oibleagáidí a dhíorthaíonn ó CFAE a chur chun cinn go héifeachtach i réimse na pleanála fioscaí ar feadh tréimhse ilbhliantúil le haghaidh an rialtais ghinearálta ina iomláine. Leis na rialacha sin cuirfear an méid seo a leanas chun cinn go háirithe:

(a)

comhlíontacht leis na luachanna tagartha agus leis na forálacha maidir le heasnamh agus fiachas a leagtar amach i gcomhréir le CFAE;

(b)

glacadh tréimhse pleanála fioscaí ilbhliantúla, comhsheasmhach le forálacha Rialachán [XXX an chuid choisctheach de CCF].*

__________________

* Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [cuir isteach an dáta] [cuir isteach an teideal iomlán] (IO L ..).’

(5) Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) An faireachán éifeachtach agus tráthúil ar chomhlíontacht leis na rialacha, bunaithe ar anailís iontaofa agus neamhspleách arna déanamh ag institiúidí fioscacha neamhspleácha a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8.’ ;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘Má bhíonn clásail éalaithe i rialacha fioscacha uimhriúla, leis na clásail sin leagfar amach líon teoranta imthosca sonracha, atá comhsheasmhach le hoibleagáidí na mBallstát a dhíorthaíonn ó CFAE agus Rialachán [XXX an chuid choisctheach de CCF], agus nósanna imeachta diana ina gceadaítear neamhchomhlíonadh sealadach na rialacha. Beidh teorainneacha ama soiléire ag clásail éalaithe.’

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Beidh reachtaíocht bhuiséid bhliantúil na mBallstát comhsheasmhach leis na rialacha fioscacha uimhriúla tírshonracha atá i bhfeidhm.’

(7) I gCaibidil V, cuirtear ‘INSTITIÚIDÍ FIOSCACHA NEAMHSPLEÁCHA’ in ionad an teidil.

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

1. Áiritheoidh na Ballstáit maidir le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha, amhail comhlachtaí atá neamhspleách ó thaobh struchtúir nó comhlachtaí ag a bhfuil uathriail fheidhmiúil a mhéid a bhaineann le húdaráis bhuiséadacha na mBallstát, go mbeidh siad bunaithe le dlíthe náisiúnta, rialacháin nó forálacha riaracháin ceangailteacha.

2. Beidh na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1 comhdhéanta de chomhaltaí arna n‑ainmniú agus arna gceapadh ar bhonn a dtaithí agus a n‑inniúlachta san airgeadas poiblí, sa mhaicreacnamaíocht nó sa bhainistíocht bhuiséadach, agus trí bhíthin nósanna imeachta trédhearcacha.

3. Maidir leis na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1:

(a)    ní ghlacfaidh siad treoracha ó údaráis bhuiséadacha an Bhallstáit lena mbaineann ná ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile;

(b)    beidh an inniúlacht iontu cumarsáid a dhéanamh go tráthúil agus go poiblí maidir lena measúnuithe agus lena dtuairimí;

(c)    beidh acmhainní dílse leordhóthanacha agus cobhsaí acu chun a sainordú a dhéanamh go héifeachtach, lena n‑áirítear aon chineál anailíse laistigh dá sainordú;

(d)    beidh rochtain leordhóthanach agus thráthúil acu ar an bhfaisnéis is gá chun a sainordú a chomhlíonadh;

(e)    beidh siad faoi réir meastóireachtaí seachtracha tráthrialta ó mheastóirí neamhspleácha.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cúraimí seo a leanas ar na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1:

(a)    na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha bliantúla agus ilbhliantúla atá mar bhun le pleanáil mheántéarmach an rialtais a tháirgeadh nó na cinn sin arna n‑úsáid ag na húdaráis bhuiséadacha a fhormhuiniú;

(b)    measúnuithe inbhuanaitheachta fiachais atá mar bhun le pleanáil mheántéarmach an rialtais a tháirgeadh nó na cinn sin arna soláthar ag na húdaráis bhuiséadacha a fhormhuiniú;

