|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2356 |
21.10.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/2356 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Deireadh Fómhair 2026
maidir le síniú an Phrótacail Bhreise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ó Choireacht agus um Maoiniú Sceimhlitheoireachta a mhéid a bhaineann le bearta frithsciúrtha airgid
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(5), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (AE) 2024/1764 (1), d’údaraigh an Chomhairle an Choimisiún lena bheith rannpháirteach, thar ceann an Aontais, sa chaibidlíocht maidir le prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ó Choireacht agus um Maoiniú Sceimhlitheoireachta (‘an Prótacal’). |
|
(2) |
Ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an Prótacal an 15 Bealtaine 2026 agus tá sé beartaithe é a oscailt lena shíniú an 14 Deireadh Fómhair 2026. |
|
(3) |
Tá an Prótacal i gcomhréir le cuspóir an Aontais a leagtar amach in Airteagal 26(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, eadhon feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí bhearta a ghlacadh. |
|
(4) |
Áirítear sa Phrótacal, inter alia, forálacha maidir lena chuspóir agus a raon feidhme, maidir le sainmhínithe ar shócmhainní fíorúla agus ar sholáthraithe seirbhíse sócmhainní fíorúla, maidir le cumhachtaí fionraíochta na n-aonad um fhaisnéis airgeadais, maidir leis an gcomhar idir aonaid um fhaisnéis airgeadais, agus maidir le sásra lárnach uathoibrithe (nó sásra comhchosúil) a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, ina mbeidh faisnéis faoi chuntais bhainc, cuntais íocaíochta, cuntais urrús, taisceadáin agus cuntais sócmhainní fíorúla. |
|
(5) |
Tá acmhainneacht sa Phrótacal chun creataí chun an sciúradh airgid a chomhrac agus comhar gaolmhar i measc Bhallstáit Chomhairle na hEorpa agus príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta eile a d’fhéadfadh a bheith ina bPáirtithe sa Phrótacal a neartú go suntasach. |
|
(6) |
Forluíonn na rialacha a leagtar síos sa Phrótacal, den chuid is mó le rialacha comhchoiteanna a bunaíodh ar leibhéal an Aontais agus tá siad faoi anáil na rialacha comhchoiteanna sin. Áirítear ar na rialacha comhchoiteanna sin, go háirithe, Treoracha (AE) 2024/1260 (2) agus (AE) 2024/1640 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Thairis sin, tá forluí idir an Prótacal agus Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), nach bhfuil feidhm aici ach amháin maidir le hÉirinn, agus idir Cinntí Réime 2003/577/CGB (6), 2005/212/CGB (7) agus 2006/783/CGB ón gComhairle (8), nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir leis an Danmhairg agus le hÉirinn agus eatarthu. |
|
(7) |
Ghlac an Coimisiún páirt sa chaibidlíocht thar ceann an Aontais agus d’áirithigh sé go bhfuil an Prótacal comhoiriúnach le dlí ábhartha an Aontais. |
|
(8) |
De bhun Airteagal 37 den Phrótacal, tá sé ar oscailt lena shíniú ag an Aontas. Ba cheart an tAontas a bheith ina Pháirtí sa Phrótacal in éineacht lena Bhallstáit, ós rud é go bhfuil inniúlachtaí ag an Aontas agus ag na Ballstáit sna réimsí a chumhdaítear leis an bPrótacal. Ba cheart an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais a mhéid a d’fhéadfadh an Prótacal difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna arna mbunú ag leibhéal an Aontais nó a raon feidhme a athrú. D’fhéadfadh gealltanais idirnáisiúnta difear a dhéanamh do raon feidhme na rialacha comhchoiteanna sin nó iad a athrú i gcás ina dtagann na gealltanais sin faoi réimse a chumhdaítear den chuid is mó leis na rialacha comhchoiteanna sin cheana féin, a mhéid a d’fhéadfadh na gealltanais sin an bonn a bhaint de chur i bhfeidhm aonfhoirmeach comhsheasmhach na rialacha comhchoiteanna agus d’fheidhmiú cuí an chórais a bhunaítear leo. I réimse na n-inniúlachtaí comhroinnte coinníonn na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach ndéanann an Prótacal difear do rialacha comhchoiteanna arna mbunú ag leibhéal an Aontais nó nach n-athraíonn sé a raon feidhme, lena n-áirítear an fhorbairt a dhéanfar orthu sa todhchaí. Ní dochar an Cinneadh seo do shíniú an Phrótacail ag na Ballstáit, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha. |
|
(9) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus thug an Maoirseoir tuairim uaidh an 10 Meán Fómhair 2026 . |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear síniú an Phrótacail Bhreise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ó Choireacht agus um Maoiniú Sceimhlitheoireachta thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Phrótacail sin (10).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. BYRNE
(1) Cinneadh (AE) 2024/1764 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena n-údaraítear an Coimisiún lena bheith rannpháirteach, thar ceann an Aontais, sa chaibidlíocht maidir le Prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ó Choireacht agus um Maoiniú Sceimhlitheoireachta (IO L, 2024/1764, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1764/oj).
(2) Treoir (AE) 2024/1260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní (IO L, 2024/1260, 2.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1260/oj).
(3) Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).
(4) Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe calctha agus d’orduithe coigistíochta (IO L 303, 28.11.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1805/oj).
(5) Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/42/oj).
(6) Cinneadh Réime 2003/577/CGB an 22 Iúil 2003 ón gComhairle maidir le horduithe a fhorghníomhú san Aontas Eorpach d’fhonn maoin nó fianaise a reo (IO L 196, 2.8.2003, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2003/577/oj).
(7) Cinneadh Réime 2005/212/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le Fáltais, Ionstraimeachtaí agus Maoin a bhaineann le Coireacht a Choigistiú (IO L 68, 15.3.2005, lch. 49, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2005/212/oj).
(8) Cinneadh Réime 2006/783/CGB an 6 Deireadh Fómhair 2006 ón gComhairle maidir le feidhm a bheith ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh maidir le horduithe coigistíochta (IO L 328, 24.11.2006, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2006/783/oj).
(9) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(10) Foilseofar téacs an Phrótacail in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2356/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)