European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/218

5.2.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/218 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Samhain 2024

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 maidir le simplithe chun gabhálais uirlisí ceoil a dhearbhú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagail 160, 164 agus 253 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I bhfianaise chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, in éineacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (2), is léir go bhfuil gá le leasuithe áirithe ar an Rialachán Tarmligthe sin chun a áirithiú go dtairbheoidh gabhálais uirlisí ceoil, arna n-iompar ag taistealaithe, de na simplithe custaim céanna le haghaidh cead isteach sealadach agus athonnmhairiú mar uirlisí ceoil iad féin.

(2)

Faoi láthair, tairbhíonn uirlisí ceoil iniompartha atá á n-iompar ag taistealaithe de shimplithe custaim le haghaidh cead isteach sealadach le faoiseamh iomlán ó dhleacht ar allmhairí, agus le haghaidh onnmhairiú, athonnmhairiú agus scaoileadh i saorchúrsaíocht.

(3)

Mar sin féin, i mórán cásanna iompraítear na huirlisí ceoil iniompartha sin in éineacht lena ngabhálais, mar aon le huirlisí is gabháltais, gaireas nó trealamh nach dtairbhíonn de na simplithe custaim céanna. Chun comhsheasmhacht a bhaint amach agus simplithe custaim á gcur i bhfeidhm maidir leis na hearraí sin atá á n-iompar ag taistealaithe, agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom leo i ndáil le cearta agus oibleagáidí custaim, ba cheart Airteagail 136, 138, 140 agus 226 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a leasú.

(4)

Ar ábhar eile, chun athruithe reachtacha gaolmhara eile a chur san áireamh agus chun comhsheasmhacht sna leasuithe ar an Rialachán Tarmligthe a áirithiú, is gá freisin Airteagal 155 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a leasú toisc go dtagraítear ann don chód Ainmníochta Comhcheangailte nó don chód ‘AC’ a bhaineann le ‘bananaí úra’, chun athruithe a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2364 ón gCoimisiún (3) a chur san áireamh.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:

1.

in Airteagal 136(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

uirlisí ceoil iniompartha mar aon lena n-uirlisí is gabhálais, lena ngaireas nó lena dtrealamh dá dtagraítear i gCaibidil 92, Nóta 1, pointe (b), den ainmníocht chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, i gcás ina n-iompraítear agus ina n-úsáidtear na gabhálais sin in éineacht le huirlisí ceoil iniompartha agus i gcás ina ndéanann taistealaithe uirlisí ceoil iniompartha agus na gabhálais sin a allmhairiú go sealadach agus ina bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar threalamh gairmiúil;’;

2.

in Airteagal 138, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

uirlisí ceoil iniompartha mar aon lena n-uirlisí is gabhálais, lena ngaireas nó lena dtrealamh, dá dtagraítear i gCaibidil 92, Nóta 1, pointe (b), den ainmníocht chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, i gcás ina n-iompraítear agus ina n-úsáidtear na gabhálais sin in éineacht le huirlisí ceoil iniompartha agus i gcás ina ndéanann taistealaithe uirlisí ceoil iniompartha agus na gabhálais sin a athallmhairiú agus ina dtairbhíonn siad d’fhaoiseamh ó dhleacht ar allmhairí mar earraí arna dtabhairt ar ais i gcomhréir le hAirteagal 203 den Chód;’;

3.

in Airteagal 140(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

uirlisí ceoil iniompartha mar aon lena n-uirlisí is gabhálais, lena ngaireas nó lena dtrealamh dá dtagraítear i gCaibidil 92, Nóta 1, pointe (b), den ainmníocht chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, i gcás ina n-iompraítear agus ina n-úsáidtear na gabhálais sin in éineacht le huirlisí ceoil iniompartha agus i gcás ina ndéanann taistealaithe uirlisí ceoil iniompartha agus na gabhálais sin a onnmhairiú go sealadach agus ina bhfuil sé beartaithe ag taistealaithe iad a úsáid;’;

4.

in Airteagal 155, san fhoclaíocht tosaigh agus i bpointe (b), cuirtear an cód AC ‘0803 90 19 ’ in ionad an chóid AC ‘0803 90 10 ’;

5.

in Airteagal 226, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   D’ainneoin mhír 1, deonófar faoiseamh iomlán ó dhleacht ar allmhairí le haghaidh uirlisí ceoil iniompartha mar aon lena n-uirlisí is gabhálais, lena ngaireas nó lena dtrealamh dá dtagraítear i gCaibidil 92, Nóta 1, pointe (b), den ainmníocht chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, i gcás ina n-iompraítear agus ina n-úsáidtear na gabhálais sin in éineacht le huirlisí ceoil iniompartha agus i gcás ina ndéanann taistealaithe uirlisí ceoil iniompartha agus na gabhálais sin a allmhairiú go sealadach agus ina bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar threalamh gairmiúil. Féadfaidh na taistealaithe a bheith ina gcónaí laistigh nó lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.’

.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Samhain 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2364 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L, 2023/2364, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2364/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/218/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)