|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2380 |
10.10.2024 |
RÚN (AE) 2024/2380 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 11 Aibreán 2024
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don cinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0095/2024), |
|
A. |
de bhrí go ndearnadh an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (EuroHPC) (an ‘Comhghnóthas’), atá lonnaithe i Lucsamburg, a chur ar bun i mí Dheireadh Fómhair 2018 le haghaidh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2026 (1); |
|
B. |
de bhrí i mí Iúil 2021, gur ghlac an Chomhairle rialachán bunaidh nua lena gcuirtear síneadh le saolré agus le sainchúraimí an Chomhghnóthais faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil( CAI) 2021-2027, don tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2033 (2); |
|
C. |
de bhrí nár ghlac bord rialaithe an Chomhghnóthais an clár oibre nua do 2021 agus 2022 lena n-áirítear gníomhaíochtaí agus maoiniú nua mar a leagtar amach sa Rialachán bunaidh nua ach i mí na Nollag 2021 agus gur chuir an mhoill sin ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí, forbairt gníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh agus earcaíocht; |
|
D. |
de bhrí gur comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach é an Comhghnóthas a dhéanann comhthiomsú ar acmhainní ón Aontas, ó na stáit rannpháirteacha agus ó chomhpháirtithe príobháideacha chun ríomhaireacht ardfheidhmíochta a fhorbairt agus a imlonnú san Eoraip; |
|
E. |
de bhrí gurb iad na comhaltaí an tAontas Eorpach, na Stáit Rannpháirteacha, agus trí chomhalta phríobháideacha, a ndéanann an tArdán Eorpach Teicneolaíochta don Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, an comhlachas dar teideal Big Data Value agus Cuibhreannas Eorpach an Tionscail Chandamaigh ionadaíocht orthu; |
|
F. |
de bhrí, de réir Rialachán (AE) 2018/1488, nár ceanglaíodh ar na stáit rannpháirteacha agus ar na Comhaltaí Príobháideacha ranníocaíocht a dhéanamh leis na costais riaracháin ó 2024 ar aghaidh; de bhrí gur aisghaireadh é sin faoi Rialachán nua (AE) 2021/1173 agus, ó mhí Lúnasa 2021 i leith, go gcumhdaítear na costais riaracháin le ranníocaíochtaí airgeadais an Choimisiúin, thar ceann an Aontais (Fís 2020 agus Saoráid um Chónascadh na hEorpa 1); |
|
G. |
de bhrí, faoi Chreat CAI 2021-2027, go bhfaigheann an Comhghnóthas i bhfad níos mó cistí ó na cláir Fís Eorpach, an Eoraip Dhigiteach agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, chun tacú le ríomhaireacht ardfheidhmíochta a fháil agus a fhorbairt, chomh maith le bonneagair do shár-ríomhairí agus do ríomhairí candamacha a uasghrádú agus a oibriú; |
|
H. |
de bhrí, chun trédhearcacht a mhéadú, ba cheart don Chomhghnóthas faisnéis ábhartha maidir le ranníocaíochtaí na gcomhaltaí ar leibhéal an chláir a nochtadh ina chuntais bhliantúla; de bhrí, le haghaidh gach clár a bhfuil siad ag oibriú fúthu, ba cheart don Chomhghnóthas gach faisnéis ábhartha a chuir na comhaltaí ar fáil, lena n-áirítear na spriocanna dlíthiúla do na ranníocaíochtaí atá socraithe don chlár ar leith, méid na ranníocaíochtaí atá faighte agus méid na ngealltanas dlíthiúil, a chur i láthair in aghaidh na ballchatagóire suas go dtí deireadh na bliana. de bhrí gur cheart don Chomhghnóthas leanúint d’fheabhas a chur ar an trédhearcacht; |
Ginearálta
|
1. |
