|
7.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 261/48 |
CINNEADH (AE) 2022/1912 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Meán Fómhair 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin maidir le glacadh na Rialachán athbhreithnithe maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Coinbhinsiún Athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin an 17 Deireadh Fómhair 1868, mar a leasaíodh leis an gCoinbhinsiún lena leasaítear an Coinbhinsiún Athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin, a síníodh an 20 Samhain 1963, tháinig sé i bhfeidhm an 14 Aibreán 1967 (“an Coinbhinsiún”). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 17 den Choinbhinsiún, féadfaidh an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin (“CCNR”) ceanglais a ghlacadh i réimse na gcáilíochtaí gairmiúla. |
|
(3) |
Tá sé beartaithe go nglacfaidh CCNR sna míonna amach romhainn rún trí nós imeachta i scríbhinn lena leasófar na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin chun Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) a chur san áireamh. Chun go mbeidh na teastais cháilíochta, na leabhair taifid seirbhíse nó na logleabhair, a eisítear i gcomhréir leis na Rialacháin sin, bailí ar uiscebhealaí intíre an Aontais, ní mór do na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin ceanglais atá comhionann leis na ceanglais atá sa Treoir sin a leagan síos. |
|
(4) |
Cé go nglactar le Treoir (AE) 2017/2397 leis go bhfuil cómhaireachtáil ann idir creat dlíthiúil an Aontais agus creat dlíthiúil CCNR, níor cheart éifeachtacht na Treorach sin a chur i mbaol. Dá bhrí sin, tá feidhm ag forálacha na Rialachán maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin, go háirithe na forálacha sin a leagtar síos in Airteagal 3.02(1), an dara fomhír, agus Airteagal 5.01(6), agus Airteagail 13.01 agus 13.03, gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2017/2397 maidir le huiscebhealaí intíre an Aontais i gcás ina leagtar síos leis an Treoir sin ceanglais ar an ábhar céanna. Go háirithe, tá Ballstáit ar comhaltaí iad de CCNR chun an nós imeachta maidir le stráicí d’uiscebhealaí intíre lena ngabhann rioscaí sonracha a aithint a leagtar síos in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2017/2397 a chur i bhfeidhm. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CCNR a bhunú, ós rud é go bhféadfadh glacadh na Rialachán maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin athbhreithnithe tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2017/2397. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart gurb é seasamh an Aontas aontú le leagan de na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin ina bhfuil ceanglais atá comhionann le ceanglais Threoir (AE) 2017/2397 a ghlacadh, faoi réir na modhnuithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
|
(7) |
Níl an tAontas ina chomhalta de CCNR. Ba cheart do na Ballstáit atá ina gcomhaltaí den CCNR, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh chun leas an Aontais, seasamh an Aontais chur in iúl, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin (“CCNR”) aontú le glacadh leagan leasaithe de na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin ina bhfuil ceanglais atá comhionann le ceanglais Threoir (AE) 2017/2397, faoi réir na modhnuithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Déanfaidh na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de CCNR, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh chun leas an Aontais, an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1 a chur in iúl.
Airteagal 3
Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1 gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA
(1) Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint, agus lena n-aisghairtear Treoracha 91/672/CEE agus 96/50/CE ón gComhairle (IO L 345, 27.12.2017, lch. 53).