(c)    measúnuithe a tháirgeadh ar thionchair beartas maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach nó na cinn sin arna soláthar ag na húdaráis bhuiséadacha a fhormhuiniú;

(d)    faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le rialacha fioscacha uimhriúla tírshonracha i gcomhréir le hAirteagal 6;

(e)    faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le creat fioscach an Aontais i gcomhréir le Rialacháin [XXX an chuid choisctheach de CCF] agus [XXX an chuid cheartaitheach de CCF] *;

(f)    athbhreithnithe a dhéanamh, ar bhonn tráthrialta, ar an gcreat buiséadach náisiúnta, chun measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht, comhleanúnachas agus éifeachtacht an chreata, lena n‑áirítear sásraí agus rialacha lena rialáiltear gaolmhaireachtaí fioscacha idir údaráis phoiblí ar fud fo‑earnálacha den rialtas ginearálta;

(g)    páirt a ghlacadh in éisteachtaí agus pléití tráthrialta ag an bParlaimint náisiúnta.

5.    Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh údaráis bhuiséadacha an Bhallstáit lena mbaineann na measúnuithe nó na tuairimí arna n‑eisiúint ag na hinstitiúidí i gcomhthéacs na gcúraimí dá dtagraítear i mír 4. I gcás nach gcomhlíonann na húdaráis bhuiséadacha sin na measúnuithe ná na tuairimí sin, tabharfaidh siad údar go poiblí leis an gcinneadh gan chomhlíonadh laistigh de mhí ón tráth a eisítear na measúnuithe nó na tuairimí sin.

* Rialachán (AE) ón gComhairle [cuir isteach an dáta] [cuir isteach an teideal iomlán] (IO L ..).

(9) Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Bunóidh na Ballstáit creat buiséadach meántéarmach atá inchreidte agus éifeachtach lena ndéantar foráil maidir le tréimhse pleanála fioscaí 4 bliana ar a laghad a ghlacadh chun a áirithiú go leanfar peirspictíocht pleanála fioscaí ilbhliantúla leis an bpleanáil fhioscach náisiúnta.’

b) leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) cuspóirí buiséadacha ilbhliantúla atá cuimsitheach agus trédhearcach dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (e) ó thaobh an easnaimh, an fhiachais agus aon táscaire fioscach achomair eile de chuid an rialtais ghinearálta amhail caiteachas, lena n‑áirithítear go bhfuil siad comhsheasmhach le haon riail fhioscach uimhriúil thírshonrach dá bhforáiltear i gCaibidil IV den Treoir seo agus sna forálacha ábhartha de Rialachán [XXX an chuid choisctheach de CCF].’;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c) tuairisc ar bheartais mheántéarmacha, lena n‑áirítear infheistíocht agus athchóirithe, a bheartaítear le tionchar ar airgeadas rialtais ghinearálta agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, arna miondealú de réir príomh‑mhíreanna ioncaim agus caiteachais, lena léirítear conas a bhaintear amach an coigeartú i dtreo cuspóirí buiséadacha náisiúnta sa mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (e), i gcomparáid le réamh‑mheastacháin faoi bheartais gan athrú.’;

(iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) measúnú ar conas is dóchúil, i bhfianaise a dtionchair mheántéarmaigh agus fhadtéarmaigh dhírigh ar airgeadas rialtais ghinearálta, a dhéanfar difear leis na beartais a bheartaítear d’inbhuanaitheacht mheántéarmach agus fhadtéarmach an airgeadais phoiblí agus d’fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Leis an measúnú sonrófar, a mhéid is féidir, na rioscaí macraifhioscacha ón athrú aeráide agus a dtionchair chomhshaoil agus dáileacháin, agus na himpleachtaí atá ag beartais mhaolaithe agus oiriúnaithe, a bhaineann leis an aeráid, ar airgeadas poiblí sa mheántéarma agus san fhadtéarma.’;

c) scriostar mír 3;