ag tabhairt dá haire go gcinntear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (‘tuarascáil na Cúirte’) go léirítear go cothrom i gcuntais an Chomhghnóthais don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2022, ar gach gné ábhartha, a staid airgeadais an 31 Nollaig 2022, torthaí a chuid oibríochtaí, a sreafaí airgid, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain dar críoch, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, de réir na tuarascála ón gCúirt go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dleathach agus rialta, ar gach slí ábhartha; |
|
2. |
á chur in iúl gur geal léi cuspóir agus ról an Chomhghnóthais maidir le héiceachóras sár-ríomhaireachta a fhorbairt san Eoraip; |
|
3. |
ag tabhairt dá haire, áfach, go ndearna an Chúirt measúnú ar an riosca do dhlíthiúlacht agus rialtacht na nósanna imeachta earcaíochta mar mheán don Chomhghnóthas, mar gheall ar an ngá atá le líon mór foirne a earcú go tapa, chun a shainchúraimí agus a ghníomhaíochtaí feabhsaithe faoi CAI 2021-2027 a chur chun feidhme; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearna an Chúirt measúnú ar an riosca a bhaineann le caiteachas ar chonradh oibríochtúil an Chomhghnóthais mar mheán mar gheall ar a nósanna imeachta casta soláthair le haghaidh conarthaí ardluacha; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
|
5. |
ag tabhairt dá haire, don bhliain 2022 (3), gurbh ionann an buiséad íocaíochta a bhí ar fáil agus EUR 629,9 milliún (EUR 348,2 milliún in 2021) agus gurbh é EUR 1 374,5 billiún an méid a bhí sa bhuiséad geallta a bhí ar fáil (EUR 753,4 milliún in 2021); ag tabhairt dá haire go n-áirítear sa bhuiséad a bhí ar fáil leithreasuithe nár úsáideadh sna blianta roimhe sin, ar leithreasuithe iad a chuir an Comhghnóthas isteach arís i mbuiséad na bliana reatha, ioncaim shannta agus ath-leithdháiltí don bhliain dár gcionn; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire go ndéanann an Chúirt an riosca a ghabhann le bainistiú buiséadach a aicmiú mar riosca meánach mar gheall ar chomh casta agus chomh fada atá an próiseas éadála le haghaidh sár-ríomhairí; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire, mar gheall ar an bhfad ama a thógann sé sár-ríomhairí a sholáthar, go raibh cur chun feidhme íseal leithreasuithe oibríochtúla – leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí araon ag 79 % agus 24 % faoi seach (2 % agus 47 % in 2021) (4) – agus buiséid riaracháin – 45 % le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas riaracháin agus 37 % dá leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí riaracháin; |
|
8. |
ag cur sonrú sna rioscaí a bhaineann le cur chun feidhme an chláir mar gheall ar an bhféidearthacht nach mbainfidh an Comhghnóthas na spriocanna ranníocaíochta íosta dá gcomhaltaí príobháideacha amach faoi dheireadh chlár Fhís 2020; á chur in iúl go dtuigeann sí, de réir an Chomhghnóthais, go mínítear na rátaí gnóthachtála níos ísle le rannpháirtíocht na stát rannpháirteach; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire, in 2022, nár chuir an Comhghnóthas ach 45 % dá leithreasuithe faoi chomhair gealltanas riaracháin agus 37 % dá leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí riaracháin chun feidhme, i bpáirt mar gheall ar a phlean earcaíochta do 2022 a bheith curtha i gcrích go páirteach agus nach ndearnadh aon ath-leithdháileadh ar mhéideanna suntasacha leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ó bhlianta roimhe sin nár úsáideadh agus a bhuiséad 2022 á phleanáil; á chur in iúl go dtuigeann sí go raibh sé dodhéanta a phlean earcaíochta uaillmhianach a bhaint amach mar gheall ar ghlacadh déanach rialachán bunaidh nua an Chomhghnóthais; |
