European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3246

30.12.2024

CINNEADH (AE) 2024/3246 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Nollaig 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar, a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do thacagraif chliste chun an Comhaontú sin a fhorfheidhmiú agus le seirbhísí deimhniúcháin tacagraf cliste a bheith á soláthar ag an gCoimisiún Eorpach don Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Shínigh an tAontas an Comhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (1) (‘an Comhaontú’) an 29 Meitheamh 2022 de bhun Chinneadh (AE) 2022/1158 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm go sealadach an dáta sin. Thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2022/2435 ón gComhairle (3) agus tháinig sé i bhfeidhm an 5 Nollaig 2022.

(2)

Leasaíodh an Comhaontú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar an 29 Meitheamh 2022 (4), a shínigh an tAontas an 20 Meitheamh 2024 de bhun Chinneadh (AE) 2024/1876 (5) agus tháinig sé i bhfeidhm ar bhonn sealadach an dáta sin.

(3)

De bhun Airteagal 7 den Chomhaontú, tá an Comhchoiste a bhunaítear le mír 1 den Airteagal sin le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmiú an Chomhaontaithe i bhfianaise na gcuspóirí a ghabhann leis, agus féadfaidh sé cinntí a dhéanamh chuige sin.

(4)

Le linn an tríú cruinniú a bheidh ag an gComhchoiste, tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh maidir le haitheantas a thabhairt do thacagraif chliste a úsáideann oibreoirí iompair ón dá Pháirtí sa Chomhaontú a oibríonn faoin gComhaontú, san Aontas agus san Úcráin araon, agus maidir le seirbhísí deimhniúcháin tacagraf cliste a bheith á soláthar ag an gCoimisiún Eorpach don Úcráin.

(5)

Is iomchauíaAn seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoistebhunú, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ón gComhchoiste ina cheangal ar an Aontas.

(6)

Ó bhí 2019 ann, tá feithiclí atá cláraithe san Aontas le bheith feistithe le tacagraf cliste a chomhlíonann Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus ó bhí 2010 ann, tá feithiclí a bhíonn ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar agus atá cláraithe san Úcráin le bheith feistithe le tacagraif dhigiteacha i gcomhréir leis an gComhaontú Eorpach maidir le hobair foirne feithiclí a bhíonn ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (7) (‘AETR’).

(7)

Tá phríomhfheidhmiúlachtaí breise ag an tacagraf cliste i gcomparáid leis an tacagraf digiteach, mar a leagtar amach in Airteagail 8, 9 agus 10 de Rialachán (AE) Uimh 165/2014, rud a fhágann gur féidir an Comhaontú a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr. Agus suíomh na feithicle á thaifeadadh, is féidir Airteagal 4 den Chomhaontú a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, agus leis an gcumas cian-luathbhrathadóireachta is féidir Airteagal 5D(2), pointe (c)(ii), den Chomhaontú a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

(8)

Chun feidhmiú ceart an Chomhaontaithe a áirithiú i bhfianaise na gcuspóirí a ghabhann leis, ba cheart oibreoirí tarlaithe de bhóthar a bheith in ann gairis rialaithe níos éifeachtaí a úsáid ná na tacagraif dhigiteacha á soláthraíodh faoi AETR mar thoradh ar an gComhaontú, mar mura ndéanfaí sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh héifeachtach céanna ó thaobh forfheidhmiú de ag na húdaráis inniúla.

(9)

Dá bhrí sin, chuirfeadh taifid tacagraif níos mionsonraithe arna soláthar ag an tacagraf cliste feabhas suntasach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, trí úsáid údaraithe taifid den sórt sin faoi Airteagal 5B(4) de.

(10)

Dá bhrí sin, chun feidhmiú ceart an Chomhaontaithe a áirithiú i bhfianaise na gcuspóirí a ghabhann leis, ba cheart a cheadú d’fheithiclí a oibríonn faoin gComhaontú tacagraif chliste a shuiteáil agus a úsáid, san Aontas agus san Úcráin, tacagraif chliste a chomhlíonann na ceanglais ábhartha i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún (8). Ní chuireann sé sin cosc, áfach, ar fheithiclí a oibríonn faoin gComhaontú leanúint de thacagraif dhigiteacha a úsáid i gcomhréir le AETR.

