An Bhruiséil,14.7.2021

SWD(2021) 644 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

{COM(2021) 564 final} - {SEC(2021) 564 final} - {SWD(2021) 643 final} - {SWD(2021) 647 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair maidir le Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a thabhairt isteach

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Más rud é go mbeidh difríochtaí fós ann maidir le leibhéil uaillmhéine aeráide ar fud an domhain, le huaillmhianta méadaithe an Aontais méadófar an riosca sceite carbóin ón Aontas. Is é is cúis le sceitheadh den sórt sin, táirgeadh earraí dianfhuinnimh a athlonnú ón Aontas chuig tíortha eile ina bhfuil costais chomhlíontachta chomhshaoil níos lú, agus allmhairí ó na tíortha sin atá níos déine ar charbón a chur in ionad na n‑earraí AE céanna sin. Sa chás sin, mar thoradh ar an sceitheadh sin tagann méadú iomlán ar na hastaíochtaí ar fud an domhain agus, dá bhrí sin, déantar dochar d’éifeachtúlacht bheartais aeráide an Aontais.

In 2005, thug an tAontas isteach Córas Trádála Astaíochtaí (CTA) an Aontais Eorpaigh chun astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa (GCT) a laghdú agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. De bharr an chuspóra Aontas aeráidneodrach a bheith ann faoi 2050 agus de bharr an chinnidh uaillmhian aeráide a mhéadú le haghaidh 2030, rinneadh athbhreithniú níos leithne ar na bearta atá ann faoi lathair in aghaidh sceitheadh carbóin. Go háirithe, le leithdháileadh lamháltas saor in aisce coisctear rioscaí sceite carbóin ach, ina theannta sin, lagaítear an praghaschomhartha carbóin le haghaidh thionscal an Aontais i gcomparáid leis an gceantáil iomlán. Mar mhalairt ar leithdháileadh saor in aisce, d’áiritheofaí leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha gur chruinne a léireodh praghas na n‑allmhairí an cion carbóin atá sna hallmhairí sin.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Tá sé d’aidhm ag tabhairt isteach sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha aghaidh a thabhairt ar an gcuspóir uileghabhálach aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide trí astaíochtaí GCT a laghdú san Aontas agus ar fud an domhain.

Go sonrach, beartaítear leis an mbeart: i) aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin, ii) cur leis na cuspóirí dícharbónaithe san Aontas, iii) táirgeoirí i dtríú tíortha a onnmhairíonn chuig an Aontas a spreagadh chun teicneolaíochtaí ísealcharbóin a ghlacadh agus iv) a áirithiú gur cruinne a léireoidh praghas na n‑allmhairí an cion carbóin atá sna hallmhairí sin.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Go bunúsach, is saincheist thrasteorann é laghdú na n‑astaíochtaí GCT, saincheist a bhfuil gníomhaíocht éifeachtach ar an scála is mó dá bhfuil ann ag teastáil ina leith. Is maith mar atá an tAontas, mar eagraíocht fhornáisiúnta, in ann beartas aeráide éifeachtach a bhunú ar a chríoch, mar atá déanta aige le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Gníomhaíocht a dhéanamh ag leibhéil an Aontais, is é sin an t‑aon bhealach fiúntach chun coibhéis a áirithiú idir an beartas praghsála carbóin a chuirtear i bhfeidhm i margadh inmheánach an Aontais agus an beartas praghsála carbóin a chuirtear i bhfeidhm ar allmhairí. Ina theannta sin, maidir leis an ngá atá leis costais riaracháin a laghdú a oiread is féidir, is trí rialacha comhsheasmhacha le haghaidh an mhargaidh aonair iomláin is fearr a bhainfear sin amach.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?

Breathnaíodh ar 6 rogha lena n‑áirítear dhá cháin éagsúla (Roghanna 1 agus 6) agus rialáil a bheadh ar aon dul le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh le haghaidh allmhairí (na roghanna eile ar fad) maidir le tacar roghnaithe d’ábhair bhunúsacha (alúmanam, leasacháin, stroighin agus iarann agus cruach) agus maidir le leictreachas. Ceapadh na bearta uile ar bhealach a áiritheoidh go gcomhlíonfaidh siad gealltanais idirnáisiúnta an Aontais:

Is eárd atá i Rogha 1 cáin charbóin ar allmhairí atá bunaithe ar luach réamhshocraithe a chuireann meán na n‑astaíochtaí AE san áireamh, agus san am céanna, a fhagann gur féidir do na hallmhaireoirí tuairisc a thabhairt ar dhéine carbóin iarbhír a gcuid táirgí allmhairithe. Ar an láimh eile, is é atá i Rogha 6 dleacht mháil ar ábhair atá dian ar charbón lena gcumhdaítear tomhaltas táirgí baile agus táirgí allmhairithe, mar aon le leanúint de leithdháileadh lamháltas saor in aisce i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

Is é atá i gceist leis na roghanna eile ar fad deimhnithe allmhairiúcháin (deimhnithe SCCT) a cheannach agus a thabhairt suas tráth a allmhairítear tacar roghnaithe d’ábhair bhunúsacha, rud a bheadh ar aon dul le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh. I rogha 2, bhunófaí praghas na ndeimhnithe ar luach réamhshocraithe lena léireofaí meán na n‑astaíochtaí AE, agus an rogha ann d’allmhaireoirí tuairisc a thabhairt ar dhéine carbóin iarbhír a gcuid táirgí allmhairithe. Le rogha 3, glactar leis go mbunófar praghas carbóin na n‑allmhairí ar astaíochtaí iarbhír ó tháirgeoirí tríú tíortha, seachas ar luach réamhshocraithe a bheadh bunaithe ar mheánastaíochtaí na dtáirgeoirí AE. Leis an dá rogha sin, glactar leis nach bhfaigheann na hearnálacha SCCT lamháltais saor in aisce faoin gCóras Trádála Astaíochtaí.