|
10. |
ag aontú leis an gCúirt gur cheart don Chomhghnóthas plean gníomhaíochta amsceidealaithe a bhunú chun cur chun feidhme na dtionscadal a formheasadh faoi CAInna roimhe seo a thabhairt chun críche; |
|
11. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur mheas an Chúirt nach leor an fhaisnéis maidir le ranníocaíochtaí na gcomhaltaí ar leibhéal an chláir; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire, i gcuntais bhliantúla 2022 an Chomhghnóthais, go bhfuil difríocht shuntasach idir méideanna na ranníocaíochtaí a aithnítear in aghaidh na catagóire comhalta (comhaltaí de chuid an Aontais agus comhaltaí príobháideacha) i measc a chéile, toisc go ndéantar ranníocaíochtaí airgid de chuid an Aontais a bhailíochtú agus a aithint nuair a íoctar leis an gComhghnóthas iad ag tús chur chun feidhme an tionscadail, ach nach n-aithnítear ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhaltaí ach amháin tar éis bhailíochtú na gcostas arna dtabhú agus arna ndearbhú le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár tugadh aghaidh go leordhóthanach ar an mbearna idir méid aitheanta na ranníocaíochtaí airgid thirim ar thaobh amháin agus ranníocaíochtaí comhchineáil ar an taobh eile, i gcuntais bhliantúla 2022 an Chomhghnóthais agus go bhféadfaí í a fheabhsú amach anseo trí fhaisnéis a sholáthar maidir le gealltanais dhlíthiúla chomhaltaí an Chomhghnóthais ag deireadh na bliana, ó thaobh comhaontuithe deontais agus conarthaí sínithe de; á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Chomhghnóthais aghaidh a thabhairt go hiomlán ar an tsaincheist i gcuntais bhliantúla na bliana seo chugainn; |
|
13. |
á iarraidh ar an gComhghnóthas faisnéis thábhachtach a nochtadh maidir le ranníocaíochtaí na gcomhaltaí ar leibhéal an chláir, atá ábhartha chun a bhfuil bainte amach ag an gComhghnóthas ag deireadh na bliana a chur in iúl go hiomlán; ag tabhairt dá haire, go háirithe, nach ndearna an Comhghnóthas comparáid idir na ranníocaíochtaí a bhí faighte ó gach ballchatagóir go dtí deireadh na bliana faoi gach clár agus na spriocanna ranníocaíochta dlíthiúla a socraíodh don chlár a bhí i gceist; |
|
14. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di cinneadh na Cúirte nach mbainfidh comhaltaí príobháideacha a sprioc íosta ranníocaíochta amach ag deireadh chur chun feidhme an chláir (5); |
|
15. |
á chur in iúl gur geal léi, ag deireadh 2022, go ndearna an Comhghnóthas ranníocaíocht oibríochtúil uasta EUR 526 mhilliún ón Aontas a ghealladh go hiomlán le haghaidh comhaontuithe deontais agus conarthaí sínithe faoi chlár Fhís 2020 agus faoi chlár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE 1); ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil thart ar EUR 266,3 milliún (nó 50,6 %) fós le híoc sna blianta amach romhainn as tionscadail atá fós le híoc sna blianta amach romhainn do thionscadail atá fós le tabhairt chun críche; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire, amhail ag deireadh 2022, go raibh gealltanais chonarthacha de EUR 447,3 milliún le haghaidh gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais faoi Fhís 2020 agus SCE 1 sínithe ag na stáit rannpháirteacha. ag tabhairt dá haire, i dtaca leis na gealltanais sin, gur dhearbhaigh siad ranníocaíochtaí airgeadais EUR 124,8 milliún don Chomhghnóthas le haghaidh sár-ríomhairí réamh-eicsea-scála (6) a bhí faighte faoi phróiseas soláthair phoiblí ag an gComhghnóthas é féin, agus EUR 38 milliún de ranníocaíochtaí comhchineáil a bhaineann le costais oibriúcháin na n-eintiteas óstach; ag tabhairt dá haire, sa bhreis air sin, go raibh EUR 48,2 milliún íoctha go díreach ag na stáit rannpháirteacha le conraitheoirí na sár-ríomhairí peiteascála atá á bhfáil trí phróiseas soláthair phoiblí go comhpháirteach ag an gComhghnóthas agus ar na stáit rannpháirteacha. ag tabhairt dá haire nach n-eascraíonn an difríocht atá fágtha idir gealltanais agus ranníocaíochtaí dearbhaithe ach as stáit rannpháirteacha a gcostais a aithint agus a thuairisciú don Chomhghnóthas nuair a bheidh tionscadail Fís 2020 a dtacaíonn siad leo curtha i gcrích; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire, áfach, ag deireadh 2022, nach raibh ach EUR 11 mhilliún (nó 2,6 %) de ranníocaíochtaí comhchineáil do thionscadail Fhís 2020 geallta agus tuairiscithe ag comhaltaí príobháideacha an Chomhghnóthais, figiúr atá go mór faoi bhun sprioc íosta na gcomhaltaí príobháideacha EUR 420 milliún (7) a bhaint amach faoi dheireadh chlár Fhís 2020; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt nach lamháiltear le socruithe maoiniúcháin reatha an Chomhghnóthais do ghníomhaíochtaí deontais Fhís 2020 ach do chomhaltaí príobháideacha ranníocaíochtaí comhchineáil a sholáthar do chineál amháin tionscadail (tionscadail nuálaíochta, a bhfuil uasteorainn 30 % de chostais tionscadail ag gabháil leo); ag tabhairt dá haire, dá thoradh sin, nach raibh socruithe maoinithe an Chomhghnóthais in ann ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhaltaí príobháideacha a ghiaráil ag leibhéal na sprice a bhí socraithe i rialachán bunaidh an Chomhghnóthais do chlár Fhís 2020. |
|
18. |
á chur in iúl gur eagal léi go mbeidh riosca ag baint leis an laghdú suntasach ar ranníocaíochtaí comhchineáil comhaltaí príobháideacha le gníomhaíochtaí oibríochtúla an Chomhghnóthais maidir le baint amach foriomlán a chodanna de chlár taighde agus nuálaíochta Fhís 2020; |
|
19. |
ag aontú leis an gCúirt, chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna ranníocaíochta a gcomhaltaí príobháideacha do CAI 2021-2027, gur cheart don Chomhghnótha, bunaithe ar phlean cur chun feidhme straitéiseach do na cláir, faireachán a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar a bhfuil bainte amach ag rannchuidiú aonair na gcomhaltaí príobháideacha; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1173 (8) go mbeidh ar an gComhghnóthas tionscadail dar luach EUR 7 mbilliún a chur chun feidhme, ar cheart EUR 3 bhilliún de a ghiaráil ó na stáit rannpháirteacha agus EUR 900 milliún de a ghiaráil ó chomhaltaí príobháideacha i bhfoirm ranníocaíochtaí airgid thirim agus ranníocaíochtaí comhchineáil; á chur in iúl gur geal léi an méadú suntasach sin, i gcomparáid leis an CAI roimhe sin, de thart ar EUR 1,4 billiún; á chur in iúl gur oth léi, áfach, ós rud é go bhfuil socruithe maoiniúcháin an Chomhghnóthais fós mar an gcéanna do CAI 2021-2027, go bhfuil riosca mór ann nach mbainfidh an Comhghnóthas amach spriocanna ranníocaíochta na gcomhaltaí príobháideacha faoin Rialachán bunaidh nua; á iarraidh ar an gCoimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar indéantacht na spriocanna ranníocaíochta reatha ó na comhaltaí príobháideacha sa Rialachán bunaidh nua; |
Soláthar agus foireann
|
21. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di go ndearna próiseas fada an Chomhghnóthais, nach mór dó a bheith i gcomhréir le Rialachán Airgeadais AE, chun sár-ríomhairí a fháil, difear suntasach do chur chun feidhme bhuiséad oibríochtúil 2022; á chur in iúl go dtuigeann sí gur chuir moilleanna a rinne Eintitis Óstála agus saincheisteanna soláthair le haghaidh príomh-chomhpháirteanna leis an ráta íseal cur chun feidhme freisin; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig ann don ráta íseal cur chun feidhme don bhuiséad gealltanas oibríochtúil mar gheall nach raibh ar chumas an Chomhghnóthais gealltanas tábhachtach domhanda a dhéanamh a bhain le comhaontú i dtaca le hóstáil ríomhairí eicsea-scála de bhrí go raibh moilleanna sa phróiseas caibidlíochta leis an stát rannpháirteach agus leis an gcuibhreannas óstach; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh iad na príomhchúiseanna le ráta íseal cur chun feidhme an bhuiséid íocaíochta oibríochtúla (i) moilleanna ar na sár-ríomhairí réamh-eicseascála a chur i gcrích lenar cuireadh cosc ar íocaíochtaí eatramhacha a bhain le deontais oibriúcháin an Chomhghnóthais; (ii) moilleanna ar an soláthar le haghaidh sár-ríomhairí a chuir cosc ar na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe gaolmhara; (iii) glao SCE 2 ar hipearnascacht a chur siar go dtí 2023 mar gheall ar an ngá atá le réamhstaidéar agus (iv) moilleanna ar éilimh chostais na dtairbhithe maidir le gníomhaíochtaí taighde atá ar siúl faoi láthair; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála ón gCúirt, go ndearna Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) an Choimisiúin athbhreithniú teoranta ar bhainistiú acmhainní daonna an Chomhghnóthais in 2022; ag tabhairt dá haire, i dtaca leis an bpleanáil don earcaíocht, gur tuairiscíodh san athbhreithniú nach raibh anailís doiciméadaithe ar na riachtanais acmhainní déanta ag an gComhghnóthas, a bheadh bunaithe ar mheasúnú stóinseach ex ante ar an ualach oibre chun ord tosaíochta níos fearr a thabhairt isteach san earcaíocht a bhí beartaithe; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire, mar fhreagairt air sin, i mí na Nollag 2022, gur fhorbair an Comhghnóthas plean gníomhaíochta a measann IAS é a bheith leormhaith. |
|
26. |
ag tabhairt dá haire go raibh an leibhéal foirne don Chomhghnóthas faoi CAI 2021-2027 leagtha amach sna ráitis airgeadais dhlíthiúla atá sa togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán bunaidh nua (9); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, chun thart ar EUR 7 mbilliún de chistí a chur chun feidhme faoi CAI 2021-2027, go bhfuair an Comhghnóthas 39 bpost foirne breise a bhí le hearcú faoi 2023; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach raibh ach ochtar ball foirne earcaithe ag an gComhghnóthas agus 20 ball foirne faoi lár 2023, agus dá bhrí sin nár chomhlíon sé a sprioc earcaíochta do 2022 (10); ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go raibh tionchar diúltach ag an staid sin ar chur chun feidhme bhuiséad riaracháin 2022; á chur in iúl gur geal léi, áfach, dáileadh inscne na foirne sa Chomhghnóthas in 2022; |
|
28. |
ag tabhairt faoi deara go raibh cion na foirne mar conradh fós ard, agus é sin ag 70 % ag deireadh 2022; |
|
29. |
á chur i bhfáth go bhféadfadh easpa daoine lárnacha den fhoireann a bheith ann drochthionchar a bheith aige sin ar leanúnachas gnó an Chomhghnóthais agus ar bhaint amach a chuspóirí, go háirithe i bhfianaise nádúr fíortheicniúil a chuid tionscadal bonneagair, agus i bhfianaise go bhfuil gá le foireann ardcháilithe a bhfuil eolas an-sonrach acu. |