(11)

Ba cheart don Choimisiún Eorpach a bheith freagrach as na deimhnithe agus na heochracha is gá a chur ar fáil don Úcráin chun a bonneagar tacagraf cliste a fhorbairt. Dá bhrí sin, ba cheart don Úcráin aitheantas a thabhairt do ról an Choimisiúin Eorpaigh i bhfeidhmiú an chórais tacagraf cliste.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste a ghabhann leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an tríú cruinniú den Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 7(1) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do thacagraif chliste chun an Comhaontú a fhorfheidhmiú agus le seirbhísí deimhniúcháin tacagraf cliste a bheith á soláthar ag an gCoimisiún Eorpach don Úcráin, beidh an seasamh sin bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais ar an gComhchoiste mionathruithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Foilseofar an Cinneadh ón gComhchoiste in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

NAGY B.


(1)   IO L 179, 6.7.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2022/1158/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2022/1158 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (IO L 179, 6.7.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2022/1158/oj).

(3)  Cinneadh (AE) 2022/2435 ón gComhairle an 5 Nollaig 2022 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (IO L 319, 13.12.2022, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2435/oj).

(4)   IO L, 2024/1878, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1878/oj.

(5)  Cinneadh (AE) 2024/1876 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar an 29 Meitheamh 2022 (IO L, 2024/1876, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1876/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/165/oj).

(7)   IO L 95, 8.4.1978, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1977/2829/oj.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraf a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 139, 26.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/799/oj).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. …/2024 ÓN gCOMHCHOISTE ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN ÚCRÁIN MAIDIR LE hIOMPAR LASTA DE BHÓTHAR

an …

a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do thacagraif chliste chun an Comhaontú a fhorfheidhmiú agus le seirbhísí deimhniúcháin tacagraf cliste a bheith á soláthar ag an gCoimisiún Eorpach don Úcráin

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ghlac an Comhchoiste a Rialacha Nós Imeachta trí ChinneadhUimh 1/2023 uaidh (2).

(2)

De bhun Airteagal 7 den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (‘an Comhaontú’), tá an Comhchoiste arna bhunú le mír 1 den Airteagal sin le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmiú an Chomhaontaithe i bhfianaise na gcuspóirí a ghabhann leis, agus féadfaidh sé cinntí a dhéanamh chuige sin.

(3)

Ó bhí 2019 ann, tá feithiclí atá chláraithe san Aontas le bheith feistithe le tacagraf cliste a chomhlíonann Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ó bhí 2010 ann, tá feithiclí a bhíonn ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar agus atá cláraithe san Úcráin le bheith feistithe le tacagraif dhigiteacha i gcomhréir leis an gComhaontú Eorpach maidir le hobair foirne feithiclí a bhíonn ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (4) (‘AETR’).

(4)

Tá phríomhfheidhmiúlachtaí breise ag an tacagraf cliste i gcomparáid leis an tacagraf digiteach, mar a leagtar amach in Airteagail 8, 9 agus 10 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, rud a fhágann gur féidir an Comhaontú a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr. Agus suíomh na feithicle á thaifeadadh, eascíatear Airteagal 4 den Chomhaontú a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, agus leis an gcumas cian-luathbhrathadóireachta eascaítear Airteagal 5D(2), pointe (c)(ii), den Chomhaontú a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

(5)

Chun feidhmiú ceart an Chomhaontaithe a áirithiú i bhfianaise a gcuspóirí a ghabhann leis, ba cheart oibreoirí tarlaithe de bhóthar a bheith in ann gairis rialaithe níos éifeachtaí a úsáid ná na tacagraif dhigiteacha á soláthraíodh faoi AETR, toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh an forfheidhmiú a dhéanann na húdaráis inniúla chomh héifeachtach céanna murach sin.

(6)

Dá bhrí sin, chuirfeadh taifid tacagraif níos mionsonraithe arna soláthar ag an tacagraf cliste feabhas suntasach a chur ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, trí úsáid údaraithe taifid den sórt sin faoi Airteagal 5B(4) de.

(7)

Dá bhrí sin, chun feidhmiú ceart an Chomhaontaithe a áirithiú i bhfianaise na gcuspóirí a ghabhann leis, ba cheart a cheadú d’fheithiclí a oibríonn faoin gComhaontú tacagraif chliste a shuiteáil agus a úsáid, san Aontas agus san Úcráin, tacagraif chliste a chomhlíonann na ceanglais ábhartha i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún (5). Ní chuireann sé sin cosc, áfach, ar fheithiclí a oibríonn faoin gComhaontú leanúint de thacagraif dhigiteacha a úsáid i gcomhréir le AETR.