Is leagan de rogha 3 é rogha 4. Is éard a mheastar leis an rogha sin an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a thabhairt isteach de réir a chéile agus deireadh a chur le lamháltais saor in aisce de réir a chéile tar éis 2025. Is leagan eile é rogha 5 lena n‑áirítear an raon feidhme a leathnú níos faide síos sa slabhra luacha chun na hábhair bhunúsacha atá ina gcuid de chomhpháirteanna agus d’earraí críochnaithe a chumhdach.

Tacaíonn an measúnú tionchair seo le rogha 4 mar rogha thosaíochta i ngeall ar a tionchair dhearfacha agus i ngeall ar an gcomhleanúnachas leis an gcuid eile den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’.

Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

I bhfianaise an mhéid a tháinig as an gcomhairliúchán poiblí, meastar gurb ann do sceitheadh carbóin cheana agus gur dócha go méadóidh an riosca i bhfianaise an mhéadaithe ar uaillmhian aeráide an Aontais. Creideann na freagróirí go bhfuil gach ceann de na roghanna beartais seo a leanas ábhartha go pointe áirithe ar a laghad maidir le dearadh sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (in ord na roghanna is mó lenar léiríodh fabhar): i) cáin a chur i bhfeidhm ar allmhairí sna hearnálacha a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo (e.g. cáin teorann nó dleacht chustaim); ii) cáin charbóin (e.g. de chineál máil nó CBL) ag an leibhéal tomhaltais a chur i bhfeidhm maidir le táirgeadh AE mar aon le hallmhairí; iii) oibleagáid a bheith ann maidir le deimhnithe SCCT a cheannach ó linn shonrach lasmuigh de Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a bheadh dírithe ar allmhairí, rud a bheadh ar aon dul leis an bpraghas CTA AE nó iv) Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a leathnú chuig allmhairí.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Le Rogha 4 soláthraítear buntáistí soiléire i dtéarmaí laghduithe ar astaíochtaí san Aontas agus laghdú an riosca sceite carbóin sna hearnálacha ar a bhfuiltear ag díriú. Maidir le cás ina nglactar leis go leanfar le leithdháileadh saor in aisce i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus go leanfar leis an leibhéal nua uaillmhéine aeráide, thiocfadh laghdú 1.0 % ar astaíochtaí san Aontas agus laghdú 0.4 % ar astaíochtaí sa chuid eile den domhan in earnálacha SCCT faoi 2030 mar thoradh ar Rogha 4. Ina theannta sin, faoi rogha 4, laghdaítear an sceitheadh carbóin go dtí -29 % in 2030.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

I dtéarmaí tionchair eacnamaíocha, is é a bheadh i gceist le rogha 4 tionchair dhiúltacha theoranta ar OTI (-0.223 %) agus ar thomhaltas (-0.558 %) agus tionchair atá beagán dearfach ar infheistíochtaí (0.388 %), i gcomparáid leis an mbunlíne in 2030. Maidir le tionchair shóisialta, foráiltear le rogha 4 méadú beag 0.3 % ar an bhfostaíocht sna hearnálacha a chumhdaítear leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (i gcomparáid leis an mbunlíne in 2030). Meastar go n‑imreofar tionchar diúltach teoranta ar an bhfostaíocht i gcás na n‑earnálacha iartheachtacha.

Ar deireadh, tá coinne le costais riaracháin agus chomhlíontachta ar ghnólachtaí agus ar údaráis. Cé gur deacair na costais sin a mheasúnú go beacht, léiríonn meastacháin go bhféadfadh na costais chomhiomlána ar ghnólachtaí a bheith chomh hard le EUR 9.8 go dtí 14.3 milliún in aghaidh na bliana faoi rogha 4. Maidir leis na costais forfheidhmiúcháin a bheidh ar na húdaráis, de réir na meastachán d’fhéadfadh méid comhiomlán na gcostas sin a bheith chomh hard le EUR 15 milliún in aghaidh na bliana.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Leis na toimhdí agus leis na sonraí atá ar fáil, ní feidir measúnú cainníochtúil a dhéanamh ar na tionchair ar FBManna. Mar sin féin, bíodh coinne againn leis go mbeidh costais chomhlíontachta níos airde ar na cuideachtaí beaga, de réir coibhnis, ná a bheidh ar chuideachtaí atá níos mó ná iad. Threiseofaí an t‑iomaíochas de réir mar a laghdófaí an riosca sceite carbóin.

An mbeidh tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Ní bheidh aon tionchar suntasach eile ann

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Ní bheidh aon tionchar suntasach eile ann

Comhréireacht? 

Comhlíontar le rogha 4 cuspóirí an tionscnaimh ar bhealach comhréireach.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Beidh feidhm ag an mbeart maidir le líon laghdaithe earnálacha ar dtús. Déanfar athbhreithniú air tar éis 3 bliana óna theacht i bhfeidhm, go háirithe chun leathnú a raoin feidhme chuig breis táirgí bunúsacha agus chuig earraí leathchríochnaithe agus earraí críochnaithe a mheas.