Córais bhainistíochta agus rialaithe
|
30. |
ag tabhairt dá haire i dtaca leis an gcaiteachas cómhaoinithe faoi Fhís 2020 agus Fís Eorpach, go bhfuil an Chomhsheirbhís Iniúchóireachta de chuid AS RTD sa Choimisiún freagrach as iniúchtaí ex post. ag tabhairt dá haire i gcás an chaiteachais atá cómhaoinithe faoi Fhís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh), gur thuairiscigh an Comhghnóthas ráta earráide ionadaíoch de 2,3 % agus ráta earráidí iarmharacha de 1,9 % (11). |
|
31. |
á iarraidh ar an gComhghnóthas iniúchtaí ex post sonracha a áireamh ar chaiteachas cómhaoinithe SCE chun sár-ríomhairí a fháil ina gcóras rialaithe inmheánaigh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, i gcás an chláir Fís Eorpach, go bhfuil iniúchtaí ex post fós le déanamh mar nach bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh na chéad íocaíochtaí eatramhacha déanta go dtí 2024. |
|
32. |
ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála ón gCúirt, go ndearna an Comhghnóthas rialuithe ex ante rioscabhunaithe ar bhonn ad hoc ar thionscadail rioscúla, agus nár chuir siad cur chuige struchtúrtha riosca-bhunaithe i leith rialuithe ex ante chun feidhme fós faoi dheireadh 2022, ag tabhairt dá haire, go háirithe, nach raibh rialuithe ex ante ailínithe ag an gComhghnóthas leis na fachtóirí ardriosca a sainaithníodh i measúnuithe riosca spriocdhírithe; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, nach raibh treoraíocht phraiticiúil inmheánach forbartha acu maidir leis an gcaoi le faireachán rioscabhunaithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear treoracha faoin gcaoi ar cheart don fhoireann an modúl bainistithe riosca in COMPASS a úsáid (12); |
|
33. |
ag aontú leis an gCúirt gur cheart don Chomhghnóthas cur chuige struchtúrtha rioscabhunaithe a chur chun feidhme maidir le rialuithe ex ante lena gcumhdaítear rioscaí ábhartha a bhaineann le tionscadail agus le tairbhithe; ag aontú, thairis sin, gur cheart don Chomhghnóthas treoraíocht phraiticiúil inmheánach a fhorbairt maidir leis an gcaoi le faireachán rioscabhunaithe a chur chun feidhme ar leibhéal na dtionscadal agus na dtairbhithe, agus faoin gcaoi ar cheart don fhoireann an modúl bainistithe riosca atá ar fáil in COMPASS a úsáid; |
|
34. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur léiríodh roinnt laigí san anailís mhionsonraithe a rinne Cúirt ar shampla de chásanna faireacháin threisithe an Chomhghnóthais, rud a chuir cosc ar fhaireachán éifeachtach agus éifeachtúil a bheith ar siúl acu; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár sainíodh gníomhaíochtaí rialaithe sonracha an Chomhghnóthais a bhaineann leis na rioscaí sainaitheanta, ná nár socraíodh dáta dlite a gcur chun feidhme; |
|
35. |
ag tacú le measúnú na Cúirte gur cheart don Chomhghnóthas a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí rialaithe sonracha ag gabháil leis na gníomhaíochtaí faireacháin threisithe uile lena ndírítear ar na rioscaí sainaitheanta, agus go ndéanfar obair leantach orthu ag spriocdháta réamhshainithe; |
|
36. |
ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil struchtúr tairbhithe agus/nó tionscadal an Chomhghnóthais ag athrú go suntasach faoin gclár Fís Eorpach, amhail an líon méadaithe FBManna, nuatheachtaithe agus cuibhreannais mhóra, chomh maith leis an gceanglas gan ach nósanna imeachta glaonna oscailte a úsáid do ghníomhaíochtaí an chláir Fís Eorpach; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé, mar thoradh air sin, nach mbeadh na fachtóirí riosca a sainaithníodh i gcláir roimhe seo ábhartha a thuilleadh agus go bhféadfadh fachtóirí riosca nua teacht chun cinn; |
