|
12.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 167/45 |
CINNEADH (AE) 2021/780 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Bealtaine 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle um Ghnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas an Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, lena n-áirítear na Comhaontuithe in Iarscríbhinní 1, 2 agus 3 a ghabhann leis an gComhaontú sin (“Comhaontú Marrakech”) i gcrích le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 66(1) den Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (“Comhaontú TRIPS”), a áirítear in Iarscríbhinn 1C a ghabhann le Comhaontú Marrakech, tá an Chomhairle um Ghnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (“Comhairle TRIPS”), ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Chomhalta de na tíortha is lú forbairt (LDC), le síneadh leis an idirthréimhse a dheonú, ar idirthréimhse í nach gceanglaítear ar Chomhaltaí LDC forálacha Chomhaontú TRIPS, seachas Airteagail 3, 4 agus 5, a chur i bhfeidhm lena linn. |
|
(3) |
Rachaidh an idirthréimhse atá i bhfeidhm cheana, mar a comhaontaíodh sa Chinneadh ó Chomhairle TRIPS an 11 Meitheamh 2013, in éag an 1 Iúil 2021. |
|
(4) |
An 1 Deireadh Fómhair 2020, chuir Sead, thar ceann ghrúpa LDC, iarraidh isteach go foirmiúil ar shíneadh a chur leis an idirthréimhse. |
|
(5) |
Le linn an tseisiúin fhoirmiúil a bheidh aici an 8 agus an 9 Meitheamh 2021, tá Comhairle TRIPS le cinneadh a ghlacadh maidir leis an iarraidh ar shíneadh a chur leis an idirthréimhse faoi Airteagal 66(1) de Chomhaontú TRIPS do Chomhaltaí LDC (“an Cinneadh ó Chomhairle TRIPS”). |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle TRIPS a bhunú, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ó Chomhairle TRIPS ceangailteach ar an Aontas. |
|
(7) |
Is iad Comhaltaí LDC an chuid is leochailí den phobal trádála idirnáisiúnta, a bhfuil srianta eacnamaíocha, airgeadais agus riaracháin ag bagairt orthu. Ní mór do Chomhaltaí LDC spás beartais agus solúbthacht a bheith acu chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá rompu maidir le forbairt agus ní mór dóibh breis ama chun Comhaontú TRIPS a chur chun feidhme. |
|
(8) |
Tá leibhéal áirithe cosanta agus forfheidhmithe na gCeart Maoine Intleachtúla (CMI) tairbheach do Chomhaltaí LDC toisc gur spreagthóir iad CMInna don nuálaíocht agus gur uirlis thábhachtach iad don fhorbairt inbhuanaithe. Tá bearta déanta cheana féin ag roinnt Comhaltaí LDC chun Comhaontú TRIPS a chur chun feidhme agus ní mór iad a spreagadh gan an leibhéal cosanta agus forfheidhmithe CMI atá ann cheana a laghdú. |
|
(9) |
Dá gcuirfí síneadh leis an idirthréimhse gan teorainn ama, mar a mhol Grúpa LDC, chuirfí moill leis an bpróiseas Comhaltaí LDC a chomhtháthú de réir a chéile, mar chomhaltaí den chóras iltaobhach trádála, sa chóras idirnáisiúnta um maoin intleachtúil ar bhonn na n-íoscheanglas dá bhforáiltear i gComhaontú TRIPS. |
|
(10) |
Dá réir sin, is iomchuí síneadh a chur leis an idirthréimhse chun Comhaontú TRIPS a chur chun feidhme, seachas Airteagail 3, 4 agus 5, do Chomhaltaí LDC ar feadh tréimhse theoranta ama nach faide ná 10 mbliana. |
|
(11) |
I gcás ina dtacódh Comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála le síneadh a chur leis an idirthréimhse faoi Airteagal 66(1) de Chomhaontú TRIPS ar feadh tréimhse níos faide nó gan teorainn ama, níor cheart go mbeadh an tAontas ina bhac ar theacht ar chomhthoil. |
|
(12) |
Maidir le hiarraidh LDCanna ar thréimhse bhreise de dhíolúine 12 bhliain arna ríomh ón dáta a théann Comhalta LDC ar aghaidh ó chatagóir LDC, is cosúil go dtéann an iarraidh sin thar raon feidhme Airteagal 66(1) de Chomhaontú TRIPS, ós rud é nach bhfuil feidhm ag an Airteagal sin ach amháin maidir le síneadh a chur leis an idirthréimhse le haghaidh cur chun feidhme forálacha áirithe de Chomhaontú TRIPS ag Comhaltaí LDC. Dá bhrí sin, níor cheart tacú leis an iarraidh ar dhíolúine a dheonú do thíortha nach Comhaltaí LDC iad mar chuid de Chinneadh ón gComhairle TRIPS faoi Airteagal 66(1) de Chomhaontú TRIPS, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is mar seo a leanas a bheidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle um Ghnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (“Comhairle TRIPS”) le linn a seisiúin fhoirmiúil an 8 agus an 9 Meitheamh 2021:
|
(a) |
ní chuirfear de cheangal ar Chomhaltaí LDC forálacha an Chomhaontaithe maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (“Comhaontú TRIPS”) seachas Airteagail 3, 4 agus 5 a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama nach mó ná 10 mbliana, nó go dtí dáta a scoirfidh siad de bheith ina gComhaltaí LDC, cibé dáta is túisce; |
|
(b) |
i gcás ina dtacódh Comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála le síneadh a chur leis an idirthréimhse faoi Airteagal 66(1) de Chomhaontú TRIPS ar feadh tréimhse níos faide nó gan teorainn ama, ní bheidh an tAontas ina bhac ar theacht ar chomhthoil; |
|
(c) |
áiritheoidh Comhaltaí LDC nach mbeidh mar thoradh ar aon athrú a dhéantar ar a ndlíthe, ar a rialacháin agus ar a gcleachtas, le linn na hidirthréimhse breise, go mbeidh comhsheasmhacht níos lú ann le forálacha Chomhaontú TRIPS. Mar sin féin, i gcás nach dtacódh Comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála leis an oibleagáid sin ar Chomhaltaí LDC, ní bheidh an tAontas ina bhac ar theacht ar chomhthoil; |
|
(d) |
ní thabharfar tacaíocht d’iarraidh ó Chomhaltaí LDC ar thréimhse bhreise de dhíolúine 12 bhliain arna ríomh ón dáta a théann Comhalta LDC ar aghaidh ó chatagóir LDC, mar nach dtagann sé faoi raon feidhme Airteagal 66(1) de Chomhaontú TRIPS. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 i ndáil le hábhair laistigh dá inniúlacht, maidir leis na comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha (1986-1994) a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).