AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.3.2023
COM(2023) 163 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh arna dtabhairt don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil, faoi Rialachán (CE) Uimh. 217/2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thiar thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thoir thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil
1.Cúlra
Rinneadh modhnú ar Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil, ar Rialachán (CE) Uimh. 217/2009 an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thiar thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht agus ar Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thoir thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil le Rialachán (AE) Uimh. 1350/2013 an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear gníomhartha reachtacha áirithe i réimse an staidrimh talmhaíochta agus iascaigh chun cumhachtaí cur chun feidhme a ailíniú leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Údaraítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh. Féadfar na nithe seo a leanas a leasú le gníomhartha tarmligthe den sórt sin:
•
liostaí na limistéar iascaireachta staidrimh nó a bhforanna a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II agus III de Rialachán (CE) Uimh. 216/2009, agus in Iarscríbhinní II agus III de Rialacháin (CE) Uimh. 217/2009 agus (CE) Uimh. 218/2009;
•
liosta na speiceas a leagtar amach in Iarscríbhinn IV de Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 agus in Iarscríbhinn I de Rialacháin (CE) Uimh 217/2009 agus (CE) Uimh. 218/2009, agus
•
na bearta, na cóid agus na sainmhínithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le gníomhaíocht iascaireachta, trealamh iascaireachta, méideanna soithí agus modhanna iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV de Rialachán (CE) Uimh. 217/2009.
Faoi Airteagal 5 de Rialacháin (CE) Uimh. 216/2009 agus (CE) Uimh. 218/2009, agus faoi Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 217/2009, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe den sórt sin a ghlacadh ar feadh tréimhse 5 bliana, ón 10 Eanáir 2014. In 2019 rinneadh an chumhacht sin a athnuachan go hintuigthe go dtí an 10 Eanáir 2024.
Tá an chumhacht sin le fadú go hintuigthe go ceann tréimhsí 5 bliana mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin.
Tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Comhlíonann an tuarascáil seo an oibleagáid sin.
2.Feidhmiú cumhachtaí tarmligthe ag an gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2009, (CE) Uimh. 217/2009 agus (CE) Uimh. 218/2009
Níor feidhmigh an Coimisiún fós an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún le Rialacháin (CE) Uimh. 216/2009, 217/2009 agus 218/2009.
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an staidreamh maidir le hiascaigh Eorpacha in 2019agus rinne sé measúnú tionchair in 2021. I bhfianaise an mheasúnaithe tionchair, thorthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin, agus an phlé le páirtithe leasmhara, is é an rogha thosaíochta creat dlíthiúil cuíchóirithe nua le haghaidh staidreamh maidir le hiascaigh Eorpacha lena gcumhdaítear staidreamh maidir le gabhálacha, gabhálacha a thugtar i dtír, cabhlach iascaireachta agus dobharshaothrú.
3.Conclúidí
Níor fheidhmigh an Coimisiún fós an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún le Rialachán (CE) Uimh. 216/2009, le Rialachán (CE) Uimh. 217/2009 agus le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009.
Measann an Coimisiún gur cheart go leanfadh sé de na cumhachtaí tarmligthe sin a bheith aige, toisc go bhféadfadh sé go mbeadh air gníomh tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinní I-IV a ghabhann leis na Rialacháin thuasluaite a mhodhnú chun freastal ar riachtanais úsáideoirí sonraí i bhfianaise an chomhbheartais iascaigh a bheidh ann amach anseo.