Obair leantach ar bharúlacha ó bhlianta roimhe seo
|
37. |
ag tabhairt dá haire gur ‘moltaí gan fráma ama’ ón gCúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) iad na ‘barúlacha’ i dtuarascálacha bliantúla sonracha na gComhghnóthas; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Chúirt obair leantach ar bhonn bliantúil ar na barúlacha sin trí mheasúnú a dhéanamh ar a stádas mar stádas ‘oscailte’ nó ‘dúnta’; |
|
38. |
ag tabhairt dá haire, ó na naoi mbarúil a d’eisigh an Chúirt ó 2020 agus 2021, nach bhfuil ach dhá cheann (ó 2021) dúnta; |
|
39. |
ag tabhairt dá haire go mbaineann na barúlacha atá fágtha le (i) bailíochtú agus deimhniú ranníocaíochtaí comhchineáil, (ii) earcaíocht foirne, (iii) ranníocaíochtaí ísle ó chomhaltaí príobháideacha, (iv) rátaí cur chun feidhme ísle, i measc nithe eile; |
|
40. |
ag tabhairt dá haire go n-aithníonn an Comhghnóthas ina fhreagra barúlacha na Cúirte agus go dtabharfaidh sé aghaidh ar na saincheisteanna i gcuntais bhliantúla 2023 atá aige. |
(1) Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (IO L 252, 8.10.2018, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (IO L 256, 19.7.2021, lch. 3).
(3) Áirítear sa bhuiséad iomlán buiséad oibríochtúil (a úsáidtear chun tionscadail roghnaithe a mhaoiniú) agus buiséad riaracháin (a úsáidtear chun gníomhaíochtaí Oifig an Chláir a mhaoiniú) – Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí 2022.
(4) Ba é ba chúis le cur chun feidhme leithreasuithe faoi chomhair gealltanas an-íseal de bhuiséad oibríochtúil 2021 cuid mhór mar gheall gur cuireadh moill ar thús an Chomhghnóthais faoi CAI 2021-2027 agus gur aistrigh an Coimisiún agus na stáit rannpháirteacha EUR 700 milliún de chistí chuig an gComhghnóthas i mí na Nollag 2021.
(5) Chun léargas iomlán a thabhairt ar an méid atá bainte amach ag an gComhghnóthas i gcás chláir Fhís 2020 agus SCE 1, ní foláir breathnú freisin ar leibhéal reatha oibleagáidí oibríochtúla chomhaltaí an Chomhghnóthais ó thaobh comhaontuithe deontais agus conarthaí atá sínithe.
(6) Tagraíonn ríomhaireacht eicsea-scála do chórais ríomhaireachta atá in ann ‘1018 IEEE 754 Oibríocht Beachtais Dúbailte (64-ghiotán) (iolrúcháin agus/nó breiseanna) in aghaidh an tsoicind ar a laghad a ríomh; is tomhas é ar fheidhmíocht sár-ríomhaire.
(7) Sprioc íosta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1173.
(8) Leis an rialachán bunaidh nua, aisghaireadh an oibleagáid atá ar na stáit rannpháirteacha agus ar na comhaltaí príobháideacha ranníocaíocht a dhéanamh leis na costais riaracháin.
(9) COM(2020)0569.
(10) De réir Thuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite 2022 ar Ghníomhaíochtaí – 24 fhostaí lánaimseartha lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin amhail ón 31 Nollaig 2022.
(11) Mar gheall ar easpa caiteachais ábhartha, cineál ísealriosca na n-idirbheart arna gcur chun feidhme agus easpa torthaí iniúchóireachta ex post le haghaidh deontas, níor tuairiscíodh ráta earráide braite le haghaidh an chláir Fís Eorpach agus an Chláir don Eoraip Dhigiteach in 2021.
(12) Córas ríomhdheontais an Choimisiúin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2024/2380/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)