(10) Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagail 10 agus 11:

‘Airteagal 10

Beidh an reachtaíocht bhuiséid bhliantúil comhsheasmhach leis na cuspóirí buiséadacha náisiúnta sa mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (e). Tabharfar míniú cuí ar aon imeacht.’;

Airteagal 11

Leis an Treoir seo ní choiscfear, ar aon bhealach, ar rialtas nua Ballstáit a phlean buiséadach meántéarmach a thabhairt cothrom le dáta chun a thosaíochtaí beartais nua a léiriú. Sa chás sin, léireoidh an rialtas nua na difríochtaí idir an plean buiséadach meántéarmach roimhe sin agus an plean buiséadach meántéarmach nua.’;

(11) i gCaibidil VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘TRÉDHEARCACHT AIRGEADAS AN RIALTAIS GHINEARÁLTA’

(12) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

Airteagal 12

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon bheart a dhéantar i gcomhréir le Caibidlí II, III agus IV comhsheasmhach ar fud na bhfo‑earnálacha uile den rialtas ginearálta agus go gcumhdófar na fo‑earnálacha sin go cuimsitheach leo. Chuige sin ceanglóidh na Ballstáit, go háirithe, rialacha agus nósanna imeachta cuntasaíochta comhsheasmhacha ón earnáil phoiblí, agus sláine a gcórais bailiúcháin agus próiseála sonraí fholuiteacha.’;

(13) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

1. Faoi chuimsiú na bpróiseas reachtaíochta buiséadaí bliantúil agus ilbhliantúil, foilseoidh na Ballstáit comhlachtaí agus cistí nach bhfuil ina gcuid de na buiséid thráthrialta ach atá ina gcuid den rialtas ginearálta, lena n‑áirítear fo‑earnálacha den rialtas ginearálta. Foilseoidh na Ballstáit luachanna freisin a chomhfhreagraíonn don tionchar comhcheangailte ar iarmhéideanna agus fiachais rialtais ghinearálta na gcomhlachtaí agus na gcistí sin ina n‑áireofar leis an tionchar ar na hiarmhéideanna oibríochtaí roimhe sin agus oibríochtaí lena bhfuil coinne amach anseo agus ina n‑áireofar leis an tionchar ar fhiachais dliteanais nua gan íoc agus lena bhfuil coinne.

2. Foilseoidh na Ballstáit faisnéis mhionsonraithe ar thionchar caiteachas cánach ar ioncaim le haghaidh na gcuspóirí buiséadacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (e), ar bhonn modheolaíocht thrédhearcach.

3. Le haghaidh na bhfo‑earnálacha uile den rialtas ginearálta, foilseoidh na Ballstáit faisnéis ábhartha maidir le dliteanais theagmhasacha a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar bhuiséid phoiblí, lena n‑áirítear ráthaíochtaí rialtais, iasachtaí neamhthuillmheacha agus dliteanais a eascraíonn as oibríocht corparáidí poiblí, costais agus oibleagáidí ionchasacha a eascraíonn as cásanna cúirte, lena n‑áirítear a mhéid atá sin amhlaidh. Foilseoidh na Ballstáit faisnéis a mhéid is féidir freisin maidir le dliteanais theagmhasacha a bhaineann le tubaistí agus leis an aeráid. Foilseoidh na Ballstáit faisnéis maidir le glaonna roimhe sin ar ráthaíochtaí agus caiteachas aonuaire arna dtaifeadadh le haghaidh ráthaíochtaí caighdeánaithe. Áireofar leis an bhfaisnéis fhoilsithe faisnéis maidir le caillteanais eacnamaíocha arna dtabhú de dheasca tubaistí agus suaití a bhaineann leis an aeráid, lena n‑áirítear na costais fhioscacha arna seasamh ag an earnáil phoiblí agus na hionstraimí arna n‑úsáid chun iad a mhaolú nó a chumhdach. Foilseoidh na Ballstáit faisnéis maidir le rannpháirtíocht an rialtais ghinearálta i gcaipiteal corparáidí príobháideacha agus poiblí i leith méideanna atá suntasach go heacnamaíoch.’