(8)

Ba cheart don Choimisiún Eorpach a bheith freagrach as na deimhnithe agus na heochracha is gá a chur ar fáil don Úcráin chun a bonneagar tacagraf cliste a fhorbairt. Dá bhrí sin, ba cheart don Úcráin aitheantas a thabhairt do ról an Choimisiúin Eorpaigh i bhfeidhmiú an chórais tacagraf cliste,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘tacagraf’ an trealamh a bheartaítear a shuiteáil i bhfeithiclí bóthair chun sonraí maidir le gluaiseacht na bhfeithiclí sin, lena n-áirítear luas, agus sonraí tréimhsí gníomhaíochta áirithe a gcuid tiománaithe a thaispeáint, a thaifeadadh, a phriontáil, a stóráil agus a aschur go huathoibríoch nó go leath-uathoibríoch;

(2)

ciallaíonn ‘tacagraf cliste’ tacagraf digiteach a comhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a)

taifead uathoibríoch shuíomh na feithicle ag amanna áirithe le linn na tréimhse oibre laethúla, dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014;

(b)

cian-luathbhrathadóireacht ar ionramháil nó droch-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann, dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh 165/2014;

(c)

feistithe le comhéadan le Córais Chliste Iompair, dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh 165/2014; agus

(d)

comhlíontacht leis na sonraíochtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/799 agus na hoiriúnaithe seo a leanas ag gabháil leis:

(i)

tuigfear go gcumhdóidh ‘Ballstát’‘Ballstát an Aontais Eorpaigh agus an Úcráin’;

(ii)

chun críocha fho-alt 4.1, mír (229), d’Iarscríbhinn IC, is é ‘UA’ an sainchomhartha don Úcráin.

Airteagal 2

Úsáid tacagraf cliste

Féadfar úsáid a bhaint as feithiclí atá cláraithe san Aontas agus san Úcráin agus atá feistithe le tacagraif chliste chun na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chomhaontú a dhéanamh.

Airteagal 3

Cineálcheadú trealaimh tacagraif chliste agus fréamhdheimhniúchán

1.   Leanfaidh cineálcheadú trealaimh tacagraif chliste an nós imeachta a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh 165/2014, agus an t-oiriúnú seo a leanas ag gabháil leis:

 

Tuigfear go gcumhdóidh ‘Ballstát’ ‘Ballstát an Aontais Eorpaigh agus an Úcráin’.

2.   Aithníonn an Úcráin gur saotharlann aonair faoi údarás agus freagracht an Choimisiúin a eiseoidh an deimhniú idir-inoibritheachta a thabharfar i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014.

3.   Aithníonn an Úcráin go ngníomhaíonn an Coimisiún Eorpach Údarás Eorpach aonair um Fhréamhdheimhniúchán laistigh den chreat a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/799.

4.   Soláthróidh an Coimisiún Eorpach d’údaráis inniúla na hÚcráine an t-ábhar cripteagrafach le haghaidh cártaí tacagraif a eisiúint do thiománaithe, do cheardlanna agus d’údaráis rialaithe, i gcomhréir le beartas deimhnithe an Údaráis Eorpaigh um Fhréamhdheimhniúchán agus le beartas deimhnithe na hÚcráine.

Airteagal 4

Suiteáil, iniúchadh, úsáid trealaimh agus forfheidhmiú

Beidh feidhm ag forálacha Chaibidlí IV go VI agus Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus an t-oiriúnú seo a leanas ag gabháil leo:

 

Tuigfear go gcumhdóidh ‘Ballstát’ ‘Ballstát an Aontais Eorpaigh agus an Úcráin’.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh


(1)   IO AE L 179, 6.7.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2022/1158/oj.

(2)  Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin an 16 Márta 2023 a mhéid a bhaineann lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh (IO AE L 123, 8.5.2023, lch. 32), ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/928/oj.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/165/oj.).

(4)   IO CE L 95, 8.4.1978, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1977/2829/oj.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraf a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO AE L 139, 26.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/799/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3246/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)