IARSCRÍBHINN
Déanfar na dréacht-Rialacháin athbhreithnithe maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin a mhodhnú mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3.02, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Sur le Rhin sont valables les certificats de qualification de l’Union, les livrets de service et livres de bord délivrés en vertu de la directive (UE) 2017/2397, ainsi que les certificats de qualification, les livrets de service et livres de bord délivrés en vertu du présent Règlement, qui prévoit des exigences identiques à celles énoncées dans ladite directive. La qualification pour une fonction à bord doit pouvoir être attestée à tout moment
Par dérogation aux lettres b) et c), les membres d’équipage de navires de mer naviguant sur le Rhin, à l’exception du conducteur, peuvent attester de leur qualification en présentant un certificat délivré ou reconnu conformément à la convention STCW.”; |
|
(2) |
in Airteagal 3.02, cuirtear isteach an mhír nua 3 seo a leanas: “3. Sur le Rhin sont également valables les certificats de qualification et les attestations qui ont été délivrés ou qui sont valables en vertu du présent Règlement et qui ne sont pas couverts par le champ d’application de la directive (UE) 2017/2397.”; |
|
(3) |
in Airteagal 5.01, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. L’autorité compétente est responsable des données de caractère général et des visas de contrôle. À cet effet, elle est en droit de demander la présentation de livres de bord, complets ou par extraits, ou d’autres justificatifs appropriés. Elle ne peut apposer le visa de contrôle que pour des voyages datant de moins de 15 mois.”; |
|
(4) |
in Airteagal 5.01, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: “6. Le conducteur est responsable de l’inscription des données spécifiques relatives aux voyages effectués. Le conducteur doit
|
|
(5) |
in Airteagal 13.01, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. La conduite d’un bâtiment nécessite une autorisation spécifique si, en tant que conducteur responsable, il
|
|
(6) |
in Airteagal 13.02, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. La conduite au radar telle que prévu dans le Règlement de police pour la navigation du Rhin (RPNR) nécessite à cet effet une autorisation spécifique.”; |
|
(7) |
in Airteagal 13.03, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: “1. La conduite d’un bâtiment […] sur une voie d’eau recensée comme tronçon de voie d’eau intérieure présentant des risques spécifiques au sens du chiffre 2 ci-après nécessite à cet effet une autorisation spécifique. 2. Lorsque cela s’avère nécessaire pour assurer la sécurité de la navigation, les États riverains peuvent recenser des tronçons qui traversent leur propre territoire comme tronçons de voies d’eau intérieures présentant des risques spécifiques, lorsque ces risques sont dus à l’une ou plusieurs des raisons suivantes:
|
|
(8) |
in Airteagal 13.04, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. La conduite d’un bâtiment sur des voies d’eau intérieures à caractère maritime nécessite à cet effet une autorisation spécifique.”; |
|
(9) |
in Airteagal 13.05, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. La conduite d’un bâtiment utilisant du gaz naturel liquéfié comme combustible nécessite à cet effet une autorisation spécifique. Cela est attesté par un certificat de qualification correspondant d’expert en gaz naturel liquéfié.”; |
|
(10) |
in Airteagal 13.06, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. La conduite d’un grand convoi nécessite à cet effet une autorisation spécifique. Tout candidat doit pouvoir attester un temps de navigation d’au moins 720 jours, dont au moins 540 jours comme conducteur et au moins 180 jours au cours desquels il a décidé seul du cap et de la vitesse d’un gros convoi.”; |
|
(11) |
in Airteagal 20.01, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Les livrets de service délivrés ou dont la validité a été prorogée conformément aux prescriptions applicables jusqu’à l’entrée en vigueur du présent règlement restent valables dans la mesure fixée par lesdites prescriptions jusqu’à leur date d’expiration initiale, mais au plus tard jusqu’au 17 janvier 2032. La phrase 1 ci-avant s’applique aussi aux livrets de service reconnus équivalents par la CCNR.”; |
|
(12) |
in Airteagal 20.02, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Les livres de bord délivrés ou dont la validité a été prorogée conformément aux prescriptions applicables jusqu’à l’entrée en vigueur du présent règlement restent valables dans la mesure fixée par lesdites prescriptions jusqu’à leur date d’expiration initiale, mais au plus tard jusqu’au 17 janvier 2032. La phrase 1 ci-avant s’applique aussi aux livres de bord reconnus équivalents par la CCNR.”; |
|
(13) |
in Airteagal 20.03, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Les grandes ou petites patentes du Rhin délivrées ou dont la validité a été prorogée conformément aux prescriptions applicables jusqu’à l’entrée en vigueur du présent règlement restent valables dans la mesure fixée par lesdites prescriptions jusqu’à leur date d’expiration initiale, mais au plus tard jusqu’au 17 janvier 2032.”; |
|
(14) |
in Airteagal 20.08, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “Les membres de l’équipage des navires de mer naviguant sur le Rhin peuvent attester leur compétence au moyen d’un certificat délivré ou reconnu conformément à la Convention STCW. Ceci ne s’applique au conducteur que jusqu’au 17 janvier 2038 et à condition que l’activité de navigation intérieure soit effectuée au début ou à la fin d’un trajet de transport maritime.”. |