(14) Cuirtear isteach Airteagal 14a mar a leanas:

‘Airteagal 14a.

1. Faoin 14 Nollaig 20XX foilseoidh an Coimisiún athbhreithniú ar éifeachtacht na Treorach seo.

2. Faoin 31 Nollaig 2025, tuairisceoidh an Coimisiún ar staid imeartha chuntasaíocht airgeadais na hearnála poiblí san Aontas agus ar a treo amach anseo, agus an dul chun cinn a rinneadh óna mheasúnú in 2013 á chur san áireamh, ar measúnú é ar oiriúnacht Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí le haghaidh na mBallstát.’

(15) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

1.Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na forálacha is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 202x. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach. Molann an Chomhairle do na Ballstáit a dtáblaí comhghaoil féin a tharraingt suas, dóibh féin agus chun leasanna an Aontais, lena léireofar, a mhéid is féidir, an comhghaol idir an Treoir seo agus na bearta trasuí, agus iad a phoibliú.

2.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

3. Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme phríomhfhorálacha na Treorach seo ar bhonn faisnéis ábhartha ó na Ballstáit, rud a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 14 Nollaig 20XX.

4.   Déanfaidh na Ballstáit téacs na bpríomhfhorálacha a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.’

(16) Scriostar Airteagal 16.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 306, 23.11.2011, lch. 41.
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú ( IO L 306, 23.11.2011, lch. 12 ).
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 1177/2011 ón gComhairle an 8 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air ( IO L 306, 23.11.2011, lch. 33 ).
(6)    Tuarascáil speisialta 2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le EU requirements on national budgetary frameworks: need to further strengthen them and to better monitor their application [Ceanglais an Aontais maidir le creataí buiséadacha náisiúnta: an gá lena neartú a thuilleadh agus le faireachán níos fearr a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm]. https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR19_22/SR_Fiscal_Stability_EN.pdf .
(7)    Le hAirteagal 16 den Treoir ceanglaíodh ar an gCoimisiún athbhreithniú a fhoilsiú ar an Treoir chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na gceanglas staidrimh, dearadh agus éifeachtacht rialacha fioscacha uimhriúla agus leibhéal ginearálta trédhearcachta an airgeadais phoiblí sna Ballstáit. Tá an t‑athbhreithniú oiriúnachta ina chuid de Theachtaireacht COM(2020) 55 final ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 Economic governance review, Report on the application of Regulations (EU) No 1173/2011, 1174/2011, 1175/2011, 1176/2011, 1177/2011, 472/2013 and 473/2013 and on the suitability of Council Directive 2011/85/EU [Athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch, Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1173/2011, 1174/2011, 1175/2011, 1176/2011, 1177/2011, 472/2013 agus 473/2013 agus maidir le hoiriúnacht Threoir 2011/85/AE ón gComhairle].
(8)    Teachtaireacht COM(2022)583 final ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022 ‘maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh’.
(9)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2022) 104 final an 28 Márta 2022 Online public consultation on the review of the EU economic governance framework – Summary of responses – Final Report [Comhairliúchán poiblí ar líne maidir leis an athbhreithniú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais – Achoimre ar fhreagraí – Tuarascáil Chríochnaitheach].
(10)    Leis na hAirteagail tagraítear d’uimhriú bunaidh na Treorach, mura sonraítear mar a bheith ‘nua’ iad.
(11)    An Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta an 2 Márta 2012.
(12)    Agus smacht buiséadach ar fud an timthrialla eacnamaíoch mar aidhm, dhaingnigh 25 Bhallstát TSCG idir-rialtasach an 2 Márta 2012. Ina chéad mhír, meabhraítear le hAirteagal 2 de TSCG go gcuirfidh na Páirtithe Conarthacha i bhfeidhm é ‘agus déanfaidh siad é a léiriú, i gcomhréir leis na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, go háirithe Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus le dlí an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear dlí nóis imeachta aon uair is gá reachtaíocht thánaisteach a ghlacadh’. Ina dara mír, meabhraítear le hAirteagal 2 de TSCG go ‘mbeidh feidhm aige a mhéid atá sé comhoiriúnach leis na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas bunaithe agus le dlí an Aontais. Ní dhéanfaidh sé cúngrú ar inniúlacht an Aontais gníomhú i réimse an aontais eacnamaíoch’. Tá Teideal III de TSCG, an ‘Comhshocrú Fioscach’, ceangailteach ar na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra iontu agus, ar bhonn deonach, ar Bhallstáit eile (TSCG, Airteagal 1(2) agus Airteagal 14(5)). Foráiltear le hAirteagal 16 de TSCG, ‘faoi cheann cúig bliana ar a mhéid tar éis don Chonradh seo teacht i bhfeidhm, ar bhonn measúnú ar an taithí a fuarthas óna chur chun feidhme, déanfar na bearta is gá, de réir an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus é d’aidhm leo substaint an Chonartha seo a chorprú i gcreat dlíthiúil an Aontais Eorpaigh’.
(13)    Féach Teachtaireacht COM(2012) 342 final ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2012 Common principles on national fiscal correction mechanisms [Prionsabail choiteanna maidir le sásraí ceartúcháin fioscacha náisiúnta].
(14)    Tuarascáil C(2017) 1201 final ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2017 arna cur i láthair faoi Airteagal 8 de TSCG .
(15)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2022) 104 final an 28 Márta 2022 Online public consultation on the review of the EU economic governance framework: summary of responses [Comhairliúchán poiblí ar líne maidir leis an athbhreithniú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais: achoimre ar fhreagraí].
(16)    Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L 306, 23.11.2011, lch. 41).
(17)    Tuarascáil speisialta 2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le EU requirements on national budgetary frameworks: need to further strengthen them and to better monitor their application [Ceanglais an Aontais maidir le creataí buiséadacha náisiúnta: an gá lena neartú a thuilleadh agus le faireachán níos fearr a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm].
(18)    Teachtaireacht COM(2020) 55 final ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 Economic governance review, Report on the application of Regulations (EU) No 1173/2011, 1174/2011, 1175/2011, 1176/2011, 1177/2011, 472/2013 and 473/2013 and on the suitability of Council Directive 2011/85/EU [Athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch, Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1173/2011, 1174/2011, 1175/2011, 1176/2011, 1177/2011, 472/2013 agus 473/2013 agus maidir le hoiriúnacht Threoir 2011/85/AE ón gComhairle].
(19)    Teachtaireacht COM(2019) 640 final ón gCoimisiún ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’.
(20)    Teachtaireacht COM(2021) 82 final ón gCoimisiún Forging a climate‑resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide].
(21)    Teachtaireacht COM(2022) 583 final ón gCoimisiún ‘maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh’.
(22)    Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [cuir isteach an dáta] [cuir isteach an teideal iomlán] (IO L ..).
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).
(24)    Rialachán (AE) ón gComhairle [cuir isteach an dáta] [cuir isteach an teideal iomlán] (IO L ..).
(25)    Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).
(26)    An Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta an 2 Márta 2012.
(27)    Teachtaireacht COM(2012) 342 final ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2012 Common principles on national fiscal correction mechanisms [Prionsabail choiteanna maidir le sásraí ceartúcháin fioscacha náisiúnta].
(28)    Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireachán agus measúnú ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n‑áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013, lch. 11).
(29)    Teachtaireacht COM(2022)494 final ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2022 ‘Measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar dáileach bheartais na mBallstát’ agus Airteagal 6(3), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n‑áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013, lch. 11).